blob: e20ebca151a1eb6af15fe30f0c6cf5fd6eb46a26 [file] [log] [blame]
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
<teiHeader>
<fileDesc n="ICC-GA-WPN-005">
<titleStmt>
<title>Dúpholl [Extract]</title>
<respStmt>
<resp>compiled for ICC</resp>
<name>ICC: EUD</name>
</respStmt>
</titleStmt>
<publicationStmt>
<distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
<note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor>
<idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/D%C3%BApholl</idno>
</publicationStmt>
<sourceDesc>
<bibl type="Popular:NaturalSciences">
<author>Wiki</author>
<title>Dúpholl</title>
<pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace>
<publisher>Vicipéid</publisher>
<date when="YYYY">YYYY</date>
<availability>
<licence>CC-BY-NC-SA</licence>
</availability>
</bibl>
</sourceDesc>
</fileDesc>
<encodingDesc>
<samplingDecl>
<p>Extract</p>
</samplingDecl>
</encodingDesc>
<profileDesc>
<textClass>
<classCode scheme="ICC">Popular_NaturalSciences</classCode>
</textClass>
</profileDesc>
<revisionDesc>
<change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change>
</revisionDesc>
</teiHeader>
<text xml:lang="ga">
<body>
<div>
<p> Dúpholl </p>
<p> Is é is poll dubh nó dúpholl ann ná réigiún sa spás-am a bhfuil a réimse imtharraingthe chomh láidir is nach féidir don tsolas féin éalú as. Go bunúsach, is toradh matamaiticiúil do theoiric na coibhneasachta ginearálta (an leagan fairsingithe de theoiric coibhneasachta Einstein) é an dúpholl, ach tá na réalteolaithe i ndiaidh sonrú a chur i gcuid mhaith réadanna aisteacha sa spás a d'fhéadfadh a bheith ina ndúphoill. </p>
<p> Tugtar léaslíne theagmhais ar theorainn sheachtrach an dúphoill. Ní teorainn é a d'fhéadfá a mhothú, ach mar sin féin, is teorainn é a chuirfeadh cor i do chinniúint dá dtrasnófá í, nó aon rud a fuarthas taobh istigh den teorainn, ní féidir dó éalú as an dúpholl, fiú ar feadh tamaillín. An rud a thitfidh isteach, fanfaidh sé istigh chomh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach, nó taobh istigh den dúpholl, tá na bealaí go léir ag dul níos doimhne isteach díreach chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh ar an Domhan s'againn. </p>
<p> Go teoiriciúil, níl teorainn ar bith le méid an dúphoill. Go praiticiúil, tá súil ag na réaltfhisiceoirí go dtiocfaidh siad trasna ar dhúphoill a bhfuil a maiseanna idir mais na gnáthréalta agus mais na milliún réaltaí ar aon mhéid lenár nGrian féin (dúphoill fhor-ollmhóra). </p>
<p> Tá cuid mhaith fianaise ann atá ag tabhairt le fios go bhfuil dúphoill ann dáiríre. Faightear an cineál sin fianaise trí staidéar a dhéanamh ar na hastaíochtaí x-ghathanna atá ag teacht ó dhéréaltaí x-ghathacha nó ó núicléis ghníomhacha na réaltraí. Thairis sin, creidtear go mbíonn na dúphoill féin ag radú fuinnimh de thoradh iarmhairtí candam-mheicniúla ar a dtugtar radaíocht Hawking. </p>
<p> Tugtar léaslíne theagmhais ar theorainn sheachtrach an dúphoill. Ní teorainn é a d'fhéadfá a mhothú, ach mar sin féin, is teorainn é a chuirfeadh cor i do chinniúint dá dtrasnófá í, nó aon rud a fuarthas taobh istigh den teorainn, ní féidir dó éalú as an dúpholl, fiú ar feadh tamaillín. An rud a thitfidh isteach, fanfaidh sé istigh chomh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach, nó taobh istigh den dúpholl, tá na bealaí go léir ag dul níos doimhne isteach díreach chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh ar an Domhan s'againn. </p>
