| <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| <teiHeader> |
| <fileDesc n="ICC-GA-WPH-006"> |
| <titleStmt> |
| <title>Leabhar Cheanannais [Extract]</title> |
| <respStmt> |
| <resp>compiled for ICC</resp> |
| <name>ICC: EUD</name> |
| </respStmt> |
| </titleStmt> |
| <publicationStmt> |
| <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/Leabhar_Cheanannais</idno> |
| </publicationStmt> |
| <sourceDesc> |
| <bibl type="Popular:Humanities"> |
| <author>Wiki</author> |
| <title>Leabhar Cheanannais</title> |
| <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| <publisher>Vicipéid</publisher> |
| <date when="YYYY">YYYY</date> |
| <availability> |
| <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| </availability> |
| </bibl> |
| </sourceDesc> |
| </fileDesc> |
| <encodingDesc> |
| <samplingDecl> |
| <p>Extract</p> |
| </samplingDecl> |
| </encodingDesc> |
| <profileDesc> |
| <textClass> |
| <classCode scheme="ICC">Popular_Humanities</classCode> |
| </textClass> |
| </profileDesc> |
| <revisionDesc> |
| <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| </revisionDesc> |
| </teiHeader> |
| <text xml:lang="ga"> |
| <body> |
| <div> |
| <p> Is lámhscríbhinn dhathmhaisithe i Laidin é Leabhar Cheanannais (Laidin: Codex Cenannensis Béarla: Book of Kells) (Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Trionóide, LS A.I. (58), ar a dtugtar Leabhar Cholm Cille uaireanta) ina bhfuil ceithre Shoiscéal an Tiomna Nua, mar aon le réamhthéacsanna agus táblaí éagsúla. Scríobh manaigh Cheilteacha amach é thart ar an mbliain 800. Díorthaíodh téacs na Soiscéal ón Vulgáid den chuid is mó, cé go gcuimsítear roinnt sleachta ó luathleaganacha an Bhíobla ar a ngairtear an Vetus Latina chomh maith. Is mórshaothar callagrafaíochta Iartharaí é agus seasann sé do bhuaic an dathmhaisithe Oileánaigh. Ceaptar go forleathan freisin gurb é an tseoid náisiúnta is fearr in Éirinn é. </p> |
| <p> Tá léaráidí agus maisiú Leabhar Cheanannais níos fearr ná Soiscéil Oileánacha eile ó thaobh na fairsinge agus na castachta de. Sa mhaisiú, feictear teaglaim d’íocónagrafaíocht thraidisiúnta Chríostaí agus móitífeanna ornáideacha guairneánacha is gnách don ealaín Oileánach. Cuirtear beocht le leathanaigh na lámhscríbhinne le fíoracha daoine, ainmhithe agus béisteanna miotasacha, chomh maith le snaidhmeadh casta agus le patrúin dualaíochta ar dhathanna beoga. Tá cuid mhaith de na gnéithe beaga maisiúla sin lán de shiombalachas Críostaí agus cuireann siad tuilleadh béime ar théamaí na mórléaráidí dá bharr. </p> |
| <p> Tá 340 fóilió i gceist leis an lámhscríbhinn anois, agus tá sí faoi cheangal i gceithre imleabhar ón mbliain 1953. Is ar phár lao ar ardchaighdeán atá na duilleoga, agus cuimsítear sa mhaisiú mionsaothraithe gan fasach deich léaráid lánleathanaigh agus leathanaigh téacs atá beo le túslitreacha historiated agus le mionsamhlacha idirlíneacha. Sonraíonn siad buaic na gcáilíochtaí frithchlaisiceacha agus bríomhara d’ealaín Oileánach. Dealraítear gur saothar triúr scríobhaithe éagsúla ar a laghad é mórscript Oileánach an téacs féin. Tá an litreoireacht scríofa i ndúch iaranngháil, agus tháinig na dathanna a úsáideadh ó réimse fhairsing substaintí. Cuid mhór de na substaintí seo, rinneadh iad a thabhairt isteach sa tír ó thíortha i bhfad i gcéin. </p> |
| <p> Tá an lámhscríbhinn ainmnithe as an mainistir i gCeanannas ina raibh sí ar feadh na gcéadta. Tá sí ar taispeáint bhuan i leabharlann Choláiste na Tríonóide anois i mBaile Átha Cliath, Éire. De ghnáth, cuireann an leabharlann dhá cheann de na ceithre imleabhar reatha ar taispeáint i ndiaidh a chéile – ceann amháin acu ag léiriú mórléaráide agus an ceann eile ag léiriú gnáthleathanach téacs. </p> |
