Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WLH-004"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Cur chun cinn na Gaeilge trí Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>TARA, Trinity's Access to Research Arrchive</note></distributor> |
| 15 | <idno>http://www.tara.tcd.ie/handle/2262/94249</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Learned:Humanities"> |
| 19 | <author>Ó Mainín, Pádraic </author> |
| 20 | <title>Cur chun cinn na Gaeilge trí Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT)</title> |
| 21 | <pubPlace>PLACE</pubPlace> |
| 22 | <publisher>NAME</publisher> |
| 23 | <date when="2020">2020</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract: pages 7-13</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Learned_Humanities</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-02" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p>1. Réamhrá </p> |
| 48 | <p>Sprioc an Taighde </p> |
| 49 | <p>Sa taighde seo tá plé déanta ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Is é sprioc an taighde seo ná úsaid a bhaint as an modh múinte FCÁT chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoil T2 suite i suíomh uirbeach. </p> |
| 50 | <p>'Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an príomhtheanga oifigiúil í' (Bunreacht na hÉireann, 1937, lch.9). Cuireann an ráiteas seo i gcuimhne dúinn an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge in Éirinn. Ceist chasta dhúshlánach í ceist na Gaeilge. Deirtear linn go bhfuil ár dteanga i mbaol báis. Mar sin foilsíodh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Deirtear linn sa straitéis "aineoinn na gcéadta bliain de dhaoine a bheith ag athrú ó Ghaeilge go Béarla, tá an Ghaeilge fós beo mar theanga bheo phobail i roinnt áiteanna a d'fhan ina nGaeltacht agus tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsaid na Gaeilge ó lá go lá" (Rialtas na hÉireann, 2010, lch.3). Is í aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsaid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn ceimiúil (Rialtas na hÉireann, 2010, lch.3). Creideann an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. "Aithnítear go hidirnáisiúnta an fiúntas a bhaineann le héagsúlacht theangeolaíoch. Is iad na teangacha na príomhuirlisí atá ag duine le hidirghníomhú a dhéanamh agus le smaointe, mothúcháin eolas, cuimhní agus luachanna a chur in iúl. Déanann teangacha nathanna cainte cultúrtha agus oidhreacht theibí chultúrtha a thabhairt leo freisin ar nithe iad croí d'fheiniúlacht an duine, aonair agus d'fhéiniúlacht grúpaí" (Rialtas na hÉireann, 2010, lch.5). Tá brú mór ar Ghaeilge sa tír seo de bharr an Bhéarla. Léiríonn taighde sa Ghaeltacht gur teanga na n-aosach í an Ghaeilge i súile daoine óga go minic (Ní Chonchuir, 2012, lch.115). Tuigeann an páiste dátheangach gurbh é an Béarla an teanga a mbaintear feidhm aisti sa tsochaí. Tá an ré nua teicneolaíocta ag cur an-bhrú ar an nGaeilge chomh maith agus tá an-tionchar aige seo ar an teanga a labhraíonn páistí ó lá go lá. </p> |
| 51 | <p>Molann Curaclam na Bunscoile (NCCA, 1999a) ar a laghad 3.5 uair an chloig d'am teagaisc don Ghaeilge in aghaidh na seachtaine. In ainneoin an 1500 uair an chloig go gcaitheann mac léinn ag foghlaim na Gaeilge ar scoil, tá tuairim ghinearálta ann go bhfuil éagsúlacht mhór idir méid agus caighdeán teagaisc an Ghaeilge i mbunscoileanna na tíre (An Chigireacht, 2007, 2013; Harris et al., 2006). Teipeann ar thromlach na ndaltaí máistreacht a bhaint amach i scileanna éisteachta, labhartha agus tuisceana ginearálta an teanga agus tá deacrachtaí léirithe maidir le dearcthaí dearfacha a chothú i measc foghlaimeoirí óga (Harris et al., 2006; Harris & Murtagh, 1999). Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb tá comhtháthú foghlama mar cheann de na príomhphrionsabail ag Curaclam na Bunscoile (1999) agus moltar go ndéanfaí an Ghaeilge a chomhtháthú le abhair eile den churaclam. De réir an churaclam nua teanga óir is próiseas comtháite é teanga a fhoghlaim agus tá an cur chuige comhtháite luaite mar bhunsphrionsabal aige. Trí úsáid a bhaint as teanga i réimsí ábhar lasmuigh den cheacht scoite teanga, beidh páistí ábalta a bhfuil foghlamtha acu a neartú agus a ghinearálú. Laistigh den churaclam, is é atá i gceist le comhtháthú ná "aistriú scileanna a tharlaíonn idir teangachas" agus "teanga a mhúineadh i réimsí eile den churaclam" (CNCM, 2019, lch.8). </p> |
| 52 | <p>Le cúpla bliain anuas, tá fás tagtha ar thaighde a dhíríonn ar an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT), mar cur chuige foghlama agus modh chun an comhthathú seo a chur i bhfeidhm. D'fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D ar 11 Samhain 2019 go bhfuil 19 scoileanna agus suíomhanna luathbhlianta roghnaithe do thionscadal nua chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn. Sa scéim phíolótach trí bliana seo usáidfear FCÁT chun Corpoideachas agus ábhair eile a theagasc trí mheán na Gaeilge do pháistí ó aoisghrúpaí éagsúla. Is í aidhm an tionscadail ná FCÁT a chur i bhfeidhm chun cumas, muinín agus meon an fhoghlaimeora i leith na Gaeilge a fheabhsú i suíomhanna luathbhlianta, i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla (Polasaí um Churaclam agus Measúnacht, 2019). Ábhar cuí is ea Corpoideachas do FCÁT toisc go dtugann sé deiseanna plé agus rannpháirtíocht ghníomhach i ngrúpaí do dhaltaí. Mar a aibhsíodh sa staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn thuairiscigh leanaí gur bhain siad taitneamh as gníomhaíochtaí fhisiciúil toisc go raibh spraoi ag baint leo. Bhí béim láidir freisin ar an taobh sóisialta de agus ar am a chaitheamh le cairde (Growing Up in Ireland, 2011). Níl sé socraithe fós cén dá ábhar eile a bheidh i gceist sa tionscadal ach d'fhéadfadh gur na hAmharcealaíona, Matamaitic, Eolaíocht, Gnó, Tír Eolaíocht, OSPS nó OSSP a bheidh i gceist. </p> |
| 53 | <p>Is í an teanga "ceann de na croíluachanna cultúrtha is tábhachtaí" (Phillipson & Skutnabb-Kangas, 1995, lch.7). Chuige sin is féidir breathnú ar chur chuige FCÁT mar rud atá úsáideach laistigh de chlár feasachta teanga chun ilteangachas ár sochaí ilchineánaí a mhéadú agus beogacht na dteangacha dúchasacha Gaeilge a chaomhnú, chomh maith le teangacha oidhreachta leanaí mionlaigh teanga. De réir Hornberger (2003), tá teangacha éagsúla luachmhar don tsochaí. Áit amháin chun tús a chur le feasacht a mhéadú ar na teangacha seo agus leas a bhaint as ilteangachas in aon tsochaí is ea an bhunscoil. Táthar ag súil go gcabhróidh cur chuige FCÁT le cleachtóirí seomraí ranga ilteangacha a éascú. FCÁT - "is construed as processing a kind of meaningfulness that is believed to be absent from typical language instruction" (Dalton-Puffer & Smit, 2007). </p> |
| 54 | <p></p> |
| 55 | <p>An Cheist Taighde </p> |