<p> Go teoiriciúil, níl teorainn ar bith le méid an dúphoill. Go praiticiúil, tá súil ag na réaltfhisiceoirí go dtiocfaidh siad trasna ar dhúphoill a bhfuil a maiseanna idir mais na gnáthréalta agus mais na milliún réaltaí ar aon mhéid lenár nGrian féin (dúphoill fhor-ollmhóra). </p>
<p> Tá cuid mhaith fianaise ann atá ag tabhairt le fios go bhfuil dúphoill ann dáiríre. Faightear an cineál sin fianaise trí staidéar a dhéanamh ar na hastaíochtaí x-ghathanna atá ag teacht ó dhéréaltaí x-ghathacha nó ó núicléis ghníomhacha na réaltraí. Thairis sin, creidtear go mbíonn na dúphoill féin ag radú fuinnimh de thoradh iarmhairtí candam-mheicniúla ar a dtugtar radaíocht Hawking. </p>
<p> Dealraíonn sé gurbh é John Michell, an geolaí Sasanach, an chéad duine ar rith coincheap an dúphoill leis, cé nach raibh teoiric Einstein ann go fóill. In alt a chuir sé chuig Henry Cavendish agus ar fhoilsigh Cumann Ríoga na hEolaíochta, nó an Royal Society, é sa bhliain 1784, thug Mitchell an chéad chur síos ar an dúpholl. San am seo, bhí tuiscint na heolaíochta ar choincheap na himtharraingthe bunaithe ar theoiric Newton, agus bhí a fhios ag na daoine cheana céard is treoluas éalaithe ann (is é sin, an luas atá ag teastáil le héalú ó réimse imtharraingthe na rinne neimhe). D'oibrigh Michell amach, dá mbeadh rinn neimhe ann a bheadh 500 oiread níos mó ná ár nGrian ar trastomhas, agus an damhna inti ar aon dlús leis an damhna sa Ghrian, go mb'ionann treoluas éalaithe na rinne neimhe seo agus luas an tsolais. Dá mbeadh a leithéid de réad ann, bheadh sé dofheicthe, arsa Michell, ó nach n-éalódh an solas féin as. Dar le Michell, mar sin, bhí sé incheaptha go mbeadh na rinne neimhe is mó agus is troime amuigh dofheicthe ar fad, ó nach bhféadfadh an solas éalú uathu. </p>
<p> Sa bhliain 1796, chuir an matamaiticeoir Francach Pierre-Simon Laplace an smaoineamh céanna chun tosaigh sa chéad dhá eagrán dá leabhar Exposition du système du Monde—baineadh an sliocht sin de na heagráin a foilsíodh ina ndiaidh sin. Níor tugadh mórán airde ar an smaoineamh seo sa naoú haois déag, ó chreid na saineolaithe féin go forleathan nach raibh sa solas ach tonn gan téagar, agus nach bhféadfadh an imtharraingt an solas a stopadh ar aon nós. </p>
<p> Sa bhliain 1915, d'oibrigh Albert Einstein amach teoiric nua faoin imtharraingt—Teoiric na Coibhneasachta Ginearálta. Bhí sé i ndiaidh a thaispeáint cheana féin go raibh an imtharraingt in ann an solas a chamadh. Cupla mí ina dhiaidh sin, thaispeáin Karl Schwarzschild go raibh sé incheaptha, de réir na teoirice ar a laghad, go mbeadh dúphoill ann. Níor thuig Schwarzschild féin céard a bhí i gceist leis an tátal a bhain sé as teoiric Einstein, ach tamall beag ní ba déanaí, tháinig Johannes Droste, dalta de chuid Hendrik Lorentz, ar an bhfuascailt chéanna, agus thug sé cur síos ní b'fhairsinge ar shaintréithe an dúphoill. </p>