| <p> Cuimsíonn Fóilió 27r ó Shoiscéil Lindisfarne réamhrá Liber generationis de Shoiscéal Mhatha. Déan comparáid idir an leathanach seo agus an leathanach comhfhreagrach ó Leabhar Cheanannais (féach anseo), go háirithe foirm an mhonagraim Lib. </p> |
| <p> Tá Leabhar Cheanannais ar cheann de na samplaí is fearr agus is cáiliúla de ghrúpa lámhscríbhinní ar an stíl Oileánach, mar a thugtar orthu, a rinneadh ó dheireadh an tséú haois go tús an naoú haois i mainistreacha na hÉireann, na hAlban agus Shasana, agus i mainistreacha na mór-roinne de bhunús Éireannach nó Sasanach.[1] Áirítear ar na lámhscríbhinní sin Cathach Cholm Cille, Ambrosiana Orosius, Soiscéal briste i leabharlann ardeaglaise Durham (iad uile ó thús an tseachtú haois), agus Leabhar Dharú (ón dara leath den seachtú haois). Tagann Soiscéil Durham, Soiscéil Echternach, Soiscéil Lindisfarne (féach léaráid ar dheis), agus Soiscéil Lichfield ó thús an ochtú haois. Is ó dheireadh an ochtú haois a thagann Leabhar Soiscéil Naomh Gall agus Soiscéil Macregal. Is ó thús an naoú haois a thagann Leabhar Ard Mhacha (ón mbliain 807-809), Mír Leabhar Soiscéil Turin, Priscian Leiden, Priscian Naomh Gall agus Soiscéal Macdurnan. Cuireann scoláirí na lámhscríbhinní sin le chéile bunaithe ar chosúlachtaí stíle ealaíonta, scripte agus traidisiún téacsúil. Ciallaíonn stíl lánfhorbartha an mhaisithe go dtagann Leabhar Cheanannais déanach sa tsraith, ó dheireadh an ochtú haois nó ó thús an naoú haois. Tá cuid mhaith de na traidisiúin íocónagrafaíochta agus stíleacha atá sna luath-lámhscríbhinní seo le fáil i Leabhar Cheanannais chomh maith. Mar shampla, ábhar iontais is ea an chomhsheasmhacht ó thaobh fhoirm na litreacha maisithe de i réamhleathanaigh na Soiscéal agus na Soiscéal Oileánach. Déan comparáid, mar shampla, idir réamhleathanaigh Shoiscéal Mhatha i Soiscéil Lindisfarne agus i Leabhar Cheanannais. Tá snaidhmeadh casta maisiúil taobh istigh d'imlínte cheannlitreacha méadaithe an téacs sa dá leabhar. (Chun liosta níos cuimsithí de lámhscríbhinní ábhartha a fheiceáil, féach: List of Hiberno-Saxon illustrated manuscripts). </p> |
| <p> Díorthaíonn an t‑ainm Leabhar Cheanannais as Mainistir Cheanannais i gCeanannas, Contae na Mí, Éire, ina raibh sé ar feadh cuid mhaith de na meánaoiseanna. Tá an dáta agus an áit a ndearnadh an lámhscríbhinn ina ábhar díospóireachta suntasaí. Go traidisiúnta, creideadh gur cruthaíodh an leabhar le linn thréimhse Cholm Cille, agus fiú gur shaothar a lámh féin é b’fhéidir. Tá an traidisiún sin díchreidiúnaithe le fada ar bhonn pailéagrafach agus stíleach. Tacaíonn an chuid is mó den fhianaise le dáta déantúis thart ar 800, i bhfad i ndiaidh bhás Cholm Cille sa bhliain 597. Tá traidisiún eile ann, atá coitianta i measc scoláirí na hÉireann, a áitíonn gur cruthaíodh an lámhscríbhinn le haghaidh chomóradh 200 bliain bhás an naoimh. </p> |
| <p> Níor críochnaíodh an lámhscríbhinn riamh. Tá cúig theoiric iomaíocha ar a laghad maidir le háit bhunaidh agus am críochnaithe na lámhscríbhinne. Sa chéad chás, seans gur cruthaíodh an leabhar, nó an téacs amháin, in Í agus gur tugadh go Ceanannas ansin é, ar cuireadh na léaráidí leis, b’fhéidir, agus nár críochnaíodh riamh é. Sa dara cás, seans gur cruthaíodh an leabhar ar fad in Í. Sa tríú cás, seans gur cruthaíodh an lámhscríbhinn sa teach screaptra i gCeanannas. Sa cheathrú cás, seans gur cruthaíodh i dtuaisceart Shasana é, ag Lindisfarne b’fhéidir, agus gur tugadh go hÍ é agus uaidh sin go Ceanannas. Faoi dheireadh, seans go ndearnadh é ag mainistir anaithnid in Albain in aimsir na gCruithneach. Cé nach cosúil go mbeidh freagra conclúideach ar cheist déantúis an leabhair riamh, glactar go forleathan leis an gcéad teoiric faoi láthair – gur tosaíodh air in Í agus gur cuireadh leis i gCeanannas. Gan aird ar cibé teoiric atá fíor, táthar cinnte go ndearna manaigh Cholm Cille, a raibh an-bhaint acu leis an bpobal in Í, Leabhar Cheanannais. </p> |
