blob: 20f4db648b1b850e7b45e1ad5e3c916e92756e80 [file] [log] [blame]
Rameela Yaddehiged8a89052023-07-14 14:14:19 +02001<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
2<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
3 <teiHeader>
4 <fileDesc n="ICC-GA-WPS-004">
5 <titleStmt>
6 <title>Impireacht na Rúise [Extract]</title>
7 <respStmt>
8 <resp>compiled for ICC</resp>
9 <name>ICC: EUD</name>
10 </respStmt>
11 </titleStmt>
12 <publicationStmt>
13 <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
14 <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor>
15 <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/Impireacht_na_R%C3%BAise</idno>
16 </publicationStmt>
17 <sourceDesc>
18 <bibl type="Popular:SocialSciences">
19 <author>Wiki</author>
20 <title>Impireacht na Rúise</title>
21 <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace>
22 <publisher>Vicipéid</publisher>
23 <date when="YYYY">YYYY</date>
24 <availability>
25 <licence>CC-BY-NC-SA</licence>
26 </availability>
27 </bibl>
28 </sourceDesc>
29 </fileDesc>
30 <encodingDesc>
31 <samplingDecl>
32 <p>Extract</p>
33 </samplingDecl>
34 </encodingDesc>
35 <profileDesc>
36 <textClass>
37 <classCode scheme="ICC">Popular_SocialSciences</classCode>
38 </textClass>
39 </profileDesc>
40 <revisionDesc>
41 <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change>
42 </revisionDesc>
43 </teiHeader>
44 <text xml:lang="ga">
45 <body>
46 <div>
47<p> Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é. </p>
48<p> B'é ainm oifigiúil an stáit Rúisigh ná Impireacht na Rúise (Rúisis: Российская Империя - "Rossiyskaya Imperiya") ón mbliain 1721 go dtí an bhliain 1917. Ba í Cathair Pheadair príomhchathair na himpireachta, agus bhí an stát níos mó ná 22 mhilliún ciliméadar cearnach ar achar ag deireadh na naoú haoise déag. De réir dhaonáireamh na bliana 1897, bhí 128 milliún duine ina gcónaí sa tír. Chomh maith leis an tír atá ann inniu, bhí baint ag go leor tíortha leis an Rúis atá neamhspleách inniu, mar shampla an Fhionlainn, an Eastóin, an Liotuáin, an Laitvia, an Bhealarúis, an Úcráin, an Pholainn, an Mholdóiv, agus na tíortha Muslamacha i lár na hÁise ar a dtugadh na Rúisigh an Turcastáin. </p>
49<p> Monarcacht oidhreachtúil ab ea an Impireacht Rúiseach, agus impire nó Sár i gceannas uirthi. Bhain na hImpirí deireanacha le ríshliocht Romanov. B'í Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir an reiligiún oifigiúil, agus b'í an Rúisis an teanga oifigiúil. Sa tréimhse sin, b'é "Go Soirbhí Dia don tSár!" (Rúisis: Боже, Царя храни!/Bozhe, Tsarya khrani!) an t-amhrán náisiúnta. </p>
50<p> Glactar leis gurbh é Peadar Mór, nó Pyotr Alexeyevich Romanov, a rugadh sa bhliain 1672, a d'iompaigh an Rúis ina hImpireacht. Chaith sé tamall maith dá óige i gCeantar na nGearmánach nó Nemetskaya Sloboda, áit a raibh cónaí ar na coimhthígh i Moscó. Go bunúsach, bhí sé ar a sheachnadh ó na dúnmharfóirí ansin, nó bhí cúrsaí na comharbachta ina bpraiseach san am, agus lucht leanúna na bhfaicsean éagsúil sa chúirt ag marú na gcomharbaí a fuair tacaíocht na bhfaicsean eile. I measc daoine ó thíortha an Iarthair, chuir Peadar óg spéis i léann na dtíortha sin, agus nuair a bhí sé ina fhear óg, chuaigh sé ag staidéar innealtóireachta agus loingseoireachta san Ollainn, i Sasana agus in áiteanna eile. D'earcaigh sé cuid mhór saineolaithe freisin le léann na dtíortha sin a scaipeadh sa Rúis. </p>