| 56 | <p>Le blianta beaga anuas tá an-chuid díospóireachta i mbéal an phobail faoi dhul chun cinn na Gaeilge, faoi thodhchaí na teanga agus mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna lán-Bhéarla. Tá laghdú tagtha ar chumas páistí maidir le héisteacht agus labhairt na Gaeilge agus tá caighdeáin acadúla agus torthaí san ábhar ag éirí níos measa. Ardaíonn sé seo an cheist faoin gcaoi a dtugann muid aghaidh ar cheist na Gaeilge, go háirithe i gcomhthéacs oideachais i scoileanna na hÉireann (Harris & Duibhir, 2011). Tá FCÁT ar cheann de na croí-mholtaí a rinne oideachasóirí agus taighdeoirí chun sealbhú éifeachtach Gaeilge a éascú i measc foghlaimeoirí T2 na teanga agus béim á leagan fós ar an ábhar curaclaim féin (Dillon, 2009). Is beag taighde atá déanta, áfach, ar eispéiris múinteoirí agus a gcuid daltaí ar FCÁT. Leis sin tá sé mar aidhm ag an taighde seo imscrúdú a dhéanamh ar thionchar ceachtanna FCÁT (Gaeilge agus Corpoideachas) ar dhearcthaí páistí. Roghnaíodh an t-ábhar corpoideachas do na ceachtanna FCÁT toisc go dtugann sé deiseanna do dhaltaí plé agus rannpháirtíocht ghníomhach i ngrúpaí a bheith acu. Ina theannta sin, tá buairt léirithe maidir le cúrsaí sláinte i measc páistí na tíre. Tuairiscíodh sa Staidéar ar Rannpháirtíocht Spóirt agus Gníomhaíocht Fhisiciúil Leanaí 2010 nár chomhlíon ach 19% de leanaí bunscoile na treoirlínte náisiúnta gníomhaíochta corpartha (Woods et al., 2010). De réir Shuirbhé Sláintiúil na hÉireann 2015 tá leanbh amháin as gach ceathrar sa tír róthrom nó murtallach (Rialtas na hÉireann, 2015). Is príomhthosaíocht náisiúnta é mar sin an líon seo a laghdú. Leis sin is é Corpoideachas an t-aon deis cinnte do bheagnach gach páiste in aois scoile seans a fháil gníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh a chuireann lena sláinte agus a bhfolláine. </p> |
| 57 | <p>Seasmhacht Phearsanta </p> |
| 58 | <p>Rinne an taighdeoir socrucháin scoile i scoileanna T2 a bhí suite i suíomhanna uirbeacha. D'ardaigh an taithí seo go leor ceisteanna pearsanta i leith caighdéan na Gaeilge i scoileanna T2 na tíre. Tá brú ollmhór ar an nGaeilge de bharr na sochaí ina mairimid. Tá an mórtheanga i gconaí ag brú an t-anam amach as an Ghaeilge. Ardaíonn sé sin an cheist pearsanta don taighdeoir céard atá i ndán don Ghaeilge i scoil T2. Múintear an Ghaeilge ar feadh ceathracha nóiméad ar a mhéid gach lá i scoileanna T2. Tar éis caighdéan na Gaeilge a fheicéail i scoil T2, is iad tuairimí an taighdeoira nár b'shin a dhotháin ama ar chor bith. Mar a leiríonn Seoighe (2014) ina chuid taighde tá meath tagtha ar chumas éisteachta agus labhartha páistí sa nGaeilge. Sa mullach air sin, léirigh tuairisc na Cigireachta go bhfuil fadhbanna ag baint le múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna T2 agus nach mbaineann foghlaim na Gaeilge leibhéal inghlactha amach (An Chigireacht, 2007, 2013, 2018). Tógadh an taighdeoir le Gaeilge agus mar mhúinteoir faoi oiliúint atá tar éis caighdéan na Gaeilge a fheicéail i scoil T2 is ea spreagadh pearsanta an taighdeora iarracht ollmhór a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn.</p> |
| 59 | <p>Is dá bharr seo gur shocraigh an taighdeoir an tionscnamh seo a dhéanamh agus iarracht a dhéanamh éifeachtúlacht tionscnamh Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) a scrúdú mar bhealach chun caighdéan na Gaeilge a chur chun cinn.</p> |
| 60 | <p></p> |
| 61 | <p>2. Léirbhreithniú ar an Litríocht </p> |
| 62 | <p>Cúlra agus Prionsabail FCÁT </p> |
| 63 | <p>Is féidir FCÁT a shainmhíniú mar modh chun ábhar curaclaim, nó gnéithe d'ábhar eile, a mhúineadh trí theanga eile nach í teanga dhúchais nó máthairtheanga an fhoghlaimeora, áit a mhúintear agus a bhfoghlaimítear an t-ábhar trí mheán na sprioctheanga. "Cur chuige oideachasúil défhócasaithe le béim chomhuaineach, dhá fhócas ina n-úsáidtear teanga eile chun inneachar agus teanga a fhoghlaim agus a mhúineadh" (Coyle, Hood & Marsh, 2010, lch.1). Cé nach ionann FCÁT agus an tumoideachas, cruthaíonn sí solúbthacht agus deiseanna do chur