Initial setup with corpora and conversion script

Change-Id: Ia0248f569de6db406d64712f962ecda67528263f
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-002.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-002.txt
new file mode 100644
index 0000000..e01deb6
--- /dev/null
+++ b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-002.txt
@@ -0,0 +1,72 @@
+<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
+<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
+    <teiHeader>
+        <fileDesc n="ICC-GA-WPS-002">
+            <titleStmt>
+                <title>Stáit Aontaithe Mheiriceá [Extract]</title>
+                <respStmt>
+                    <resp>compiled for ICC</resp>
+                    <name>ICC: EUD</name>
+                </respStmt>
+            </titleStmt>
+            <publicationStmt>
+                <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
+                    <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor>
+                <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/St%C3%A1it_Aontaithe_Mheirice%C3%A1</idno>
+            </publicationStmt>
+            <sourceDesc>
+                <bibl type="Popular:SocialSciences">
+                    <author>Wiki</author>
+                    <title>Stáit Aontaithe Mheiriceá</title>
+                    <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace>
+                    <publisher>Vicipéid</publisher>
+                    <date when="YYYY">YYYY</date>
+                    <availability>
+                      <licence>CC-BY-NC-SA</licence>
+                    </availability>
+                </bibl>
+            </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+        <encodingDesc>
+            <samplingDecl>
+               <p>Extract</p>
+            </samplingDecl>
+        </encodingDesc>
+        <profileDesc>
+            <textClass>
+               <classCode scheme="ICC">Popular_SocialSciences</classCode>
+            </textClass>
+        </profileDesc>
+        <revisionDesc>
+            <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change>
+        </revisionDesc>
+    </teiHeader>
+    <text xml:lang="ga">
+        <body>
+            <div>
+<p> Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantús na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di. </p>
+<p> Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige An Cholóim Bhriotanach, Ceanada, idir é agus Stát Washington. </p>
+<p> Stát daonlathach liobrálach is ea na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh. </p>
+<p> Ceaptar gurbh as an Áise a tháinig sinsir bhundúchasaigh Mheiriceá go dtí an tOileán Úr. Thosaigh siad ag lonnadh ann am éigin i ndiaidh 12,000 RC. D'éirigh le roinnt phobal bundúchasach leibhéal an-ard cultúrtha a bhaint amach i gcúrsaí curadóireachta, ailtireachta agus státaireachta, cosúil le cultúr Mississippi a bhí faoi réim sna blianta 1500-800 RC, a bheag nó a mhór. </p>
+<p> I 1492, shroich an taiscéalaí Genovach Criostóir Colambas, a bhí faoi chonradh ag Coróin na Spáinne, roinnt oileán i Muir Chairib. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil mar Naomh Breandán agus Lochlannaigh ann roimhe ón Eoraip. (Tá sé cinnte go ndeachaigh na Lochlannaigh chomh fada sin ó dheas le Talamh an Éisc). Sna blianta i ndiaidh theacht Cholambais, pé ar bith scéal é, fuair formhór na ndaoine dúchasacha bás de bharr eipidéimí na ngalar Eoráiseach. </p>