51<p> Nuair a d'fhill sé ar an Rúis, fuair sé a chuid saighdiúirí - na "lámhachóirí" nó streltsy - i mbun ceannairce, agus chuir sé an t-éirí amach faoi chois go cruálach. Spreag an cheannairc é, áfach, chun cuma nua a chur ar na fórsaí armtha freisin agus reisimintí nua-aoiseacha a bhunú in áit na streltsy sean-Rúiseacha. </p>
52<p> Cosúil lena lán Sár Rúiseach, chuir Peadar cogadh ar an Tuirc, agus d'fhorghabh sé tailte nua don Rúis theas. I dtús na hochtú haoise déag, chuir sé ladar i gCogadh Mór an Tuaiscirt idir an tSualainn, an Danmhairg, agus an Pholainn. Mhair an cogadh seo go dtí an bhliain 1720, agus níor shaothraigh Peadar mórán air, amach ó thailte Oirthearacha na Fionlainne a bhí ag teastáil uaidh le haghaidh sábháilteachta dá phríomhchathair úrbhunaithe, Cathair Pheadair. </p>
53<p> Ba le linn an chogaidh seo a bhunaigh sé an chathair, agus chuir sé d'fhiacha ar mhuintir na tuaithe timpeall ar an láithreán tógála an áit a ghlanadh agus na foirgnimh a thógáil. Bhí sé díreach cosúil leis an dóigh a mbíodh Stailín ag maslú na gcimí go héag le hobair, ach is gá a admháil gur éirigh le Peadar rud fónta a chur i gcrích ar an mbealach seo. </p>
54<p> I ndiaidh Chogadh Mór an Tuaiscirt, gaireadh Impire na hUile Rúise de Pheadar. Cé go raibh ríthe na Moscóive ag tabhairt "Sár" (tsar) orthu féin le fada, teideal a bhí bunaithe ar ainm Iúil Caesar, níor tháinig an focal "Impire" (imperator) in úsáid sa Rúis roimh Pheadar. </p>
55<p> I gcúrsaí riaracháin na tíre, chuir Peadar deireadh leis na prikazy, is é sin, na húdaráis láir a bhí bunaithe ag na Sáir roimh a lá féin le freastal ar chúrsaí éagsúla, agus chuir sé ranna rialtais den chineál Iartharach ina n-áit. Cheap sé tábla céimíochtaí do na maorlathaithe a bhí iontach cosúil le céimeanna na n-oifigeach airm, agus nuair a bhainfeadh an maorlathaí amach ceann de na céimeanna ab airde, bhronnfaí uaisleacht oidhreachtúil air. Cuid ab ea é seo d'iarrachtaí Pheadair cumhacht shean-uasalaicme na dtiarnaí talún a chloí agus uasalaicme nua na maorlathaithe a chur ina háit. </p>
56<p> Rinne sé a dhicheall freisin leis an tionsclaíocht a fhorbairt, agus é ag bunú monarchana le tráchtearraí déantúsaíochta a tháirgeadh le haghaidh easpórtála. San am céanna, d'fhéach sé le hearraí iasachta a choinneáil amuigh ón margadh intíre le dleachtanna arda custaim. Is é sin, bhí sé ag cleachtadh an chineál polasaí ar a dtugtar marsantachas, polasaí is mó a shamhlaítear leis an tseachtú haois déag in Iarthar na hEorpa. </p>
57<p> I gcúrsaí oideachais, bhí Peadar ag iarraidh léann agus innealtóireacht an Iarthair a chur in áit léann eaglasta na Críostaíochta Oirthearaí. Bhunaigh sé scoileanna le loingseoireacht, fisic, ceimic agus eolaíochtaí matamaiticiúla eile a theagasc. Mar sin, cuireadh tús le léarscáiliú na Rúise, go háirithe le taobhshúil ar acmhainní nádúrtha na tíre. D'fhéach Peadar freisin faisean na gcultacha agus na n-éadaí a thabhairt chun Iartharachais, agus chuir sé cosc, fiú, leis na féasóga fada a bhí traidisiúnta sa tír. </p>
