| <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| <teiHeader> |
| <fileDesc n="ICC-GA-WPH-009"> |
| <titleStmt> |
| <title>Úrscéal stairiúil [Extract]</title> |
| <respStmt> |
| <resp>compiled for ICC</resp> |
| <name>ICC: EUD</name> |
| </respStmt> |
| </titleStmt> |
| <publicationStmt> |
| <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%9Arsc%C3%A9al_stairi%C3%BAil</idno> |
| </publicationStmt> |
| <sourceDesc> |
| <bibl type="Popular:Humanities"> |
| <author>Wiki</author> |
| <title>Úrscéal stairiúil</title> |
| <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| <publisher>Vicipéid</publisher> |
| <date when="YYYY">YYYY</date> |
| <availability> |
| <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| </availability> |
| </bibl> |
| </sourceDesc> |
| </fileDesc> |
| <encodingDesc> |
| <samplingDecl> |
| <p>Extract</p> |
| </samplingDecl> |
| </encodingDesc> |
| <profileDesc> |
| <textClass> |
| <classCode scheme="ICC">Popular_Humanities</classCode> |
| </textClass> |
| </profileDesc> |
| <revisionDesc> |
| <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| </revisionDesc> |
| </teiHeader> |
| <text xml:lang="ga"> |
| <body> |
| <div> |
| <p> Úrscéal stairiúil </p> |
| <p> Is éard is úrscéal stairiúil ann ná úrscéal a bhfuil a imeachtaí suite i dtréimhse áirithe staire, agus an scríbhneoir ag iarraidh saol agus meon na tréimhse sin a athchruthú ar leathanaigh an leabhair. Is féidir don úrscéal stairiúil fíorcharachtair na tréimhse seo a lua nó carachtair fhicseanúla a chur ag caidreamh le fíorcharachtair na tréimhse. </p> |
| <p> Is minic a deirtear gurbh é Walter Scott a chuir tús leis an seánra seo, ach scríobhadh leabhair ar féidir úrscéalta stairiúla a thabhairt orthu i gcultúir eile seachas an cultúr Iartharach i bhfad roimh lá Scott. Sampla de seo is ea "Rómáns na dTrí Ríochtaí", le Luo Guanzhong, a bhreac síos an scéal sa cheathrú haois déag. Áirítear an "Rómáns" seo ar ceann de "Cheithre Úrscéalta Clasaiceacha na Síne". </p> |
| <p> Cé nárbh é Scott a chéadcheap an t-úrscéal stairiúil, is léir gur chuir sé an-chor i bhforbairt an tseánra. Dúirt an léirmheastóir Georg Lukács gurbh é Scott an chéad duine a thuig nach maisíocht amháin a bhí i gceist leis an suíomh stairiúil, ach gur chóir don scríbhneoir taighde agus aithris a dhéanamh ar atmaisféar iomlán na tréimhse. </p> |
| <p> Ba é Waverley, or 'tis Sixty Years Since (1814) an chéad úrscéal sa stíl seo a tháinig i gcló ó Scott, agus d'éirigh sé coitianta Waverley novels a thabhairt ar a chuid úrscéalta stairiúla. I saothair ar nós Waverley nó Rob Roy roghnaigh Scott lárcharachtar a tháinig go nádúrtha i dteagmháil le daoine ó aicmí agus grúpaí sóisialta éagsúla, rud a chuir ar chumas an scríbhneora cur síos cuimsitheach a thabhairt ar atmaisféar na tréimhse. Nuair a d'fhoilsigh sé Ivanhoe, chuir na daoine suim nua i stair na Meánaoise faoi thionchar an úrscéil. </p> |
| <p> Tháinig scríbhneoirí eile sna sálaí ag Scott. Scríobh Aleksandr Pushkin, file náisiúnta na Rúise, a úrscéal stairiúil féin, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), mar iarracht mheabhrach aithris a dhéanamh ar stíl úrscéalaíochta Scott, ach ansin d'éirigh le Lev Tolstoy máistreacht an tseánra a bhaint amach leis an mórúrscéal eipiceach Война и мир/Voyna i mir ("Cogadh agus Síocháin"). </p> |
