Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WLH-002"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Feidhm na hamhránaíochta agus an damhsa i luath-shaothar Mháirtín Uí Chadhain [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>COMHARTaighde</note></distributor> |
| 15 | <idno>http://dx.doi.org/10.18669/ct.2015.02</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Learned:Humanities"> |
| 19 | <author>Ní Chualáin, Aingeal</author> |
| 20 | <title>Feidhm na hamhránaíochta agus an damhsa i luath-shaothar Mháirtín Uí Chadhain</title> |
| 21 | <pubPlace>http://comhartaighde.ie/ </pubPlace> |
| 22 | <publisher>COMHARTaighde</publisher> |
| 23 | <date when="2015">2015</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract: pages 2-5</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Learned_Humanities</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-02" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p>COMHARTaighde, EAGRÁN 1, Samhain 2015, 3, Aingeal Ní Chualáin </p> |
| 48 | <p>Sa chéad leath den aois seo caite bhí dearcadh toirmeascach oifigiúil ar chúrsaí gnéis agus gnéasúlachta i réim in Éirinn (Ferriter 2009: 102). Le linn na tréimhse sin baineadh úsáid as an amhránaíocht agus as an damhsa mar bhealaí chun an t-áilíos a léiriú i mbealach inghlactha sa phobal, rud a tharraingíonn aird ar an mórthábhacht a bhain leis na cleachtais seo i gcúrsaí cúirtéireachta. Ba bhealaí inghlactha freisin iad na hamhráin agus an damhsa chun an dúil chollaí a léiriú i litríocht an ama agus is rud é seo ar bhain Máirtín Ó Cadhain earraíocht as ina shaothar. San alt seo breathnófar ar an léiriú a thugtar i luathshaothar Uí Chadhain ar dheasghnáth na cúirtéireachta mar chleachtas agus ar chur in iúl na dúile collaí sa phobal. Feictear go bhfuil áit lárnach, ní hamháin ag an amhrán grá, ach ag an damhsa i gcur in iúl an áilíosa i scéalta luatha an Chadhnaigh agus déantar iniúchadh ar an ngné seo de na scéalta i bhfianaise na dtuiscintí antraipeolaíochta nuálacha faoi na hamhráin agus an damhsa atá pléite ag Lillis Ó Laoire i gcomhthéacs Oileán Thoraí ina shaothar Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh (2002). Tá borradh tagtha le blianta beaga anuas ar an gcritic ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus gnéithe síceolaíocha, socheolaíocha agus antraipeolaíocha den saothar cíortha ag scoláirí mar Ghearóid Denvir (1987, 2005, 2007), Louis de Paor (1991, 2008), Aisling Ní Dhonnchadha (1981, 2002), Mháire Ní Annracháin (1979, 1998, 2007) agus Alan Titley (1990, 1991). Chomh maith leis sin, tá suntas curtha ag criticeoirí i léiriú na n-amhrán i scéalta Uí Chadhain agus i saothair le scríbhneoirí Gaeltachta eile. Tá taighde leanúnach á dhéanamh ar fheidhm chultúrtha na hamhránaíochta ag Lillis Ó Laoire (2013); tá anailís úrnua déanta ag Máire Ní Annracháin (2014: 4-8; 2014a) ar mheafaracht na n-amhrán; tá úsáid chruthaitheach na n-amhrán i saothair éagsúla le scríbhneoirí Gaeltachta, 'An Bhliain 1912' le Máirtín Ó Cadhain ina measc, pléite ag Máirín Nic Eoin (2014); agus tá staidéar déanta ag an údar seo ar idirthéacsúlacht na n-amhrán i saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire (Ní Chualáin 2013: 74-100). Ag tógáil ar an méid sin a bheifear san aiste seo.</p> |