+<p> Ar 2 Aibreán 1513, tháinig an conquistador Spáinneach Juan Ponce de León i dtír ar "La Florida," mar a bhaist sé air. Ba é sin an chéad teacht Eorpach ar mhórthír na Stát Aontaithe a bhfuil tásc air sna cáipéisí. As na coilíneachtaí bunaithe sa réigiún ag an Spáinn, ní mhaireann ach St. Augustine, a bunaíodh sa bhliain 1565, sa lá atá inniu ann. Chruthaigh trádálaithe Francacha na bhfionnaigh urphoist timpeall na Lochanna Móra; sa deireadh d’éiligh an Fhrainc an chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh go dtí Murascaill na Meicsiceo sa deisceart. Ba iad Coilíneacht Virgina, a bunaíodh i Jamestown i 1607, agus Coilíneacht Plymouth na n-Oilithreach, a bunaíodh i 1620, ceann de céad áiteanna lonnaithe rathúla na Sasanach. Bhí a lán inimirce de thoradh chairtfhostú na Coilíneachta Bhá Mhassachusetts i 1628. Thairis sin, bhí Sasana Nua lonnaithe le timpeall 10,000 Piúratánach faoin mbliain 1634. Idir deireadh na 1610-idí agus Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá, chuir timpeall 50,000 ciontach go dtí na coilíneachtaí a bhí ag Sasana, agus níos moille an Bhreatain Mhór, i Meiriceá. Thosaigh muintir na hOllainne ag bunú áite lonnaithe feadh theorainn theas Abhann Hudson, Amsterdam Nua ar Oileán Manhattan san áireamh. Bunaíodh áit lonnaithe beag le taobh na nAbhann Delaware i 1638, dár n-ainm An tSualainn Nua, ach glacadh an áit sin ar láimh leis na hOllannaigh i 1655. </p>
+<p> I 1674, bhí na Sasanaigh i gceannas ar na sean-choilíneachtaí Ollannacha; mar sin, athraíodh ainm chúige Nua Ísiltír go dtí Nua-Eabhrac agus New Jersey. Tháinig a lán seirbhísigh féichiúnaigh go dtí an tír – go háirithe sa deisceart. Idir 1630 agus 1680 bhí dhá thrian de na hinimircigh ina seirbhísigh féichiúnaigh. Ag críoch na haoise, bhí sclábhaithe Afracacha ag éiriú príomh-fhoinse an saothair banna. Chruthaigh na 13 coilíneacht Bhriotanacha, a n-éireodh Stáit Aontaithe Mheiriceá, le deighilt na Carolinas i 1729 agus coilíniú Georgia i 1732. Bhí rialtais áitiúla ag gach coilíneacht agus chomh maith leis sin bhí ciall an fhéinrialtais acu le tacaíocht do phoblachtachas. Bhí trádáil na sclábhaithe Afracach dleathach sna 13 coilíneacht, leis. Le hardrátaí beireatais, rátaí báis ísle agus inimirce seasta, dhúbáil daonra na gcoilíneachtaí gach 25 bliain. Faoin mbliain 1770, bhí 3 mhilliún duine ina gcónaí sna coilíneachtaí – timpeall leath dhaonra na Breataine. Cé go ngearrfaí cánacha orthu, ní raibh aon ionadaithe féin acu sa Pharlaimint i Londain—"diabhal cánacha gan ionadaíocht", mar a dúirt na ceannairceoirí féin. </p>
+<p> Bhí a lán teannais idir muintir na gcoilíneachtaí agus na Sasanaigh i rith an tréimhse réabhlóidigh (1760-1770). Mar sin, tháinig Comhdháil Mhór-Roinn i bhPhiladelphia ar 14ú Iúil, 1775 agus chruthaigh siad an tArm Ilchríochach as na mílístí áitiúla. Cuireadh na fórsaí faoi cheannas George Washington. Ghlac an Chomhdháil leis an bhFógra Neamhspleáchais ar 4ú Iúil, 1776. Dar leis an bhFógra, "cruthaítear gach fear go cothrom" agus tá "cearta doshéanta áirithe" acu. Bhí an Fógra dréachtaithe le Thomas Jefferson agus ghlaoigh sé "stáit" ceannnasachta ar na coilíneachtaí. </p>
+<p> I 1777, glacadh Airteagail na Cónaidhme a aontaigh na stáit faoi rialtas feidearálach lag. Mhair sé sin go dtí 1788. </p>
+<p> D’éalaigh idir 70,000-80,000 daoine a bhí dílis don Choróin Bhriotanach, a lán acu ag tabhairt aghaidh ar Nova Scotia agus na críocha Briotanacha nua i gCeanada. Maidir leis na Meiriceánaigh dhúchasacha, throid siad ar dhá thaobh an chogaidh. </p>
