| <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| <teiHeader> |
| <fileDesc n="ICC-GA-WPH-003"> |
| <titleStmt> |
| <title>George Orwell [Extract]</title> |
| <respStmt> |
| <resp>compiled for ICC</resp> |
| <name>ICC: EUD</name> |
| </respStmt> |
| </titleStmt> |
| <publicationStmt> |
| <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/George_Orwell</idno> |
| </publicationStmt> |
| <sourceDesc> |
| <bibl type="Popular:Humanities"> |
| <author>Wiki</author> |
| <title>George Orwell</title> |
| <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| <publisher>Vicipéid</publisher> |
| <date when="YYYY">YYYY</date> |
| <availability> |
| <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| </availability> |
| </bibl> |
| </sourceDesc> |
| </fileDesc> |
| <encodingDesc> |
| <samplingDecl> |
| <p>Extract</p> |
| </samplingDecl> |
| </encodingDesc> |
| <profileDesc> |
| <textClass> |
| <classCode scheme="ICC">Popular_Humanities</classCode> |
| </textClass> |
| </profileDesc> |
| <revisionDesc> |
| <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| </revisionDesc> |
| </teiHeader> |
| <text xml:lang="ga"> |
| <body> |
| <div> |
| <p> Is é George Orwell ainm cleite Eric Arthur Blair, úrscéalaí Sasanach, 25 Meitheamh 1903 — 21 Eanáir 1950.[1] Áirítear Orwell ar scríbhneoirí móra na fichiú haoise. Ba iad an dá úrscéal mhóra pholaitiúla, mar atá, Animal Farm (1945) agus Nineteen Eighty-four (1949) a thuill clú domhanda dó. Aoir faoin Aontas Sóivéadach is ea an chéad cheann acu, agus é scríofa as peirspictíocht an tSóisialaí mheasartha nár thaobhaigh riamh leis an leagan Sóivéadach den chumannachas. An dara ceann acu, is úrscéal diostóipeach é, agus é ag trácht ar dhomhan na todhchaí atá roinnte idir trí mhórchumhacht ollsmachtúla. D'aistríodh an dá leabhar go lear maith teangacha. Mar sin féin, bhí Orwell i ndiaidh seal maith a chaitheamh ina scríbhneoir roimhe sin féin, agus é ag scríobh iriseoireacht, aistí, úrscéalta agus, fiú, beagáinín filíochta. </p> |
| <p> Fear meánaicmeach ab ea Orwell a chuaigh leis an sóisialachas i ndiaidh an tseala a chaith sé ina phóilín impiriúil i mBurma. Chuaigh sé go dtí an Spáinn le páirt a ghlacadh sa Chogadh Cathartha ansin, cosúil le cuid mhaith d'intleachtóirí clé a linne. Cé go raibh luí áirithe aige leis an Sóisialachas réabhlóideach, dhruid sé riamh siar ón gCumannachas, agus é, fiú, den tuairim gur "fórsa frithréabhlóideach" é an Páirtí Cumannach. Chuir sé go fíochmhar in aghaidh idé-eolaíochtaí ollsmachtúla na fichiú haoise, idir Naitsíochas agus Stailíneachas. Bhí tuiscint ghéarchúiseach aige d'éirim na hollsmachtúlachta, agus na coincheapa is na focail a chum sé le tagairt a dhéanamh do mheon na tíorántachta, ar nós an Deartháir Mór (Big Brother), an nuachaint (newspeak) agus araile, úsáidtear i gcónaí iad le cur síos a thabhairt ar an dóigh a gcoinníonn na deachtóirí intinn na saoránach faoi smacht. </p> |
| <p> Rugadh é i Motihari, Bengal san India, in aice le teorainn Neipeal. Ba iad a thuismitheoirí Richard Walmesley Blair agus Ida Mabel Blair née Limouzin. Bhí Richard Blair ag trádáil le codlaidín (óipiam), tráchtearra a bhí dleathach ag an am in Impireacht na Breataine. Cailín óg ab ea Ida Mabel nuair a casadh Richard uirthi, agus é ocht mbliana déag níos sine ná ise. Ba de mhuintir Limouzin í. Teaghlach seanbhunaithe i Moulmein, Burma, ab ea muintir Limouzin, agus iad ag tógáil long ansin. Mar sin féin, ní raibh ag éirí go rómhaith sa saol le hIda Mabel ach oiread le Richard, agus dealraíonn sé gur cleamhnas siosmaideach a bhí ann nach raibh na páisiúin mhóra ag baint leis. </p> |