| 49 | <p>I saothar ceannródaíoch Lillis Uí Laoire tugtar faoi anailís theoiriciúil a dhéanamh ar chleachtas na n-amhrán in Éirinn. Díríonn taighde an údair ar fheidhmeanna cultúrtha na n-amhrán agus an damhsa ar Oileán Thoraí. Cuireann sé roimhe anailís a dhéanamh ar na nósmhaireachtaí ar leith a bhain le seachadadh agus láithriú na n-amhrán ar an oileán. Chuige sin tarraingíonn sé ar theoiricí na heirméineotaice mar atá siad curtha chun cinn ag Hans-Georg Gadamar agus Paul Ricoeur, áit a dtugtar tús áite don ointeolaíocht (mód beithe) thar an eipistéimeolaíocht (mód feasa) (2002: 15). Ina staidéar ar an amhránaíocht mar chleachtas i bpobal Thoraí, déantar iniúchadh ar an eagar a chuir na daoine ar an iompar sóisialta seo mar 'mhiméis,' is é sin, 'aithris chruthaitheach ar eilimintí an tsaoil trí mheán na healaíne' (Ó Laoire 2002: 14). Dar le hÓ Laoire, is cleachtas sofaisticiúil atá i gceist leis an amhránaíocht ar féidir leis 'dioscúrsa ailtéarnach a chur ar fáil do lucht a chleachta agus a chuidíos leo deacrachtaí agus cruacheisteanna a saoil a chur i bhfrámaíocht soráite a mhaolaíos an strus a théas leo' (2002: 14). Chomh maith leis an iniúchadh ar chleachtas na hamhránaíochta déanann Ó Laoire anailís ar thábhacht an damhsa mar dheasghnáth sóisialta ar an oileán. Díríonn sé ar an gcaoi a dtacaíonn an damhsa le láithriú na n-amhrán agus léiríonn sé an chaoi a bhfeidhmíonn an damhsa uaireanta mar 'aithris shiombalach gan urlabhra' a ligeann do mhothúcháin láidre a theacht chun tosaigh (2002: 143). Feictear go bhfuil na gnéithe seo de láithriú na n-amhrán agus an damhsa le sonrú freisin in úsáid na n-amhrán agus an damhsa i saothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain. 'As an mbéaloideas a fáisceadh mé féin,' a dúirt an Cadhnach i léacht ar an mbéaloideas a thug sé do Chumann na Scríbhneoirí sa bhliain 1950 (1950: 9). Ní hionadh gur bhain sé úsáid as na hamhráin ina shaothar cruthaitheach nuair a chuirtear san áireamh a spéis sa bhéaloideas mar bheochleachtas agus a thaithí mar bhailitheoir béaloidis. Cé go n-aithnítear gur bhain sé leas as a shaibhreas béaloidis go ginearálta ina shaothar cruthaitheach (uí Ógáin 2007: 132-133), níl mórán suntais curtha in úsáid na n-amhrán ina shaothar, in ainneoin a dtábhachta don Chadhnach féin. Léiríonn Ríonach uí Ógáin an spéis faoi leith a chuir sé sa ghné seo den bhéaloideas: Is léir as a ndearna an Cadhnach agus as tagairtí aige féin go raibh dúil iontach sa mbéaloideas aige agus má bhí dúil aige i ngné amháin ar bith de, is dóigh gur in amhráin na ndaoine a bhí an dúil sin (2007: 133).</p> |
| 50 | <p>Is léir óna raibh le rá aige ar an ócáid i 1950 gurbh í tuiscint Uí Chadhain go mbíonn an béaloideas á athnuachan féin de shíor, rud a chinntigh, dar leis, gur 'rud buan é an béaloideas' (1950: 10). Faoi mar a deir uí Ógáin, 'chreid sé go raibh amhráin agus filíocht bhéil Chonamara ag síorathrú agus cheap sé go mba chomhartha dóchais é seo' (2007: 150). Agus trácht á dhéanamh aici ar na hamhráin a bhailigh an Cadhnach, tarraingíonn uí Ógáin aird faoi leith ar an tábhacht a leag sé sa bhailiúchán