| <p> San Fhionlainn, bhreac Zachris Topelius síos Fältskärns berättelser ("Scéalta an Mháinlia Airm"), úrscéal i bhfoirm sraithe a thug cur síos ar chora cinniúna mhuintir Bertelsköld in imeachtaí staire na Sualainne thar na glúnta. As Sualainnis a scríobh Topelius an t-úrscéal, ach bhí an-bhaint ag na scéalta leis an bhFionlainn. San fhichiú haois, bhain Fionlannach eile, Mika Waltari, amach clú domhanda lena chuid úrscéalta faoin Éigipteach Sinuhe (Sinuhe egyptiläinen - "Sinuhe, an tÉigipteach"), faoi fhear óg ón bhFionlainn sa Mheánaois agus é ag taisteal ar fud ríochtaí móra na linne (Mikael Karvajalka agus Mikael Hakim), faoi thús na Críostaíochta sa tsean-Róimh (Valtakunnan salaisuus - "Rún na Ríochta" - agus Ihmiskunnan viholliset - "Naimhde an Chine Dhaonna"), faoi theagmháil na Críostaíochta agus an Ioslaim (Johannes Angelos) agus faoi na hÉatrúscaigh (Turms kuolematon - "Turms Neamhbhásmhar"). </p> |
| <p> San Iodáil, glactar leis gurbh é I Promessi Sposi, úrscéal stairiúil le hAlessandro Manzoni, a chuir tús leis an úrscéalaíocht nua-aimseartha ar fad sa tír sin. </p> |
| <p> An tAthair Peadar Ua Laoghaire, a chuir bun le litríocht nua-aimseartha na Gaeilge </p> |
| <p> Glactar leis gurbh é Niamh leis an Athair Peadar Ua Laoghaire an chéad úrscéal stairiúil sa teanga. Bhí an leabhar ina chnámh spairne idir an Athair Peadar agus Conradh na Gaeilge, nó nuair a d'fhéach sé le bloghanna as an úrscéal nó sceitsí a raibh baint acu leis an úrscéal a fhoilsiú ar An Claidheamh Soluis, iris Chonradh na Gaeilge, ní raibh sé sásta leis an sceanairt a rinne na heagarthóirí ar a chuid scríbhinní. Sa deireadh chuaigh sé i muinín The Irish Book Company leis an úrscéal a fhoilsiú. Bhí Norma Borthwick agus Maighréad Ní Raghallaigh, bunaitheoirí an tí foilsitheoireachta seo, fonnmhar chun Niamh a chur i gcló ar choinníollacha an scríbhneora, agus sa deireadh tháinig an t-úrscéal i bprionta sa bhliain 1907. </p> |
| <p> Is é is ábhar don úrscéal ná cath Chluain Tairbh agus tréimhse na hargana agus na foghla a bhíodh na Lochlannaigh ag déanamh ar Éirinn. Tharraing an tAthair Peadar ar Chogadh Gaedhel re Gallaibh agus ar an aistriúchán Béarla a rinne George Webbe Dasent ar Njáls Saga le haghaidh an chúlra stairiúil, ach mar a d'iompaigh an scéal amach, cé go ndearna an tAthair Peadar a dhicheall leis an stair seo a insint i "gcaint na ndaoine", ní raibh sé in ann é féin a shaoradh ó bhráca na bhfoinsí, agus chuaigh an t-úrscéal chun leadráin. Ag tabhairt óráidí tura teagascúla uathu a bhíonn na carachtair, agus níor éirigh leis an scríbhneoir carachtair bheo bhíogúla a chruthú ná a bhforbairt a léiriú. </p> |
| <p> Ba é an tAthair Pádraig Ua Duinnín, fear eagair an fhoclóra, a scríobh Cormac Ua Conaill, úrscéal gairid stairiúil agus é suite in Éirinn faoi dheireadh na séú haoise déag. Ach oiread leis an Athair Peadar ní chuireann an Duinníneach an bhéim is cuí ar charachtracht na laochra, agus is cuma nó vaits leis faoi chuspóirí na naimhde, Laochra gan on gan cháim iad na laochra, agus bithiúnaigh chruthanta gan mhaith iad lucht leanúna na Banríona. Téann an scríbhneoir i muinín comhtharlúintí agus deus ex machina le haghaidh plotála is nach bhfágann sé craiceann inchreidte ar bith ar an scéal. Ní raibh teanga an Duinnínigh chomh líofa foirfe leis an gcanúint Mhuimhneach lenar tógadh an tAthair Peadar, nó cé nach raibh caill ar a stór focal, níor thuig sé chomh tábhachtach is a bhí an chomhréir, is é sin, dul ceart nádúrtha na bhfocal. </p> |