| <p> Bliain i ndiaidh a bhreithe, 1904, thug a mháthair é féin is a dheirfiúr Marjorie ar ais go Sasana. D'fhan an t-athair thiar i Motihari, agus ní bhfuair an buachaill an chéad aithne air sula raibh sé naoi mbliana d'aois. </p> |
| <p> Is deacair a rá, an raibh a chéad óige sona nó mí-ádhúil. Is follasach go ndeachaigh tíorántacht an tsaoil i scoil chónaitheach St. Cyprian's in Eastbourne go dona i bhfeidhm ar mo dhuine. Go gairid roimh a bhás, thug sé cur síos dúisitheach ar an am a chaith sé ag freastal ar St. Cyprian's ina aiste Such, Such Were the Joys[2] (bhaist sé Crossgates ar scoil St. Cyprian's san aiste le nach bhféadfaí clúmhilleadh a chur ina leith). Ón taobh eile de, tháinig a bhua scríbhneoireachta chun solais go moch, agus thuill a chuid scríbhinní, go háirithe na dánta, moladh dó ó phríomhoide na scoile. D'fhreastail sé ar St. Cyprian's san am céanna le Cyril Connolly, scríbhneoir tábhachtach comhaimseartha eile, ach ní bhfuair an bheirt acu aithne cheart ar a chéile ach i bhfad i ndiaidh bhlianta na scoile. </p> |
| <p> Nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, d'imigh sé ó St. Cyprian's. Chaith sé leathbhliain i gColáiste Wellington i mBerkshire, go dtí go bhfuarthas áit dó i gcoláiste cáiliúil Eton, scoil na scothaicme. Níor éirigh go rómhaith leis in Eton, áfach, agus níor bhain sé amach aon scoláireacht ollscoile. Mar sin, chuaigh sé go Burma le seirbhís a dhéanamh sna Póilíní Impiriúla (Indian Imperial Police). Bhain sé amach Burma i ndeireadh na bliana 1922, nuair a bhí sé naoi mbliana déag d'aois. </p> |
| <p> Murab ionann agus an chuid ba mhó de thailte na hImpireachta, bhí Burma á rialú le lámh láidir mhíleata. Nuair a d'fhorghabh na Sasanaigh an tír sa dara leath den naoú haois déag, níor fhág siad aon rí dúchasach ná uasalaicme áitiúil in ainm is a bheith ag rialú na tíre, mar ba nós leo a dhéanamh san India. Bhí Burma á dúshaothrú ar dhóigh i bhfad ní ba bhrúidiúla ná an India, rud a chothaigh míshástacht agus meon ceannairce i measc mhuintir dhúchasach na tíre. Tá sé sábháilte a rá, mar sin, go bhfaca Orwell an taobh ba mheasa den Impiriúlachas i mBurma. Mar sin, is beag an t-ábhar iontais é gur ghlac sé snomh leis an gcóras impiriúil. </p> |
| <p> Ón taobh eile de, thug sé taitneamh do chultúr dúchasach Bhurma, agus é ag cur beospéise ann. Fuair sé tuiscint mhaith do theanga is do nósanna na tíre, rud is furasta a aithint ar an gcéad úrscéal leis, Burmese Days. Chuir sé an chuid ba mheasa d'obair an státseirbhísigh choilínigh i míotar in aistí cosúil le Shooting an Elephant[3] agus A Hanging.[4] </p> |