ar chur síos a dhéanamh ar na hamhránaithe, ar na bailitheoirí agus ar scéal an amhráin féin. Dar léi, is 'As na tagairtí do leaganacha eile a thuigtear go bhfuil a shaol féin agus a scéal féin ag gach uile amhrán agus amhránaí, ach san am céanna gur cuid de thraidisiún pobail gach aon cheann acu chomh maith' (1999: 3). Tagann an tuiscint seo ar na hamhráin leis an tuairim a nochtann Lillis Ó Laoire ina dtaobh, go mbíonn 'nós ag fonnadóirí amhráin a chur in oiriúint dá bpeirspictíochtaí féin ar an saol. Is dóigh liom gur thuig daoine gur bhain an chruinneshamhail a nochtar sna hamhráin do chúinsí a saoil féin' (2012: 27). Tarraingítear aird arís ar ghné bheoga na n-amhrán ar féidir leo, i bhfocail Pheadair Uí Cheannabháin, a bheith mar 'íocshláinte anama' ach an láthair a bheith feiliúnach a chothódh 'dáimh idir fonnadóir agus éisteoir' agus a thabharfadh deis dóibh araon 'síor-athnuachan' a dhéanamh orthu 'de réir a nádúir fhéin' (g.d: 20-21). Feictear gur i suíomh traidisiúnta i gcroílár an phobail a dhéantar na hamhráin agus an damhsa a láithriú i scéalta Uí Chadhain agus iad ag freastal ar riachtanas an phobail ag am faoi leith. Díríonn an dá scéal, 'Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire' agus 'Gan Murcha gan Mánas' sa chnuasach Idir Shúgradh agus Dáiríre, (1939 [1975], ISD) ar chúrsaí grá agus cúirtéireachta mar ábhar, agus níl an cleamhnas mar bhunús leis an gcaidreamh i gceachtar den dá scéal. Tá ábhar spéise faoi leith sa chéad scéal díobh mar gurb é an chéad scéal grá é a scríobh Ó Cadhain ach níl aon léiriú díreach ar an dúil sna scéalta in Idir Shúgradh agus Dáiríre trí chéile. Is trí dheasghnáth an damhsa agus tríd an amhrán a dhéantar mothúcháin a bhaineann leis an ngrá a chur in iúl sna scéalta atá luaite. Is é an damhsa a tharraingíonn meas agus urraim an phobail ar bheirt charachtar, nárbh aon díol suntais iad roimhe sin, is cosúil, sa scéal 'Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire' agus is é láthair an damhsa a thugann deis dóibh a gcuid mothúchán grá a chur in iúl dá chéile. Is mar 'bhaothóg' a shamhlaítear Peigín Mhicil, cailín 'corr,' 'teiriúil cincíseach' a bhí ag fulaingt 'saighead léanmhar an ghrá' ó d'iarr fear óg strainséartha as Clár an Bhealaigh teannaire rothair uirthi lá (ISD: 71). Cé go gcuirtear in iúl gur ghlac sí 'col críochnaithe' le fear an Chláir ina dhiaidh sin mar nár bheannaigh sé di agus gurbh í 'an ghráin shíoraí dhíobhálach' a bhí aici air nuair a lig sé cúl thairis lá an bháire, tuigtear don léitheoir gur thug Peigín fuath don té ar thug sí grá dó i ndáiríre agus go bhfuil sí splanctha ina dhiaidh go fóill (ISD: 72-73). Cuirtear olc ar Pheigín agus ar mhuintir Bhaile an Chaisleáin nuair a thagann sé ag súdaireacht agus ag cuardach achrainn, dar leo, oíche chuairt mhíosa Mhalaí Sheáin. Níor mhaolaigh 'taghd na cuideachta' (ISD: 74) go dtí gur cuireadh tús leis an damhsa. Cé gur mhúscail a chuid cainte náire agus cantal i bPeigín i dtosach, feictear go dtagann casadh i scéal na beirte nuair a iarrann sé go gcasfaí 'An Lon Dubh' dó agus é ag fógairt: 'Lig mé an báire libh. Ní ligfidh mé an damhsa libh' (ISD: 76). Is i riocht an damhsa a thugann fear an Chláir