| <p> Bhain Sean-Phádraig Ó Conaire triail as an seánra seo freisin, nó d'fhoilsigh sé an sraithscéal úd Brian Óg sna blianta 1922-1923, agus tháinig an scéal i bprionta faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1926. Úrscéal beag eachtránaíochta atá ann, agus is é Brian Óg ainm an laoich: fear óg cróga agus é chomh maith ag beartú an chlaímh ar son na hÉireann agus ag tógáil léinn i gColáiste na nGael i Liospóin. Scéal sceitimíniúil luathghluaiste é Brian Óg, ach is é an breithiúnas a thug Breandán Delap air ina leabhar faoi úrscéalta stairiúla na Gaeilge go bhfuil aithne na drochphlotála ar an leabhar seo freisin, agus na himeachtaí is na comhtharlúintí ag fabhrú don laoch go héadóchúil in áiteanna. </p> |
| <p> Is deacair a rá an úrscéal stairiúil i gciall chúng an téarma é an t-úrscéal seo a tháinig i gcló sa bhliain 1928. Tá na himeachtaí suite i dtréimhse anallód nach furasta a shocrú in aon áit ar leith ar amlíne na staire. Is féidir gurbh iad na 1830idí nó na 1840idí atá i gceist. Go bunúsach, coimhlint idir beirt deartháracha atá ann, fear atá ina thiarna talún agus é ag seasamh do na Gaill, an duine eile ina thionónta, agus é ag seasamh do na Gaeil. Is é an breithiúnas a thugann Delap ar an leabhar[1] go gcuireann na "babhtaí iomrascála" leadrán ar an léitheoir, agus go bhfuil críoch an scéil dochreidte. Deir Alan Titley gur úrscéal siombalach é ach go bhfuil an siombalachas sin róshoiléir.[2] </p> |
| <p> Deir Delap fosta go raibh an Gúm ag iarraidh san am ábhar léitheoireachta Gaeilge a sholáthar faoi dheifir agus go ndeachaigh a lán cainteoirí dúchais i mbun pinn nach raibh mórán céille acu do cheird an scríbhneora. Ba toradh nádúrtha don driopás seo Buaidh na Treise.[3] </p> |
| <p> Áirítear leabhair inbhreathnaitheacha Sheosaimh Mhic Grianna ar chlasaicigh nua-aimseartha na Gaeilge, ach ní bhíonn an meas céanna ag na léitheoirí ná ag na léirmheastóirí ar a úrscéal stairiúil Eoghan Ruadh Ó Néill. Iarracht cheannródaíoch a bhí ann spléachadh liteartha a thabhairt do shaol Eoghain Rua, ach mar a éiríonn do na ceannródaithe uaireanta, theip ar Sheosamh go dona. Rinne an scríbhneoir taighde agus staidéar cuimsitheach ar imeachtaí agus ar chultúr na linne a bhí faoi chaibidil aige, ach ní raibh sé in ann litríocht chruthaitheach a fháscadh as an mianach seo. A mhalair ar fad fuair an t-amhábhar an ceann is fearr air. Mar sin, is éard atá sa leabhar ná "athinsint lom ar fhíricí na staire".[4] </p> |
| <p> Tháinig an leabhar i gcló an chéad uair sa bhliain 1932. Dealraíonn sé go ndearna an Gúm cinsireacht ar an leabhar, nó ar a laghad bhí Seosamh ag gearán ina dhiaidh sin nach raibh an Gúm sásta tiomnú an úrscéil a chlóchur mar a bhí sé scríofa aige. </p> |
| <p> Is éard atá in Bun an Dá Abhann ná úrscéal pobail agus é suite i dtréimhse stairiúil - mar a deir Delap, tá an leabhar cosúil le Peig, ach amháin gur Peig le plota úrscéil é.[5] Cinnte déanann an leabhar trácht ar Chogadh na Talún, díreach cosúil le Peig féin. Chuir Titley an t-úrscéal seo i gcomparáid le Knocknagow le Charles J. Kickham.[6] </p> |
| <p> Is ionann laige Pheig agus laige Bhun an Dá Abhann, is é sin, bíonn an scríbhneoir ag déanamh an iomarca plé ar chúrsaí feirmeoireachta agus curadóireachta agus fiú ag cíoradh chúrsaí grá na ndaoine óga nuair nach ndéanann sé ach moilliú ar imeachtaí an phríomhphlota.[7] Ón taobh eile de, tá súil ghéar ag an údar ar struchtúr sóisialta an tsráidbhaile agus é in ann anailis chiallmhar a dhéanamh ar bhaint na n-aicmí éagsúla leis an scéal.[8] </p> |
