Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame^] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WLH-005"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Cosc Ar Chluichí Gallda: Uirlis Náisiúntachta Ag Cumann Lúthchleas Gael (1885–1935) [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>Comhar</note></distributor> |
| 15 | <idno>https://doi.org/10.18669/ct.2017.01</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Learned:Humanities"> |
| 19 | <author>Billings, Cathal</author> |
| 20 | <title>Cosc Ar Chluichí Gallda: Uirlis Náisiúntachta Ag Cumann Lúthchleas Gael (1885–1935)</title> |
| 21 | <pubPlace>https://comhartaighde.ie/</pubPlace> |
| 22 | <publisher>COMHARTaighde</publisher> |
| 23 | <date when="2017">2017</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract: pages 3-6</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Learned_Humanities</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-16" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p>COMHARTaighde EAGRÁN 3 Deireadh Fómhair 2017 </p> |
| 48 | <p>Réamhrá agus modheolaíocht </p> |
| 49 | <p>Chuir Cumann Lúthchleas Gael (CLG) cosc ar a chuid ball páirt a ghlacadh in imeachtaí aon chumainn eile den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1885. Bhí feidhm phraiticiúil leis an gcosc seo ag an am: pobal imeartha dílis a chinntiú don chumann óg nach raibh ach cúpla mí ar an bhfód. Ní raibh tábhacht mhór pholaitiúil ná idé-eolaíoch leis an gcosc go fóill, rud ba léir nuair a fuarthas réidh leis i 1896 nuair a ceapadh go raibh sé ag déanamh dochair d’imirt na gcluichí. Nuair a tugadh feidhm dó arís i 1905, áfach, bhí an ghné pholaitiúil de i bhfad níos treise ann agus an cosc anois ina léiriú ar theacht chun cinn an náisiúnachais a spreag agus a chothaigh an athbheochan chultúrtha, a raibh CLG chun tosaigh inti. Thar na blianta corraitheacha ina dhiaidh sin, chlaochlaigh an cosc ina uirlis dogma agus bholscaireachta, é ina shiombail den scaradh deireanach idir Gael agus Gall agus coinníodh i bhfeidhm é go dtí 1971. De réir CLG, bhí an cosc ina straitéis chosanta riachtanach má bhíothas chun an tír a dhíshacsanú agus a chosaint ar thionchar an ghalldachais, a bhí á scaipeadh trí mheán cluichí gallda. </p> |
| 50 | <p>Ba é an traidisiún a samhlaíodh a bheith ag cluichí CLG a dhealaigh iad ó na cluichí gallda seo. Leag bunaitheoirí CLG béim ar an traidisiún a bhain lena gcluichí féin i gcomparáid le cluichí eile in Éirinn agus mhaígh siad go raibh dúchas agus ársaíocht ag baint leis an iomáint agus leis an bpeil Ghaelach, iad ina sainchluichí Éireannacha a bhí á n‑athbheochan acu. Is cleachtadh comónta é seo i gcomhthéacs gluaiseachtaí rómánsacha náisiúnacha amhail CLG, mar atá pléite ag Eric Hobsbawm i gcomhthéacs an náisiúin: ‘Modern nations … generally claim to be the opposite of novel, namely rooted in the remotest antiquity, and the opposite of constructed, namely human communities so natural as to require no definition other than self-assertion’ (1983: 14). Agus traidisiúin á n‑athbheochan, ba ghnách le hathbheochanóirí ar fud an domhain leanúnachas a dhearbhú le traidisiún nó le traidisiúin ar leith a bhí oiriúnach dá n‑ideil agus dá bhfís féin, ach is minic na traidisiúin seo a bheith cumtha (Hobsbawm 1983: 1). Sa bhealach seo, baineadh leas straitéiseach as an traidisiún cumtha d’fhonn cuspóirí ar leith a bhaint amach: Plenty of political institutions, ideological movements and groups — not least in nationalism — were so unprecedented that even historic continuity had to be invented, for example by creating an ancient past beyond effective historical continuity, either by semi-fiction or by forgery (Hobsbawm 1983: 7). </p> |
| 51 | <p>Tá sé seo le sonrú i gcomhthéacs thraidisiún cumtha na gcluichí Gaelacha, nuair a rinneadh dearmad den dúchas comónta atá ag cuid mhór de na cluichí liathróide mar chluichí traidisiúnta neamhrialaithe agus leagadh béim ar an ngalldachas a bheith bunúsach i gcluichí áirithe i gcomparáid le cluichí ársa CLG. Reáchtáil CLG, le tacaíocht ó eagraíochtaí náisiúnacha eile agus le tacaíocht an rialtais i ndiaidh bhunú an stáit, dianfheachtas bolscaireachta i gcoinne cluichí gallda in ainm chosaint na tíre. Níor cuireadh an cosc seo i bhfeidhm go leanúnach ar gach spórt gallda, áfach — ‘selective rejection’ nó eiteachas roghnaitheach a bhí ann, próiseas atá comónta i gcomhthéacs gluaiseachtaí náisiúnacha (Comerford 2003: 220). </p> |
