Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WLH-006"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta agus na scríbhneoireachta chruthaithí i ranganna naíonán [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>TARA, Trinity's Access to Research Arrchive</note></distributor> |
| 15 | <idno>http://www.tara.tcd.ie/handle/2262/98235</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Learned:Humanities"> |
| 19 | <author>Ní Ainifidh, Niamh</author> |
| 20 | <title>Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta agus na scríbhneoireachta chruthaithí i ranganna naíonán</title> |
| 21 | <pubPlace>PLACE</pubPlace> |
| 22 | <publisher>NAME</publisher> |
| 23 | <date when="2021">2021</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract: pages XXX</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Learned_Humanities</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-16" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p>Caibidil a 1. Réamhrá </p> |
| 48 | <p>Sa chaibidil seo, déantar cur síos ar an réasúnaíocht atá mar bhunús don taighde. Tugtar léargas ar an gcomhthéacs ina bhfuil an taighde seo bunaithe agus ar sheasmhacht an taighdeora. Ina dhiaidh sin, pléitear na ceisteanna taighde a threoraigh an staidéar, agus ar deireadh, mínítear leagan amach an tráchtais. </p> |
| 49 | <p>Réasúnaíocht an Taighde </p> |
| 50 | <p>Is mór an bhéim a chuirtear ar scileanna litearthachta sa chóras oideachais (ROS, 2019; Kennedy et al., 2012; ROS, 2011), agus déantar forbairt ar scileanna litearthachta thar fhad saoil an duine (Alexander, 2005). Sonraítear gur bunchloch iad scileanna luath-litearthachta i ndul chun cinn an dalta scoile (NELP, 2008; CNCM, 2009). De réir an Roinn Oideachais agus Scileanna sa Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga (ROS, 2011), cuireann eispéiris foghlama agus cleachtais dearfacha na litearthachta go mór le forbairt agus foghlaim scileanna litearthachta páistí óga. </p> |
| 51 | <p>Is scileanna litearthachta an Bhéarla is mó a bhíonn i gceist uaireanta nuair a labhraítear faoin litearthacht sa chóras oideachais (Ní Chlochasaigh et al., 2020). Ach, foghlaimítear scileanna litearthachta i suíomhanna éagsúla in Éirinn, i scoileanna lán-Béarla, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta. Is taighde é seo atá bunaithe ar mhúineadh scileanna na scríbhneoireachta i scoileanna lán-Ghaeilge, áit ina bhforbraítear teanga labhartha agus scríofa na Gaeilge. </p> |
| 52 | <p>De réir Hickey agus Stenson (2016), tá ról riachtanach ag teagasc agus forbairt scileanna na litearthachta i gcaomhnú mionteanga. Ach, is beag taighde atá ann a dhéanann fiosrú ar fhorbairt scileanna na dé-litearthachta agus scileanna litearthachta teanga mhionlaigh (Hickey & Stenson, 2011; Reyes, 2006). Chomh Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta maith leis sin, is beag ár n-eolas ar na cleachtais atá i bhfeidhm i ranganna naíonán i scoileanna lán-Ghaeilge (SLG) le tacú le páistí agus iad i mbun scríbhneoireachta fiúntach ina dteanga bhreise. </p> |
| 53 | <p>Tá fianaise ann go gcuirtear níos mó béime ar mhúineadh teanga labhartha na Gaeilge ná léitheoireacht agus scríbhneoireacht, agus déantar an teanga scríofa a imeallú (Hickey & Stenson, 2016; Stenson & Hickey, 2014). Anois, agus teacht isteach Curaclam Teanga na Bunscoile (ROS, 2019), an bhéim atá á chur ar chomhtháthú scileanna litearthachta, agus ar na hathruithe atá tagtha ar mhodheolaíochtaí litearthachta, tá deis athmhachnamh a dhéanamh ar na scileanna litearthachta a chuirtear chun cinn, agus ar an ord agus an chaoi ina múintear iad. |
