| <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| <teiHeader> |
| <fileDesc n="ICC-GA-WLH-008"> |
| <titleStmt> |
| <title>An eitic agus aeistéitic i saothar Alan Titley [Extract]</title> |
| <respStmt> |
| <resp>compiled for ICC</resp> |
| <name>ICC: EUD</name> |
| </respStmt> |
| </titleStmt> |
| <publicationStmt> |
| <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| <note>TARA, TCD</note></distributor> |
| <idno>http://hdl.handle.net/2262/77000</idno> |
| </publicationStmt> |
| <sourceDesc> |
| <bibl type="Learned:Humanities"> |
| <author>Coilféir, Máirtín</author> |
| <title>An eitic agus aeistéitic i saothar Alan Titley</title> |
| <pubPlace>PLACE</pubPlace> |
| <publisher>NAME</publisher> |
| <date when="2012">2012</date> |
| <availability> |
| <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| </availability> |
| </bibl> |
| </sourceDesc> |
| </fileDesc> |
| <encodingDesc> |
| <samplingDecl> |
| <p>Extract: pages 12-16</p> |
| </samplingDecl> |
| </encodingDesc> |
| <profileDesc> |
| <textClass> |
| <classCode scheme="ICC">Learned_Humanities</classCode> |
| </textClass> |
| </profileDesc> |
| <revisionDesc> |
| <change when="2023-06-16" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| </revisionDesc> |
| </teiHeader> |
| <text xml:lang="ga"> |
| <body> |
| <div> |
| <p>CAIBIDIL 1: FORBHREATHNÚ AR SHAOTHAR ALAN TITLEY</p> |
| <p>1. Réamhrá</p> |
| <p>Is i lár na seascaidí a thosaigh Alan Titley ag glacadh páirte i saol liteartha na Gaeilge, agus é naoi mbliana déag d’aois. D’fhoilsigh sé a chéad léirmheas ar Comhar i mí na Samhna 1966 agus, i gcaitheamh an dá scór bliain agus tuilleadh a d’imigh tharainn ó shin, tá an- chuid scríofa aige: úrscéalta, gearrscéalta, aistí scolártha, ailt nuachtáin, paimfléid, scripteanna teilifíse, dánta, drámaí, leabhair chritice, caibidlí de leabhar meánscoile, litríocht don aos óg, clár saothair agus eile. Go deimhin, ón uair a chuir sé an chéad alt sin i gcló, tá saothraithe ag Titley beagnach gach foirm scríbhneoireachta dá bhfuil ann. Más fíor do Sheán Mac Mathúna, is éacht é sin nach bhfuil a mhacasamhail déanta ag aon scríbhneoir Éireannach eile ach amháin Gabriel Rosenstock agus Oliver Goldsmith (Mac Mathúna 1999, 26). Ach dá thurgnamhaí agus dá bhisiúla é Alan Titley mar scríbhneoir, is as an aon intinn amháin a eascraíonn a shaothar uile. Dá bhrí sin. glactar leis anseo go bhfuil leanúnachas áirithe le sonrú i dteannta na héagsúlachta i scríbhneoireacht Titley,</p> |
| <p>Tá ráite ag Gearóid Denvir nach 'féidir a mhaíomh go dtagann forás ná forbairt líneach leanúnach ar shaothar aon scríbhneora a d’fhéadfaí a rianú go matamataiciúil, geall leis, ó leabhar go leabhar leis in ord a scríofa nó a bhfoilsithe' (Denvir 1987, ix). Os a choinne sin, a deir sé, 'agus saothar iomlán scríbhneora mhaith a iniúchadh mar aonad is gnách go n-aimseodh léamh cruthaitheach snáitheanna bunúsacha áirithe a fhítear ina ngréasán so- rianaithe siar is aniar tríd an saothar' (ibid.). Sa chuid seo den tráchtas, féachfar leis na 'snáitheanna bunúsacha' de shaothar Alan Titley a shoilsiú trí chur síos a dhéanamh ar na téamaí agus ar na tréithe is tábhachtaí ina chuid scríbhneoireachta. Sa chaoi sin, soláthrófar fráma tagartha do na caibidlí a leanas, áit a ndéanfar anailís níos grinne ar na tréithe is ar na téamaí céanna.</p> |
