| <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| <teiHeader> |
| <fileDesc n="ICC-GA-WPH-005"> |
| <titleStmt> |
| <title>Cogadh an Gheimhridh [Extract]</title> |
| <respStmt> |
| <resp>compiled for ICC</resp> |
| <name>ICC: EUD</name> |
| </respStmt> |
| </titleStmt> |
| <publicationStmt> |
| <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/Cogadh_an_Gheimhridh</idno> |
| </publicationStmt> |
| <sourceDesc> |
| <bibl type="Popular:Humanities"> |
| <author>Wiki</author> |
| <title>Cogadh an Gheimhridh</title> |
| <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| <publisher>Vicipéid</publisher> |
| <date when="YYYY">YYYY</date> |
| <availability> |
| <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| </availability> |
| </bibl> |
| </sourceDesc> |
| </fileDesc> |
| <encodingDesc> |
| <samplingDecl> |
| <p>Extract</p> |
| </samplingDecl> |
| </encodingDesc> |
| <profileDesc> |
| <textClass> |
| <classCode scheme="ICC">Popular_Humanities</classCode> |
| </textClass> |
| </profileDesc> |
| <revisionDesc> |
| <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| </revisionDesc> |
| </teiHeader> |
| <text xml:lang="ga"> |
| <body> |
| <div> |
| <p> Cogadh an Gheimhridh </p> |
| <p> Saighdiúirí Fionlannacha i rith an chogaidh. Tá siad ag caitheamh éadaí bána le nach n-aithneodh na Rúisigh thar an sneachta iad. </p> |
| <p> B'é Cogadh an Gheimhridh an cogadh a fearadh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach ón tríochadú lá de Mhí na Samhna, 1939, go dtí an dóú lá déag de Mhí na Márta, 1940. Thosaigh an cogadh nuair a d'ionsaigh na díormaí SFóivéadacha an Fhionlainn i ndiaidh eachtra teorainne - "an lámhach ag Mainila" - arbh é an chiall a baineadh as i mbolscaireacht an Aontais Shóivéadaigh ná gur ionsaí Fionlannach a bhí ann. Bhí na Fionlannaigh riamh ag áitiú nach raibh ann ach saighdeadh a rinne na Sóivéadaigh féin, agus tá an méid sin admhaithe ag an Rúis ó thit an tóin as an gcóras Sóivéadach. </p> |
| <p> Protokol sa bhlian 1934 </p> |
| <p> Nuair a phléasc an cogadh amach, bhí socrú neamhionsaithe i bhfeidhm idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach, agus b'é ba chuspóir leis an Lámhach ag Mainila a chur in iúl don tsaol mhór gurbh iad na Fionlannaigh ba thúisce a bhris an tsíocháin. Is beag creidiúint a tugadh don smaoineamh seo, agus b'é ba toradh don scéal gur caitheadh an tAontas Sóivéadach amach as Conradh na Náisiún. </p> |
| <p> D-8, 1942 </p>FFionlainne |
| <p> Bhí Stailín ag súil leis na Fionlannaigh a chloí roimh dheireadh na bliana 1939, ach ós rud é go raibh na Fionlannaigh ag cur ar a son go dobhogtha, bhí sé sásta síocháin a shocrú leis an bhFionlainn agus a neamhspleáchas a fhágáil ag an tír. Úcráinigh ab ea an chuid mhór de na saighdiúirí ag an gcomhéadan seo, daoine nach raibh i dtaithí an gheimhridh Arctaigh, agus dealraíonn sé go raibh Stailín d'aon ogham ag iarraidh fir den náisiúntacht áirithe seo a íobairt sa chogadh seo, mar chuid den iarracht a bhí idir lámhaibh aige fonn na nÚcráineach chun neamhspleáchais a bhriseadh síos. </p> |