| 54 | Tá tuiscint níos fearr ann anois ná mar a bhí ar conas a bhforbraíonn páistí óga scileanna scríbhneoireachta, agus is fiú machnamh a dhéanamh ar ról an mhúinteora san fhorbairt seo. Is mór an tionchar a bhíonn ag dearcthaí múinteoirí ar fhorbairt na luath-scríbhneoireachta ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm agus na deiseanna scríbhneoireachta a bhíonn ann do pháistí ar scoil (Bingham & Hall-Kenyon, 2013; Gerde et al., 2019; Yigit, 2018). Ina theannta sin, bíonn tionchar ag timpeallachtaí foghlamtha ar chleachtais scríbhneoireachta (Justice & Pullen, 2003). Mar sin, is aidhm an taighde seo ná chun fiosrú a dhéanamh ar dhearcthaí múinteoirí atá ag obair i SLG maidir le forbairt na scríbhneoireachta, agus imscrúdú a dhéanamh ar an gcur chuige a mbaintear úsáid as. </p> |
| 55 | <p>Comhthéacs an Taighde </p> |
| 56 | <p>Is taighde é seo atá dírithe ar mhúinteoirí agus ar bhaill eile den phobal scoile a bhíonn ag plé leis na ranganna naíonán i SLG atá lonnaithe i gceantair uirbeacha i mBaile Átha Cliath. Is suíomhanna scoile iad ina bhfuil an luath-Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta thumoideachas i bhfeidhm, agus tumtar páistí sa Ghaeilge ar feadh tréimhse ama óna gcéad lá ar scoil, go dtí pointe éigin idir i ndiaidh na Nollag i naíonáin shóisearacha agus rang a haon. Go hiondúil, ní hí an Ghaeilge céad teanga na bpáistí a fhreastlaíonn ar SLG. </p> |
| 57 | <p>De réir sonraí ón daonáireamh (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2017), tá os cionn milliúin go leith daoine sa tír in ann Gaeilge a labhairt. Labhraíonn 558,608 daoine an Ghaeilge go laethúil taobh istigh den chóras oideachais, agus 77,803 taobh amuigh den chóras oideachais (POS, 2017). Sa scoilbhliain 2018/19, bhí 160 naíonra agus 150 SLG taobh amuigh den Ghaeltacht, agus bhí stádas DEIS ag 29% de SLG agus scoileanna Gaeltachta sna blianta 2018/19 (Gaeloideachas, 2019). Is cosúil go raibh an-éileamh ar réamh-scolaíocht trí mheán na Gaeilge toisc go raibh liostaí feithimh ag 64% de naíonraí sa scoilbhliain 2018/19 (Gaeloideachas, 2019). In ainneoin na sonraí a thugann le fios an méid daoine atá in ann Gaeilge a labhairt agus an t-éileamh atá ar oideachas trí mheán na Gaeilge, dar le hÓ Duibhir (2009), is beag deis a bhíonn ag daltaí SLG Gaeilge a chloisteáil taobh amuigh de bhallaí na scoile. Molann Hickey agus Stenson (2016), scileanna litearthachta na Gaeilge a chur chun cinn le go mbeidh níos mó teagmhála ag páistí leis an teanga taobh amuigh den scoil. </p> |
| 58 | <p>Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus oibre SLG. Is baill foirne ar fad a bhí páirteach sa taighde, idir múinteoirí ranga phríomhshrutha, príomhoide agus múinteoir oideachais speisialta, agus ba mheascán idir chainteoirí dhúchais agus cainteoirí le Gaeilge mar a dteanga breise a bhí iontu. Bhí taithí acu ar fad ar ranganna naíonán a mhúineadh, agus bhí réimse de idir trí bliana agus fiche bliana de thaithí teagaisc acu. Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta </p> |
| 59 | <p>Seasmhacht an Taighdeora </p> |
| 60 | <p>Is múinteoir rang na naíonáin shóisearaigh mé i SLG faoi láthair agus tá an luath-thumoideachas iomlán i bhfeidhm againn. Tá ocht mbliana caite agam ag múineadh i SLG agus tá an-spéis agam sa Ghaeilge agus i gcúrsaí litearthachta na Gaeilge. Tá spéis faoi leith agam san luath-litearthacht agus san scríbhneoireacht éiritheach, agus ar na straitéisí foghlama atá ann chun scileanna scríbhneoireachta an pháiste óig ina dteanga breise a fhorbairt. Bíonn an cur chuige foghlaim trí shúgradh agus creathchuraclam Aistear (CNCM, 2009) i bhfeidhm agam le torthaí foghlama agus spriocanna Curaclam Teanga na Bunscoile (ROS, 2019) a bhaint amach. </p> |
