| <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| <teiHeader> |
| <fileDesc n="ICC-GA-WPS-001"> |
| <titleStmt> |
| <title>Osraige [Extract]</title> |
| <respStmt> |
| <resp>compiled for ICC</resp> |
| <name>ICC: EUD</name> |
| </respStmt> |
| </titleStmt> |
| <publicationStmt> |
| <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/Osra%C3%AD</idno> |
| </publicationStmt> |
| <sourceDesc> |
| <bibl type="Popular:SocialSciences"> |
| <author>Wiki</author> |
| <title>Osraige</title> |
| <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| <publisher>Vicipéid</publisher> |
| <date when="YYYY">YYYY</date> |
| <availability> |
| <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| </availability> |
| </bibl> |
| </sourceDesc> |
| </fileDesc> |
| <encodingDesc> |
| <samplingDecl> |
| <p>Extract</p> |
| </samplingDecl> |
| </encodingDesc> |
| <profileDesc> |
| <textClass> |
| <classCode scheme="ICC">Popular_SocialSciences</classCode> |
| </textClass> |
| </profileDesc> |
| <revisionDesc> |
| <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| </revisionDesc> |
| </teiHeader> |
| <text xml:lang="ga"> |
| <body> |
| <div> |
| |
| <p> De réir seanscéil, ba é Aonghas Osraithe é bunaitheoir na nOsraí sa chéad aois, ó thús mar chuid de chúige Laigean. Sa 5ú haois, tháinig Corca Laidhe as Ríocht na Mumhan in áit an Dáil Bhirn, agus tugadh na hOsraí faoi smacht díreach na Mumhan. Tháinig an Dál Birn ar ais i gcoróin sa 7ú haois, cé go raibh an ríocht fós in ainm mar chuid den Mhumhain Osraí go dtí an bhliain 859, nuair a bhain sí a neamhspleáchas amach faoi cheannas an rí cumhachtach Cearbhall mac Dúnlainge. </p> |
| <p> Dream mór le rá ba ea na hOsraí i pholaitíocht na hÉireann ar feadh trí chéad bliain ina dhiaidh sin, cé nach raibh siad riamh in iomaíocht le haghaidh ard-ríogacht na hÉireann. Sa 12ú haois, scaradh an ríocht as a chéile de bharr aighnis inmheánaigh, agus cuireadh ar ais i gcúige Laighean í. </p> |
| <p> D'ionsáigh na Normannaigh ar Éirinn faoi cheannas Strongbow ag tosú sa bhliain 1169, agus thit an chuid is mó desna hOsraí faoi bhrú William Marshal. Tháinig tuaisceart na ríochta slán faoin ainm i ndeireadh na dála Osraí Uachtarach, go dtí réimeas an rí Anraí VIII Shasana, nuair a bhunaigh an bharúntacht den ainm céanna sa bhliain 1541. </p> |
| <p> Bhíodh na hOsraí ársa lonnaithe sa tír thorthúil thart timpeall ghleannna Feoire, suite i gContae Chill Chainnigh a bheag nó a mhór, agus iarthar Contae Laoise. San iarthar agus an deisceart, bhíodh Osraige teoranta ag an Siúir; san oirthear, bhíodh foinse na Bearú ina teorainn leis na Laigin (Gabhrán san áireamh). Glaoitear Cumar na dTrí Uisce ar na trí haibhneacha úd, a thagann le chéile díreach ar an taobh thuaidh de Chathair Phort Láirge. Aird ó thuaidh, shíneadh na hOsraí níos faide i gcéin ná Sliabh Bladhma.[1] </p> |
| <p> Is é brí b'fhéidir le hainm na treibhe Os-raige[9] ná "muintir na n-os" nó na bhfianna. Deirtear de réir sean-nóis gur ainmníodh iad as an bunaitheoir luath-stairiúil réamh-Chríostaí, Aonghas Osraithe.[10][11] Bhí na hOsraí is dóigh ina ghéag deisceartach na nUlad nó an Dáil Fiataigh,[12] é sin nó dhlúthghaoil a n-iar-comhghuaillithe, Corca Laidhe.[13][14] I ngach cás, is amhlaidh gurbh Éarainn iad. Mhaígh na hOsraí féin amhlaidh, agus aontaíonn scoláirí a leo. </p> |
| <p> A bhuí le slí mheán tíre via an Fheoir, an Bhearú agus an tSiúir, d'fhéadfadh é go ndearna na hOsraí níos mó trádála leis an mBreatain agus an mór-roinn, na Rómhánaigh agus a reiligiún nua, an Chríostaíocht, ach go háirithe.[17] </p> |
