blob: 886d7770419615e5d1c09f1b75744629cb562d6f [file] [log] [blame]
Rameela Yaddehiged8a89052023-07-14 14:14:19 +02001<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
2<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
3 <teiHeader>
4 <fileDesc n="ICC-GA-WPS-005">
5 <titleStmt>
6 <title>An tAontas Sóivéadach [Extract]</title>
7 <respStmt>
8 <resp>compiled for ICC</resp>
9 <name>ICC: EUD</name>
10 </respStmt>
11 </titleStmt>
12 <publicationStmt>
13 <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
14 <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor>
15 <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/An_tAontas_S%C3%B3iv%C3%A9adach</idno>
16 </publicationStmt>
17 <sourceDesc>
18 <bibl type="Popular:SocialSciences">
19 <author>Wiki</author>
20 <title>An tAontas Sóivéadach</title>
21 <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace>
22 <publisher>Vicipéid</publisher>
23 <date when="YYYY">YYYY</date>
24 <availability>
25 <licence>CC-BY-NC-SA</licence>
26 </availability>
27 </bibl>
28 </sourceDesc>
29 </fileDesc>
30 <encodingDesc>
31 <samplingDecl>
32 <p>Extract</p>
33 </samplingDecl>
34 </encodingDesc>
35 <profileDesc>
36 <textClass>
37 <classCode scheme="ICC">Popular_SocialSciences</classCode>
38 </textClass>
39 </profileDesc>
40 <revisionDesc>
41 <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change>
42 </revisionDesc>
43 </teiHeader>
44 <text xml:lang="ga">
45 <body>
46 <div>
47<p> Stát cumannach ab ea Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, nó An tAontas Sóivéadach (Rúisis: Союз Советских Социалистических Республик/Soyuz Sovetskikh Sotsialisticheskikh Respublik) agus é suite san Eoráise, a mhair ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 1991. Ón mbliain 1945 go lá a scoir, bhí an tAontas Sóivéadach ina mhórchumhacht dhomhanda nach raibh ach na Stáit Aontaithe inchomórtais léi, agus bhí an dá thír seo ag déanamh téisclim chogaidh in aghaidh a chéile an chuid ba mhó den am i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. </p>
48<p> Is iomaí duine a shíleann gur tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód a thúisce is a shealbhaigh Vlaidímír Léinín agus na Boilséivigh an chumhacht sa Rúis, ach ní mar sin a bhí. </p>
49<p> Mhair Cogadh Cathartha na Rúise a mhair ón mbliain 1917 go dtí 1922. Mar sin, níor fógraíodh an tAontas Sóivéadach sula raibh an cogadh thart le tamall maith anuas, ar an 30 Nollaig 1922. D'athraigh críocha geografacha na tíre ó am go ham, ach nuair a nascghabhadh Oirthear na Polainne, Oirthear na Rómáine (an Bheasaráib), an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin, chomh maith le críocha áirithe eile, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an tAontas Sóivéadach tar éis an chuid ba mhó de na tailte a fhorghabháil a raibh baint acu le hImpireacht na Rúise go gairid roimh an Réabhlóid. B'iad an Fhionlainn agus an Pholainn (a raibh fágtha di) an t-aon dá thír amháin nár nascghabhadh, cé gur cuid den Rúis a bhí iontu roimh an mbliain 1918. </p>
50<p> Sa bhliain 1991, bhain na tíortha seo amach an neamhspleáchas, ach idir an dá linn, is iomaí cor éagsúil a cuireadh ina gcinniúint. Tá an Eastóin, an Laitvia, agus an Liotuáin ina mballstáit den Aontas Eorpach inniu. Na poblachtaí eile, is baill iad de Chomhlathas na Stát Neamhspleách, eagraíocht idirnáisiúnta a bunaíodh le comhoibriú a chothú idir na stáit iar-Shóivéadacha. Níl an Tuircméanastáin ach ina ballstát seachtrach faoi láthair, ach bhí ballraíocht iomlán aici go dtí an 26ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 2005. </p>