| <p> Is é an cur síos íorónta a thug an scríbhneoir Fionlannach Väinö Linna ar an gcogadh seo ná gurb é an chéad chogadh i stair an chine dhaonna inar ghnóthaigh an dá thaobh. Bhí bua na bhFionlannach an oiread sin ní ba lú is gurbh éigean dóibh tarraingt ar ais taobh thiar de na teorainneacha nua. Siúd is go gcaithfeadh na Fionlannaigh críocha áirithe in oirthear na tíre a thabhairt uathu don Aontas Sóivéadach, d'íoc an tír sin go daor ar son na gcríoch sin. Thar aon rud eile, bhain Hitler an tástal as drochchogaíocht an Airm Shóivéadaigh le linn an chogaidh seo ná nach raibh aon mhaith sna Rúisigh le cogadh a fhearadh sa gheimhreadh. Dhaingnigh an tátal seo cinneadh Hitler ar dhul chun cogaidh ar an Aontas Sóivéadach sa bhliain 1941. </p> |
| <p> Cuid de Ríocht na Sualainne ab ea an Fhionlainn ó na Meánaoiseanna anuas, go dtí gur fhorghabh na Rúisigh í i gcogadh na mblianta 1808-1809 (Cogadh na Fionlainne). Choinnigh muintir na Fionlainne rialtas forleathan dúchais chomh maith le bunreacht Sualannach, an chuid ba mhó den am. Nuair a tháinig na Boilséivigh i seilbh na cumhachta sa Rúis i Mí na Samhna den bhliain 1917 (Réabhlóid Dheireadh Fómhair), áfach, d'fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas. In Earrach na bliana 1918, arís, phléasc cogadh cruálach cathartha amach san Fhionlainn idir na buirgéisigh (na Gardaí Bána) agus na sóisialaigh radacacha (na Gardaí Dearga). Bhí na Boilséivigh ag tacú leis na Dearga sa chogadh seo, agus mar sin, ní raibh sé indéanta ainm an Aontais Shóivéadaigh a lua san Fhionlainn gan fuil a bhaint as seancholm an chogaidh chathartha. </p> |
| <p> Maidir leis an nGearmáin, áfach, tháinig díormaí Gearmánacha chun tarrthála do na Gardaí Bána go gairid roimh dheireadh an chogaidh, ó bhí an Ghearmáin Impiriúil ag cuidiú le gluaiseacht neamhspleáchais na Fionlainne le linn an chéad chogadh domhanda. Fuair dornán d'óglaigh Fhionlannacha, na Jäger, oiliúint saighdiúireachta in arm na Gearmáine, agus bhí siad páirteach sna cathanna ar an gcathéadan thoir, sula ndeachaigh siad go dtí an Fhionlainn in earrach na bliana 1918. Is fíor gur thit an tóin as impireacht na Gearmáine go gairid ina dhiaidh sin, ach, de thoradh an bhirt seo, ghlac na Fionlannaigh, lucht leanúna na bpáirtithe buirgéiseacha ar a laghad, dáimh mhór leis an nGearmáin, idir thír, chultúr agus theanga. Fiú i ndiaidh do Hitler daonlathas na Gearmáine a chur ar ceal, bhí an luiteamas sách mall ag dul i laghad. </p> |
| <p> Ní raibh lé ná luí ag an bhFionlainn leis an Aontas Sóivéadach, amach ó na Cumannaigh, nach raibh iontu ach dream beag antoisceach, agus iad á ngéarleanúint ag péas polaitiúla na Fionlainne. Ón taobh eile de, bhí rialtas an Aontais Sóivéadaigh buartha faoin úsáid a d'fhéadfadh an Ghearmáin a bhaint as an bhFionlainn mar bhunáit mhíleata in aghaidh na Rúise. San am seo, ní raibh teorainn na Fionlainne ach tríocha dhá chiliméadar ar shiúl ó Leningrad (inniu: Cathair Pheadair). Thairis sin, bhí grúpaí antoisceacha san Fhionlainn ag labhairt ar Leningrad mar neascóid ar bhrollach na Fionlainne. Tógadh an chathair sin, a bhí siad ag áitiú, ar thailte a bhí forghafa ag an Sár Peadar Mór ón tSualainn, is é sin, ón bhFionlainn, agus go raibh roinnt mhaith scológa - na hIngearmanlannaigh - ag labhairt Fionlainnis sna sráidbhailte taobh amuigh de Chathair Pheadair i bhfad i ndiaidh bunú na cathrach. Is beag aird a tugadh ar an gcineál seo cainte san Fhionlainn, ach is léir nach ndeachaigh na focail sin thar chluasa an deachtóra pharanóidigh i Moscó. </p> |
