| <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| <teiHeader> |
| <fileDesc n="ICC-GA-WPN-001"> |
| <titleStmt> |
| <title>Adamh [Extract]</title> |
| <respStmt> |
| <resp>compiled for ICC</resp> |
| <name>ICC: EUD</name> |
| </respStmt> |
| </titleStmt> |
| <publicationStmt> |
| <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/Adamh</idno> |
| </publicationStmt> |
| <sourceDesc> |
| <bibl type="Popular:NaturalSciences"> |
| <author>Wiki</author> |
| <title>Adamh</title> |
| <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| <publisher>Vicipéid</publisher> |
| <date when="YYYY">YYYY</date> |
| <availability> |
| <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| </availability> |
| </bibl> |
| </sourceDesc> |
| </fileDesc> |
| <encodingDesc> |
| <samplingDecl> |
| <p>Extract</p> |
| </samplingDecl> |
| </encodingDesc> |
| <profileDesc> |
| <textClass> |
| <classCode scheme="ICC">Popular_NaturalSciences</classCode> |
| </textClass> |
| </profileDesc> |
| <revisionDesc> |
| <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| </revisionDesc> |
| </teiHeader> |
| <text xml:lang="ga"> |
| <body> |
| <div> |
| <p> Adamh </p> |
| <p> Is é is adamh ann na an chuid is lú de dhúil a fhéadann páirt a ghlacadh in athrú ceimiseach. Tá gach solad, leacht, gás agus plasma comhdhéanta d’adamh neodrach nó ianaithe. Tá adaimh thar a bheith beag, de ghnáth timpeall 100 piciméadar trasna. Tá siad chomh beag sin nach féidir a n-iompar a thuar go cruinn ag baint úsáide as bhfisic chlasaiceach - amhail is dá mba liathróidí leadóige iad, mar shampla - mar gheall ar éifeachtaí candamacha. </p> |
| <p> Tá gach adamh comhdhéanta de núicléas agus leictreon amháin nó níos mó atá ceangailte leis an núicléas. Tá an núicléas déanta as prótón amháin nó níos mó agus roinnt neodrón. An t-aon adamh gan neodróin is ea an hidrigine is coitianta. Tá níos mó ná 99.94% de mhais adaimh sa núicléas. Tá lucht leictreach dearfach ag na prótóin, tá lucht leictreach diúltach ag na leictreoin, agus níl aon lucht leictreach ag na neodróin. Má tá líon na bprótón agus na leictreon cothrom, ansin tá an t-adamh neodrach go leictreach. Má tá níos mó nó níos lú leictreon ag adamh ná prótóin, ansin tá lucht diúltach nó dearfach foriomlán aige, faoi seach - tugtar iain ar na hadaimh sin. </p> |
| <p> Aomann an fórsa leictreamaighnéadach leictreoin an adaimh chuig na prótóin i núicléas adamhach. Aomannan an fórsa núicléach na prótóin agus na neodróin sa núicléas chuig a chéile. Is gnách go mbíonn an fórsa seo níos láidre ná an fórsa leictreamaighnéadach a éarann na prótóin atá luchtaithe go dearfach óna chéile. Faoi imthosca áirithe, éiríonn an fórsa leictreamaighnéadach éartha níos láidre ná an fórsa núicléach. Sa chás seo, scoilteann an núicléas agus fágtar dúile éagsúla ina dhiaidh. Is cineál meatha radaighníomhaigh é seo. </p> |
| <p> Tugtar an uimhir adamhach ar líon na bprótón sa núicléas agus sainmhíníonn sé cén dúil cheimiceach lena mbaineann an t-adamh. Mar shampla, is copar é aon adamh ina bhfuil 29 prótón. Sainmhíníonn líon na neodrón iseatóp na dúile. Is féidir le hadaimh ceangal le adamh amháin nó níos mó le naisc ceimiceacha chun comhdhúile ceimiceacha mar mhóilíní nó criostail a dhéanamh. Tá cumas na n-adamh ceangail agus dícheangail freagrach as an gcuid is mó de na hathruithe fisiciúla a bhreathnaítear sa nádúr. Is í an cheimic an disciplín a dhéanann staidéar ar na hathruithe seo. </p> |
