Initial setup with corpora and conversion script
Change-Id: Ia0248f569de6db406d64712f962ecda67528263f
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-001.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-001.txt
new file mode 100644
index 0000000..ddadf5a
--- /dev/null
+++ b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-001.txt
@@ -0,0 +1,81 @@
+<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
+<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
+ <teiHeader>
+ <fileDesc n="ICC-GA-WLH-001">
+ <titleStmt>
+ <title>Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga [Extract]</title>
+ <respStmt>
+ <resp>compiled for ICC</resp>
+ <name>ICC: EUD</name>
+ </respStmt>
+ </titleStmt>
+ <publicationStmt>
+ <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
+ <note>DORAS, DCU Online Research Access Service </note></distributor>
+ <idno>https://doras.dcu.ie/25749/</idno>
+ </publicationStmt>
+ <sourceDesc>
+ <bibl type="Learned:Humanities">
+ <author>Ó Duibhir, Pádraig</author>
+ <author>Ní Thuairisg, Laoise</author>
+ <author>Ó Ciardubháin, Colm</author>
+ <author>Ó Floinn, Cóilín</author>
+ <author>Uí Laighléis, Gearóidín</author>
+ <title>Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga</title>
+ <pubPlace>Baile Átha Cliath</pubPlace>
+ <publisher>An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán</publisher>
+ <date when="2020">2020</date>
+ <availability>
+ <licence>CC-BY-NC-SA</licence>
+ </availability>
+ </bibl>
+ </sourceDesc>
+ </fileDesc>
+ <encodingDesc>
+ <samplingDecl>
+ <p>Extract: pages 6-10</p>
+ </samplingDecl>
+ </encodingDesc>
+ <profileDesc>
+ <textClass>
+ <classCode scheme="ICC">Learned_Humanities</classCode>
+ </textClass>
+ </profileDesc>
+ <revisionDesc>
+ <change when="2023-06-02" who="EUD">Plain text formatting</change>
+ </revisionDesc>
+ </teiHeader>
+ <text xml:lang="ga">
+ <body>
+ <div>
+<p>1. Achoimre Fheidhmeach</p>
+<p>Bhí gach duine a ghlac páirt agus a nocht tuairim san athbhreithniú seo den bharúil go raibh an-tábhacht ag baint le Scéim na gCúntóirí Teanga (an Scéim), go raibh obair an-tábhachtach á déanamh ag na cúntóirí agus gur chóir leanúint leis an Scéim. Chuaigh sé i bhfeidhm orainn mar thaighdeoirí cé chomh díograiseach is a bhí na cúntóirí agus iad ag nochtadh a gcuid tuairimí faoin Scéim agus na bealaí ina bhféadfaí í a fheabhsú. Ghlac na cúntóirí páirt sa taighde ina gcuid ama féin agus is iomaí duine acu a chuir stró orthu féin casadh linn. Níl aon dabht gurb é ceann de bhuanna na Scéime díograis na gcúntóirí, an saibhreas Gaeilge atá acu agus an tiomantas atá acu do chur chun cinn na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta. </p>
+<p>Ní mór cuimhneamh, áfach, gurb iad na daoine is tábhachtaí ar fad sa Scéim ná na daltaí sna scoileanna. Ba cheart go mbeadh riachtanais foghlama na ndaltaí i gcroílár gach gné den obair agus go n-eascródh ról gach páirtí eile sa Scéim as sin. Agus téamaí an athbhreithnithe ag teacht chun cinn chonacthas dúinn gurb é an páiste agus na riachtanais foghlama Gaeilge a bhí aige an t-aonad anailíse ba thábhachtaí. Pléitear téamaí an athbhreithnithe seo ón bpeirspictíocht sin. </p>
+<p>1.1 Riaradh na Scéime </p>
+<p>Scéim oideachais teanga atá i gceist leis an Scéim. Tá dhá roinn stát, eagrais riartha, scoileanna agus cúntóirí ag plé leis an Scéim. Mar chuid de shoiléiriú chuspóirí na Scéime bheadh sé tábhachtach rólanna na bpáirtithe uilig a shoiléiriú freisin. Ba é An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuir tús le maoiniú na Scéime an chéad lá riamh. Cuireadh leis an maoiniú sin i gcaitheamh na mblianta. Tháinig ardú ar an leibhéal maoinithe, mar shampla, ó €0.76 milliúin i 2012 go €1.04 milliúin i 2018 mar a léirítear i bhFigiúr 1.1. </p>
