Initial setup with corpora and conversion script

Change-Id: Ia0248f569de6db406d64712f962ecda67528263f
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLS-001.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLS-001.txt
new file mode 100644
index 0000000..29aaa6f
--- /dev/null
+++ b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLS-001.txt
@@ -0,0 +1,95 @@
+<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
+<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
+    <teiHeader>
+        <fileDesc n="ICC-GA-WLS-000">
+            <titleStmt>
+                <title>Portráid shóisialta de dhaoine faoi mhíchumas: Mionteagasc Taighde [Extract]</title>
+                <respStmt>
+                    <resp>compiled for ICC</resp>
+                    <name>ICC: EUD</name>
+                </respStmt>
+            </titleStmt>
+            <publicationStmt>
+                <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
+                    <note>TARA, TCD</note></distributor>
+                <idno>http://hdl.handle.net/2262/73569</idno>
+            </publicationStmt>
+            <sourceDesc>
+                <bibl type="Learned:SocialSciences">
+                    <author>Watson, Dorothy</author>
+                    <author>Nolan, Brian</author>
+                    <title>Portráid shóisialta de dhaoine faoi mhíchumas: Mionteagasc Taighde</title>
+                    <pubPlace>PLACE</pubPlace>
+                    <publisher>Department of Social Protection. Social Inclusion Division</publisher>
+                    <date when="2011">2011</date>
+                    <availability>
+                      <licence>CC-BY-NC-SA</licence>
+                    </availability>
+                </bibl>
+            </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+        <encodingDesc>
+            <samplingDecl>
+               <p>Extract</p>
+            </samplingDecl>
+        </encodingDesc>
+        <profileDesc>
+            <textClass>
+               <classCode scheme="ICC">Learned_SocialSciences</classCode>
+            </textClass>
+        </profileDesc>
+        <revisionDesc>
+            <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change>
+        </revisionDesc>
+    </teiHeader>
+    <text xml:lang="ga">
+        <body>
+            <div>
+<p>Portráid shóisialta de dhaoine faoi mhíchumas</p>
+<p>Ceann amháin de na grúpaí saolré ar tugadh tús áite dóibh sa Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta um Chuimsiú Sóisialta 2007-2016 ab ea daoine faoi mhíchumas. Grúpa lárnach iad is ábhar do na spriocanna ardleibhéal agus don sprioc náisiúnta bhochtaineachta atá leagtha amach sa phlean. </p>
+<p>Tá dúshláin ar leith ag gabháil le cuimsiú sóisialta daoine faoi mhíchumas a chur ar aghaidh. Chun bonn eolais a sholáthar don fhreagairt bheartais, soláthraíonn an ‘portráid shóisialta’ seo eolas mar gheall ar dhálaí sóisialta daoine faoi mhíchumas ar shlí a thuigfear gan dua. Tá sé bunaithe ar shamhail mhíchumais a chuireann san áireamh an idirghníomhaíocht idir an duine agus an timpeallacht fhisiceach agus shóisialta ina maireann sé nó sí.</p>
+<p>Ba é an Rannóg um Chuimsiú Sóisialta den Roinn Coimirce Sóisialta a choimisiúnaigh an taighde agus ba é an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta a rinne é. Is é seo an cúigiú tuarascáil saolré, a chomhlánfaidh na portráidí roimhe seo de leanaí, de dhaoine in aois oibre, do dhaoine scothaosta agus de phobail. </p>
+<p>Gheofar an tuarascáil iomlán agus leagan Gaeilge den mhionteagasc taighde ag http://www.socialinclusion.ie</p>
+<p>Na Príomhthorthaí</p>
+<p>- Meastar go bhfuil 800,000 duine faoi chumas in Éirinn arb ionann sin agus duine amháin as gach cúigear den daonra. Thángthas ar an bhfigiúr sin tar éis foinsí éagsúla sonraí a cheadú. Tuairiscítear croíghrúpa de 325,000 duine (8 faoin gcéad) faoi mhíchumas bunaithe ar fhoinsí iolracha sonraí. Trí chineál míchumais, ar an meán, atá ag daoine faoi mhíchumas. </p>