<p> Sa bhliain 1930, d'áitigh an matamaiticeoir Indiach Subrahmanyan Chandrasekhar, dá mbeadh mais ann arbh ionann í agus mais na Gréine méadaithe faoi 1.44, agus an mhais seo gan solas ná radaíocht eile a astú, go gcrapfadh sí isteach chuici féin faoi mheáchan a himtharraingthe féin (rud ar a dtugtar imphléascadh imtharraingteach), ó nach mbeadh aon rud á stopadh. Chuir Arthur Eddington ina aghaidh, nó bhí sé suite siúráilte go mbeadh bacainn éigin ann leis an imphléascadh seo a stopadh. Bhí an ceart ag an mbeirt acu. An abhacréalta bhán a sáraíonn a mais teorainn Chandrasekhar (1.44 Grian), is dual di imphléascadh, ach ní iompóidh sí ina dúpholl, nó stopfaidh an crapadh nuair a bheidh sí ina neodrónréalta. Má sháraíonn a mais teorainn Tolman-Oppenheimer-Volkoff (timpeall ar 3 Ghrian), áfach, ní bheidh sí in ann an t-imphléascadh a choinneáil siar, agus titfidh sí isteach inti féin ina dúpholl, de réir dlíthe fisiceacha de chineál chosúil. </p>
<p> Sa bhliain 1939, thairngir Robert Oppenheimer (an fear céanna a bhí i gceannas ar thionscadal an bhuama adamhaigh ina dhiaidh sin, dála an scéil) agus H. Snyder go bhféadfadh réalta an-mhór, an-téagartha imphléascadh a dhéanamh a d'fhágfadh ina dúpholl í. Is é sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh teacht ar dhúphoill nádúrtha amuigh sa spás, de réir na teoirice ar a laghad. Ar dtús, ba nós leis na heolaithe "réalta shioctha" a thabhairt ar dhúphoill den chineál sin, nó dá mbeadh réalta ag crapadh isteach i dtreo na léaslíne teagmhais, d'fhágfaí a dromchla "sioctha" mar a bhí sí díreach nuair a shroich sé ga Schwarzschild agus an léaslíne theagmhais, de réir na matamaitice. </p>
<p> Níor bacadh leis na réadanna hipitéiseacha seo mórán roimh dheireadh na seascaidí. B'é dearcadh fhormhór na bhfisiceoirí nach raibh sna dúphoill ach seachthoradh matamaiticiúil d'fhuascailt Schwarzschild. Na réaltaí a bhí ag imphléascadh amuigh sa spás, ní ina ndúphoill a bhí siad ag iompú, dar leo. </p>
<p> Nuair a bhí an teoiric agus an gléasra breathnóireachta ag forbairt, thosaigh na réalteolaithe ag cur suim sna dúphoill arís ón mbliain 1967 ar aghaidh. Sa bhliain 1970, chruthaigh Stephen Hawking agus Roger Penrose go raibh na dúphoill chomh fite fuaite le teoiric Einstein faoin imtharraingt is nach mbeadh a bhfoirmiú le seachaint i gcásanna áirithe den imphléascadh imtharraingteach. Le fionnachtain na bpulsár—na neodrónréaltaí—b'éigean do na réalteolaithe glacadh leis an bhféidearthacht go mbeadh na dúphoill féin ann i ndiaidh an iomláin. Maidir leis an bhfocal féin—"dúpholl"—b'é an fisiceoir teoiriciúil John Wheeler a bhain úsáid as roimh aon duine eile, i léacht a thug sé ar an 29 lá de Mhí na Nollag 1967. Na réadanna a rith le Michell agus Laplace i dtréimhse fhisic Newton, is gnách "réaltaí dorcha" a thabhairt orthu len iad a aithint ó na "dúphoill" a bhaineann le teoiric na coibhneasachta ginearálta. </p>
<p> De réir theoiric na coibhneasachta ginearálta, ní hamháin gur féidir go bhfuil dúphoill ann, ach go gcaithfidh dúpholl teacht chun saoil nuair a phacáiltear go leor maise i spás sách beag, nó nuair a bheidh an stuif pacáilte sách tiubh, tosóidh an próiseas ar a dtugtar imphléascadh imtharraingteach as a stuaim féin. De réir mar atá an mhais taobh istigh de shrianta áirithe ag fás, tá a himtharraingt ag dul i méadaíocht freisin. Deir teoiric na coibhneasachta go bhfuil an imtharraingt in ann an spás féin a chur as a riocht, a chamadh agus a chuarú, agus sa deireadh, beidh an spás agus an t-am timpeall na maise chomh cuaraithe is nach ligeann siad amach an solas féin. Ag an bpointe seo a chruthaítear léaslíne theagmhas, agus caithfidh an damhna agus an fuinneamh titim isteach iontu fein, crapadh isteach chucu chomh tiubh is nach féidir a leithéid de staid a mhíniú de réir dhlíthe na fisice féin. Mar shampla, dá mbrúfaí an Ghrian taobh istigh de sféar a bheadh timpeall ar thrí chiliméadar ar gha, nó timpeall ar shé chiliméadar ar trastomhas (nó timpeall ar 1/232,000 d'fhíormhéid na Gréine mar atá faoi láthair), chruthódh réimse imtharraingthe na Gréine léaslíne theagmhais ina timpeall, agus bheadh sí iompaithe ina dúpholl. </p>