| <p> Rinne Lochlannaigh slad ar Mhainistir Cheanannais roinnt mhaith amanna sa deichiú haois, agus ní heol conas a mhair an leabhar. Is in iontráil na bliana 1007 d’Annála Ulaidh atá an tagairt stairiúil is luaithe don leabhar agus, go deimhin, don leabhar a bheith i gCeanannas. Tá taifead san iontráil ar an gcaoi ar goideadh Soiscéal Cholm Cille, (Columba) príomhiarsma an Domhain Thiar, i rith na hoíche ó shacraistí iartharach an mhórshéipéil chloiche ag Ceanannas mar gheall ar a chumhdach ceardúil. Aisghabhadh an lámhscríbhinn faoi fhód roinnt míonna ina dhiaidh sin – gan a clúdach órga uscarach. Déantar talamh slán de i gcoitinne gurb é “Soiscéal Cholm Cille” Leabhar Cheanannais. Más fíor sin, ciallaíonn sé go raibh an leabhar i gCeanannas fada go leor faoin mbliain 1007 le go mbeadh a fhios ag gadaithe go raibh sé ann. B’fhéidir go bhfuil fóiliónna ar iarraidh ó thús agus ó chríoch Leabhar Cheanannais mar thoradh ar réabadh na lámhscríbhinne óna clúdach. Tugtar le fios ón gcur síos sna hAnnála ar an leabhar a bheith “ó Cholm Cille” – is é sin, gur le Colm Cille an leabhar, nó go ndearna Colm Cille é – gur creideadh an tráth sin gurbh in Í a rinneadh an leabhar. </p> |
| <p> Ar aon nós, bhí an leabhar i gCeanannas cinnte sa dara haois déag nuair a rinneadh cóip de chairteacha talún a bhain le Mainistir Cheanannais ar chuid dá leathanaigh fholmha. Bhí an cleachtas sin – cairteacha a chóipeáil isteach i leabhair thábhachtacha – forleathan sna meánaoiseanna, agus tugann inscríbhinní dá leithéid i Leabhar Cheanannais cruthúnas cinnte maidir lena láthair ag an am sin. </p> |
| <p> Díscaoileadh Mainistir Cheanannais de bharr leasuithe eaglasta an dara haois déag. Tiontaíodh séipéal na mainistreach ina shéipéal paróiste inar coinníodh Leabhar Cheanannais. </p> |
| <p> Rinne Giraldus na Breataine Bige, scríbhneoir ón dara haois déag, cur síos ar an Mórleabhar Soiscéil a chonaic sé i gCill Dara i sliocht cáiliúil óna leabhar Topographia Hibernica, agus ceapann cuid mhaith daoine ó shin gur Leabhar Cheanannais a bhí ann. Gabhann an cur síos le Ceanannas cinnte: </p> |
| <p> Dar leis, cuimsíonn an leabhar teacht le chéile na gceathrar soiscéalaithe dar le hIaróm, agus ar gach leathanach ar leith tá dearaí ar leith, agus iad suaitheanta ag dathanna éagsúla. Féadtar, dar leis, aghaidh mórgachta agus í tarraingthe go diaga a fheiceáil anseo; ansiúd féadtar siombail mhistéireacha na Soiscéalaithe a fheiceáil le sciatháin – péire sciathán, sé sciathán, ceithre sciathán, péire arís. Iolar anseo, gamhain ansiúd; fear anseo, leon ansiúd agus gach foirm eile atá ann, infinideach nach beag. Má thugann tú gnáth-shracfhéachaint orthu, dar leis, sílfidh tú gur scriosadh atá ann, seachas fíochán. Tá togha na ceardaíochta mórthimpeall ort, ach seans nach dtabharfadh tú faoi deara é. Déan grinnscrúdú air agus treáfaidh tú scrín na healaíne. Déanfaidh tú amach castachtaí, chomh mín agus chomh fíneálta sin, chomh lom lán de shnaidhmeanna agus de thrilseáin, ar dhathanna chomh húr agus chomh beoga, go gceapfaidh tú, dar leis, gur saothar aingil atá ann seachas saothar fir. Ós rud é go n‑áitíonn Giraldus go bhfaca sé an leabhar sin i gCill Dara, b’fhéidir gur leabhar eile a chonaic sé ar an gcaighdeán céanna le Leabhar Cheanannais atá caillte anois, nó b’fhéidir go ndearna sé dearmad faoina láthair. </p> |