+<p>- Is trí chúrsa a saoil a fhaigheann formhór na ndaoine a míchumas seachas é a bheith ann ó bhreith nó ón óige, ach amháin míchumas foghlama a bhaineann go príomha leis na blianta scoile agus a chuireann dúshlán ar leith faoi fhoghlaimeoirí. </p>
+<p>- Is iomaí éifeacht atá ag míchumas ar staid shóisialta an duine agus is minic gur éifeachtaí cómhalartacha iad. I gcomparáid leis an daonra trí chéile, tá sé a dhá oiread níos dóchúla i gcás daoine faoi mhíchumas nach mbeidh acu ach bunoideachas, nach mbeidh post acu agus go mbeidh siad ar ioncam íseal agus ar an ngannchuid maidir le bunriachtanais. </p>
+<p>- Bíonn tionchar diúltach ag míchumas ar chaidreamh sóisialta agus ar rannpháirtíocht shóisialta an duine. Is mó an baol i gcás na ndaoine fásta is sine go mbeidh siad aonraithe go sóisialta, rud a d’fhéadfadh dul in olcas de réir mar a théann an duine in aois. </p>
+<p>- Is sa bhaile a bhíonn an deacracht is mó ag daoine faoi mhíchumas. Lasmuigh den bhaile, is in áiteanna poiblí agus ó thaobh seirbhísí ginearálta a lorg agus bogadh timpeall an cheantair áitiúil is coitianta na deacrachtaí rochtana. </p>
+<p>- An dúshlán beartais don tsochaí, do sholáthraithe seirbhíse agus d’fhostóirí ná iad féin a oiriúnú do riachtanais daoine faoi mhíchumas, chun iad a chumasú chun lántairbhe a bhaint as a gcumas agus rannchuidiú leis an saol poiblí.</p>
+<p>- Teastaíonn tacaíochtaí inscoile, dearadh nuálach post, cúnamh leis an saol baile, agus feabhsuithe ar an teacht ar iompar agus ar sheirbhísí poiblí, chun feabhas a chur ar dhálaí sóisialta daoine faoi mhíchumas. </p>
+<p>Tús eolais </p>
+<p>Sonraítear sa tuarascáil taighde seo dálaí sóisialta agus maireachtála daoine faoi mhíchumas. </p>
+<p>Is í an tsamhail mhíchumais a mholann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, is í sin an ‘samhail bhithshíceashóisialta’ is bonn leis an tuarascáil seo. Idirghníomhaíocht an duine faoi mhíchumas leis an timpeallacht fhisiceach agus shóisialta ina maireann siad is bunús leis an tsamhail sin de mhíchumas. Chun tuiscint a fháil ar an méid is féidir le daoine a dhéanamh, ní mór dúinn na hacmhainní atá ar fáil dóibh agus na bacainní atá rompu sa timpeallacht, mar aon lena n-acmhainní fisiceacha, meabhracha agus mothúchánacha féin, a chur san áireamh. </p>
+<p>Gheofar sa tuarascáil eolas ar an líon daoine atá faoi mhíchumas agus ar an tionchar atá ag an míchumas sin orthu. Sonraítear inti chomh maith taithí daoine faoi mhíchumas ar an gcóras oideachais agus ar an margadh saothair, ar a bheith rannpháirteach sa tsochaí, ar thacaíochtaí sóisialta a fháil, ar an timpeallacht fhisiceach agus ar an gcóras iompair. </p>
+<p>Tarraingíonn an tuarascáil ar fhoinsí éagsúla, go príomha an Suirbhé Náisiúnta ar Mhíchumas (NDS) a rinneadh sa bhliain 2006, Daonáireamh na bliana 2006, Suirbhé ar Ioncam agus ar Dhálaí Maireachtála (SILC) na bliana 2009 agus modúil éagsúla den tSuirbhéireacht Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS). Ba é an Suirbhé Náisiúnta ar Mhíchumas an chéad mhórshuirbhé a rinneadh ar dhaoine faoi mhíchumas. Chuir sé agallamh ar 14,500 a aicmíodh sa Daonáireamh mar dhaoine faoi mhíchumas. Cuireadh agallamh, leis, ar 1,500 duine eile nár thaifead míchumas sa Daonáireamh, féachaint ar fágadh aon mhíchumas ar lár ón Daonáireamh. I dteannta a chéile, tugann an NDS agus an Daonáireamh foramharc cuimsitheach ar mhíchumas. Gheofar eolas breise ar bhochtaineacht agus ar fhostaíocht sa SILC agus sa QNHS. </p>
+<p>Minicíocht agus cineálacha míchumais </p>
