blob: 088487f0976b145e9bd3b1a770653bc9d993b63f [file] [log] [blame]
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
<teiHeader>
<fileDesc n="ICC-GA-WPN-006">
<titleStmt>
<title>Mars (pláinéad) [Extract]</title>
<respStmt>
<resp>compiled for ICC</resp>
<name>ICC: EUD</name>
</respStmt>
</titleStmt>
<publicationStmt>
<distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
<note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor>
<idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/Mars_(pl%C3%A1in%C3%A9ad)</idno>
</publicationStmt>
<sourceDesc>
<bibl type="Popular:NaturalSciences">
<author>Wiki</author>
<title>Mars (pláinéad)</title>
<pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace>
<publisher>Vicipéid</publisher>
<date when="YYYY">YYYY</date>
<availability>
<licence>CC-BY-NC-SA</licence>
</availability>
</bibl>
</sourceDesc>
</fileDesc>
<encodingDesc>
<samplingDecl>
<p>Extract</p>
</samplingDecl>
</encodingDesc>
<profileDesc>
<textClass>
<classCode scheme="ICC">Popular_NaturalSciences</classCode>
</textClass>
</profileDesc>
<revisionDesc>
<change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change>
</revisionDesc>
</teiHeader>
<text xml:lang="ga">
<body>
<div>
<p> Is é Mars (uaireanta Máirt) an ceathrú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Dearg an príomhdhath a aithníonn súil an duine ar Mhars, agus is minic a thugtar "an pláinéad dearg" air.[1] Bheadh sé chomh maith againn "an pláinéad rua" a thabhairt air, áfach, nó is é rua na meirge atá i gceist dáiríre: tá dromchla Mharsa saibhir go maith in iarann. Tá uisce ar fáil ar Mhars, siúd is go bhfuil sé sioctha síos inniu. Ceist mhór í i gcónaí, an bhfuil, nó an raibh, aon chineál beatha ar Mhars riamh. An cineál arrachtaigh a d'fheicfeá ar leathanaigh na leabhar le H. G. Wells nó Edgar Rice Burroughs, is léir nach raibh siad ann riamh go bhfios dúinn, ach tá na saineolaithe i bhfad níos dóchasaí as beatha aoncheallach de chineál éigin, ar aon leibhéal le baictéir nó aiméibí, cuir i gcás. </p>
<p> Ós rud é go bhfuil a fhios ag an gcine daonna ó thús ama go bhfuil Mars ann—agus é ar ceann de na reanna neimhe is suntasaí amuigh—is iomaí sibhialtacht a bhaist ainm miotaseolaíoch dá cuid féin ar an bpláinéad. Mar shampla, tugann na Sínigh, na Cóiréigh, na Seapánaigh agus na Vítneamaigh Réalt na Tine ar Mhars, agus baint ag an ainm seo le Ciogal na gCúig nDúl (wǔxíng) i miotaseolaíocht na Síne. </p>
<p> Imprisean ealaíontóra tSean-Mars ar bunús ealaíochta </p>
<p> Is fada an lá ó thosaigh na daoine ag caint agus ag scríobh faoi thuras a thabhairt ar Mhars, go háirithe nuair a tháinig an tuiscint acu nach ponc solais amháin a bhí ann, ach corpán damhna. Nuair a húsáideadh teileascóp den chéad uair tugadh gnéithe tíreolaíocha faoi deara a bhí cosúil le gréasán de chanálacha, agus dá bharr sin is iomaí alt agus scéal a cumadh faoi shibhialtachtaí aduaine agus faoi chogaí idir na plainéid, agus rinneadh go leor scannán ficsean eolaíochta bunaithe ar na scéalta sin. De réir a chéile, áfach, agus na teileascóip agus an teicneolaíocht eile bhreathnóireachta ag dul i bhfeabhas, tuigeadh nach raibh i gceist leis na canálacha ach iomrall súl. Ní fheicfeá iad ar aon mhapáil comhaimseartha de Mhars. Ón taobh eile de, is léir go bhfuil tírdhreacha millteanacha ar Mhars nach dtiocfá ar a leithéid ar dhroim an Domhain, ar nós na gcainneon móra ar a thugtar Valles Marineris. Tá an sliabh is airde sa ghrianchóras suite ar Mhars freisin, mar atá, Olympus Mons, agus é leathmhíle de chiliméadair ar trastomhas agus seacht gciliméadar fichead ar airde. </p>