+<p> Ceithre bliana níos moille, sa bhliain 1787, eagraíodh coinbhinsiún bunreachtúil. Bhí sé ar intinn ag na teachtaí rialtas náisiúnta láidir a chruthú. </p>
+<p> I 1791, daingníodh Bille na gCeart, is é sin, deich leasú a cuireadh leis an mBunreacht. Thug na leasuithe sin roinnt chosaint dhlíthiúil do na daoine – mar shampla, ní raibh cead ag an rialtas feidearálach srianta a chur ar shaoirse phearsanta na ndaoine. Bhí clásal sa Bhunreacht ag cosaint na sclábhaíochta suas go dtí 1808. Ach bhí dearcaigh faoi sclábhaíocht ag athrú, áfach. Mar sin, dhíothaigh na Stáit Thuaidh an sclábhaíocht idir 1780 agus 1804. Ach fós mhair na stáit sa deisceart mar chosantóirí na "hinstitiúide aisteach" seo. I 1800, bhog an rialtas feidearálach go dtí an chathair nua, Washington, D.C. </p>
+<p> Forógra na Saoirse le John Trumbull (1817–18) </p>
+<p> I rith an naoú haois déag, thosaigh na Meiriceánaigh ag bogadh siar agus mar sin bhí a lán cogadh idir iad féin agus na Meiriceánaigh dúchasacha. I 1803, cheannaigh an t-Uachtarán Thomas Jefferson a lán críocha ó na Francaigh ("An Ceannach Louisiana") agus de réir sin, dúbhaileadh méid an náisiúin. Chomh maith leis sin, tharscaoil An Spáinn talamh timpeall Florida mar gheall ar ionsaithe ó na fórsaí Meiriceánacha sa cheantar. I 1845, fuair an tír Poblacht na Texas, leis. Sínigh na Stáit Aontaithe Conradh an Oregan leis na Sasanaigh agus de bharr sin, fuair siad smacht thar Iarthuaisceart Mheiriceá. Bhuaigh na Stáit Aontaithe an Cogadh Meicsiceo-Meiriceá freisin agus fuair siad California agus a lán talaimh in Iardheisceart na tíre. Idir 1848-49, cheap a lán daoine go raibh ór i gCalifornia agus bhí níos mó inimirce siar. De dheasca sin, tógadh iarnróid nua. Ach bhí dochar ag baint leis sin mar maraíodh suas go 40 milliúin bison Meiriceánacha dona gcraiceann, bhfeoil agus chun spás a chruthú do na hiarnróid. Bhí sé sin go huafásach do chultúr na nIndiach ar na plánaí mar ba phríomh-seift iad na bison dóibh. </p>
+<p> Bhí a lán teannais idir na saorstáit agus na stáit sclábhaíochta. Chomh maith leis sin bhí easaontais faoin gcaidreamh idir an rialtas stáit agus an rialtas feidearálach. I 1860, toghadh Abraham Lincoln, iarrthóir don Pháirtí Poblachtach a bhí i gcoinne sclábhaíochta. Sar a ndeachaigh sé i mbun dualgas, d’fhógair seacht stát sclábhaíochta a neamhspleáchas ó na Stáit Aontaithe agus chruthaigh siad Stáit Cónaidhme Mheiriceá. Dhearbhaigh an rialtas feidearálach gur scaradh mídhleathach a bhí ann. Nuair a ionsaíodh Dún Sumter, thosaigh Cogadh Carthartha Mheiriceá agus chuaigh ceithre stát eile i gcomhar leis an gCónaidhm. Saoradh na sclábhaithe cónaidhme agus a bhog fórsaí an Aontais tríd an Deisceart. Tar éis bua an Aontais i 1865, cuireadh trí leasú le Bunreacht na Stát Aontaithe a shaor beagnach ceithre milliúin Meiriceánaigh Afracacha a bhí ina sclábhaithe. Anois, ba shaoránaigh iad na Meiriceánaigh Afracacha agus bhí cead acu vótáil. Mar gheall ar an chogaidh, bhí níos mó cumhachta ag an rialtas feidearálach. </p>