+<p><gap figure="Figiúr 1.1. Maoiniú Scéim na gCúntóirí Teanga ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó 2012-2018"/></p>
+<p>Fáiltítear roimh an tacaíocht leanúnach a gealladh don Scéim sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (2018). Cuireadh maoiniú breise ar fáil sa scoilbhliain 2018-19 do scoil ar bith a fuair aitheantas faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus nach raibh cúntóir ag feidhmiú inti roimhe seo. Le cinntiú go bhfuil an Scéim ag freastal mar is ceart ar riachtanais na ndaltaí, moltar Coiste Comhairleach a bhunú comhdhéanta d'ionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Roinn Oideachais, an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Gaeloideachas agus baill eile de réir mar is gá a shocróidh An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Sholáthródh coiste mar seo fóram cumarsáide do na páirtithe éagsúla agus láthair le dul chun cinn na Scéime a phlé go háirithe mar a bhaineann sé leis an ngné oideachasúil a bhaineann leo. Ina theannta sin, bheadh deis san fhóram seo sainiú agus soiléiriú a dhéanamh ar dhualgais an chúntóra teanga agus dea-chleachtais bainteach leis na dualgais sin. </p>
+<p>Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na heagrais riartha i bhfeidhmiú na Scéime. Tá nósmhaireachtaí éagsúla i bhfeidhm sna réigiúin éagsúla mar thoradh ar an gcaoi a d'fhorbair an Scéim i gcaitheamh na mblianta. Moltar go mbeadh trédhearcacht ann maidir le maoiniú riaradh na Scéime. Ní mór don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán dar ndóigh luach ar airgead a dheimhniú don Státchiste. É sin ráite, agus meastúcháin á ndéanamh ar tháille riaracháin réasúnta don obair, ba cheart a chur san áireamh nár ardaíodh an táille ó 2011-12 dar leis na heagrais riartha reatha. </p>
+<p>Tá roinnt scoileanna ina bhfuil cúntóir ag feidhmiú iontu nach bhfuil tar éis iarratais a dhéanamh ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Ba cheart don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fógra a thabhairt do na heagrais riartha nach gcuirfear maoiniú ar fáil do chúntóir teanga in aon scoil nach bhfuil rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. </p>
+<p>Moladh 1 Coiste comhairleach a bhunú </p>
+<p>Moltar Coiste Comhairleach a bhunú comhdhéanta d'ionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Roinn Oideachais, an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Gaeloideachas agus baill eile de réir mar is gá a shocróidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is é an cúram go ginearálta a bheidh sannta don choiste ná comhairle mar is cuí a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme mholtaí ábhartha an athbhreithnithe – go háirithe mar a bhaineann sé leis an ngné oideachasúil a bhaineann leo. Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar mhaoiniú riaradh na Scéime de réir mar is gá agus ról na n-eagras riartha a athbhreithniú go tráthrialta le deimhniú go bhfuil an Scéim á riaradh ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla agus is féidir. </p>
+<p>Moltar don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fógra a thabhairt do na heagrais riartha nach gcuirfear maoiniú ar fáil do chúntóir teanga in aon scoil nach bhfuil rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. I gcás go gceaptar, ar chúiseanna éagsúla, gurbh fhearr gan tairbhe na scéime a bhaint ó scoileanna den chineál seo moltar go mbreathnófaí ar thairbhe uaireanta agus seachtainí breise tacaíochta chomh maith le tacaíochtaí ábhartha eile de réir mar a oireann a choinneáil siar ó na scoileanna i gceist mar spreagadh. </p>