<p> Táthar ag súil le fada an lá go dtabharfaidh daoine cuairt ar an bplainéad seo, a bhíonn níos cóngaraí don Domhan de ghnáth ná plainéad ar bith eile i gCóras na Gréine, roimh lár na haoise seo, sula dtéitear ar aghaidh go ceann ar bith eile. Chuir údarás Spáis Mheiriceá, NASA, spáslong (spástaiscéalaí gan daoine) go Mars sa bhliain 1965 (Mariner 4) a rinne an-mhapáil ar Mhars. Ina dhiaidh sin, thuirling dhá spástaiscéalaí de shraith Viking air sa bhliain 1976, rud a chuir go mór leis an eolas a bhí ag na daoine faoin bplainéad, nó b'ansin a chonaic an cine daonna an chéad radharcra ó dhromchla Mharsa. Cuireadh spáslonga gan daoine go Mars ó Mheiriceá agus ón Eoraip sa bhliain 2004 agus is mó an fhianaise atá ann anois go bhfuil roinnt uisce faoin talamh sa phlainéad. Cé go bhfuil Mars i bhfad níos lú ná an Domhan tá an oiread céanna talún ann mar nach bhfuil aigéan ar bith ar a dhromchla. </p>
<p> Tá an t-atmaisféar an-tanaí agus bíonn Mars an-fhuar de ghnáth, le meánteocht 55 chéim celsius faoin nialas, ach is féidir leis an teocht ardú in áiteanna go 27 céim celsius os cionn an nialais i rith an tsamhraidh. Creidtear go raibh an-chuid uisce ar an dromchla tráth mar gheall ar an síonchaitheamh agus ar an gcreimniú atá le feiceáil go soiléir ar an tírdhreach. </p>
<p> Tá dhá mhionghealach ag Mars, atá ainmnithe as na cúnna cogaidh a bhí ag dia an chogaidh, Phobos agus Deimos. Tá na gealacha seo i bhfad níos lú ná ár nGealach féin i gcomparáid leis an phláinéad atá siad a thimpeallú. Níl iontu ach cnapáin mhírialta charraige agus uisce, agus creidtear gur astaróidigh ab ea iad ar dtús, go dtí gur cheap réimse imtharraingthe Mharsa iad, cosúil le "5261 Eureka", traíoch de chuid Mharsa.[2][3] An ceann acu is cóngaraí do Mhars, mar atá, Phobos, tá sé ag cailleadh airde in imeacht na mílte bliain, de thoradh na bhfórsaí taoide. Creidtear, áfach, go streachlóidh na fórsaí céanna as a chéile é i bhfad sula mbuailfidh sé dromchla Mharsa. </p>
<p> Tá 10% de thoirt an Domhain i Mars, agus 25% dá achar dromchla. Tá atmaisféar ag Mars, ach tá sé fíorthanaí. Tá meánbhrú an atmaisféir ar dhromchla Mharsa timpeall ar 750 Pa, nó thart ar 0.75% de ghnáthbhrú an atmaisféir ar dhroim an domhain seo againn. Ón taobh eile, tá an t-atmaisféar seo ag tanú níos maille ná ár n-atmaisféar féin ag dul suas ó dhromchla an phláinéid. Dé-ocsaíd charbóin go príomha atá ann, nítrigin atá i 3% de, agus argón atá i 1.6%. Fosta, tá meatán agus ocsaigin i láthair, chomh maith le triathgháis eile seachas an t-argón—is é sin, neon, crioptón agus xeanón, nó níl imtharraingt Mharsa in ann gás chomh héadrom le héiliam a choinneáil ó éalú go dtí an spás. Ar an gcúis chéanna, níl hidrigin shaor le fáil in atmaisféar Mharsa ach an oiread. </p>
<p> Is é an phríomhchúis le fuacht Mharsa an t-atmaisféar seo, nó, ós rud é go bhfuil sé chomh scáinte sin, níl sé in ann teas a cheapadh ná a choinneáil. </p>
<p> Cé go bhfuil atmaisféar an phláinéid chomh tanaí sin, tá cuid mhaith dusta ag foluain timpeall. Na sonraí a bhailigh na gléasanna gluaisteacha taiscéalaíochta Spirit agus Opportunity ar dhromchla an phláinéid le déanaí, tugann siad le fios go bhfuil an dusta seo comhdhéanta as gráinníní atá thart ar 1.5 micriméadar (1.5 míliú cuid de mhilliméadar) trasna. </p>
