Initial setup with corpora and conversion script
Change-Id: Ia0248f569de6db406d64712f962ecda67528263f
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-010.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-010.txt
new file mode 100644
index 0000000..b745355
--- /dev/null
+++ b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-010.txt
@@ -0,0 +1,96 @@
+<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
+<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
+ <teiHeader>
+ <fileDesc n="ICC-GA-WLH-010">
+ <titleStmt>
+ <title>Eachtra ghiolla an amaráin [Extract]</title>
+ <respStmt>
+ <resp>compiled for ICC</resp>
+ <name>ICC: EUD</name>
+ </respStmt>
+ </titleStmt>
+ <publicationStmt>
+ <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
+ <note>TATA TCD</note></distributor>
+ <idno>http://hdl.handle.net/2262/90470</idno>
+ </publicationStmt>
+ <sourceDesc>
+ <bibl type="Learned:Humanities">
+ <author>Ó Liatháin, Pádraig </author>
+ <title>Eachtra ghiolla an amaráin</title>
+ <pubPlace>PLACE</pubPlace>
+ <publisher>NAME</publisher>
+ <date when="2010">2010</date>
+ <availability>
+ <licence>CC-BY-NC-SA</licence>
+ </availability>
+ </bibl>
+ </sourceDesc>
+ </fileDesc>
+ <encodingDesc>
+ <samplingDecl>
+ <p>Extract: pages 9-24</p>
+ </samplingDecl>
+ </encodingDesc>
+ <profileDesc>
+ <textClass>
+ <classCode scheme="ICC">Learned_Humanities</classCode>
+ </textClass>
+ </profileDesc>
+ <revisionDesc>
+ <change when="2023-06-16" who="EUD">Plain text formatting</change>
+ </revisionDesc>
+ </teiHeader>
+ <text xml:lang="ga">
+ <body>
+ <div>
+<p>SCÉAL NA hEACHTRA AGUS BEATHA DHONNCHA RUA MHIC CONMARA</p>
+<p>Achoimre ar an dán</p>
+<p>Sula dtosnaím le saol an fhile féin, is dóigh liom go mb’fhiú go mór achoimre a thabhairt ar ábhair an dáin Eachtra Ghiolla an Amaráin, a thabharfadh comhthéacs níos fearr dá bhfuil le rá agam ina thaobh. Is beag léirmheastóireachta atá déanta ar an dán, cé gur ábhar suntais é do mhórán mar aiste:</p>
+<gap/>
+<p>Caoineann Donncha Rua cás na hÉireann go han-tapaidh, ach seachas scéal mór a dhéanamh de (rud a d’fhéadfadh sé dhéanamh dá mba mhian leis, mar a deir sé linn), cinneann sé ar scéal chúrsaí a shaoil féin a insint. Dar leis go mb’fhearr dul thar lear ar thóir na heachtra na mar a bheith 'ag múnadh sgoile … go mb'fholamh an cheird sin’. agus téann sé go Port Láirge, áit a bhfanann sé cúpla lá, sula n-éiríonn leis fáil ar bord loinge ón bPasáiste go Sasana Nua (cé gur dócha gur Talamh an Éisc a bheadh i gceist). Buailtear breoite le tinneas farraige foireann na loinge ar fad, é féin ina measc, agus deir sé go mb'fhearr leis bheith thar n-ais in Éirinn ar ór an domhain (agus tagairtí clasaiceacha agus comhaimseartha don saibhreas aige). Gan choinne, áfach, tagann bandia na Mumhan, Aoibheall na Carraige Léithe, i láthair chuige. Beireann sí greim air agus téann siad beirt síos go dtí an Domhan Íochtarach. Tá an chéad chuid eile den dán bunaithe ar leabhar Vl den Aeneid le Virgil, nuair a théann Aeinéas síos leis an tSibille chun bualadh lena athair den uair dheireanach. Seachas Charon, is é Conán mac Mórna atá mar fhear farantóireachta trasna na habhann agus tá sé mar threoraí acu sa Domhan Íochtarach. Taispeánann sé na scríbhneoirí agus na laochra móra clasaiceacha ó Hector go hÓibhid. Buaileann siad le Fionn ann, agus i bhfoirm tairngreachta, luann Conán go dtiocfaidh an Stíobhartach ar ais i réim arís agus go gcloífear lucht leanúna Cailbhin, Liútair agus Anraí.</p>