| <p> Roimh theacht na Críostaíochta, is amhlaidh go raibh na hOsraí agus a ngaoil, Corca Laidhe, i gceannas sa Mhumhain sular chuir teacht chun cinn na nEoghanacht ar an imeall dís.[18] </p> |
| <p> Ón 5ú haois ar aghaidh go dtí an 12ú, feictear Dál Bhirn (Dál mBirn) mar rítheaghlaigh na nOsraí. Ón aimsir sin, bhí na hOsraí faoi tréimhse na Laigean. Measadh roinnt scoláirí gur bréag é Ō-ghinealach na nOsraí, cumtha chun a gcuid cuspóirí a bhaint amach sa Laigin. Dar le Francis John Byrne, téann sé siar b'fhéidir go dtí ré Cearbhall mac Dúnlainge sa 9ú haois.[19] </p> |
| <p> Ta fianaise ann i roinnt foinsí, Tairired na nDéisi ina measc, gur ghéill na hOsraí machaire dá dtailte theas dosna Déise díláithrithe, am éigin roimh an bhliain 489.[20] De réir an chuir síos tradisiúnta, bhí na Déise ar fáin, ag lorg tailte sa Mhumhan mar chuid de spré Eithne Uafásach agus í pósta le Aonghas mac Nadh Fraoigh. Chuir na hOsraí an ruaig orthu i gcath riartha, agus bhuaigh na Déise i ndeireadh na dála le draíocht agus feall.[21] The account mentions that at this defeat, the Ossorians fled like wild ois! </p> |
| <p> Is amhlaidh gur tháinig ríthe Chorca Laidhe i gceannas i ndeisceart Osraí tar éis na cliste seo; bhí an Dál Birn fós ann sa tuaisceart. Ag deireadh na 6ú haoise, tháinig na hEoghanachta chun cinn, i gcomhaontas le muintir Uí Néill in éadan na Corca Laidhe,[22] agus tharla meath ar stádas na nOsraí. Sa bhliain 582, maraíodh Fearghas Scannal mac Criomhthainn, rí Mumhan, ag fir na Laigean, agus géilleadh Osraí as Laigin mar chúiteamh.[23][24] Timpeall an ama sin that time (sa bhliain 581 nó 583), mharaigh fir na hOsraí (nó Clann Connla dar le hAnnála Easpacha na hÉireann) rí deireanach na Corca Laidhe, Feradach Finn mac Duach, agus fuair dúradh ar ais an chuid is mó dá dtailte faoin seachtú haois.[25] </p> |
| <p> Ar feadh na tréimhse seo, tháinig an Chríostaíocht chun cinn, le teacht misinéirí ón mBreatain agus ón Eoraip, agus í faoi bhláth i bhfostaí ach go háirithe. Dar le naomhsheanchas ar marthain, go háirithe faoi Naomh Ciarán Saighre, bunaíodh i nOsraí an chéad cheannas easpag Chríostaí, roimh theacht Naomh Pádraig fiú; tá seo ar phlé i measc scoláirí fós, ámh.[26] Meastar go ndeachaigh Naomh Pádraig tríd an ríocht ag soiscéalú, agus gur bunaíodh eaglais atá nasctha leis sa Domhnach Mór.[27][28] Bhunaigh Naomh Cainnech dhá eaglais i nOsraí, Achadh Bhó agus Cill Chainnigh féin. Bhí an chathaoir easpag acu siúd i ndiaidh Saighre. </p> |
| <p> Níltear ar aon intinn i measc scoláirí i dtaobh líon ríthe na Corca Laidhe i nOsraí. Faoi theacht i réim Scannláin Mhóir (bás c. 643), ámh, bhí rítheaghlach Dhál Bhirn arís i gceannas, cé go raibh ó an go ham roinnt coimhlinte eatarthu.[29] </p> |
| <p> Déanach na seachtú haoise, tharla achrainn idir na hOsraí agus a gcomharsana i n-oirdheisceart na Laigean, go háirithe in éadan mhuintir Uí Chinnsealaigh. I lár na hochtú haoise, bhí Anmchadh mac Con Chearca ina rí is gníomhaí sa Mhumhain, agus an chéad rí ar thug na hannálaithe faoi deara é.[30] </p> |
| <p> Tar éis bhás Anmchadha sa bhliain 761, tharla cath cathartha i nOsraí agus tháinig i gcoróin sa deireadh Tuaim Snámha mac Flainn, oidhre as ginealach eile. Tóim Snáma was opposed by the sons of , and presumably . Sa bhliain 769, bhuaigh Tuaim in éadan mhic Ceallaigh mhic Fhaolchair (bás 735) agus is amhlaidh Dúnghal (bás 772) ina measc, agus chuir sé an ruaig orthu.[31] Sa bhliain 770, maraíodh é ámh, ag Dúnghal a chomharba is dóigh.[32] </p> |