| <p> D'éirigh Orwell as an obair sna póilíní coilíneacha i Mí Iúil den bhliain 1927. Chuaigh sé ar ais chuig a mhuintir i Suffolk. An bhliain a bhí chugainn, thug sé a aghaidh ar Pháras, áit a ndeachaigh sé le hiriseoireacht. D'éiríodh leis ó am go ham altanna a fhoilsiú ar pháipéir Shasanacha agus Fhrancacha, agus é ag tabhairt cur síos ar shaintréithre chultúr Shasana do na Francaigh nó ag tuairisciú faoi shaol na Fraince do na Sasanaigh. San am seo a bhailigh sé an t-eispéireas as ar fháisc sé an leath Fhrancach dá chéad mhórshaothar neamhfhicseanúil, Down and Out in Paris and London.[5] Tá an leabhar seo curtha i láthair an léitheora mar nach mbeadh ann ach lomlán na fírinne, ach is dealraitheach go bhfuil cuid mhaith seanchais agus scéalta faoi mhadraí na n-ocht gcos measctha trí fhíor-thaithí an scríbhneora. Rinne Orwell a dhícheall le craiceann na fírinne a chur ar an saol ar an mblár fholamh a ndeachaigh sé tríd, ach is é an tátal a bhain fear scríofa a bheathaisnéise ná nach raibh Orwell leath chomh bocht san am agus a thugann sé fios ina leabhar. </p> |
| <p> Eric Blair (George Orwell) , comhad ó Metropolitan Police </p> |
| <p> I ndiaidh dó conablach dhá bhliain a chaitheamh san Fhrainc, d'fhill Orwell go Sasana. Chaith sé seal ina theagascóir príobháideach, ach nuair a chaill sé an jab sin, chuaigh sé ag freastal ar na tearmainn do dhíthreabhaigh le mianach na scéalta a thiomsú le haghaidh na leithe Sasanaí de Down and Out in Paris and London. </p> |
| <p> Ba é Down and Out... an chéad leabhar leis a tháinig i gcló, ar an naoú lá de Mhí Eanáir 1933. Cheap sé an t-ainm cleite le haghaidh an leabhair seo. Fuair sé "Orwell" ó abhainn Orwell a ritheann trí Ipswich, agus thaitin "George" leis mar ainm fíor-Shasanach. </p> |
| <p> Ina dhiaidh sin, chrom sé ar a chéad úrscéal a scríobh, mar atá, Burmese Days. Le linn é a bheith i mbun na hoibre seo, bhí sé ag iarraidh suirí a dhéanamh le bean óg arbh ainm di Eleanor. Bhí sise i ngrá le fear eile, áfach, agus thug sí droim láimhe le hOrwell sa deireadh. Ba é an triantán grá seo a thug spreagadh don dara húrscéal a chum sé, mar atá, A Clergyman's Daughter.[6] Maidir leis an leabhar faoi Bhurma, chríochnaigh sé í sa bhliain 1933. Ós rud é gur thug sé cur síos thar a bheith criticiúil ar na státseirbhísigh Shasanacha i mBurma, áfach, ní raibh a fhoilsitheoir, Victor Gollancz, sásta an leabhar a chur i gcló, agus an eagla a bhí air go gcuirfí an dlí air faoi chlúmhilleadh agus an teach foilsitheoireachta ar fad a léirscrios air. </p> |
| <p> D'éirigh le hOrwell, áfach, an leabhar a fhoilsiú sna Stáit Aontaithe. Bhí an foilsitheoir Meiriceánach, Harper's, ar aon fhocal le Victor Gollancz go raibh an t-ábhar sách goilliúnach, agus leis an ionchúiseamh faoi chlúmhilleadh a chur ó dhoras roimh ré, b'éigean d'Orwell athruithe suntasacha a chur i bhfeidhm ar an leabhar. </p> |
| <p> Go gairid ina dhiaidh sin, chrom Orwell ar an gcéad úrscéal eile, A Clergyman's Daughter. Níorbh é sin an leabhar ab fhearr a tháinig óna pheann, agus bhí Orwell chomh míshásta leis an úrscéal is nach gceadódh sé é a chur i gcló in athuair a fhad is a mhairfeadh sé féin beo. Níor hathfhoilsíodh an leabhar ar aon nós ach aon bhliain déag i ndiaidh bhás an údair. Go prionsabalta, tarraingíonn Orwell ar a shaol féin agus ar na daoine ina thimpeall agus é ag insint an scéil seo. Leabhar an-phríobháideach atá ann nach samhlófá le scríbhneoir poiblí polaitiúil cosúil le hOrwell. Más díol spéise é le haon duine, is é an príomhábhar suime atá ann ná an dóigh a gcaitheann an t-úrscéal seo súil ar mheon Orwell mar dhuine ar leith, mar phearsa indibhidiúil. </p> |