+<p>1.2 Obair na gCúntóirí </p>
+<p>Tá taithí ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bheith ag plé le hiliomad scéimeanna Gaeltachta agus a bheith ag plé le heagrais riartha na scéimeanna sin. Thuairiscigh oifigigh na Roinne nach raibh saineolas oideachais sa Roinn, áfach, le meastóireacht a dhéanamh ar éifeacht oideachasúil na Scéime agus nach bhfuil aon chóras foirmiúil ann le cáilíocht agus caighdeán na ngnéithe oideachasúla den Scéim a dhearbhú i láthair na huaire dá bharr. Is iad na scoileanna féin is fearr a thuigeann na dóigheanna ar chóir leas a bhaint as cúnamh na gcúntóirí agus tá ról ag an Roinn Oideachais i ndearbhú chaighdeán oibre na scoileanna. Tá próiseas féinmheastóireachta scoile i bhfeidhm sna scoileanna agus moltar go mbeadh obair na gcúntóirí curtha san áireamh sa phróiseas sin i dtreo an phlean feabhsúcháin scoile. Molaimid freisin go n-iarrfaí ar an Roinn Oideachais meastóireacht a dhéanamh ar bhainistiú obair na gcúntóirí sna scoileanna mar chuid den ghnáthobair mheastóireachta a dhéanann cigirí sna scoileanna Gaeltachta. Tuigtear dúinn go mba ghá don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán iarratas foirmiúil a dhéanamh chuig an Roinn Oideachais go ndéanfaí sin. Bheadh meastóireacht den chineál seo ag teacht leis an gcur chuige reatha, áit a bhfuil na cuairteanna comhairleacha ar bun ag Cigireacht na Roinne Oideachais ar scoileanna Gaeltachta “chun na spriocanna teanga-bhunaithe agus na gníomhartha atá roghnaithe faoin bpróiseas féinmheastóireachta scoile (bunaithe ar na réimsí agus na caighdeáin mar atá in Ag Breathnú ar an Scoil Againne, 2016) a phlé leis an bpríomhoide agus leis na múinteoirí ábhartha" (An Roinn Oideachais, 2018a: 2, 2018b: 2, 2019). </p>
+<p>Ba léir ó theistiméireachtaí na gcúntóirí go mbraitheann cleachtas gairmiúil an chúntóra go mór ar chomhdhéanamh na scoile ina bhfuil sé / sí ag obair. I measc na ngnéithe a bhfuil tionchar acu ar an gcleachtas, tá: líon na ndaltaí atá á dtógáil le Gaeilge; líon na ndaltaí atá ina gcónaí sa cheantar ach arb í an Ghaeilge an dara teanga acu; líon na ndaltaí atá nua don cheantar agus don scoil; mian an phríomhoide agus na múinteoirí maidir le feidhmiú na Scéime; líon na n-uaireanta atá ag an gcúntóir; áiseanna na scoile agus gnéithe eile nach iad. Déantar iarracht ginearálú a dhéanamh mar sin féin ar an obair a bhíonn idir lámha ag na cúntóirí. </p>
+<p>Is iad na múinteoirí ranga den chuid is mó a leagann amach obair an chúntóra, agus molaimid an cleachtas sin. Tá nósanna imeachta éagsúla ó scoil go scoil maidir leis an gcaoi a shocraítear cé na daltaí a n-oibríonn an cúntóir teanga leo agus bíonn níos mó ná nós amháin in úsáid in go leor scoileanna. </p>
+<p>Próiseas comhairleach idir na páirtithe leasmhara a bhíonn i gceist den chuid is mó. An dá phróiseas is coitianta ná i) próiseas comhairleach idir an príomhoide, an múinteoir ranga agus an cúntóir teanga agus ii) próiseas comhairleach idir an príomhoide agus an múinteoir ranga. Molaimid go rachfaí i dteagmháil le tuismitheoirí freisin sa phróiseas seo faoi mar a tharlaíonn le tacaíocht foghlama, mar shampla. Ba chóir eolas i scríbhinn a chur chuig tuismitheoirí go bliantúil faoin obair a bheidh ar siúl ag an gcúntóir faoi stiúir an mhúinteora ranga agus go bhfaighidh an scoil síniú ó na tuismitheoirí le taispeáint go dtuigeann siad na socruithe éagsúla atá i réim. </p>