51<p> Is gnách a cheapadh gurbh é an tAontas Sóivéadach a tháinig i gcomharbas ar Impireacht na Rúise, mar stát. Mhair an Sár deireanach, Nioclás a Dó, ag rialú na tíre sin go dtí Márta 1917, agus sa chéad bhliain eile, dhúnmharaigh na Boilséivigh é agus a theaghlach. I Mí na Nollag 1922, fógraíodh an tAontas Sóivéadach, mar aontas a raibh an Rúis, an Úcráin, an Bhealarúis agus an Phoblacht Thras-Chugasach ina mbaill de. Bhí na poblachtaí seo ar fad á rialú ag páirtithe Boilséiveacha. </p>
52<p> Thosaigh réabhlóideachas nua-aimseartha sa Rúis sa bhliain 1823, nuair a d'éirigh Lucht Mhí na Nollag (Dekabristy / Декабристы) amach in aghaidh na hImpireachta. Oifigigh óga airm ab ea na Dekabristy agus iad faoi thionchar an smaointeachais Liobrálaigh a bhí ag dul timpeall na Rúise san am sin. B'é an bunreacht scríofa an rud ba mhó a theastaigh uathu a chur i bhfeidhm sa Rúis, nó is amhlaidh gur uathlathas mínáireach ab ea Impireacht na Rúise gan srianta ar bith le cumhacht an tSáir. </p>
53<p> Rinne na hImpirí iarrachtaí áirithe le maolú ar an réabhlóideachas trí leasuithe polaitiúla. Mar shampla, cuireadh an seirfeachas ar ceal sa bhliain 1861. Bhí na leasuithe ag teacht i bhfad rómhall, dar leis na réabhlóidithe, agus nuair a chaill na Rúisigh an cogadh in aghaidh na Seapánach, sa bhliain 1905, chuaigh muintir na Rúise chun cearmansaíochta ar an Impire an chéad uair. Bhain siad amach an Dúma, an chéad pharlaimint Rúiseach, ach ní raibh an tImpire sásta mórán fíorchumhachtaí a bhronnadh ar an bparlaimint seo. Chaith na Feisirí an chuid ba mhó den am ag óráidíocht, agus ós rud é nach raibh a gcuid focal in ann a dhath a athrú, bhí sé chomh maith acu bolscaireacht réabhlóideach a dhéanamh ina gcuid aitheasc. Go dtí sin, choinnigh an chinsireacht an cineál sin bolscaireachta taobh amuigh den tsaol phoiblí, ach anois, b'éigean do na nuachtáin gach focal a chur i gcló. Faoi bhrú na bolscaireachta seo, chuaigh muintir na Rúise go sciobtha chun radacachais, agus níor tháinig mórán maolú ar na trioblóidí. </p>
54<p> Sa Chéad Chogadh Domhanda, ní raibh ag éirí go rómhaith leis na Rúisigh, agus thairis sin, rith an bia gann sna cathracha. Maidir le Nioclás, ní raibh sé ina Impire ró-chumasach riamh. Bhí sé go mór mór faoi thionchar a mhná céile, Alexandra, a raibh dearcadh thar a bheith frithghníomhach aici, agus, thairis sin, bhí slusaithe éagsúla ina thimpeall ag déanamh plámáis leis, agus iad ag moladh dó gan oiread is orlach a thabhairt isteach don daoscarshlua a bhí ag éileamh cearta agus saoirse. </p>
55<p> B'é Grigoriy Rasputin (Григорий Распутин) a bhí i gceannas ar na slusaithe seo ar fad. Bráthair siúil ón tSibéir a bhí ann nach raibh léann ar bith aige, ach bhí sé á urramú go mór mór ag bean chéile an Impire, a chreid gurbh eisean guth na fíor-chosmhuintire Rúisí sa chúirt. Sa bhliain 1916, áfach, dhúnmharaigh an Prionsa Felix Yusupov é—fear frithghníomhach, antoisceach ón eite dheas, a bhí den tuairim gur diabhal i riocht an duine ab ea Rasputin. Nuair a bhí an eite dheas féin in ann a leithéid a dhéanamh, ba léir nach raibh mórán duine fanta sa Rúis a bheadh muiníneach as an Impire, agus, ní nárbh ionadh, chuir Réabhlóid na Feabhra an Sár ó chumhacht sa bhliain 1917. </p>