| <p> D’fhan Leabhar Cheanannais i gCeanannas go dtí 1654. Sa bhliain sin, bhí marcshlua Chromail ag fanacht sa séipéal i gCeanannas, agus sheol gobharnóir an bhaile an leabhar go Baile Átha Cliath le go mbeadh sé sábháilte. Bhronn Henry Jones, a bhí ina easpag ar an Mí tar éis an Reistiréisin, an lámhscríbhinn ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1661, áit ar fhan sí ó shin i leith, cé is móite d’iasachtaí gearra go leabharlanna eile agus go hiarsmalanna. Tá sí ar taispeáint phoiblí sa tSeanleabharlann ag Coláiste na Tríonóide ón naoú haois déag. </p> |
| <p> Thar na blianta, cuireadh roinnt aguisíní le téacs Leabhar Cheanannais. Sa séú haois déag, chuir Gerald Plunkett as Baile Átha Cliath sraith uimhreacha Rómhánacha le caibidlí na Soiscéal de réir na rannta a chruthaigh Ard-Easpag Canterbury an tríú haois déag, Stephen Langton. Rinne an ministir suntasach Anglacánach, James Ussher, comhaireamh agus uimhriú ar na fóiliónna sa bhliain 1621, go gairid i ndiaidh do Rí Séamas I é a ainmniú ina Easpag ar an Mí. Tugadh cuireadh don Bhanríon Victoria agus don Phrionsa Albert an leabhar a shíniú sa bhliain 1849. Déanta na fírinne, áfach, shínigh siad fordhuilleog nua-aoiseach ar creideadh, go lochtach, gur cheann de na fóiliónna bunaidh í. Baineadh an leathanach lena gcuid sínithe nuair a athcheanglaíodh an leabhar sa bhliain 1953. </p> |
| <p> Thar na céadta, rinneadh an leabhar a athcheangal roinnt uaireanta. Le linn athcheangal an ochtú haois déag, rinneadh sioscadh antuisceanach ar na leathanaigh agus cailleadh codanna beaga de roinnt léaráidí. Rinneadh an leabhar a athcheangal sa bhliain 1895 freisin, ach thit an t‑athcheangal sin as a chéile go tapa. Faoi dheireadh na 1920idí, scoireadh roinnt fóiliónna ón bpríomh-imleabhar go huile is go hiomlán. Sa bhliain 1953, rinne an ceanglóir leabhar, Roger Powell, an lámhscríbhinn a athcheangal ina ceithre imleabhar, agus shín sé roinnt leathanach ina raibh boilsceanna. Is féidir breathnú ar dhá imleabhar a bhíonn ar taispeáint i gColáiste na Tríonóide de ghnáth – ceann acu oscailte ar leathanach mórmhaisithe, agus ceann eile chun dhá leathanach téacs bheagmhaisithe a thaispeáint. </p> |
| <p> Sa bhliain 2000, seoladh an t‑imleabhar ina bhfuil Soiscéal Mharcais go Canberra san Astráil i gcomhair taispeántais de lámhscríbhinní dathmhaisithe. Níorbh é sin ach an ceathrú huair a seoladh Leabhar Cheanannais thar lear le haghaidh taispeántais. Faraor, d’fhulaing an t‑imleabhar “miondíobháil lí”, mar a thugtar air, ar an mbealach go Canberra. Meastar go mb’fhéidir gur tharla an díobháil de bharr creathanna ó innill an eitleáin le linn na heitilte fada. </p> |
| <p> Cuimsítear an téacs “Erat autem hora tercia” (“ansin a bhí an tríú huair”) i bhfóilió 183r ó fhacsamhail Leabhar Cheanannais na bliana 1990. Sa bhliain 1951, rinne an foilsitheoir Eilvéiseach, Urs Graf-verlag Bern, an chéad fhacsamhail de Leabhar Cheanannais. </p> |
| <p> Macasamhlaíodh an chuid is mó de na leathanaigh i ngrianghraif dhubha agus bhána, ach bhí 48 macasamhail dhaite san eagrán freisin, lena n‑áirítear na maisithe lánleathanaigh ar fad. Le cead Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, rinne Thames agus Hudson eagrán facsamhla eile sa bhliain 1974. D’áirigh an t‑eagrán seo na léaráidí lánleathanaigh ar fad ón lámhscríbhinn agus cuid ionadaíoch de mhaisiú na leathanach téacs, chomh maith le roinnt sonraí méadaithe de na léaráidí. Bhí na macasamhla ar fad lándaite agus ba é John Kennedy, Green Studio, Baile Átha Cliath, a rinne an ghrianghrafadóireacht. </p> |
| </div> |
| </body> |
| </text> |
| </TEI> |