| <p> Úrscéal pobail eile a bhfuil beagáinín staire measctha tríd é Pádhraic Mháire Bhán, nó an Gol is an Gáire le Seán Ó Ruadháin. Aistritheoir cumasach a bhí sa Ruadhánach a chuir Gaeilge ar David Copperfield le Charles Dickens agus ar chúpla clasaiceach Béarla eile. Gaeilge Thuaisceart Mhaigh Eo a bhí ó dhúchas ag an scríbhneoir seo. Tá imeachtaí an scéil suite in Iorras, Maigh Eo. </p> |
| <p> Tugann an t-úrscéal léargas cuimsitheach ar imeachtaí na staire ó Chogadh na Talún go Cogadh na Saoirse, agus is léir gur bhain an t-údar an-leas as an eolas a bhí aige ar stair an cheantair, go háirithe ar an dóigh ar tháinig cúrsaí polaitíochta agus náisiúnachais isteach agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais. I ndiaidh an iomláin, áfach, níl sna mionsonraí staire ach cúlra don scéal agus don phlota. </p> |
| <p> Foilsíodh Pádhraic Mháire Bhán an chéad uair sa bhliain 1932. Chuir an Gúm eagrán nua ar fáil sa bhliain 1994. </p> |
| <p> Sa bhliain 1938 tháinig an t-úrscéal stairiúil Iolar agus Sionnach ó pheann Sheáin Mhic Mhaoláin. Ba de shliocht cainteoirí dúchais ó Ghleannta Aontroma an scríbhneoir, ach ba le Béarla a tógadh é, cé gur éirigh leis Gaeilge Uladh a fhoghlaim go paiteanta - le fírinne rinne sé staidéar ar an gcanúint in Ó Méith, agus bhí blas chanúintí Oirthear Uladh ar a chuid Gaeilge. Rinne sé cion fir ag cur na teanga chun cinn in eagraíochtaí Gaeilge, ina mhúinteoir agus ina eagarthóir liteartha. Ba é Iolar agus Sionnach an t-aon úrscéal staire a scríobh sé, agus is dócha go bhfuair sé inspioráid ó na haistriúcháin a rinne sé, nó nuair a chuaigh sé i mbun pinn bhí Scéal fá Dhá Chathair le Charles Dickens agus Imeacht an Iolair (The Flight of the Eagle) le Standish O'Grady[9]. </p> |
| <p> Theastaigh ón nGúm go bhfoghlaimeodh na scríbhneoirí scileanna a gceirde ag aistriú leabhar ó Bhéarla go Gaeilge, ach is é tuairim Delap ná gur fhoghlaim Mac Maoláin drochnósanna scríbhneoireachta ó na saothair ar chuir sé Gaeilge orthu, cé gur éirigh leis cuid de laigí suntasacha shaothar an Ghrádaigh a sheachaint ina úrscéal féin[10]. Cuireann rómánsúlacht sheanaimseartha na stíle isteach ar léitheoir an lae inniu, chomh maith leis an seoibhineachas fireann i leith na mban agus an fíor-Chaitliceachas ba dual don tréimhse, ach tríd is tríd is iad laigí an leabhair laigí na linne[11], agus is féidir a lán a mholadh sa leabhar freisin, go háirithe stíl nádúrtha sholéite an scríbhneora, plota simplí sothuigthe an leabhair agus na himeachtaí gasta. Lón léitheoireachta maith a bhí ann do na cainteoirí dúchais féin nuair a foilsíodh é[12], agus é níos cosúla le saothar Scott ná aon leabhar eile a scríobhadh as Gaeilge[13]. </p> |
| <p> Bhí léirmheastóirí eile ní ba bhoirbe ina gcuid focal ag tabhairt breithiúnais ar leabhar seo Mhic Mhaoláin. Tagraíonn Titley do thuairim Mháirtín Uí Chadhain, a bhí barúlach nár chóir Iolar agus Sionnach a léamh ach mar rabhadh faoin dóigh mhícheart le húrscéal a scríobh, agus Titley admhálach gur dheacair gan géilleadh don méid sin, "tamall den chosán" ar a laghad[14]. D'aithin Titley an chosúlacht le saothar Scott freisin, agus é ag tabhairt le fios gur chóra Iolar agus Sionnach a léamh mar úrscéal rómánsach stairiúil, seachas mar úrscéal stairiúil sa chiall chúng[15]. </p> </div> |
| </body> |
| </text> |
| </TEI> |