+<p> Ceann de na gníomhartha deireanach den Chogadh Carthartha ná feallmharú an Uachtaráin Lincoln. De thoradh sin, d’éirigh polasaithe na hAtógála, sin polasaithe an Pháirtí Phoblachtaigh níos radacaí. Chríochnaigh Ré na hAtógála leis an gComhréiteach i 1877. Réitigh an Comhréiteach sin an díospóid maidir le toghchán an uachtaráin i 1876. Ach chaill mórán Meiriceánach Afracacha a gceart vótála, áfach, de bharr dlí Jim Crow. I dtuaisceart na tíre tharla a lán inimirce agus de dheasca sin, thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch. Mhair an plódú inimirce sin go dtí 1929. Sholáthair an lucht oibre sin saothar do ghnóthlachtaí Meirceánacha agus d’athraigh sé an cultúr Meiriceánach. Ceannaíodh Alasca ón Rúis sa bhliain 1876 agus ansin bhí fairsingiú na tíre trasna na mór-roinne críochnaithe. Sa bhliain 1893, bhris grúpa Meiriceánaigh an mhonarcacht dhúchasach in Haváí agus sa bhliain 1898 rinneadh nasc-ghabháil ar an oileánrach. </p>
+<p> Ag tús an Chéad Chogaidh Domhanda i 1914, bhí na Stáit Aontaithe neodrach. Rinne na Meiriceánaigh comhbhrón leis na Sasanaigh agus leis na Francaigh, ach bhí a lán saoránaigh, go háirithe Éireannaigh agus Gearmánaigh i gcoinne idirghabhála. Ach i 1917, ghlac na Stáit Aontaithe páirt sa chogadh leis na comhghuaillithe. Níor theastaigh ó na Stáit Aontaithe a bheith gafa i gcúrsaí Eorpacha, agus mar sin, níor daingníodh an Seanad an Conradh Versailles. Chruthaigh an Conradh sin Conradh na Náisiún. </p>
+<p> I 1920, bhí bua ag gluaiseacht na mban mar chuir leasú leis an mbunreacht a dheonaigh vótáil chomhchoiteann dhíreach do mhná. As siocair a gcuid seirbhíse sa chogadh, fuair Meiriceánaigh dhúchasacha saoránacht Mheiriceánach de réir Acht Saoránachta na n-Indiach, 1924. </p>
+<p> Grianghraf cáiliúil ó thréimhse an Spealta Mhóir: Migrant Mother le Dorothea Lange (1936) </p>
+<p> I rith an chuid is m ó de na 1920idí, bhain na Stáit Aontaithe sult as rathúnas míchothrom mar d’ísligh brabúis feirme agus d’fhás brabúis tionsclaíochta. Ba iad ardú i bhfiach agus stocmhargadh boilscitheach príomhchúiseanna na tuairte i 1929. Ba é an tuairt sin a chur tús leis an Spealadh Mór. Toghadh ina hUachtarán Franklin D. Roosevelt i 1932 agus chruthaigh sé an Beart Nua. Iomad polasaí a bhí ann a mhéadaigh idirghabháil an rialtais san eacnamaíocht. Bhí a lán feirmeacha ar míbhail sna 1930idí de réir an Babhla Deannaigh. De dheasca sin, tharla a lán inimirce nua thiar. Ní bhfuair an tír biseach ón spealadh go dtí go ndeachaigh siad isteach sa Dara Cogadh Domhanda. Cé go raibh na Stáit Aontaithe neodrach go héifeachtach i rith céime luath an chogaidh, thosaigh siad ag soláthar ábhair chogaidh do na comhghuaillithe i Mí Mhárta 1941 de réir an chláir Iasacht-Léas. </p>
+<p> Ar an 7 Nollaig 1941,tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin. Ba é an dara Cogadh Domhanda an cogadh ba chostasaí ar fud stair Mheiriceá; ach fós mhéadaigh eacnamaíocht na Stáit Aontaithe mar cruthaíodh a lán infheistíochtaí agus post. Tionóladh comhdháil chomhghuaillithe i mBretton Woods agus i Yalta agus tugadh mionchuntas ar córais idirnáisiúnta nua a chuir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach i lár cúrsaí domhain. I ndiaidh bua san Eoraip, tionóladh comhdháil idirnáisiúnta i San Francisco a sholáthair Cairt na Náisiún Aontaithe. Ba í Meiriceá an chéad tír ar domhain chun airm núicléacha a fhorbairt agus d’úsáid siad na hairm sin ar dhá chathair sa tSeapáin, Hiroshima agus Nagasaki, i Mí Lúnasa. Ghéill an tSeapáin ar an dóú de Mheán Fómhair agus chuir sé sin críoch leis an gcogadh. </p>
+<p> Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile.</p>
+            </div>
+        </body>
+    </text>
+</TEI>
\ No newline at end of file