| 61 | <p>Tá eolas maith agam ar an gcomhthéacs ina bhfuil an taighde seo bunaithe agus tá taithí agam ar mhúineadh na scríbhneoireachta sna ranganna shóisearacha. Chaith mé tréimhse mar mhúinteoir oideachais speisialta ag tacú le páistí sna ranganna shóisearacha agus shinsearacha agus iad ag tabhairt faoin scríbhneoireacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Mar sin, tá eolas agam ar chuid de na dúshláin atá ann i SLG scríbhneoireacht na Gaeilge a chothú. Is taighdeoir ‘cos istigh’ mé sa taighde seo agus tá aithne phearsanta agam ar chuid de na rannpháirtithe. Rinneadh gach iarracht a bheith neamhchlaonta le linn an taighde agus dearcthaí na rannpháirtithe a chur chun cinn. </p> |
| 62 | <p>Na Ceisteanna Taighde </p> |
| 63 | <p>Deirtear go bhfuil easpa thaighde ar thuiscintí mhúinteoirí agus oidí na luath-óige ar scileanna agus modheolaíochtaí na luath-litearthachta (Piasta et al., 2020). Cé go roinntear an litearthacht ina dtrí shnáithe, teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht sa chóras oideachais, is minic a chuirtear béim as cuimse ar mhúineadh theanga ó bhéal agus léitheoireacht na Gaeilge (Hickey & Stenson, Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta 2016; Stenson & Hickey, 2014). De réir Greaney (1978), níor cuireadh béim ar scríbhneoireacht na Gaeilge sna curaclaim agus bhí impleachtaí aige seo ar leibhéil gnóthachtálacha Gaeilge na ndaltaí. </p> |
| 64 | <p>Is iomaí taighde atá ann ar fhorbairt agus sealbhú scileanna léitheoireachta, ach faraor, sonraítear go bhfuil níos lú taighde ar fhorbairt scileanna scríbhneoireachta san luath-óige (Bingham et al., 2017; Rowe & Neitzel, 2010; Whitehurst & Lonigan, 1998). Le tamall anuas, tá athruithe tagtha ar dhearcthaí maidir le forbairt agus múineadh na scríbhneoireachta. Sonraítear gur chóir béim a chur ar chleachtais scríbhneoireachta le brí a léiriú agus cumarsáid a dhéanamh (Kennedy et al. 2012; ROS, 2019), seachas mar chleachtais foirmiú litreacha agus cleachtadh na aibítre amháin (Bodrova & Leong, 2006). </p> |
| 65 | <p>Aithnítear go bhfuil an-thionchar ag suíomhanna agus na modhanna oideolaíochta a bhíonn i bhfeidhm ar dhul chun cinn scileanna litearthachta an pháiste óig (Justice & Pullen, 2003; NAEYC, 2009). Ina theannta sin, ó theacht isteach Aistear (CNCM, 2009), agus Curaclam Teanga na Bunscoile (ROS, 2019), is iomaí athrú a tháinig ar mhodheolaíochtaí sna ranganna shóisearacha sna bunscoileanna agus ar mhodheolaíochtaí do mhúineadh na litearthachta ach go háirithe. Mar sin, roghnaíodh an cheist taighde seo a leanas leis an staidéar a threorú: |
| 66 | Céard iad dearcthaí múinteoirí scoileanna lán-Ghaeilge ar fhorbairt luath-scríbhneoireacht an pháiste óig agus céard iad na cleachtais atá i bhfeidhm acu chun scríbhneoireacht chruthaitheach i dteanga mhionlaigh a chothú? </p> |
| 67 | <p>Is iad seo a leanas na focheisteanna atá laistigh den phríomhcheist taighde: </p> |
| 68 | <p>Céard iad dearcthaí múinteoirí ar a róil i dtacú le páistí atá i mbun forbairt na luathscríbhneoireachta i dteanga mhionlaigh? |
| 69 | Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta </p> |
| 70 | <p>Cé na modhanna oideolaíochta a bhíonn in úsáid ag múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge chun luathscríbhneoireacht agus scríbhneoireacht chruthaitheach an pháiste óig a fhorbairt i dteanga mhionlaigh? |
| 71 | An léiríonn modhanna oideolaíochta, dearcthaí múinteoirí agus cleachtais scríbhneoireachta luí ar an gcur chuige don litearthacht éiritheach? |
| 72 | Cén tionchar atá ag an gcomhthéacs sochtheangólaíocht ar an luath-scríbhneoireacht agus an scríbhneoireacht chruthaitheach a chothú sa Ghaeilge? </p> |
| 73 | <p>Struchtúr an Tráchtais </p> |
| 74 | <p>Roinntear an tráchtas ina cúig chaibidil. Cuireann an chéad chaibidil tús leis an tráchtas trí réasúnaíocht, comhthéacs agus seasmhacht an taighdeora an taighde a phlé, agus trí léargas a thabhairt ar na ceisteanna taighde. </p> |