<p> Sa bhliain 2003, d'aithin teileascóip thíos ar an Domhan go raibh meatán le fáil in atmaisféar Mharsa, agus dealraíonn sé gur dheimhnigh an taiscéalaí Mars Express Orbiter an breathnú seo i Mí na Márta 2004. Tugann na torthaí tomhais le fios go bhfuil dlús an mheatáin in atmaisféar Mharsa thart ar aon bhilliúnú cuid déag (11 pbb). </p>
<p> Cúis suntais é an meatán sin, nó tá an meatán chomh tomhais mar ghás is nach mbeadh sé ann murach go bhfuil foinse éigin á sholáthar taobh istigh den phláinéad. Níl sé scaipthe go cothrom tar éis an phláinéid, ach an oiread. Mar sin, caithfidh sé go bhfuil sé á scaoileadh saor in áiteanna áirithe, agus is í an cheist mhór a chuireann na saineolaithe orthu féin, ar ndóigh, an bhfuil beatha de chineál éigin—cosúil leis na miocrorgánaigh aircéacha ar a dtugtar meatánaiginí—ag táirgiú an mheatáin seo. </p>
<p> Maidir le saintréithre eile an atmaisféir, bíonn siad claochlaitheach go leor. Sa gheimhreadh, nuair atá an chaidhp pholach fágtha i ndorchadas, éiríonn an dromchla chomh fuar is a chuireann sé an dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar ag sioc síos. Is féidir d'oiread is 25 % den atmaisféar iompú ina oighear tirim. Le teacht an earraigh agus an tsolais, iompóidh an leac oighir ina gás arís. Tabhair faoi deara nach leánn an t-oighear dí-ocsaíde carbóin—sin é an chúis a dtugtar oighear tirim air—nó is dual di néalú ina gás sula sroichfear an leáphointe. Ní féidir di bheith ina sreabhán (leacht) ach faoi bhrú an-mhór, rud nach bhfuil le fáil faoi atmaisféar tanaí Mharsa. Mar sin, le teacht an tséasúir the, néalaíonn an dí-ocsaíd charbóin go sciobtha de dhromchla na caidhpe polaí, agus cuireann an próiseas seo gaotha móra millteanacha ag séideadh—is féidir do stoirm den chineál seo luas ceithre chéad ciliméadar in aghaidh uair an chloig (400 km/h) a bhaint amach. Ansin, cruthaítear scamaill atá comhdhéanta as criostail bheaga oighir (is é sin, oighear uisce, seachas oighear tirim). Chuirfidís i gcuimhne duit cineálacha áirithe scamaill a d'fheicfeá ar an spéir anseo ar an Domhan. </p>
<p> Níltear róchinnte an bhfuil aeráid Mharsa ag dul i bhfuacht nó ag téamh. Tá an dara bh'fhéidir ann: sna blianta 2002–2005, tháinig crapadh ar an gcaidhp pholach theas i ngach samhradh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus ní raibh an geimhreadh in ann an crapadh seo a stopadh. Tugann an fhorbairt seo le fios go bhfuil Mars ag téamh. Ina dhiaidh sin féin, tá sé níos fuaire ar Mhars inniu ná mar a bhí thiar sna seachtóidí, nuair a thuirling an dá Viking ansin. </p>
<p> Réamh agus iar-ghrianghraif de shuíomh thuairteála dreigíte ar Mhars a tógadh san iarnóin Mharsach ar 27 Márta agus 28 Márta 2012 faoi seach. Is é seo an chéad uair a thaifeadadh tuairt dreigíte ar Mhársa taobh istigh de 24 huaire a chloig i ndiaidh a tarluithe. </p>
<p> Creidtear gur basalt atá sa chuid is mó de dhromchla Mharsa—is é sin, cloch bholcánach, nó laibhe a d'fhuaraigh síos na mílte de bhlianta ó sin. Tá an tuiscint sin bunaithe ar na dreigítí a tháinig ó Mhars go dtí an Domhan agus ar na breathnuithe a rinneadh ar an bpláinéad leis na spástaiscéalaithe. Is dócha go bhfuil níos mó silice sa bhasalt seo ná i mbasalt tipiciúil an Domhain. Mar sin, is féidir go bhfuil basalt Mharsa cosúil leis an aindéisít. Tá an chuid is mó den bhasalt seo clúdaithe, áfach, le dusta fíneáilte. </p>