| <p> Bhí na heaglaise faoi bhláth le linn na tréimhse seo. Feictear cléirigh suntasacha as Osraí sna hannála, agus bhain mar shampla, Naomh Fearghal, cáil idirnáisiúnta amach mar réalteolaí agus easpag Salzburg san Ostair an lae inniu. Maraíodh ámh easpag Laidcnén mac Doinennach, abb Saighre sa bhliain 744.[33] </p> |
| <p> Sna naoú agus luath deichiú haoiseanna, a bhuí rochtan thar haibhneacha na Feoire, na Siúire agus na Barú, lonnaigh Lochlannaigh ar agus timpeall teorannacha na nOsraí.[17] Tharla coimhlint idir na Gaeil agus na Lochlannaigh ar an Siúir chomh luath is an bhliain 812, agus sa bhliain 825, Shell loingeas mór feadh na Feoire agus na Bearú, inflicting a devastating rout on the Osraí.[34] Bhunaigh Rodolf mac Harald Klak longphort ag Dunrally ar an teorainn le Laois, idir na blianta 850–62.[35] Lonnaíodh longphoirt eile ag Baile na Coille[36] (c.830–860) agus Port Láirge sa bhliain 914. As an achrann seo uile, tháinig Osraí slán agus leath-neamhspleách i ndeisceart na hÉireann faoi lár na naoú haoise, le linn réimeas fada Chearbhaill mhic Dúnlainge (833 - 888).[37] </p> |
| <p> Oirdheisceart na hÉireann c. 900. Léirítear teorannacha na nOsraí le línte poncaithe. </p> |
| <p> Fair dheireadh na 10ú haoise, tharla coimhlint idir na hOsraí agus rí uaillmhianach an Dáil Chais, Brian Bóramha, a d'éirigh ina Ardrí siar maraíodh é ag Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. Níor ghlac na hOsraí páirt sa chath úd, ach tá scéal ann in Cogad Gáedel re Gallaib ina insítear gur thug siad a ndúshlán gaiscígh gortaithe an Dáil Chais ar a shlí abhaile. Is amhrasach é fíoras an scéil seo, dar le roinnt scoláirí, óir gur bolscaireacht í an fhoinse seo.[42][43] </p> |
| <p> Agus meath tagtha ar bhagairt na Lochlannach, tháinig go leor ríochtaí beaga faoi smacht na ríochtaí móra, agus monarcacht láraithe á fhorbairt mar ba ghnáth cé go fuilteach. Bhí tacaíocht na nOsraí in ann iarracht ar an ard-ríogacht a chur chun cinn nó ó rath, cé nach ndearna ríthe na nOsraí féin a leithéid d'iarracht. </p> |
| <p> Bhain an ríocht barr a réime amach faoi Dhonnchadh mac Giolla Phádraig, rí is cumhachtaí na nOsraí, d'fhéadfaí a rá. Rinne sé creach ar an Mí agus Áth Cliath, agus threascair sé na Laigin sa bhliain 1033. Shocraigh sé Aonach Charmáin agus bhí sé ina rí sa dá ríocht go dtí a bhás sa bhliain 1039. Sna blianta 1085 agus 1114, ámh, dódh cathair Chill Chainnigh.[44] </p> |
| <p> Tharla athruithe móra i gcaitheamh eagar agus cleachtaí na heaglaise Éireannaí, ag ailíniú le gluaiseacht leasú Ghréagóra a bhí ar siúl ar an mór-roinn. Go suntasach, tharla Sionad Ráth Bhreasail, mar chuid den ghluaiseacht seo i dtuaisceart Osraí sa bhliain 1111.[45] </p> |
| <p> Faoin luath-12ú haois, bhí Cath cathartha ar siúl sa rítheaghlach agus scaradh an ríocht ina trí chuid. Sa bhliain 1103, maraíodh Giolla Pádraig Rua agus mórán dá mhuintir ar feachtas i dtuaisceart Éireann.[46] Tháinig ansin beirt éilitheoirí Mhic Giolla Phádraig chun cinn: Domhnall Rua i 'dTuaisceart Osraige' nó 'Leath Osraige'; agus Cearbhall i 'nDeisceart Osraige'. I dteannta sin, d'fhógair dhá chlann a neamhspleáchas ar riail Mhic Giolla Phádraig, mar a bhí, Uí Caollaí as Magh Lacha agus Uí Foirchealláin as Osraí is faide ó thuaidh.[47] Thart timpeall ghleann torthúil na Feoire, níos seasmhaí a bhí an scéal, agus tugtar go minic sna hannála ach "Osraige" ar an áit. </p> |