+<p>Ansin, dúisíonn Donnncha Rua, agus tá sé ar ais ar an long, sínte ina chnap. Go tobann, cloiseann sé fothrom fíochmhar agus cad atá ann ach frigate Francach ag ionsaí na loinge le hurchair. Déantar cuid mhaith dochair don long agus ní mór dóibh filleadh abhaile agus faoiseamh mór ar an bhfile dá dheasca. Geallann sé ar deireadh nach mbeidh deifir air an fód dúchais a thréigeant arís, ach amháin má chuirtear iachall, nó fiú iallach air, 'i loing fad mhairfead ní rachad má fhéadaim, mara raghainn le bata nó ceangailte ar théada'.</p>
+<p>Eagarthóirí an dáin (gheofar eolas ar na heagráin i gcaibidil na lámhscríbhinní)</p>
+<p>Standish Hayes O’Grady</p>
+<p>Rugadh i Luimneach é sa bhliain 1832, de chlann uasal, agus is sa cheantar máguaird a d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge. Fuair sé a chuid oideachais i Rugby, Sasana, agus i gColáiste na Trionóide. Fad is a bhí sé mar mhac léinn ollscoile, chuir sé The Adventures of Donnchadh Rua Mac Con Mara in eagar sa bhliain 1853, an bhliain chéanna a raibh sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh an Ossianic Society. B’shin léiriú ar a shuim san ársaíocht, fear a bhí mór le John O’Donovan (Seán Ó Donnabháin), agus Seán Ó Dálaigh i measc daoine eile ag an am. Chaith sé dua ar feadh a shaoil le léann na lámhscríbhinní Gaeilge. (Beathaisnéis II 107-10, lrish Bio. 505-6)</p>
+<p>Seaghan Pléimeann</p>
+<p>Múinteoir. eagarthóir. iriseoir. Rugadh é i gCarraig na Siúire sa bhliain 1814. Ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaedhilge ó 1884-91. agus scríobh sé aistí iomadúla dóibh. agus cinn ar shaol agus ar shaothar Dhonncha Rua ina measc. Aindrias Ó Loinsigh, fear a raibh aithne aige ar Dhonncha Rua agus ar Thadhg Gaelach. a thug eolas dó ar litríocht na Gaeilge i dtosach. Bhí Gaeilge, Laidin agus Béarla ar a thoil aige, agus bhíodh sé ag scríobh ceachtanna Gaeilge d’irisí éagsúla saor in aisce. Chaith sé a sheanaois ag obair ar fhoclóir Gaeilge don Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath. Ba ón bPléimeannach a fuair O'Grady agus Seán Ó Dálaigh fomhór a n-eolais ar Dhonncha. (Beathaisnéis 1 73-4, Irish Bio. 152-3).</p>
+<p>Tomás ó Flannghaile</p>
+<p>Rugadh é i gContae Mhaigh Eo sa bhliain 1846. I Sasana a chaith sé formhór a shaoil, agus é sna Fíníní lena athair agus é i Manchain. Bhí sé ag múineadh Béarla agus Laidine ar fud Shasana ar feadh a shaoil, ach chaith sé mórchuid a chuid dua leis an nGaeilge, á múineadh agus á scríobh. Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh an Irish Texts Society sa bhliain 1898, bliain i ndiaidh dó Eachtra Ghiolla an Amarráin a chur i gcló. (Beathaisnéis 1, 71-3, Irish Bio. 1006-7).</p>
+<p>Risteard Ó Foghludha</p>
+<p>Múinteoir, eagarthóir agus iriseoir. Rugadh é in oirthear Chorcaí sa bhliain 1871. Bhí sé ag obair don Freeman's Journal go déanach sa naoú céad déag, agus bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh Craobh an Chéitinnigh i 1901. Bhí sé mór leis an Duinníneach ar feadh tamaill. agus gabhadh buíochas le Ó Foghludha sa chéad eagrán den fhoclóir a cuireadh i gcló sa bhliain 1904, cé gur éirigh eatarthu ar ball. Ina dhiaidh sin, chuir sé saothar an-chuid filí Muimhneacha in eagar, Merriman, Eoghan Rua, Seán Clárach, filí na Máigh agus, dar ndóigh, Donncha Rua, ina measc. (Beathaisnéis I, 1986 73-4, Irish Bio. 478-9).</p>
+<p>Pól Breathnach</p>