| <p> Ar mhaithe le saoráid, rangófar saothar Titley de réir na dtréimhsí seo a leanas. Ar dtús, breathnófar ar an dornán alt agus dánta a scríobh sé idir 1966 agus 1970, féachaint cérbh iad na téamaí a bhí idir chamáin aige nuair a thosaigh sé ar an scríbhneoireacht de chéaduair. Áiteofar go bhfuil mórán i bpáirt ag an saothar luath sin leis an saothar a tháinig ina dhiaidh, ó thaobh stíle de agus ó thaobh ábhair de araon. Ina dhiaidh sin, pléifear an saothar a foilsíodh sna seachtóidí, ansin saothar na n-ochtóidí, agus mar sin de gach deich mbliana ar aghaidh go dtí deireadh na bliana 2010. Cé go bhfuil an rangú sin róshaorga, rórighin, leis an éagsúlacht i saothar Titley a léiriú ina hiomláine, feicfear gur áisiúil é leis an bhforbairt a tháinig ar thréithe áirithe dá chuid scríbhneoireachta in imeacht na mblianta a rianú, Ag cúl an tráchtais, tá leabharliosta de shaothar Titley agus é eagraithe de réir na dtréimhsí céanna.</p> |
| <p>Toisc gur i saothar na seascaidí, na seachtóidí is na n-ochtóidí a chéadfheictear na téamaí móra agus na saintréithe scríbhneoireachta á bhforbairt ag an Titlíoch, caithfear níos mó ama ag plé an tsaothair luaith sin ná an saothar déanach. Ní hionann sin is a rá nach bhfuil i saothar déanach Titley ach athrá ar an méid a tháinig roimhe, nó nach bhfuil aon cheo nua le scrúdú ann, áfach. Níl ann ach gurb é is aidhm leis an gcaibidil seo cur síos gairid a dhéanamh ar na príomhghnéithe dá chuid scríbhneoireachta, agus go gcuimseofar cuid mhór de na príomhghnéithe sin sa trácht ar an saothar a chuir sé de sna seascaidí, sna seachtóidí is sna hochtóidí.</p> |
| <p>2. An saothar luath: 1966-1970</p> |
| <p>Nuair a thosaigh Alan Titley amach ar an scríbhneoireacht sa bhliain 1966, is iad an léirmheas, an fhilíocht agus an t-alt tuairimíochta a thriail sé ar dtús. Alt gearr ar leabhar le hÚna Ní Mhaoileoin is ea an chéad rud a d’fhoilsigh sé (AT 1966); tháinig léirmheas gearr eile ar úrscéal le hAnnraoi Ó Liatháin uaidh an bhliain dar gcionn (AT 1967); ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh sé alt tuairimíochta ar an gcogadh idir an Nigéir agus Biafra a bhí ar siúl ag an am (AT 1968); agus idir sin agus deireadh na bliana 1970 chuir sé dhá dhán ghairide de (AT l970a, l970b). Ach fiú ar an méid beag sin, is léir cuid de shaintréithe scríbhneoireacht an Titlígh a bheith ag borradh aníos. Sna chéad línte féin den chéad alt a d’fhoilsigh sé, cloistear guth misniúil an scríbhneora óig ag fógairt a thuairime faoin teanga agus faoin litríocht go neamhscáfar, é ag dearbhú an dóchais atá aige as an scríbhneoireacht chomhaimseartha agus as cumas na Gaeilge friotal a chur ar cibé smaoineamh a rithfeadh le húdar. Tá sainstíl fhoclach an Titlígh le brath ar an sliocht seo freisin, stíl a thiocfadh i mbláth agus i mbláthmhaire in am is i dtráth:</p> |
| <p>Is teanga tástála í an Ghaeilge do gach aon duine a scríobhann inti inniu toisc gan nós nó gnás nó timpeallacht stíle a bheith bunaithe inti ó dhian-chleachtadh iomarcach na gcianta. Tá sí óg, úr, nua, saor, so-lúbtha, fiáin, neamhcheansaithe go fóill, rud a thugann bua di thar an teanga aosta, bacach, sean-chaite, boscáilte, stánaithe. Preabann Úna Ní Mhaoileoin gona Gaeilge bheacht, bhiorúil, bhábógach, bholgódúil, bheo de phlimp isteach ar an tseanchas anseo, armáltha, le “An maith leat Spaigití?“ (AT 1966, 21).3</p> |