| <p> In ainneoin a scartha, bhí neart cumhachta fós ag na hOsraí na Laigin a chloí.[48] Mar chúiteamh, rinne an Ardrí Muircheartach Mac Lochlainn ionsaí orthu le slua mór sa bhliain 1156. Scrios sé an ríocht ó bhun go barr, agus chuir sé go hoifigiúil faoi smacht na Laighean í.[49] </p> |
| <p> Bhí ardú achrainn idir hOsraí agus na Laigin roimh ionradh Na Normannach. Sna 1150í, rinne an tArdrí high king Muirchertach Mac Lochlainn ollscrios ar Osraí, ag sí is ag creachadh an ríocht go léir, agus á chur faoi smacht Laigin. Is suntasach é gur cuireadh ar altramas chuig tuaisceart Osraí, i gcríocha Uí Caollaí, Diarmaid mac Murchadha, a bheadh lá breá éigin ina rí Laighean agus a thugfadh cuireadh dosna Normannaigh go hÉirinn. Mar rí, tháinig sé go mion minic chun cumhacht na nOsraí a thabhairt i gcás. Tar éis dheoraíocht agus filleadh ar ais mhic Murchadha sa bhliain 1167, cuireadh leis an teannas idir na hOsraí agus na Laigean, óir gur dalladh Éanna, mac agus rídhamhna mhic Murchadha ag Donnchadh Mac Giolla Phádraig, rí Osraí.[50] </p> |
| <p> Tháinig an chéad arm amhas mhic Murchadha faoi cheannas Robert FitzStephen i dtír gar de theorainn Osraí ag Banú. Gabh siad Loch Garman agus d'ionsaigh ar an dtoirt hOsraí, ag tógáil gialla mar comhartha géillte.[51] Níos déanaí fós, tháinig arm cúnta faoi Raymond FitzGerald (le Gros) i dtír ag Port Láirge, agus bhuaigh coimheascar in aghaidh na n-áitreabhach.[52] Faoin mbliain 1169, bhí Strongbow féin tagtha i dtír ag Port Láirge le slua mór. Phós sé iníon mhic Murchadha, Aoife, agus rinne sé slad ar an gcathair.[53] </p> |
| <p> Níos dearanaí an bhliain úd, tharla cath mór sna coillte i nOsraí gar d'Achadh Úr nuair a chloígh mac Murchadha agus a chomhghuaillithe faoi cheannas Robert FitzStephen, Meiler FitzHenry, Maurice de Prendergast, Miles FitzDavid, agus Hervey de Clare (Montmaurice), arm níos mó faoi Domhnall Mac Giolla Phádraig, rí Osraí, tar éis chúlaithe bhréagaigh i rith chatha trí lá.[54][55] Go gairid ina dhiaidh sin, thréig de Prendergast agus a bhuíon Phléimeannach ó champa mhic Mhurchadha agus sheas sé le harm Domhnaill i nOsraí, sulfar fhág sé an tír le feadh tamaill.[56] </p> |
| <p> Sa bhliain 1170, fuair mac Murchadha bás, agus d'éirigh Strongbow ina rí de facto na Laighean, agus Osraí san áireamh, dar leis. Rinne Strongbow agus Mac Giolla Phádraig conradh ag Bábhún Ó nDuach, áit a tharrtháil de Prendergast rí na n Osraí ó dhúnmharú fealltach.[57] Ina dhiaidh sin, rinne Strongbow agus arm Uí Bhriain ionsaí ar Osraí. </p> |
| <p> Sa bhliain 1171, tháinig Anraí II Shasana i dtír ag Cuan Phort Láirge le slua Sasanach ar cheann dá leithéid is mó ar tháinig go hÉirinn riamh. Ar bhruach na Siúire, ghéill d'Anraí go leor ríthe agus taoiseach as deisceart na tíre, rí Thuaisceart Osraí, Domhnall Mac Giolla Phádraig, san áireamh.[58] Sa bhliain 1172, bhronn Strongbow tailte i nAchadh Bhó, tuaisceart Osraí, ar an eachtránaí Normannach, Adam de Hereford.[59] </p> |
| <p> B'éigean d'Anraí filleadh ar ais go Sasana tar éis dúnmharú Thomas Becket agus Éirí Amach 1173–74, ach lean an comhrac ar aghaidh i nOsraí. Rinne Raymond FitzGerald creach ar Uíbh Fhailí, agus chuaigh sé trí Osraí ansin ar a shlí chun cath cabhlaigh a bhuachan ag Port Láirge. Chloígh ansin slua as Áth Cliath Hervey de Clare i Osraí. </p> |
| </div> |
| </body> |
| </text> |
| </TEI> |