56<p> Tháinig Rialtas Sealadach i gceannas ar an Rúis, ach níor mhair sé i bhfad. Ní raibh lucht an Rialtais Shealadaigh sásta scor den chogadh—an Chéad Chogadh Domhanda—ina raibh an tír sáite, nó bhí siad meáite ar an gcogadh a thabhairt chun críche agus an phoblacht liobrálach a chur ar bun ina dhiaidh sin. Níor shásaigh an dearcadh seo an chosmhuintir, áfach, nó bhí na Rúisigh dubh dóite den chogadh cheana. Thosaigh na saighdiúirí, na scológa agus an lucht oibre ag bunú comhthionóil iomaíochta dá gcuid féin—sóivéidí (is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd Совет/Sovet ná "comhairle"). </p>
57<p> Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". I Réabhlóid Dheireadh Fómhair, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht agus chaith siad an Rialtas Sealadach i dtóin phríosúin. San am sin, bhí eite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh ag tacú leo go fóill, ach sa deireadh thiar thall, bhí siad sin féin lena stádas a chailleadh mar pháirtí dlíthiúil. </p>
58<p> Ní raibh gach duine sa Rúis sásta an chumhacht a fhágáil ag lucht leanúna Léinín, áfach, agus phléasc cogadh fuilteach cathartha amach i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. D'éirigh leis na Boilséivigh an cogadh a bhuachan le lámh láidir, agus iad go mór i dtuilleamaí cineál colúin reatha - an Cheka (giorrúchán is ea an t-ainm seo a sheasann do na focail Rúisise Чрезвычайная комиссия/Chrezvychaynaya komissiya, is é sin, an Coimisiún Neamhghnách—nó "Coimisiún Neamhghnách uile-Rúiseach na Troda in aghaidh na Frithréabhlóide agus na Sabaitéireachta", leis an ainm iomlán Rúisise a aistriú go Gaeilge). </p>
59<p> Mar chuid den chogaíocht a thosaigh i ndiaidh do na Boilséivigh an chumhacht a fhorghabháil, d'éirigh ina chath idir an Rúis Bhoilséiveach agus an Pholainn, a bhí díreach ag baint amach a neamhspleáchais. D'éirigh leis na Polannaigh, fiú, Cív, príomhchathair na hÚcráine, a shealbhú agus a choinneáil ar feadh tamaill, ach sa deireadh, b'éigean dóibh an chathair a thréigean agus tarraingt ar ais go dtí an Pholainn. Bhí marcshlua an Airm Dheirg faoi cheannas an Mharascail Semyon Budyonnyi in ann Vársá féin a bhagairt, ach stop na fórsaí Polannacha iad go gairid roimhe sin, i Mí Lúnasa 1920, agus chuir ruaigeadh orthu. Nuair a síníodh an conradh síochána i Ríge, príomhchathair na Laitvia, i dtús na bliana 1921, fágadh iarthar na hÚcráine agus na Bealarúise ag na Polannaigh. Faoin gcogadh seo, dála an scéil, a scríobh an scríbhneoir clúiteach Sóivéadach Isaak Babel a phríomhshaothar, an díolaim gearrscéalta úd Конармия/Konarmiya ("An Marcshlua"). </p>
60<p> Rialtas aon pháirtí amháin ab ea rialtas na mBoilséiveach san Aontas Sóivéadach ón chéad tús. Go gairid i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí siad ag comhoibriú le heite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, ach nuair a chonaic na Sóisialaigh Réabhlóideacha, páirtí a raibh tacaíocht na sluaite móra leis ar dtús, an dóigh chiniciúil a raibh na Boilséivigh ag cur na bpáirtithe eile faoi chois, rinne daoine den pháirtí iarracht Léinín a chur as cumhacht le lámh láidir i Samhradh na bliana 1918. Cloíodh an cheannairc go cruálach, agus nuair a scaoil Fanny Kaplan dhá urchar le Léinín ar an 30ú lá de Mhí Lúnasa 1918, coisceadh an páirtí scun scan, agus caitheadh na baill ar fad i dtóin phríosúin. Mar sin, nuair a fógraíodh an tAontas Sóivéadach go hoifigiúil, ní raibh baill d'aon pháirtí polaitiúil eile ach na Boilséivigh ar an rialtas le fada an lá. </p>