| <p>In ainneoin nach bhfuil ann ach cúpla líne, tugann an sliocht sin thuas nod dúinn faoin treo a ghabhfadh Alan Titley ina chuid scríbhneoireachta sna blianta a bhí roimhe amach. Ar an gcéad dul síos, léiríonn an sliocht an fuinneamh lena dtugann an Titlíoch faoin léirmheastóireacht agus faoin gcritic. Tá Spleodar agus paisean le brath ar an scríbhneoireacht. Ní fhéachtar le guth an údair a cheilt faoi bhrat na hoibiachtúlachta, ach labhraítear amach leis an neamhbhailbhe chéanna lena gcuireann Titley a chuid áitithe uile i láthair. Cuid thábhachtach de shaothar critice Titley is ea an bheocht seo lena bhféachann sé le ceird na critice a chorraíl - ceird a shamhlaítear a bheith tromchúiseach go minic. 'Ní iarraimse ach go mbeadh an léirmheastóireacht chomh sainiúil is chomh hindibhidiúil le pearsantacht an duine féin,' a deir sé in aiste a foilsíodh ceithre bliana déag i ndiaidh a chéad léirmheasa, 'mar go bhfuil an léirmheastóireacht athráite, na tuairimí ar iasacht, na nathanna athláimhe ag an gcritic níos measa ná scríbhneoireacht na foirmle féin' (AT 1980b, 35). In ainneoin gur thóg sé tamall air an achainí sin a chur i bhfocal, is amhlaidh a bhí beart á dhéanamh ag Titley de réir a bhriathair chomh luath le 1966. Mar a fheicfear ar ball, féachann sé go fóill lena chuid léirmheastóireachta a dhéanamh 'chomh sainiúil is chomh hindibhidiúil' agus is féidir. Chomh maith leis sin, is follas ón alt thuas a thábhachtaí is atá an teanga d’Alan Titley. Ní hamháin gur léir ón tsraith aidiachtaí sa dara habairt go bhfuil gean aige féin ar fhocail, ach molann sé Úna Ní Mhaoileoin as stíl úr a bheith aici-se freisin, stíl a fhreagraíonn dá pearsantacht féin agus dá sprioc ealaíne. Mar a léireofar thíos, leagann Titley béim mhór ar an stíl scríbhneoireachta ina chuid léirmheasanna i gcónaí - sine qua non an tsár-scríbhneora is ea stíl uathúil a bheith aige nó aici, dar leis. Ach, anuas ar aird a tharraingt ar stíl Ní Mhaoileoin sa léirmheas, tagraíonn Titley do na féidearthachtaí ealaíne a shamhlaíonn sé leis an teanga féin. Tugann sé le fios go bhfuil cumhacht éigin ag an scríbhneoir Gaeilge - cumhacht nach bhfuil ag an scríbhneoir mórtheanga - chun litríocht úr thurgnamhach a cheapadh. Sa bhliain 1966, b’fhacthas do Titley go raibh branar na teanga liteartha fós gan cur i gceart, go raibh conairí samhlaíochta agus teanga ann nach raibh siúlta ag an aos liteartha go fóill. B’ábhar dóchais dó an méid sin, ar ndóigh; ba chomhartha saoirse agus spreagadh chun fionnachtana é. Cuid thábhachtach de shaothar Titley trí chéile is ea an bhéim a leagann sé ar an turgnamhachas, ar an nuálaíocht, agus beidh sé seo á scrúdú i gcaibidil a ceathair go háirithe.</p> |
| <p>Ar deireadh, léiríonn an chéad léirmheas sin le Titley an meas atá aige ar an scríbhneoir atá sásta briseadh le traidisiúin nó le coinbhinsiúin údarásacha ealaíne - an 'seanchas', ina fhriotal siúd. Sa chéad pharagraf eile den léirmheas, ceiliúrann Titley Úna Ní Mhaoileoin as nósanna áirithe teanga agus as múnlaí móra litríochta a shárú. 'Tá neamart déanta aici de rialacha gramadaí,' a deir sé le háthas, 'tá faillí déanta aici i bhfoclóir de Bhaldraithe agus tá sciot-scot déanta aici de thraidisiúin Fhinn Mhic Chumhaill, Oisín agus Sheathrún Céitinn' (AT 1966, 21). Tá sárú seo na nósanna údarásacha liteartha an-tábhachtach do Titley mar chriticeoir agus mar scríbhneoir, óir samhlaíonn sé é le nuálaíocht, le misneach agus le ceannródaíocht - tréithe na dea-litríochta, dar leis. Agus, gan amhras. féachann sé leis an nuálaíocht chéanna a dhéanamh ina shaothar féin freisin. D’fhéadfaí a rá gur chuige sin atá sé lena sainstíl scríbhneoireachta agus lena chuid turgnamh le foirm an ghearrscéil, mar shampla. Cuireann Titley luach i gcónaí ar an earra 'óg, úr, nua, saor, so-lúbtha, fiáin, neamhcheansaithe' sa litríocht, rud a thiocfaidh chun ]éire i gcaibidil a ceathair.</p> |