<p> Nuair a rinneadh anailis chainníochtúil ar an smaoineamh seo, thángthas ar an tairngreacht nach mbeadh neodrónréalta a mb'ionann a mais agus mais cúig cinn de Ghrianta—nach mbeadh sí cobhsaí ina neodrónréalta, agus go dtitfeadh sí isteach inti féin le hiompú ina dúpholl. Creidtear go gcruthaítear neodrónréaltaí éagobhsaí den chineál seo nuair a dhéanann réaltaí atá idir 25 agus 30 Grian ar mais imphléascadh i ndeireadh a "mbeatha" mar ghnáthréaltaí. Is féidir freisin go bhfuil neodrónréalta chobhsaí ag fuilleamh damhna chuici—ná déantar dearmad de go bhfuil imtharraingt mhillteanach ag baint leis na neodrónréaltaí freisin, agus iad ag sú damhna as an spás chucu—go dtí go mbeidh sí róthrom le bheith cobhsaí. </p>
<p> Na dúphoill a thagann chun saoil de thoradh imphléascadh na réaltaí, ní bhíonn siad níos éadroime ná mais na Gréine méadaithe faoi thrí. Más ann d'aon dúpholl níos lú ná sin, is léir go raibh brú éigin ón taobh amuigh ag cuidiú le himtharraingt na réalta féin. Creidtear go raibh fórsaí millteanacha den chineál seo ar fáil i dtús stair na hOllchruinne, agus gur cruthaíodh dúphoill bheaga—dúphoill is éadroime ná an Ghrian féin—san am sin. Tugtar "dúphoill phríomhordúla" ar mhion-dúphoill den chineál seo. </p>
<p> Táthar ag déanamh, fosta, go bhfuil dúpholl mór millteanach (An Díothóir Mór, mar a thugtar air uaireanta) i gcroílár Bhealach na Bó Finne agus nach taise do na réaltraí eile é. Tá mais na milliún Grian comhchruinnithe i ngach dúpholl den chineál seo, agus freagraí éagsúla á dtabhairt ar an gceist, cad é mar a foirmíodh iad. Is é an chéad mhíniú ná go raibh réaltbhraisle mhór thiubh ann ar dtús agus go ndearna sí imphléascadh imtharraingteach. Deir an dara míniú go raibh réalta mhór ann ar dtús, mar a bheadh "síol" ann, agus í ag fuilleamh damhna chuici de réir a chéile, go dtí go raibh an oiread maise ann is gur imphléasc an t-"síolréalta" le dúpholl a dhéanamh. Is é an tríú míniú ná gur comhleádh dúphoill bheaga ceann i ndiaidh a chéile, go dtí go raibh an dúpholl for-ollmhór ann. An dóigh a dtéann dúpholl for-ollmhór den chineál sin i gcion ar an spás-am ina thimpeallacht, is féidir í a aithint i réigiúin spáis ar nós bhraisle Virgo, áit a bhfuil an réaltra úd M87 suite, chomh maith lena chuid comharsana. </p>
<p> Tugtar dúphoill maise idirmheánaí ar an gcineál dúpholl atá idir eatarthu idir na dúphoill atá ar aon mhais le gnáthréalta agus na cinn fhor-ollmhóra. Bíonn na dúphoill maise idirmheánaí cupla míle Grian ar mais, de ghnáth. Tá an teoiric curtha chun tosaigh gurb iad na dúphoill seo a sholáthraíonn an fuinneamh do na foinsí forlonrúla X-ghathanna. Sa bhliain 2004, thángthas trasna ar dhúpholl maise idirmheánaí agus é ag timpeallú Saighdeoir A*, réad a chreidtear a bheith ina dhúpholl for-ollmhór. Níl na réalteolaithe ar aon fhocal faoin bhfionnachtain seo, áfach. </p>
</div>
</body>
</text>
</TEI>