<p> Na breathnuithe a rinne an spástaiscéalaí úd Mars Global Surveyor, tugann siad le fios go bhfuil baill áirithe de screamh an phláinéid maighnéadaithe, cosúil leis na stialltracha maighnéadaithe a fhaightear ar ghrinnill na n-aigéan ar an Domhan. Sa bhliain 1999, cuireadh an cheist an chéad uair, an teicteonaic phlátaí a d'fhág an maighnéadú seo ina diaidh—is é sin, an raibh screamh Mharsa comhdhéanta as plátaí ilchríochacha, tráth, agus iad ag gluaiseacht is ag imbhualadh faoina chéile, cosúil le plátaí ilchríochacha an Domhain. Níltear cinnte faoi seo go fóill, áfach, go raibh gluaiseachtaí teicteonacha ar siúl riamh ar dhroim Mharsa—níl ann ach teoiric, agus í mar ábhar conspóide i gcónaí ag na saineolaithe. </p>
<p> An spástaiscéalaí gluaisteáin Opportunity atá ag taisteal droim an phláinéid, fuair sé amach go bhfuil liathróidíní beaga bídeacha haemaitíte ar fáil ar Meridiani Planum. Níl na liathróidíní seo ach cupla milliméadar ar trastomhas, agus creidtear gur múnlaíodh mar shil-leaganacha carraige iad na billiúin iad ó sin, nuair a bhí an t-uisce ag sní ar dhroim an phláinéid. Fuarthas mianraí eile freisin a bhfuil sulfar, iarann nó bróimín iontu, cosúil leis an tsearóisít. Is é an tátal a bhain caoga saineolaí as an bhfianaise seo, agus iad ag scríobh ar an iris úd Science, ar an naoú lá de Mhí na Nollag, 2004, ná: </p>
<p> Tráth, bhí uisce leachtach ar fáil, go huaineach, ar dhroim Mharsa i dtimpeallacht Meridiani Planum, agus uaireanta, bhí sáithiú de tríd an bhfodhromchla. Ós rud é go bhfuil an bheatha ag brath ar an uisce leachtach, is féidir linn an tátal a bhaint as an scéal go raibh Meridiani ináitrithe, tráth éigin dá stair. </p>
<p> Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig saineolaithe eile ar an gconclúid go raibh an t-uisce ag Meridiani an-aigéadach, toisc an cineál mianraí a fuarthas sa timpeallacht. Ón taobh eile, tháinig an taiscéalaí Spirit ar ghóitít, mianra nach múnlaítear ach san áit a bhfuil uisce le fáil (rud nach dtiocfadh a rá faoin haemaitít), i gCnoic Columbia. </p>
<p> Sa bhliain 1996, tháinig saineolaithe ar mhionstruchtúir ar cheann de na dreigítí ar an Domhan a chreidtear a bheith tagtha ó Mhars—Dreigít ALH84001—a raibh an chuma orthu, dar leo, gur rian i ndiaidh miocrorgánaigh a bhí ann. Ábhar eile conspóide atá ann i gcónaí. </p>
<p> Ábhar iontais é chomh difriúil agus atá an dá leath de Mhars le chéile ó thaobh na topagrafaíochta de. Tá na tailte sa tuaisceart mín réidh agus an dóigh ar chlúdaigh na tonnta laibhe iad. An leath dheisceartach den phláinéad, áfach, tá sí criathraithe ag na cráitéir a d'fhág na dreigítí uirthi fadó. Mar a fheictear Mars ar spéir an Domhain, mar sin, tá sé deighilte ina dhá limistéar dhifriúla ó thaobh na hailbéideachta de. Nuair nach raibh tuiscint cheart ag na daoine go fóill ar fhíor-nádúr an tír-raoin ar Mhars, shíltí gur ilchríocha ab ea na machairí geala agus iad clúdaithe ag dusta agus ag gaineamh atá saibhir in iarann. Mar sin, baisteadh ainmneacha ar na machairí seo cosúil le hArabia Terra nó le hAmazonis Planitia. San am céanna, ba nós leis na daoine a cheapadh gur farraigí iad na limistéir dhorcha, agus mar sin, fuair na tailte seo ainmneacha cosúil le Mare Erythraeum, le Mare Sirenum nó le Aurorae Sinus. Is é an ball dorcha is mó is féidir a fheiceáil ná Syrtis Major. </p>
</div>
</body>
</text>
</TEI>