| <p> Tá an smaoineamh bunúsach go bhfuil dúile comhdhéanta de cháithníní bídeacha doroinnte an-sean, le feiceáil i go leor cultúir ársa mar an Ghréig agus an India. Díorthaítear an focal adamh ón nGréigis Ársa ἄτομος [átomos], rud a chiallaíonn "aonad do-roinnte". Bhí an smaoineamh seo bunaithe ar réasúnaíocht fealsúnachta seachas ar réasúnaíocht eolaíoch, agus níl teoiric adamhach na linne seo bunaithe ar na seanchoincheapa seo. É sin ráite, d’úsáid smaointeoirí an focal “adamh” féin ar feadh na n-aoiseanna a raibh amhras orthu go raibh an t-ábhar sin gráinneach sa deireadh. [1][2] </p> |
| <p> Go luath sna 1800idí, thiomsaigh poitigéir Sasanach John Dalton sonraí turgnamhacha a bhailigh sé féin agus eolaithe eile agus fuair sé patrún ar a dtugtar "dlí na gcomhréir iolrach" anois. Thug sé faoi deara, i gcomhdhúile ceimiceacha ina bhfuil dúil cheimiceach áirithe, go mbeidh cion na dúile sin sna comhdhúile seo difriúil de réir cóimheasa slánuimhreacha beaga. Thug an patrún seo le tuiscint do Dhalton go gcuingríonn gach dúil cheimiceach le dúile eile le haonad maise bunúsach agus comhsheasmhach. </p> |
| <p> Mar shampla, tá dhá chineál den ocsaíd stáin ann: púdar dubh atá 88.1% stáin agus 11.9% ocsaigin, agus ceann eile púdar bán atá 78.7% stáin agus 21.3% ocsaigine. Ag coigeartú na bhfigiúirí seo, san ocsaíd dhubh tá thart ar 13.5 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g de stáin, agus san ocsaíd bhán tá thart ar 27 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g de stáin. Cruthaíonn 13.5 agus 27 cóimheas 1: 2. Sna hocsaídí seo, i gcás gach adamh stáin tá adamh amháin nó dhó ocsaigine faoi seach (SnO agus SnO2). [3][4] </p> |
| <p> Mar dhara sampla, mheas Dalton dhá ocsaíd iarainn: púdar dubh atá 78.1% iarann agus 21.9% ocsaigin, agus púdar dearg atá 70.4% iarann agus 29.6% ocsaigin. Ag coigeartú na bhfigiúirí seo, san ocsaíd dhubh tá thart ar 28 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann, agus san ocsaíd dhearg tá thart ar 42 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann. Cruthaíonn 28 agus 42 cóimheas 2:3. Sna hocsaídí faoi seach seo, i gcás gach dhá adamh iarainn, tá dhá nó trí adamh ocsaigine (Mar dhara sampla, mheas Dalton dhá ocsaíd iarainn: púdar dubh atá 78.1% iarann agus 21.9% ocsaigin, agus púdar dearg atá 70.4% iarann agus 29.6% ocsaigin. Ag coigeartú na bhfigiúirí seo, san ocsaíd dhubh tá thart ar 28 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann, agus san ocsaíd dhearg tá thart ar 42 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann. Cruthaíonn 28 agus 42 cóimheas 2: 3. Sna ocsaídí faoi seach seo, i gcás gach dhá adamh iarainn, tá dhá nó trí adamh ocsaigine (Mar dhara sampla, mheas Dalton dhá ocsaíd iarainn: púdar dubh atá 78.1% iarann agus 21.9% ocsaigin, agus púdar dearg atá 70.4% iarann agus 29.6% ocsaigin. Ag coigeartú na bhfigiúirí seo, san ocsaíd dhubh tá thart ar 28 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann, agus san ocsaíd dhearg tá thart ar 42 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann. Cruthaíonn 28 agus 42 cóimheas 2: 3. Sna ocsaídí faoi seach seo, i gcás gach dhá adamh iarainn, tá dhá nó trí adamh ocsaigine (Fe2O2 agus Fe2O3).[5][6] </p> |
| <p> Mar shampla deiridh: tá 63.3% nítrigin agus 36.7% ocsaigin in ocsaíd nítriúil, 44.05% nítrigin agus 55.95% ocsaigin in ocsaíd nítreach, agus 29.5% nítrigin agus 70.5% ocsaigin i ndé-ocsaíd nítrigine. Agus na figiúirí seo á gcoigeartú, in ocsaíd nítriúil tá 80 g ocsaigine in aghaidh gach 140 g de nítrigin, in ocsaíd nítreach tá thart ar 160 g d'ocsaigin do gach 140 g de nítrigin, agus i ndé-ocsaíd nítrigine tá 320 g d'ocsaigin do gach 140 g de nítrigin. Cruthaíonn 80, 160, agus 320 cóimheas 1: 2: 4. Is iad na foirmlí faoi seach do na hocsaídí seo ná N2O, NO, agus NO2. [7] [8] </p> |