| <p> Ar dtús, d'fhéach Stailín leis na Fionlannaigh a bhréagadh chun comhoibrithe le taidhleoireacht. Sa bhliain 1932, shínigh na Fionlannaigh agus na Rúisigh an chéad Chonradh Frithionsaí i Moscó, agus cuireadh fad deich mbliana breise leis an gconradh dhá bhliain ina dhiaidh sin. Nuair a bhí Hitler ag éirí fíorbhagarthach, sa bhliain 1938, chuaigh na Rúisigh i gcomhchainteanna leis na Fionlannaigh arís. An uair sin, bhí taidhleoireacht rúnda i gceist. I Mí an Aibreáin den bhliain 1938, chuaigh Boris Yartsev ó ambasáid an Aontais Shóivéadaigh i dteagmháil le roinnt mhaith daoine údarásúla san Fhionlainn chun comhchainteanna faoi chomhoibriú míleata in éadan bhagairt na Gearmáine a thosú idir an dá thír. </p> |
| <p> Tá rúndiamhracht ag roinnt le pearsa Yartsev inniu féin. Go hoifigiúil, ní raibh ann ach taidhleoir sóisearach, mar atá, rúnaí ambasáide. Mar sin, bhí sé de chlaonadh sna polaiteoirí Fionlannacha a ndeachaigh sé ina bhfianaise é a chur ó dhoras, ó nach raibh sé furasta a leithéid de thoscaire a ghlacadh dáiríre. Is follasach anois, áfach, gur gníomhaire de chuid na seirbhísí rúnda a bhí ann, agus níorbh é Yartsev a fhíorshloinne ach an oiread: Boris Rybkin a bhí air i gceart. </p> |
| <p> Sa deireadh thiar thall, thosaigh na comhchainteanna idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach, ach má thosaigh féin, níor tháinig aon toradh orthu. Thairis sin, d'athraigh polasaí eachtrach go mór mór san Aontas Sóivéadach nuair a tháinig an sean-Bhoilséavach Vyacheslav Molotov i gcomharbas ar Maxim Litvinov mar Aire Gnóthaí Eachtracha san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1939. Taidhleoir oilte de phór Giúdach ab ea Litvinov, agus mar a shamhlófá le Giúdach, bhí sé an-drochamhrasach i leith Hitler. Maidir le Molotov, áfach, bhí sé dall ar fad ar na teangacha eachtrannacha agus ar an saol taobh amuigh den Aontas Sóivéadach. Idé-eolaí a bhí ann, mar Molotov, agus mar sin, d'éirigh le hidé-eolaí eile, mar atá, Joachim von Ribbentrop, Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, cluain a chur air. Shínigh an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach conradh frithionsaí - Conradh Ribbentrop-Molotov - ar an tríú lá is fiche de Mhí Lúnasa, 1939. Bhí prótacal breise rúnda ag dul leis an gconradh seo ina raibh Oirthear na hEorpa roinnte idir an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach. Sa phrótacal seo, bhí an Fhionlainn áirithe mar chuid de "sféar sainleasa" an Aontais Shóivéadaigh. De réir an chonartha seo, freisin, a chuaigh an chríochdheighilt ar an bPolainn nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an tír sin i dtús Mheán Fómhair den bhliain 1939: tháinig deifir ar Stailín a chuid féin den cháca a chinntiú dó, agus thrasnaigh a chuid saighdiúirí teorainn thoir na Polainne ar an 17ú lá de Mhí Mheán Fómhair. </p> |
| <p> Faoin am seo a tháinig faobhar nua ar ghuth Stailín agus é ag labhairt leis an bhFionlainn, chomh maith. D'éiligh sé ar na Fionlannaigh an teorainn in aice le Leningrad a tharraingt ar gcúl go dtí go mbeadh cúig chiliméadar fichead níos mó idir í agus an chathair. Thairis sin, bhí Hanko nó ceann de na hoileáin in aice na cathrach ag teastáil uaidh ar cíos go ceann tríocha bliain, mar bhunáit dá chuid long cogaidh. Mar sin, d'fhéadfadh na Rúisigh Murascaill na Fionlainne a dhúnadh roimh chabhlach aon námhad a bheadh meáite ar Leningrad a ionsaí bealach na mara. </p> |