61<p> Le linn an Chogaidh Chathartha, bhí an rialtas Boilséiveach ag cloí go dian le polasaí Cumannach i gcúrsaí eacnamaíochta, agus is gnách "Cumannachas an Chogaidh" a thabhairt ar an gcur chuige a bhí ag an rialtas i gcúrsaí an gheilleagair sna blianta sin. Chothaigh Cumannachas an Chogaidh míshástacht fiú i measc na mairnéalach cogaidh, a bhí ar ceann de na dreamanna ba mhó a chabhraigh le Léinín an chumhacht a shealbhú. I ndiaidh cheannairc na mairnéalach seo i mbunáit chabhlaigh Kronstadt in aice le Cathair Pheadair, chinn Léinín ar éirí as Cumannachas an Chogaidh, agus i Márta 1921, tugadh isteach NEP—an Polasaí Nua Eacnamaíochta (Новая экономическая политика (НЭП) / Novaya ekonomicheskaya politika (NEP))—a lig scód áirithe leis an bhfiontraíocht phríobháideach arís. </p>
62<p> Cé gur chuidigh an Rúis leis na comhghuaillithe an Chéad Chogadh Domhanda a bhaint[1], níor tugadh cuireadh dá gceannairí bheith páirteach i gComhdháil Síochána Pháras a shocraigh ceisteanna na hEorpa le Conradh Versailles. Mar sin, níor ligeadh do APSS bheith páirteach i gConradh na Náisiún. </p>
63<p> => Mar sin, ar thaobh idirnáisiúnta, caitheadh leis an SPSS mar a bheadh díbeartach ann. </p>
64<p> Sa bhliain 1924, cailleadh Léinín. Bhí a shláinte ag luí air le tamall, nó níor bhisigh sé riamh i gceart i ndiaidh an ionsaí a rinne Kaplan air. Sa bhliain 1922, fuair sé an chéad stróc, agus thosaigh sé ag éirí as gnáthaimh laethúla an rialtais agus á bhfágáil faoi dhaoine eile. I ndiaidh a bháis, thosaigh iomaíocht bhorb bhinbeach idir lucht a chomharbais faoin gcumhacht, agus b'é Iósaif Stailín a bhain an chraobh sa deireadh. I dtús na dtríochaidí, ní raibh aon duine fágtha san Aontas Sóivéadach a d'fhéadfadh Stailín a cheistiú. An céile iomaíochta ba láidire a bhí ann, mar atá, Leon Trotscaí, chuaigh seisean ar deoraíocht ón Aontas Sóivéadach go Meicsiceo, áit ar mharaigh gníomhaí rúnda de chuid Stailín é sa bhliain 1940. </p>
65<p> Sa bhliain 1928, chuir Stailín tús leis an chéad Phlean Cúig Bliana san Aontas Sóivéadach. Murab ionann agus an dearcadh idirnáisiúnta a bhí á chur in iúl ag Léinín agus ag Trotscaí ó thús na réabhlóide, bhí na Pleananna Cúig Bliana meáite ar an Sóisialachas a chur ar bun in aon tír amháin. Chuaigh an Stát i gceannas ar na monarchanna agus ar na fiontair thionsclaíocha ar fad a bhí ag obair sa tír, agus bunaíodh feirmeacha comhsheilbhe (calchais) ar fud an Aontais Shóivéadaigh. D'iompaigh an tír ina cumhacht mhór tionsclaíochta, ach san am céanna, fágadh cuid mhór den daonra ar an mblár fholamh. Chuir na scológa go fíochmhar in aghaidh bhunú na gcalchas, agus nuair a chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na láimhe láidire, fuair na milliúin de dhaoine bás sa teagmháil. Níor tháinig aon mhaolú ar chorraíl na sochaí sna tríochaidí ach an oiread. Phurgaigh an Stailín an páirtí le fáil réitithe de na sean-Bhoilséivigh a thabhaigh a dhintiúirí ó Léinín féin, agus chuir sé daoine ní b'óige, ní ba sochomhairlí ina n-áit. </p>
66<p> Gulag, campa géibhinn </p>
67<p> San am céanna, cimíodh na mílte gnáthshaoránaigh Shóivéadacha ar chúiseanna doiléire, agus murar maraíodh scun scan iad, cuireadh i gceann de na campaí daoroibre iad. Tógadh mogalra uilechuimsitheach de na campaí seo ar fud na tíre, agus údarás ar leith á riar is á reachtáil—GULag (ГУЛАГ), nó Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. B'é ba chuspóir leis na campaí seo go hoifigiúil ná obair fhónta a sholáthar do "choirpigh" le hiad a chur ar bhealach a leasa, ach is é an rud a bhí ag tarlú dháiríre ná go raibh na fíorchoirpigh ag mursantacht ar na campaí ar fad, nuair nach raibh meas an mhadra ag na séiléirí ná ag na coirpigh ar na cimí polaitiúla, nár thuig go leor acu go raibh aon rud as cosán déanta acu ar aon nós. </p>
68 </div>
69 </body>
70 </text>
71</TEI>