58<p> Níor fhág Peadar comharba ceart ina dhiaidh nuair a fuair sé bás sa bhliain 1725, i ndiaidh a shaol a chaitheamh ag ól, ag déanamh pléaráca agus ag bualadh craicinn. Ní raibh sé ábalta a mhac Alexey a thabhairt suas mar ba chóir, agus mar sin, ní raibh aon mhaith sa mhac mar ríchomharba. Thairis sin, ghlac an freasúra coimeádach eaglasta buntáiste ar an mac, agus iad míshásta le leasuithe a athar. Bhí siad ag iarraidh Peadar a chur ó chumhacht Nuair a fuair Peadar amach faoi seo, chaith sé a mhac i dtóin an phríosúin, áit ar bhásaigh sé. </p>
59<p> I ndiaidh Pheadair, b'í a bhaintreach, Caitríona, ba thúisce a chuaigh i mbun na tíre, ach fuair sí bás i ndiaidh chupla bliain. B'é garmhac Pheadair, Peadar a Dó, a tháinig i gcomharbas uirthi. Ní raibh ann ach buachaill óg a tholg ulpóg a bháis sula raibh d'uain ag lucht na cúirte é a chorónú ina Impire. Ansin, b'í Áine (nó Anna Ioannovna), bandiúc Kurland agus neacht shean-Pheadair, a thosaigh ag rialú na tíre. Ní raibh inti ar dtús ach ban-Impire sealadach a raibh diansrianta lena cumhacht. Ní raibh sí sásta leis na srianta sin, áfach, agus nuair a chonaic sí an chéad áiméar, chaith sé lucht na comhairle rúnda sa phríosún. Ó bhí baint ag Áine le diúcacht Kurland sa Laitvia, d'fháiltigh sí chuici uaisle ón gcearn sin den domhan, agus fuair cuid mhór acu an-chéimíocht sa chúirt. Lucht labhartha Gearmáinise ab ea iad, mar ba dual d'uasalaicme na Laitvia, agus dímheas acu ar an Rúisis is ar nósanna na tíre. Mar sin, fuair na Rúisigh iad féin curtha i leataobh ina bpríomhchathair féin. </p>
60<p> B'é leannán Áine, Ernst Johann von Biron, a bhí i gceannas ar lucht leanúna an bhanimpire, ach nuair a bhásaigh Áine, d'éirigh idir eisean agus peataí eile na caillí, ionas go ndearnadh príosúnach de. Bhí na cúrsaí comharbachta ina bpraiseach i gcónaí, agus is mar sin a d'fhan siad, go dtí go ndearna Éilís (Yelizaveta), deirfiúr Pheadair Mhóir, an chumhacht a fhorghabháil le láimh láidir i Mí na Samhna den bhliain 1741. Ó bhí Éilís bréan breoite de na Gearmánaigh a tharraing Áine isteach sa chúirt, ruaig sí chun na Sibéire iad, agus chuir sí Rúisigh dhúchasacha ina n-áit le gnóthaí na ríochta is an rialtais a rith. </p>
61<p> Ní raibh Éilís féin róthugtha do ghnáthaimh an rialtais, nó b'fhearr léi pléaráca agus ragairne. Murab ionann is Peadar Mór, áfach, thuig sí go sármhaith chomh tábhachtach is a bhí cúrsaí na comharbachta, agus í ag iarraidh líne ghlan folaíochta ó Pheadar Mhór anuas a dhearbhú mar bhunchritéar don oidhre cheart Impiriúil. Ar an drochuair, roghnaigh sí an duine contráilte mar chomharba: Karl Peter Ulrich von Holstein-Gottorp. </p>
62<p> Bhí fuil Pheadair Mhóir i gKarl Peter Ulrich ceart go leor, ach sin a raibh de. Nó siúd is gur mac deirféara do Pheadar a bhí ann, ní raibh focal Rúisise ina phluc, ná suim aige i gcúrsaí na Rúise. Nuair a tháinig an buachaill seo i réim sa bhliain 1761, agus Éilís básaithe, bhí an Rúis agus an Phrúis in adharca a chéile, agus Cogadh na Seacht mBlian faoi lán an tseoil. Bhí an Phrúis ag cailleadh fóid go tiubh, agus Feardorcha a Dó (Friedrich II), rí na Prúise, ar shéala géilleadh go neamhchoinníollach. Is amhlaidh, áfach, nach raibh i gKarl Peter Ulrich - nó Peadar a Trí, mar a thugtaí air ins an Rúis - nach raibh ann ach mionphrionsa Gearmánach. Mar ba dual do mhionphrionsa Ghearmánach, bhí sé ag dearcadh ar Rí na Prúise mar bhoc mór millteanach a raibh urraim agus dílseacht ag dul dó - ní raibh sé in ann a thuiscint go raibh sé féin ar aon leibhéal le Feardorcha anois, agus é ina Impire ar ríocht chomh fairsing leis an Rúis. Mar sin, d'éirigh Peadar a Trí as an gcogadh ar an toirt. Aon scraith talún de chuid na Prúise a bhí sealbhaithe ag díormaí na Rúise, thug Peadar ar ais d'Fheardorcha í, agus sin faoi chroí mhór mhaith. </p>