| <p> Ag deireadh an 18ú haois, fuair roinnt eolaithe amach go bhféadfaidís iompar gás a mhíniú níos fearr trí chur síos a dhéanamh orthu mar bhailiúcháin de cháithníní fo-mhicreascópacha agus a n-iompar a shamhaltú ag úsáid staitistice agus dóchúlachta. Murab ionann agus teoiric adamhach Dalton, déanann teoiric chinéiteach na ngás cur síos ní amháin ar an gcaoi a n-imoibríonn gáis go ceimiceach lena chéile chun comhdhúile a dhéanamh, ach conas a n-iompraíonn siad go fisiciúil: idirleathadh, slaodacht, seoltacht, brú, srl. </p> |
| <p> Sa bhliain 1827, d’úsáid an luibheolaí Robert Brown micreascóp chun breathnú ar ghráin deannaigh ag snámh in uisce agus fuair sé amach go raibh gluaiseacht chorr acu, feiniméan ar a tugadh "brúnghluaisne". Ceapadh gur móilíní uisce ba chúis leis seo agus iad ag bualadh na ngrán. Sa bhliain 1905, chruthaigh Albert Einstein réaltacht na móilíní seo agus a ngluaiseachtaí tríd an gcéad anailís staitistiúil fhisiceach ar bhrúnghluaisne a tháirgeadh.[9] D'úsáid an fisiceoir Francach Jean Perrin [10] obair Einstein chun mais agus toisí móilíní a chinneadh go turgnamhach, agus ar an gcaoi sin fianaise fhisiciúil a sholáthar maidir le nádúr cáithnín an damhna. </p> |
| <p> An turgnamh Geiger-Marsden: Ar chlé: Torthaí a bhfuil súil leo: cáithníní alfa ag dul trí samhail Thomson den adamh (amhail rísíní i maróg Nollag) le sraonadh fánach. Ar dheis: Torthaí breathnaithe : sraonadh cuid bheag de na cáithníní le lucht deimhneach comhchruinnithe an núicléis. </p> |
| <p> Sa bhliain 1897, fuair J. J. Thomson amach nach tonnta leictreamaighnéadacha iad gathanna catóideacha ach go ndéantar iad de cháithníní atá 1,800 uair níos éadroime ná hidrigin (an t-adamh is éadroime). Tháinig Thomson ar an gconclúid gur tháinig na cáithníní seo ó na hadaimh laistigh den chatóid - gur cháithníní fo-adamhacha iad. Ghlaoigh sé corpuscles (Gaeilge: corpáin) ar na gcáithníní nua seo, ach ina dhiaidh sin, athainmníodh iad ina leictreoin. Léirigh Thomson freisin go raibh leictreoin comhionann le cáithníní astaithe as ábhair fhótaileictreach agus radaighníomhacha. Aithníodh go tapa gur leictreoin iad na cáithníní a iompraíonn sruthanna leictreacha i sreanga miotail. Rinne Thomson amach gur eascair na leictreoin seo as na hadaimh ón chatóide ina chuid gléasanna, rud a chiallaigh nach bhfuil adaimh doroinnte mar a thugann an t-ainm atomos le fios. </p> |
| <p> Shíl J. J. Thomson gur dáileadh na leictreoin a bhí luchtaithe go diúltach ar fud an adaimh i slua mór de lucht deimhneacha a bhí dáilte amach ar fud toirte iomláine an adaimh. Uaireanta tugtar Samhail na Maróig Rísíní (Béarla: plum pudding model) ar an tsamhail seo. </p> |
| <p> Bhí an-amhrasar ar Ernest Rutherford agus a chomhghleacaithe Hans Geiger agus Ernest Marsden faoi an tsamhail seo áfach, tar éis dóibh deacrachtaí a fháil nuair a rinne siad iarracht ionstraim a thógáil chun an cóimheas lucht-go-mais d'alfacháithnín a thomhas (is cáithníní luchtaithe go dearfach iad seo a astaíonn substaintí radaighníomhacha áirithe mar raidiam). Bhí na halfacháithníní á scaipeadh ag an aer sa coimeádán braite, rud a fhágann nach raibh na tomhais iontaofa. Bhí fadhb den chineál céanna ag Thomson ina chuid oibre ar ghathanna catóide, a réitigh sé trí fholús beagnach foirfe a chruthú ina chuid uirlisí. </p> |