+<p>Sagart, léachtóir, agus eagarthóir. Rugadh é sa bhliain 1885 san Iarmhí. D’fhreastal sé ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad. Scoláire Laidine. staire agus Gaeilge ab ea é. Bhí sé ina shaineolaí ar logainmneacha na hÉireann agus ar léann na lámhscríbhnní Gaeilge. Is mór an méid obair eagarthóireachta a rinne sé. ar théacsanna ó ré na meán-aoise i leith, (Beathaisnéis I 25-7. Bio. 755-6).</p>
+<gap/>
+<p> Dánta eile leis an bhfile</p>
+<p>Más fíor don mhéid a cuireadh i gcló sna heagráin, bheadh 17 dán scríofa ag Donncha Rua, agus an Eachtra san áireamh; ina measc amhrán macarónach, dán Béarla agus ceann Laidine. Tá dhá dhán eile nár cuireadh i gcló, áfach. Maidir le cuid de na dánta, tá cóipeanna flúirseacha díobh ar fáil, ach níl ach cóip amháin ar fáil de chinn eile. Toisc nach tráchtas é seo faoi na dánta ar fad a chum sé, ní chuirim romham anseo ach eolas bunúsach a thabhairt faoi na dánta seo: mar shampla achoimre ar ábhar an dáin agus an chóip is luaithe de a d’éirigh liom aimsiú. Má tharlaíonn gur ábhar suime línte áirithe as, cuirim an t-eolas sin ar fáil. Tá cuid mhaith taighde le déanamh fós le teacht ar líon cóipeanna na ndánta eile, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí a thagann chun cinn le catalóg na Leabharlainne Náisiúnta. Fairis sin, tá fianaise ar chóipeanna de dhánta airithe ó lár an naoú céad déag amach sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain, cuid acu nach bhfuil cláraithe go fóill.</p>
+<gap/>
+<p> An chóip is luaithe in ARÉ 23 A 16 scríofa sa bhliain 1756. Dán cáiliúil dátheangach. Trácthtar air fós i mórán leabhair. Féach, mar shampla, Diarmaid Ó Muirithe (1980, 127) agus Liam Mac Mathúna (2007. 194-5). Is léiriú é an dán ar dhánacht an fhile. agus ar a chlisteacht leis an dá theanga. ls suntasach a chumas sa Bhéarla, agus cruthaíonn an dán. sa mhéid is gur féidir é a rá, go raibh sé i dTalamh an Éisc. ls dán é ina bhfaightear dearcadh Seaicibíteach neamhbhalbh chomh maith.</p>
+<gap/>
+<p> Seo dán a bhfuil an leagan is luaithe de ag Ó Fuartháin in lámhscríbhinn 8: Do chshéaghan o caithiosa Sagart an tSráidbhaile. Seo an cur síos a fheictear ar an dán i lámhscríbhinn le "Risdard Paor” i gCnoc Buí, i Sliabh gCua freisin:</p>
+<gap/>
+<p> Mar atá pléite agam áiteanna eile, luaitear 1745 mar dháta a chumtha, cé gur sa bhliain 1758 a bhfuil teacht ar an gcóip is luaithe.</p>
+<p>Dán ar an imirce a bhain dó. Ceann de na dánta is liriciúla dá bhfuil againn sa Ghaeilge, agus an dán is cáiliúla dár chum sé. Tá sé pléite agam thíos ar leathanach 26.</p>
+<gap/>
+<p> Seo dán scigmhagúil a scríobh Donncha Rua mar gheall ar scoláire a bhí aige a seoladh amach le teastas uaidhsean, ach gur éirigh idir é féin agus scan-chailleach. Tá sé ar fáil sa lámhscríbhinn ARÉ 23 L 38 agus is é an dara dán is iomadúla sna catalóga, le nach mór dhá scór cóip aimsithe agam.</p>
+<p>Dán grinn ar an ólachán a rinneadh le fear darb ainm Seán Breathnach ó Charraig na Siúire.</p>
+<p>An chóip is luaithe: Maigh Nuad, M 9, cóip ón naoú céad déag. Caoineadh bréagach ar phatrún leis nach raibh marbh!</p>
+<p>Dán grinn ar an iomarca ólacháin déanta ag cara agus pátrún leis.</p>
+<p>Seo léiriú go raibh léann na Laidine air. Is ábhar suntais é go bhféadfadh sé dan mar seo, ar bhás an fhile Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, a chumadh sa teanga sin agus é chomh críonna. Bheadh sé thart ar an gceithre scór fén am sin; cailleadh Taelach Gaelach sa bhliain 1795.</p>
+<gap/>