63<p> Is beag an díol iontais é gur tharraing a leithéid d'fheillbheart míghnaoi an airm ar Pheadar a Trí. Gan mórán moille, chuaigh siad chun ceannairce air. Bhí siad i gcomhcheilg le Caitríona, bean Pheadair, agus í sásta iomlán na cumhachta a ghlacadh chuici féin, nuair a bhí an tImpire scuabtha i leataobh. </p>
64<p> Gearmánach ab ea Caitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí sa Ghearmáin ar na saolta sin. Más amhlaidh féin, ghlac sí a dualgaisí impiriúla as pabhar dáiríre. Rinne sí a croídhicheall le haithne a fháil roimh ré ar an tír seo ina raibh sí le gnóthaí na banríona a dhéanamh. Má bhí Peadar a Trí dall ar fad ar theanga na Rúise, ní raibh Caitríona i bhfad ag tógáil na Rúisise, agus sa deireadh, bhí deis mhaith a labhartha aici sa teanga. Deirtear go raibh Rúisis bhorb bhríomhar na cosmhuintire aici go líofa, cé go dteipfeadh an ghramadach uirthi an chorruair. Cibé scéal é, bhí na Rúisigh sásta glacadh léi mar dhuine acu féin, agus rinne sí a cuid féin de chultúr na tíre, idir shuáilcí agus dhuáilcí. Ní raibh mórán suime aici riamh ina fear céile ó thaobh an chraicinn de, agus nuair a saolaíodh mac di i ndiaidh naoi mbliana pósta sa bhliain 1754, is iomaí tuairim a bhí ag lucht na caidéise faoi atharthacht an linbh. Bhíothas ag cogar, fiú, gur scológ de phór na Fionlainne a chuir an síol. San am seo, bhí cuid mhór scológa ag labhairt na Fionlainnise timpeall na cathrach i gcónaí. Fíor nó bréag é, ní bhfuair Caitríona an leanbh a thógáil í féin, nó b'í Éilís a ghlac uirthi féin an obair sin a dhéanamh. Pavel, nó Pól, a baisteadh ar an mbuachaill. </p>
65<p> Sa bhliain 1762 a chimigh baicle d'oifigigh an Airm Peadar a Trí, agus fuair mo dhuine bás faoi imthoscaí doiléire go gairid ina dhiaidh sin. Gaireadh impire mná de Chaitríona, agus chrom sí ar a cuid oibre go dian díograiseach. Ós rud é gur Gearmánach a bhí inti ó dhúchas, rinne sí a dicheall gnaoi na Rúiseach a thabhú. Thug sí bata agus bóthar do na hoifigigh Phrúiseacha a bhí earcaithe ag a fear céile le haghaidh an airm, agus í ag cur saighdiúirí dúchasacha ina n-áit. Na tailte a choigistigh Peadar Mór, fuair an eaglais Cheartchreidmheach ar ais iad ó Chaitríona faoi chroí mhór mhaith, agus na heaglaisigh buíoch beannachtach astu. Nuair a corónaíodh ina Banimpire í, choisric siad í de réir an tsearmanais chéanna a bheadh ag dul d'aon impire fir. </p>
66<p> Bhí Caitríona eolach ar smaointeachas forásach Iartharach na linne, ar nós fealsúna eagnaíochta na Fraince, a bhí ag cur síol na réabhlóide faoin am sin. Ó bhí a gcuid scríbhinní faiseanta mar lón léitheoireachta ag na maithe is na móruaisle, ní leis an réabhlóid a shamhlaigh Caitríona iad, ach le rialtas maith forásach, agus i dtús a réime rinne sí iarrachtaí áirithe an smaointeachas seo a chur i bhfeidhm ar an tír mar chuid dá gnáthobair rialtais.</p>
67 </div>
68 </body>
69 </text>
70</TEI>