| <p> Agus é ag turgnamh le táirgí an mheatha radaighníomhaigh, sa bhliain 1913 fuair an radaicheimiceoir Frederick Soddy amach gur chosúil go raibh níos mó ná cineál amháin adamh ag gach suíomh ar an tábla peiriadach. [11] Ba é Margaret Todd a chum an téarma iseatóp mar ainm oiriúnach d’adamh éagsúil a bhaineann leis an dúil chéanna. Chruthaigh J. J. Thomson teicníc le haghaidh iseatóp a dheighilt trína chuid oibre ar gháis ianaithe, rud a d’fhág gur aimsíodh iseatóip cobhsaí ina dhiaidh sin. [12] </p> |
| <p> Samhail Bohr, le leictreon ag déanamh “léim chandamach” mheandarach ó fhithis amháin go ceann eile le gnóthachan nó caillteanas fuinnimh. Tá an tsamhail seo den leictreon i bhfithis as feidhm. </p> |
| <p> D’fhonn na fadhbanna a bhain le samhail an adaimh de réir Rutherford a cheartú, sa bhliain 1913 chuir Niels Bohr trí phostaláid chun cinn a dhéanann achoimre ar an gcuid is mó dá theoiric: </p> |
| <p> Tugtar struchtúr Bohr den adamh ar léaráid d’adamh a thaispeánann an tslí a bhfuil na leictreoin eagraithe. Taispeántar struchtúr Bohr d’adamh hidrigine sa bheochan ar dheis. Is é an t-eagar leictreon don adamh hidrigine ná n=1. </p> |
| <p> Teoiric go dtaistlíonn leictreoin i bhfithis scoite timpeall núicléas an adaimh, le gnéithe ceimiceacha den dúil socraithe ag an méid leictreoin atá ag timpeallú an adaimh </p> |
| <p> An tuairim go bhféadfadh leictreon titim ó fhithis le léibhéal airde dfhuinneamh go dtí léibhéal níos isle, ag astaigh fótóin (candam eadrom) le fuinneamh scoite (bhí seo buntús na teoirice candamaí) </p> |
| <p> An Prionsabal Comhlántíochta : go bhféadfadh staidear a dhéanamh ar ábhar ina gceann agus ina gceann ach a aimsiú go bhfuil cúpla gnéithe frithráiteacha. </p> |
| <p> Chuir turgnamh Stern-Gerlach sa bhliain 1922 fianaise bhreise ar fáil maidir le nádúr chandamach airíonna adamhacha. Nuair a ritheadh léas d'adamh airgid trí réimse maighnéadach a bhí múnlaithe go speisialta, roinneadh an léis ar bhealach a bhí comhghaolmhar le treo nó guairne mhóiminteam uilleach an adaimh. Toisc go bhfuil an ghuairne seo randamach i dtosach, bheifí ag súil go sraonadh an léis i dtreo randamach. Ina áit sin, roinneadh an léas ina dhá chomhpháirt threorach, a fhreagraíonn don ghuairne adamhaí, é a bheith dírithe suas nó síos maidir leis an réimse maighnéadach.[13] </p> |
| <p> Sa bhliain 1925 d’fhoilsigh Werner Heisenberg an chéad fhoirmiú matamaiticiúil comhsheasmhach ar mheicnic chandamach (meicnic mhaitríseach). Bliain roimhe sin, mhol Louis de Broglie an hipitéis de Broglie: go n-iompraíonn na cáithníní go léir mar thonnta go pointe áirithe, [14] agus i 1926 d’úsáid Erwin Schrödinger an smaoineamh seo chun cothromóid Schrödinger a fhorbairt, samhail mhatamaiticiúil den adamh (tonnmheicnic) a thuairiscigh na leictreoin mar thonnta tríthoiseacha seachas mar phonc-cháithníní.[15] </p> |
| <p> Toradh ar úsáid tonnfhoirmeacha chun cur síos a dhéanamh ar cháithníní ná go bhfuil sé dodhéanta go matamaiticiúil luachanna beachta a fháil do shuíomh agus do mhóiminteam cáithnín ag pointe ama áirithe; tugadh prionsabal na neamhchinnteachta air seo, a chuir Werner Heisenberg le chéile i 1927. Sa choincheap seo, chun cruinneas ar leith a fháil maidir le suíomh a thomhas ní fhéadfadh duine ach raon luachanna dóchúla a fháil don mhóiminteam, agus a mhalairt.[16] </p> |
| </div> |
| </body> |
| </text> |
| </TEI> |