+<p> Níor cuireadh an dán seo i gcló riamh. Tá taighde déanta ag Séamas de Barra air agus plé déanta ag Breandán Ó Buachalla air mar aoir ar an eaglais Chaitliceach in Éirinn.</p>
+<p>Beatha an fhile</p>
+<p>Tá tuairimí éagsúla fé bheatha an fhile, ach tá an fhianaise tanaí go maith go minic, mar is fíor do fhilí na tréimhse sin ar fad. Le go dtuigfí an leagan de scéal a bheatha a bhí coitianta i measc an phobail, tugaim anseo uaim cuntas gearr ar Dhonncha Rua ó léirmheastóir amháin:</p>
+<p>Rugadh Donnchadh Ruadh i gCreatalaigh i gConndae an Chláir, ach do chuir sé fé ins na Déisibh agus é óg agus is ann a chaith sé a shaoghal a fhaid is a bhí sé in Éirinn... Pé ar domhan de, thug Donnchadh Ruadh aghaidh ar na Déisibh agus é óg. Do bhí sé ag múineadh sgoile ar Shliabh gCua san bhliadhain 1740. Níl eolus deimhin againn cá bhfuair sé a sgolaidheacht. Deirtear gurbh adhbhar sagairt ab eadh é agus gur chaith sé sealad san Róimh ag déanamh léighinn. Pé sgéal é, is follas ó n-a sgríbhinnibh féin go raibh cruinn-eolas aige ar an Laidin, agus ar litridheacht na Laidine.</p>
+<gap/>
+<p> Tús a shaoil</p>
+<p>Dar lena chéad eagarthóir, Standish Hayes O’Grady, rugadh Donncha Rua sa bhliain 1709, ach is ar éigean atá an ceart aige. Ta fógra báis an fhile sa Freeman’s Journal ar an 5ú lá de mhí na Samhna 1810, a fhágfadh go raibh sé bliain is céad nuair a cailleadh é, más fíor. Ghlac an nuachtán leis, maille le formhór na dtráchtairí eile, gur sa bhliain 1715 a saolaíodh é, mar gur scríobhadh san alt go raibh sé cúig bliana is nócha d’aois. Pé scéal. tá cuma níos dealraithí air sin ná mar atá ar an gcéad dáta ag Ó Gráda.</p>
+<p>Scríobhtar nach mór i gcónaí gur rugadh Donncha Rua sa Chreatalach i gContae an Chláir. Níl aon chruthúnas agam gur Cláiríneach a bhí ann (féach go scríobhann Edward O'Reilly, sa chéad bhlúire bheathaisnéisúil foilsithe ar an bhfile, gurb as Port Láirge dó ó dhúchas (O'Reilly 1820, ccxxxi)), cé go luaitear an Chreatalach in oirthear Chontae an Chláir leis go rialta mar áit dhúchais.</p>
+<p>Fianaise éigin is ea an sloinne a bhí air, ar ndóigh. óir más rud é nár rugadh i measc mhuintir Mhic Conmara é, is as Contae an Chláir iad ó dhúchas: “The most important of the sept ofthe Dál gCais after the O’Briens, to whom they were marshals' (Mac Lysaght l991a, 232). In Irish Families. luann Mac Lysaght Donncha, agus glacann sé leis mar fhear as Contae an Chláir:</p>
+<gap/>
+<p> Donncha Rua agus an Róimh</p>
+<p>Den chuid is mó, tráchtar ar an Róimh mar an áit a raibh Donncha Rua lonnaithe mar mhac léinn i gColáiste Éireannach (cé go luaitear Salamanca freisin), ach ar ndóigh toisc nach bhfuil a fhios agam an mbeadh sé ina chléireach rialta nó ina ghnáthchléireach tá sé níos deacra fós an scéal a chinntiú. Deir formhór na scríbhneoirí gur caitheadh amach é de bharr a chuid mí-iompair, “for he had already been five years at the college when we find him expelled for some youthful exploit...“ (O'Grady 1853, 4), '... ruaigeadh as an ardscoil san Róimh é, agus do thriall sé ar ais ar Phort Láirge' (Pléimeann in Ó Flannghaile 1897, 2): ach ní gá gurb amhlaidh a bhí. Is féidir bheith nach mór cinnte nár oirníodh mar shagart é. mar bheadh taifead ann, faoi mar a dúirt an Coláiste Éireannach liom i gcomhfhreagras pearsanta. Más fíor mar scéal é, chruthódh sé go raibh pé acu tuismitheoirí sách saibhir nó pátrún aige len é a chur sall (féach Ó Flannghaile 1897. 1). mar shampla).</p>
+ </div>
+ </body>
+ </text>
+</TEI>