dúshlán mhuintir Bhaile an Chaisleáin agus dúshlán Pheigín ina theannta sin nuair a fhiafraíonn sé i nglór storrúil: 'Bhfuil bean mo dhiongbhála sa gCaisleán' (ISD: 76). Ba chailín í Péigín a thug 'cos an phoirt ó bhroinn léi' (ISD: 74) agus, cé gur sheachain sí an damhsa i rith na hoíche go dtí sin, ba ghearr go raibh a bealach déanta amach ar an urlár aici. Is suntasach an chaoi a n-éiríonn leis an mbeirt dul i gcion ar an slua agus iad ag baint ceoil as urlár an sciobóil: Ach i nDomhnach is éard a bhí i ngob gach duine 'mo chuach thú, a fhear an Chláir. Faoi do chois é,' agus ní le fonóid anois é. Nuair a thug sé sa timpeall í ar an sean-nós, faoi dheireadh thiar, agus lámh istigh agus lámh amuigh acu ar a chéile, chuir sé an cogar ina cluais nár thug sí léi ach go maolscríbeach, ainneoin gur chuir a croí ar fáil na lúba ar lár a bhí ann (ISD: 77).</p> |
| 51 | <p>Ba é scil fhear an Chláir sa damhsa a d'ardaigh é i súile an phobail agus a thug stádas dó. Thuill sé meas agus deoch sa chás seo, rud a eitíodh dó roimhe sin, cé nach raibh fáil air nuair a thug Tom Sheáin anuas an buidéal chun ceann a thairiscint dó. Agus tábhacht na hamhránaíochta agus an damhsa mar dheasghnátha sóisialta ar oileán Thoraí faoi thrácht aige, tarraingíonn Ó Laoire aird ar an ngradam ard a bhí ag amhránaithe, damhsóirí agus ceoltóirí (2002: 99). Go deimhin ba laoch, dar leis, duine ar bith a bhí in ann gaisce a dhéanamh mar scéalaí, sheanchaí, cheoltóir, amhránaí nó dhamhsóir sa phobal (Ó Laoire 2005: 75). Cé gur coimhthíos a bhí ag Peigín agus fear an Chláir lena chéile i dtosach sa scéal, feictear gur bhealach cumarsáide a bhí sa damhsa dóibh chun a gcuid mothúchán grá agus an dúil a bhí acu ina chéile a chur in iúl faoi thost nó i bhfearann sábháilte, rud nach raibh a gcuid urlabhra in acmhainn a chur in iúl ach go 'maolscríbeach' (ISD: 77).</p> |
| 52 | <p>Is beag scéal de chuid an Chadhnaigh atá chomh cumasach le 'Críonadh na Slaite,' a foilsíodh in An Braon Broghach (1948 [1968], BB), chun géarchúis, grinneas agus comhthuiscint an údair maidir le cúrsaí caidrimh agus cumainn a mheas. Ón gcéad líne is léir gur athchuairt ar eachtra óna óige atá á ríomh ag an reacaire agus mionchur síos á dhéanamh aige ar láthair an dráma atá le hathchruthú aige: Cuimhním ar an oíche Dhomhnaigh sin chomh maith leis an oíche aréir. Áiléar áirgiúil an sciobóil fhada ... An dréimire sníofa ... An doras gan chomhla ag barr an dréimire. Na cláir ghíoscánacha, agus an poll ar chuir mé mo chos ann an chéad oíche in Éirinn dom ar an áiléar sin ... Na pleainceanna le balla sínte ar ghruáin chloiche ... An laimpín meata stáin fostaithe ar thairne ... An-airde ó thalamh sa mbinn thiar. An meathdhorchadas ag an mbinn thoir san áit a raibh seala girseach scoile cruinn agus sioscadh an tsaoil mhóir acu, tráth a mbíodh ceol nó amhrán ar siúl ... An bosca ceoil ag gleadhradh sa bhfíor-chúinne ... An suathadh a thagadh sa mbrú a bhí ag an doras agus duine eile a theacht de bhiseach orthu den dréimire ... Muiníl á ndíriú, agus súile á bhfeannadh i ngeamhsholas an áiléir, go bhfeictí cé a tháinig go deireanach (BB: 51). </p> |
| 53 | </div> |
| 54 | </body> |
| 55 | </text> |
| 56 | </TEI> |