+<p>Léiríonn an meastachán is fearr ar an líon daoine atá faoi mhíchumas, trí eolas ón Daonáireamh a chur in éineacht le heolas ón NDS, go bhfuil duine amháin as gach cúigear nó gach seisear den daonra faoi mhíchumas fadtéarmach. Soláthraíonn an NDS eolas mionsonraithe agus iontaofa ar fhothacar den ghrúpa sin (timpeall 8.1 faoin gcéad den daonra) a thuairiscigh míchumas sa Daonáireamh agus san NDS araon agus orthu sin tá formhór na ndaoine faoi mhíchumas trom. </p>
+<p>I gcúrsa a saoil a fhaigheann formhór na ndaoine a míchumas, seachas é a bheith ann ó bhreith nó ó óige an duine. </p>
+<gap/>
+<p>Eisceacht is ea míchumas intleachtúil nó foghlama a bhíonn le sonrú sna déaga luatha thar aon uair eile. Is dóichí ná a mhalairt go dtabharfar an fhoirm mhíchumais sin faoi deara sna blianta scoile agus is minice anois a fháthmheastar é ná mar a rinneadh san am atá caite. </p>
+<p>Idirdhealaíonn an NDS idir naoi gcineál míchumais. Tá 2.6 de na cineálacha difriúla sin ag formhór na ndaoine faoi mhíchumas. An cineál míchumais is coitianta ná míchumas soghluaisteachta agus deaslámhachta ó thaobh siúil, rudaí a ardú agus a iompar agus rudaí beaga a phiocadh suas (tuairim is 184,000 duine). An dara cineál míchumais is coitianta ná pian (tuairim is 153,00 duine). </p>
+<p>Cineálacha míchumais eile is ea míchumas maidir le cuimhneamh ar rudaí agus díriú ar rudaí (113,000 duine), míchumais mhothúchánacha, shíceolaíocha agus mheabhairshláinte (111,000 duine), míchumas intleachtúil agus foghlama (72,000 duine), míchumas anála (71,000 duine), lagú céadfach éisteachta (58,000 duine) agus radhairc (51,000 duine) agus míchumais urlabhra (35,000 duine). </p>
+<p>Is ísle an mhinicíocht míchumais i measc leanaí ná i measc daoine fásta. Léiríonn an NDS go bhfuil 3.5 faoin gcéad de leanaí faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas níos coitianta i measc buachaillí (4.4 faoin gcéad) ná i measc cailíní (2.6 faoin gcéad). An dá chineál míchumais is coitianta i measc leanaí ná míchumas intleachtúil agus foghlama agus míchumas maidir le cuimhneamh ar rudaí agus díriú ar rudaí. Is dóichí ná a mhalairt go dtabharfar na cineálacha míchumais sin faoi deara le linn na mblianta scoile toisc go gcuireann siad dúshlán ar leith faoin bhfoghlaimeoir. </p>
+<p>Éifeacht an mhíchumais </p>
+<p>I gcás dhá thrian díobh siúd atá faoi mhíchumas is deacair dóibh gnáthrudaí laethúla a dhéanamh nó níl ar a gcumas iad a dhéanamh ar chor ar bith. Is dóichí ná a mhalairt go mbeidh sé fíordheacair ar dhaoine faoi mhíchumas soghluaisteachta agus deaslámhachta gnáthrudaí laethúla a dhéanamh.</p>
+<p>Is beag duine faoi mhíchumas a bhfuil sé deacair orthu gníomhaíochtaí bunúsacha féinchúraim a chur i gcrích, rudaí ar nós bia a ithe nó iad féin a ghléasadh, cithfholcadh nó folcadán a bheith acu, fanacht ina n-aonar agus dul isteach agus amach as an leaba gan chabhair. Is iad na gníomhaíochtaí féinchúraim a d’fhéadfadh a bheith deacair ar dhaoine faoi mhíchumas ná fanacht ina n-aonar (33 faoin gcéad) nó folcadán nó cithfholcadh a bheith acu (36 faoin gcéad). </p>
+<p>Tá tionchar mór ag stádas sláinte agus teacht aniar daoine faoi mhíchumas ar an gcaighdeán saoil atá acu agus ar a gcumas bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oibre agus sóisialta, go háirithe i gcás an 40 faoin gcéad sin atá faoi mhíchumas a bhaineann le sláinte. Ní mheasann ach leath de na daoine faoi mhíchumas go bhfuil an tsláinte go maith acu, i gcomparáid le naonúr as gach deichniúr, beagnach, sa daonra trí chéile. Ní mheasann ach 43 faoin gcéad de dhaoine faoi mhíchumas go bhfuil teacht aniar maith nó an-mhaith acu. </p>
+<p>Caighdeáin Oideachais, Oibre agus Mhaireachtála </p>
+<p>Tá gaol cómhalartach ann idir míbhuntáiste oideachais agus míchumas. Maidir leis an ngaol idir míchumas agus oideachas i measc na ndaoine fásta is óige, is dóichí ná a mhalairt gurb iad na bacainní a bhíonn le sárú ag daoine faoi mhíchumas ar mian leo a gcuid oideachais a thabhairt chun críche is ábhar don ghaol sin. I measc na ndaoine sine is fásta, is dóichí ná a mhalairt go bhfeictear toradh diúltach an tsaoil ar shláinte an duine, toradh a eascraíonn as míbhuntáiste oideachais. </p>