chuige a bhíonn níos dírithe ar fhoghlaim agus ar theagasc na sprioctheanga. Tugann FCÁT blaiseadh níos fearr den sprioctheanga do dhaltaí gan an curaclam a ró-ualú ar bhealach discréideach. Is í aidhm FCÁT ná ábhar a fhoghlaim agus teanga iasachta a fhoghlaim ag an am céanna. Díríonn gnáthcheacht FCÁT ar ábhar, ina n-úsáidtear an sprioctheanga mar an meán trína dtéann na daltaí i ngleic leis an ábhar. Éascaíonn an próiseas seo spriocanna ábhair agus spriocanna teanga a bhaint amach sa cheacht céanna (Coyle, Hood, & Marsh, 2010). Tá níos mó ag baint le FCÁT ná díreach an chéad teanga teagaisc a aistriú go teanga eile, ag súil go mbíonn foghlaimeoirí tumtha i dteanga eile. Ní díreach é an t-ábhar a mhúineadh i dteanga bhreise sa gcaoi chéanna a bhfoghlaimeoidís an máthairtheanga. "CLIL is not about 'translating' first-language teaching and learning into another language in the hope that learners will be immersed in a bains linguistique and seamlessly learn in another language … teachers have found that CLIL is about far more than simply teaching subject-matter in an additional language in the same way as the mother tongue … it is not a matter of simply changing the language of instruction" (Coyle, Hood & Marsh, 2010).</p> |
| 64 | <p></p> |
| 65 | <p>FCÁT i gComhthéacs Idirnáisiúnta </p> |
| 66 | <p>I gcomhthéacs idirnáisiúnta, tá FCÁT i mbéal an phobail le cúpla bliain anois. Ní tionscnamh ná coincheap nua é agus tá úsáid fhorleathan bainte as FCÁT ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin chun cur le teagasc foirmiúil teangacha agus chun deiseanna éifeachtacha a thabhairt do dhaltaí chun a scileanna teanga nua a chleachtadh. Tá FCÁT in úsáid san Eoraip ón naoú haois déag i leith agus i Meiriceá theas agus i gCeanada ó na seascaidí (Ruiz de Zarobe et al., 2009). Cumadh an téarma FCÁT sa bhliain 1994 (Perez-Canado, 2012). Ó shin i leith, ach go háirithe ag deireadh na nóchaidí, tá méadú tagtha ar úsáid FCÁT agus tá sé soiléir gur tionscal é atá ag fás (Marsh, 2002). Go spéisiúil, tá dhá leibhéal gníomhaíochta éagsúla feicthe ag an gcur chuige, leibhéal de ghníomhaíocht áitiúil ar bhonn áitiúil, agus leibhéal beartais Aontas Eorpach ar an taobh eile. Is iondúil gur tionscnaimh múinteoirí aonair atá mar thúsphointe chun FCÁT a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna oideachas áitiúil coincréite, tionscnaimh a raibh údaráis réigiúnacha nó náisiúnta mall go minic ag freagairt. Ar an taobh eile, le sraith de pháipéir bheartais eisithe ag comhlachtaí agus institiúidí an tAontas Eorpach, tá sé soiléir ó thús na nóchaidí go bhfuil FCÁT, ar leibhéal polaitiúil, mar chroí-ionstraim chun aidhmeanna beartais a bhaint amach agus daonra ilteangach a chruthú san Eoraip (Dalton-Puffer, 2008). Rinne an tAontas Eorpach tagairt sonrach do thábhacht FCÁT sa bhliain 1995 agus arís i 2003, "…a major contribution to make to the Union's Language Learning Goals" (Eurydice, 2006, lch.9). Ó 2003 ar aghaidh, mar atá doiciméadaithe ag Dalton-Puffer agus Nikula (2006), tá forbairt déanta ar an taighde idirnáisiúnta a dhíríonn ar FCÁT. Aithnítear go hidirnáisiúnta go mbíonn torthaí maithe ag FCÁT mar chur chuige i leith na foghlama teanga agus tá roinnt staidéar agus páipéar a dhéanann tagairt dó seo. Tá sraith príomhfhigiúirí tar éis obair shuntasach a ghlacadh sa réimse (m.sh. Coyle sa Ríocht Aontaithe, Marsh san Fhionlainn, Mehisto san Eastóin, Wolff sa Ghearmáin, Dalton-Puffer san Ostair, Lange san Iodáil). Féachfar anois ar roinnt torthaí tábhachtacha maidir le cur i bhfeidhm FCÁT.</p> |
| 67 | </div> |
| 68 | </body> |
| 69 | </text> |
| 70 | </TEI> |