| <p> Faoin am céanna, d'imigh Orwell go Hampstead. Roimhe sin, bhí sé ina chónaí i dteach a Aintín Nellie i Southwold. Réitigh an Aintín jab dó ag díol leabhar athláimhe i Hampstead, agus é breá sásta leis go raibh idir obair íoctha aige, agus buanchónaí air i Londain féin. Spreagadh don úrscéal Keep the Aspidistra Flying[7] ab ea an t-athrú seo, freisin. Is é an cineál leabhar atá ann ná cur síos ar shaol an scríbhneora atá ag iarraidh fódú éigin a dhéanamh sa saol liteartha. Bhí Orwell ag fáil tuiscint cheart ar an bhficsean faoin am seo. Mar sin, tá an t-úrscéal níos fearr ná A Clergyman's Daughter, agus é in ann stíl scigiúil, áiféiseach, íorónta a láimhseáil agus casadh greannmhar a bhaint as imeachtaí a shaoil fosta. </p> |
| <p> 77 Parliament Hill i Hampstead </p> |
| <p> Mar ba dual dó, chuir Orwell cuimhní cinn a thréimhse ina shiopadóir leabhar i míotar in aiste bheag, Bookshop Memories.[8] </p> |
| <p> San am seo, bhí sé ag déanamh mórtachais lena sheanchara scoile Cyril Connolly arís. Bhí i bhfad níos mó glacadh le Connolly ná le hOrwell i gciorcail liteartha na heite clé san am seo, agus ba mhór an cuidiú le hOrwell an t-aitheantas áirithe seo. Bhí an pholaitíocht ag teacht isteach sa saol liteartha go tiubh téirimeach, agus an tAontas Sóivéadach ag cealgadh scríbhneoirí chuige le leabhair thaistil a chur ar pár. Ní dheachaigh Orwell leis an gCumannachas, áfach. Bhí cineál luí aige leis an ILP, nó Páirtí Neamhspleách an Lucht Oibre. Páirtí Marxach, réabhlóideach a bhí ann a raibh sé de chlaonadh ann intleachtóirí radacacha a mhealladh, nó má bhí an tILP drochamhrasach i dtaobh urraim neamhchriticiúil na gCumannach don Aontas Sóivéadach, ní raibh an páirtí sásta le Páirtí an Lucht Oibre ach an oiread, ó bhí aisling na réabhlóide tréigthe aige. Go bunúsach, ba é seo an seasamh polaitiúil a ghlac Orwell. </p> |
| <p> In Earrach na bliana 1935, tháinig athrú mór eile ar shaol Orwell, nó b'ansin a casadh Eibhlín Ní Sheachnasaigh (Eileen O'Shaughnessy) air. Múinteoir scoile de phór Ghaelach ab ea í a rugadh i South Shields i Tyneside, agus céim ollscoile aici sa Bhéarla ó Oxford. Bean fhuinniúil, ghreannmhar ab ea í a raibh idir theacht i láthair agus acmhainn oibre inti. Ní raibh Orwell i bhfad ag titim i ngrá léi, nuair a thosaigh sé ag caint ar chleamhnas agus ar phósadh. Sa bhliain 1936, dhá sheachtain roimh an lá ar shlánaigh sé trí bliana déag is fiche d'aois, phós Orwell Eibhlín. </p> |
| <p> Siúd is nach gcuimhnítear mórán ar úrscéalta luatha an scríbhneora inniu, thabhaigh an Aspidistra an oiread sin clú d'Orwell agus gur fostaíodh é le leabhar tuairisceoireachta eile cosúil le Down and Out... a scríobh faoi shaol an lucht oibre sa Bhreatain. Mar sin, i dtús na bliana 1936, thaistil sé "tír dhubh" Shasana ar lorg an lucht oibre, agus é ag stopadh i dtithe prólatáireacha lóistín le peirspictíocht ón taobh istigh a fháil ar shaol na n-oibrithe agus ar an mbail a d'fhág géarchéim mhór eacnamaíochta na dtríochaidí orthu. Ar an taithí seo a bhunaigh Orwell an leabhar The Road to Wigan Pier. </p> |
| <p> De thoradh na hoibre seo, chuir Orwell níos mó spéis i gcúrsaí na polaitíochta agus sa Sóisialachas. Mar sin féin, ní raibh sé compordach faoin dóigh a raibh na gluaiseachtaí polaitiúla ag iarraidh an scríbhneoir cruthaitheach a thiontú ina reacaire agus ina bholscaire, ina ionadaí don tsainleas aicme nach scinnfeadh ó pholasaí oifigiúil an pháirtí. An cineál Sóisialachais a dtugadh seisean urraim dó, ba Sóisialachas dá dhéantús féin é.</p> |
| </div> |
| </body> |
| </text> |
| </TEI> |