+<p>Glacann roinnt cúntóirí daltaí amach ón seomra ranga agus dírítear ar chleachtais teanga leo mar ghrúpaí. Is minic go mbíonn na grúpaí sin deighilte de réir a gcumas sa Ghaeilge. Den chuid is mó baineann cúntóirí leas as cluichí agus rannta / scéalta ar mhaithe le hionchur teanga a thabhairt do na daltaí agus deis a thabhairt dóibh an teanga sin a úsáid laistigh agus lasmuigh de thimpeallacht na scoile. I gcásanna eile, is istigh sa seomra ranga a oibríonn na cúntóirí leis na daltaí. Níor mhór cuimhneamh nach bhfuil na cúntóirí fostaithe mar mhúinteoirí cé go bhfuil cáilíocht mhúinteoireachta ag cuid acu. Ba cheart go mbeadh an cúntóir i gcónaí ag obair faoi stiúir mhúinteora, an mhúinteora ranga, an mhúinteora tacaíochta teanga nó an príomhoide. </p>
+<p>Moltar a chinntiú go bhfuil gach cúntóir grinnfhiosraithe ag an nGarda Síochána agus go bhfuil na gnéithe is gá de na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí curtha in iúl ag an scoil do na cúntóirí teanga de réir mar a éilíonn Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna 2017. Ní mór na cúntóirí a chur ar an eolas faoina gcuid dualgais maidir leis an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. </p>
+<p>Thuairiscigh príomhoidí na n-iarbhunscoileanna a bhí sa Scéim go dtí seo gur ag obair le daltaí i ngrúpaí idir 2-5 nó 6-10 a bhíonn na cúntóirí den chuid is mó. Is iad na straitéisí a luaigh na príomhoidí ná: ciorcal cainte agus cluichí; meascán den scríobh, léamh agus labhairt; comhrá díreach agus indíreach, ról imeartha, obair bheirte agus obair ghrúpa. Dúirt siad go mbíonn béim ar an nGaeilge labhartha agus ar nathanna cainte laethúla. Teastaíonn cur chuige ar leith sna hiar-bhunscoileanna le hais na mbunscoileanna. Is minic ag an leibhéal seo gur rochtain ar an gcuraclam trí mheán na Gaeilge an riachtanas is mó atá ag daltaí. Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil 28 iar-bhunscoil faoin Scéim anois agus 16 acu sin rannpháirteach sa Scéim den chéad uair sa scoilbhliain 2018-19, moltar treoir agus comhairle a chur ar na scoileanna sin ar bhonn práinne. Mar a rianaíodh thuas, bheadh ról lárnach ag an gCoiste Comhairleach sa phróiseas seo. Le go mbeidh na páirtithe uilig soiléir faoi ról an chúntóra, moltar go ndéanfadh an Coiste Comhairleach sainmhíniú ar ról an chúntóra teanga i gcomhpháirt leis na páirtithe leasmhara. </p>
+<p>Moladh 2 Obair an Chúntóra sa Scoil </p>
+<p>Moltar go ndéanfadh an Coiste Comhairleach iomlánú i scríbhinn ar ról an chúntóra teanga ar mhaithe le soiléiriú tuilleadh a dhéanamh ar an ról a bheidh acu sa suíomh nua oibre atá ann le cur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga. Is gá sa chomhthéacs seo, cúram ar leith a dhéanamh de ról an chúntóra teanga san iar-bhunscoil Ghaeltachta. </p>
+<p>Moltar go mbeadh obair an chúntóra curtha san áireamh mar chuid de phleananna teagaisc na múinteoirí agus na scoile. </p>
+<p>Moltar go mbeadh an cúntóir teanga agus an múinteoir tacaíochta teanga ag obair as lámha a chéile faoi stiúir an phríomhoide. </p>
+<p>Moltar go gcuirfeadh gach scoil i gcomhar leis na heagrais riartha de réir mar a oireann tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas i scríbhinn faoin obair a bheidh ar siúl ag an gcúntóir faoi stiúir an mhúinteora ranga agus go bhfaighidh an scoil síniú ó na tuismitheoirí le taispeáint go dtuigeann siad na socruithe éagsúla atá i réim. </p>
+<p>Moltar go mbeadh obair na gcúntóirí curtha san áireamh mar chuid de phróiseas féinmheastóireachta scoile i dtreo an phlean feabhsúcháin scoile. </p>
+<p>Moltar go n-iarrfaí ar an Roinn Oideachais meastóireachta a dhéanamh ar bhainistiú obair na gcúntóirí sna scoileanna mar chuid den ghnáthobair mheastóireachta a dhéanann cigirí sna scoileanna Gaeltachta. </p>
+ </div>
+ </body>
+ </text>
+</TEI>
\ No newline at end of file