| <p> Mar éiric san iomlán, bhí sé ag tairiscint Repola agus Porajärvi, dhá pharóiste mhóra in aice le teorainn thoir na Fionlainne. Bhí tábhacht áirithe ag baint le Repola agus Porajärvi i miotaseolaíocht na náisiúnaithe Fionlannacha. I ndiaidh don Fhionlainn a neamhspleáchas a bhaint amach, d'fhéach náisiúnaithe Fionlannacha críocha taobh thoir den teorainn a shealbhú don tír, siúd is nach raibh na tailte sin ag baint leis an bhFionlainn riamh: is amhlaidh go raibh teangacha nó canúintí á labhairt ansin a bhí gaolmhar leis an bhFionlainnis. </p> |
| <p> POW as Rúis, Eanáir 1940 </p> |
| <p> D'éirigh leis na hóglaigh náisiúnaíocha, ansin, Repola agus Porajärvi a fhorghabháil, agus ghlac an mac léinn dlíodóireachta Bobi Sivén dualgaisí an tsirriaim air féin sa dá pharóiste. Nuair a socraíodh síocháin idir an Fhionlainn agus an Rúis Shóivéadach, ansin, thug an Fhionlainn Repola agus Porajärvi ar ais don chomharsa. Ansin, chuir Sivén lámh ina bhás féin. An piléar a mharaigh é, fuadh isteach i mbratach Chumann Acadúil na Cairéile ansin é, mar shiombaile. </p> |
| <p> 1940 </p> |
| <p> Cibé faoin siombaileachas, ní raibh lucht rialtais na Fionlainne sásta tailte a bhabhtáil ar an dóigh seo, nuair a tháinig an crú ar an tairne. Ní raibh mórán forbartha déanta ar Repola ná ar Porajärvi: ní raibh iontu ach cúlriasca agus iargúltacht. Thairis sin, dá n-aistreofaí an teorainn mar a bhí Stailín ag éileamh, d'fhágfaí cuid mhór de dhaingnithe teorainne na Fionlainne ar thaobh na Rúise, rud a bhainfeadh go mór de chumas na bhFionlannach iad féin a chosaint ar aon ionsaí anoir. Tríd is tríd, ní raibh na polaiteoirí Fionlannacha sách muiníneach as Stailín, agus níor shásaigh an tairiscint iad. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna, agus nuair a d'fhág Juho Kusti Paasikivi, ambasadóir agus toscaire na Fionlainne slán ag Molotov, thug seisean rabhadh don taidhleoir: Muidne, na polaiteoirí, ní raibh muid in ann an scéal a shocrú. Anois, caithfidh na saighdiúirí a dtuairim a thabhairt. </p> |
| <p> Agus thug, ceart go leor. Ar an séú lá is fiche de Mhí na Samhna, 1939, chuala an saol mór ar an lámhach ag Mainila. </p> |
| <p> Is é an cineál scéil a bhí i gceist leis an lámhach ag Mainila ná gur thug na Rúisigh in iúl go raibh na Fionlannaigh tar éis a gcuid gunnaí móra a loscadh i dtreo an Aontais Shóivéadaigh, i gcruth is gur bhuail na sliogáin Mainila ar an taobh eile den teorainn. Bhí triúr saighdiúirí déag a bhí ag gardáil na teorainne básaithe ag na sliogáin, a d'áitigh na Rúisigh. </p> |
| <p> Le fírinne, níorbh iad na Fionlannaigh a scaoil na hurchair sin. Aon chineál trúpaí a raibh gunnaí móra acu san Fhionlainn, bhí siad tarraingthe ar ais ón teorainn, go díreach leis an gcineál seo imeachtaí a sheachaint. Nuair a tháinig deireadh leis an rialtas Cumannach sa Rúis, bhí an tUachtarán Boris Yeltsin sásta a admháil go hoifigiúil nach raibh i gceist ach feillbheart leis an bhFionlainn a chlúmhilleadh agus le siocair a fháil don chogadh. Tá dhá insint ar an scéal i gcónaí, áfach: arbh iad na Rúisigh a scaoil na sliogáin, nó arbh amhlaidh nár scaoileadh urchar ar bith riamh. De réir dhialann oifigiúil na saighdiúirí Fionlannacha, chualathas gunna mór agus moirtéar á loscadh ar lá na n-imeachtaí, thart ar a trí a chlog tráthnóna, seacht n-uaire ar fad. Is é an tuairim a bhí ag an staraí Rúiseach Vladimir Baryshnikov in alt a d'fhoilsigh sé sa bhliain 2004 ná nach raibh lámhach ar bith ann riamh: ní raibh i gceist leis na sliogáin ach scéal de chuid lucht na bolscaireachta i Moscó nár tháinig in aon neasacht do theorainn na Fionlainne riamh, a deir sé. </p> |
| </div> |
| </body> |
| </text> |
| </TEI> |