| 75 | <p>I gcaibidil a dó, déantar plé ar an taighde ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann leis an taighde seo, agus déantar cur síos agus iniúchadh ar na bun-theoiricí agus cur chuigí molta na litearthachta agus scríbhneoireachta. </p> |
| 76 | <p>Is i gcaibidil a trí a phléitear an mhodheolaíocht, an pharaidím fealsúnachta ina bhfuil an taighde seo suite, agus an cur chuige a roghnaíodh le sonraí a bhailiú. Déantar cur síos ar an uirlis taighde, ar bhailiúcháin na sonraí, próiseas na hanailíse sonraí, agus an modh códála a d’úsáideadh. |
| 77 | I gcaibidil a ceathair, cuirtear torthaí an taighde i láthair de réir na téamaí a aithníodh ó na sonraí, trí úsáid a bhaint as ráiteas athfhriotail ó rannpháirtithe agus figiúir. Déantar anailís ar thorthaí an taighde agus déantar nasc idir na torthaí agus an taighde ábhartha a bhaineann leis an topaic. |
| 78 | I gcaibidil a sé, tugtar léargas ar na príomh-thorthaí atá ag teacht leis na ceisteanna taighde agus tugtar moltaí do chleachtais. Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta.</p> |
| 79 | <p>Caibidil a 2. Athbhreithniú litríochta </p> |
| 80 | <p>Tá sé mar aidhm ag an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 (Rialtas na hÉireann, 2010), an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais agus sa tsochaí i gcoitinne, agus líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú faoi thrí ó 83,000 go 250,000. Aidhm eile atá ag an straitéis ná, “Cuirfidh an curaclam ar chumais na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn”. (Rialtas na hÉireann, 2010, lch. 4). Tuairiscítear go gcuireann foghlaim agus tuiscint na Gaeilge go mór le feasacht agus féiniúlacht chultúrtha na hÉireann (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2019). Tá ról lárnach ag scoileanna, curaclam na bunscoile agus na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus chun í a mhúineadh ionas go dtabharfar deis do pháistí scileanna litearthachta na Gaeilge a fhorbairt. </p> |
| 81 | <p>Tá an chaibidil seo roinnte ina dtrí chuid. Sa chéad chuid, pléifear comhthéacs sochtheangólaíocht, an tumoideachas, agus forbairt na litearthachta Gaeilge. Pléifear múineadh na Gaeilge sna curaclaim bunscoile. Sa dara cuid, déanfar cur síos ar shainmhínithe ar an litearthacht, na cineálacha éagsúla litearthachta atá ann agus na dearcthaí atá ann ar fhorbairt scileanna litearthachta agus luath-scríbhneoireachta an pháiste óig. Sa tríú chuid, dírítear go sonrach ar an scríbhneoireacht éiritheach, tréithe na scríbhneoireachta éirithí, na dearcthaí atá ann maidir le forbairt scileanna luath-scríbhneoireachta agus scil fhisiciúil na scríbhneoireachta. Déanfar plé ar roinnt straitéisí oideolaíochta chun scríbhneoireacht chruthaitheach an pháiste óig a spreagadh. Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta </p> |
| 82 | <p>An Tumoideachas agus Forbairt na Litearthachta </p> |
| 83 | <p>Déanfar plé anois ar an tumoideachas, cur chuige a chuirtear i bhfeidhm le páistí óga a thumadh sa Ghaeilge i mbunscoileanna na tíre. Ina theannta sin, pléifear múineadh na Gaeilge sna curaclaim bhunscoile éagsúla. </p> |
| 84 | <p>Mar shainmhíniú ginearálta ar an tumoideachas deir Ó hAiniféin (2008) gur, “gné amháin den chontanam oideachais dhátheangaigh atá sa tumoideachas ina dtumtar an foghlaimeoir sa sprioctheanga agus atá in úsáid mar theanga fhoghlama an churaclaim go léir” (lch. 5). In oideachas dátheangach na luath-óige, d’fhéadfadh gur luath-thumadh aonteangach nó luath-thumadh dátheangach (Hickey & de Mejia, 2013) a bheadh i bhfeidhm. </p> |
| 85 | </div> |
| 86 | </body> |
| 87 | </text> |
| 88 | </TEI> |