| <p>San alt gearr sin ar leabhar Ní Mhaoileoin, díríonn an Titlíoch ar chúrsaí aeistéitice den chuid is mó. Pléann sé plota an leabhair, leagan amach na gcaibidlí, ionramháil an scéil, an stíl scríbhneoireachta, agus mar sin de. ln 'Féasta Fola' (AT 1968), áfach, an tríú halt a d'fhoilsigh sé, agus a cuireadh i gcló i mí Feabhra 1968, feictear taobh eile ar fad dá chuid scríbhneoireachta. Is é an cogadh idir an Nigéir agus Biafra, a fearadh idir 1967 agus 1970, is ábhar don alt, agus tugann Titley aghaidh ann go háirithe ar fhulaingt mhuintir Bhiafra ag lámha arm na Nigéire. Bhí Titley ag taisteal san Afraic nuair a bhí an cogadh faoi lánseol agus is léir go ndeachaigh an choimhlint i bhfeidhm go mór air. Ní hamháin gur spreag sí é le 'Feasta Fola' a scríobh, ach is insint chruthaitheach ar an gcogadh é a chéad úrscéal, Méirscrí na Treibhe (1978), agus tagraíonn sé don chogadh in ailt eile leis freisin (AT 1984a, 1997f).</p> |
| <p>Chomh fada is a bhaineann sé leis an tráchtas seo, is iad na gnéithe is tábhachtaí de 'Féasta Fola' ná a) na tuairimí a nochtann Titley i leith thábhacht na saoirse polaitiúla agus i leith an impiriúlachais ann; agus b) na tuairimí a nochtann sé ann ar bhailíocht an fhoréigin mar bhealach chun neamhspleáchas a bhaint amach. Is é is follasaí ar 'Féasta Fola' ná an daorbhreith a thugann Titley ann ar thíortha cumhachtacha nach bhfuil sásta saoirse pholaitiúil a thabhairt do ghrúpaí eitneacha nó do ghrúpaí cultúrtha atá ag iarraidh a bheith neamhspleách. Tugann sé fogha faoin Nigéir san alt as ruathar a dhéanamh ar mhuintir Bhiafra, agus cáineann sé Meiriceá, Sasana agus tíortha eile an domhain thiar toisc nach raibh siad sásta páirt an eadránaí a ghlacadh orthu féin. Is ionann sin, dar leis, agus páirt dhíreach a ghlacadh i gcosc na saoirse. 'Bhí eagla ar Ard Choimisiún na Breataine labhairt,' a deir sé le seanbhlas,</p> |
| <p>ach tá láithreáin ola acu sa Nigéir, tá's agat. Ní raibh neart ag na póilíní aon rud a dhéanamh - ach cuidiú sa bhúistéaracht. Agus ar son na caoithiúlachta, na héascaíochta</p> |
| <p>agus Allah - dhein an Rialtas Míleata dearmad glan air (AT 1968. 6).</p> |
| <p>Go deimhin, áitíonn Titley gur eascair an cogadh idir an Nigéir agus Biafra, cuid mhaith, as beartais impiriúlacha na hEorpa sa naoú haois déag, rud a d’fhág an Afraic i gcruachás nach furasta a réiteach. 'Cad ina thaobh gur cheart do mhuintir na hAfraice glacadh le teorainn a leagadh síos ag na cumhachtaí Impiriúlacha an aois seo caite chun an trádáil sclábhaíochta a reachtáil níos saoráidí ar a son féin?' a fhiafraíonn sé.</p> |
| <p>Cad ina thaobh go nglacfaidís le coincheap Eorpach, an náisiúnachas, dá gcórais pholaitíochta nuair atá a gcórais Shóisialacha traidisiúnta bunaithe ar an treabh? Tá slisní áiféiseacha déanta ag na cóilínithe den Afraic beag beann ar dhúchas na mórroinne, é go léir déanta in ainm na sibhialtachta agus an mhíneadais agus ní foláir don Afraic díol as anois (AT 1968, 7). </p> |
| </div> |
| </body> |
| </text> |
| </TEI> |