+<p>Tá gaol láidir idir míchumas agus gnóthachtáil oideachais i measc daoine fásta óga. I measc na ndaoine faoi mhíchumas atá idir 18 agus 34 bliain d’aois, bhuail míchumas iad sular tháinig siad chun deireadh a laethanta scoile nó a laethanta coláiste. D’fhág breis is trian de dhaoine fásta óga faoi mhíchumas (idir 25 agus 29 bliain d’aois) an scoil sular chríochnaigh siad an dara leibhéal i gcomparáid le duine amháin as gach seisear i measc daoine fásta gan mhíchumas. I measc na ndaoine fásta is sine faoi mhíchumas ba lú an dóchúlacht go raibh tionchar ag an míchumas orthu le linn a mblianta scoile. </p>
+<p>Bíodh sin mar atá, bunoideachas ar a mhéad atá ag leath de na daoine fásta faoi mhíchumas idir 60 agus 64 bliain d’aois i gcomparáid le 38 faoin gcéad den aoisghrúpa sin nach bhfuil faoi mhíchumas. </p>
+<p>Léiríonn na figiúirí daonáirimh nach bhfuil sé ach leath chomh dóchúil go mbeidh post ag daoine faoi mhíchumas idir 25 agus 64 bliain d’aois, i gcomparáid leis an daonra trí chéile. I measc daoine faoi mhíchumas, is dóichí gur daoine faoi mhíchumais intleachtúla agus foghlama a bheidh ag obair, agus gur daoine faoi mhíchumas péine nach mbeidh ag obair. </p>
+<gap/>
+<p>Ba spéis le breis is trian de na daoine faoi mhíchumas nach bhfuil ag obair bheith fostaithe dá n-oirfeadh an post dóibh. Is amhlaidh i gcás dhá thrian de dhaoine fásta óga faoi mhíchumas. Ba mhinic a thuairiscigh daoine fostaithe agus daoine ar mian leo bheith fostaithe gnéithe d’eagar na hoibre, ar nós socruithe solúbtha oibre (45 faoin gcéad) nó tascanna oibre mionathraithe (29 faoin gcéad), mar ghnéithe a chuireann nó a chuirfeadh ar gcumas an obair a dhéanamh. </p>
+<p>Taispeánann sonraí ón SILC gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh daoine ar teoranta a ngníomhaíochtaí laethúla agus iad siúd a bhfuil fadhbanna ainsealacha sláinte acu ar ioncam íseal agus nach mbeidh ar a gcumas íoc as earraí agus seirbhísí bunúsacha. </p>
+<gap/>
+<p>Amach ó na deiseanna laghdaithe chun ioncam a thuilleamh, bíonn tionchar ar chaighdeáin mhaireachtála daoine faoi mhíchumas ag costais a bhaineann leis an míchumas féin, costais as cúram sláinte, cúnamh, áiseanna agus gléasanna. Cuireadh i bhfios i staidéar a rinneadh le gairid go bhféadfadh costas fadtéarmach an mhíchumais a bheith ionann agus aon trian den ghnáthioncam seachtainiúil.1 </p>
+<p>Caidreamh agus dearcthaí sóisialta </p>
+<p>Is lú duine faoi mhíchumas a phósann. De réir Dhaonáireamh 2006 daoine pósta is ea a leath, nach mór, den daonra i gcoitinne idir 25 agus 44 bliain d’aois, i gcomparáid le díreach os cionn trian de dhaoine faoi mhíchumas. Is leithne an bhearna i gcás daoine idir 45 agus 64 bliain d’aois (72 faoin gcéad den daonra i gcoitinne agus 57 faoin gcéad de dhaoine faoi mhíchumas atá pósta). </p>
+<p>Is faide a mhaireann mná faoi mhíchumas ná fir faoi mhíchumas, ar an meán, agus is dóichí ná a mhalairt go mbeidh seanóirí ina gcónaí ina n-aonar nó i bhforais phobail. Ina n-aonair atá cónaí ar dhuine amháin as gach cúigear ban faoi mhíchumas agus ar dhuine amháin as gach seisear fear faoi mhíchumas. Is dóichí ná a mhalairt, leis, gur i bhforais phobail a bheidh cónaí ar mhná seachas fir faoi mhíchumas (12 faoin gcéad i gcomparáid le 9 faoin gcéad). </p>
+<p>Is airde de bheagán an líon ban fásta faoi mhíchumas a fhaigheann cúnamh le gníomhaíochtaí laethúla, i gcomparáid le fir. Gheofar ardú réidh de réir aoise ar an gcéatadán a fhaigheann cúnamh le gníomhaíochtaí laethúla, go dtí trí cheathrú de mhná agus dhá thrian d’fhir ag aois 75 agus os a chionn. </p>
+            </div>
+        </body>
+    </text>
+</TEI>
\ No newline at end of file