| 52 | <p>San alt seo, pléifear idé-eolaíocht agus cur i bhfeidhm chosc CLG ar chluichí gallda i ndeireadh an naoú céad déag. Scrúdófar éabhlóid an choisc de réir mar a tháinig borradh faoin náisiúnachas cultúrtha i dtús an fichiú haois agus i ndiaidh bhunú an Stáit. Pléifear an traidisiún cumtha, mar atá sé mínithe ag Hobsbawm, i gcomhthéacs na hathbheochana cultúrtha agus an leas a bhain CLG as an traidisiún sin le stádas ar leith a bhaint amach dá chluichí féin i saol na hÉireann, rud a chuidigh leo seasamh leis an mbeartas eisiach seo. Déanfar stair na gcluichí gallda in Éirinn a ríomh agus breathnófar ar na hiarrachtaí a rinneadh na cluichí sin a dhíbirt ón saol náisiúnta agus an cosc á chur i bhfeidhm mar uirlis chosanta ag an nGaelachas. Scrúdófar an reitric fhrith-Shasanach a bhí le feiceáil san fheachtas bolscaireachta a reáchtáladh i gcoinne na gcluichí gallda, go háirithe i nuachtán CLG agus Chonradh na Gaeilge, An Camán, sna 1930idí ina bhfeictear an tábhacht a ceanglaíodh leis an gcosc ar chluichí gallda mar líne chosanta idir Gael agus Gall. Tuigfear ón bhfianaise seo gur chun leas CLG a bhí an cosc, gur chuidigh sé leis an gcumann cur i gcoinne a chuid iomaitheoirí móra i ndomhan an spóirt chomh maith le ról lárnach a bhaint amach do na cluichí mar shiombail den náisiúntacht Éireannach i dtús an fichiú haois. </p> |
| 53 | <p>Cosc CLG ar chluichí gallda </p> |
| 54 | <p>Agus Cumann Lúthchleas Gael á bhunú aige i 1884, theastaigh ó Mhicheál Ciosóg cur i gcoinne shacsanú na tíre trí riaradh na lúthchleasaíochta in Éirinn a thabhairt faoi bhainistíocht dúchais, chomh maith leis na cluichí dúchasacha, an iomáint agus an pheil Ghaelach, a athbheochan. Sa litir a scríobh sé in United Ireland i nDeireadh Fómhair 1884, ‘A Word about Irish Athletics,’ a d’fheidhmigh mar chatalaíoch do bhunú CLG, chuir sé in iúl go raibh an lúthchleasaíocht in Éirinn faoi cheannas dreama a bhí dílis do nósanna spóirt Shasana agus nár thug cothrom na féinne do chosmhuintir na hÉireann: </p> |
| 55 | <gap reason="sampling"/> |
| 56 | <p>Go deimhin, ba nós coitianta é i gcumainn spóirt ar fud na Ríochta Aontaithe baic a bheith i bhfeidhm ar sciar faoi leith den phobal. Go hoifigiúil, bhí na baic seo bunaithe ar thuiscintí Victeoiriacha ar an amaitéarachas ach is éilíteachas agus aicmeachas a bhí i gceist go fírinneach, a d’fhéach leis an lucht oibre a choinneáil amach ó na leibhéil is airde de chomórtais agus de bhainistíocht na gcumann (Rouse 2015a: 141–143). </p> |
| 57 | <p>Freagra air seo ab ea an chéad chosc a chuir CLG i bhfeidhm ar Lá Fhéile Pádraig 1885: ‘Any athlete competing at meetings held under the laws other than those of the GAA shall be ineligible for competing at any meeting held under the auspices of the GAA’ (luaite in Mandle 1987: 22). Is fíor go raibh ceannairí an chumainn óig ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus na cumainn spóirt eile sa tír a bhí ‘gallda,’ ach bhí feidhm phraiticiúil leis an gcosc freisin nuair ba bhealach é le baill agus na táillí a ghabh leo a chinntiú i laethanta luatha an chumainn. Níl aon amhras ach go raibh tábhacht pholaitiúil leis an mbac a cuireadh ar bhaill den RIC a bheith páirteach in CLG i 1887, áfach, rud a léiríonn tionchar an IRB a bhí ag insíothlú isteach sa chumann de réir a chéile (Rouse 1993: 342). </p> |
| 58 | <p>Ba bheag nár scrios scoilteanna inmheánacha polaitiúla CLG sna 1880idí déanacha agus sna 1890idí luatha, áfach. Mar sin, bhog CLG amach ón bpolaitíocht náisiúnach agus cuireadh deireadh leis an gcosc ar chluichí gallda i 1896 de bharr gur bhraith ceannairí CLG go raibh sé ag teacht salach ar dhul chun cinn na gcluichí. Tháinig feabhsuithe móra ar riaradh agus ar imirt na gcluichí le linn na mblianta seo nuair a bhí an lucht ceannais dírithe ar an bhforbairt. Féachadh le deireadh a chur leis an mbrúidiúlacht sa pheil thraidisiúnta, rud a chuir as do Mhuiris Ó Dáimhín agus CLG á bhunú i 1884. Tugann Séamas Ó Caoimh cuntas ar an mbrúidiúlacht seo ina bheathaisnéis, An Sléibhteánach: Ach tháinig meath mór ar an bpeil sa dúiche timpeall deire na haoise seo caite, pé cúis a bhí leis, cé gur cuimhin liom féin bheith ag cluiche i bPáirc an Chlampair sa bhliain 1896. […] Gleann na Faille agus Carraig na nGabhar a bhí ag imirt agus má bhí na cluichí go léir a dh’imríodh ann ar aon dul le hiomrascáil an lae sin níorbh aon leasainm é ‘Páirc an Chlampair’. […] Bhí ceithre ghaiscíoch déag is fiche smeartha le fuil tar éis fiche nóiméad. Bhíodar basctha, buailte, brúite (Ó Caoimh 1989: 154). </p> |
| 59 | <p>Theastaigh athdhearadh na rialacha i ndeireadh na 1890idí chun an cluiche a chaighdeánú agus a scaradh go soiléir ón rugbaí agus ón sacar, agus tugann Ó Caoimh cuntas ar thabhairt isteach rialacha CLG ‘do réir a chéile’ (Ó Caoimh 1989: 157); tharraing sé seo níos mó airde ar na cluichí mar shiamsaíocht agus mheall cluichí CLG sluaite ní ba mhó ina dhiaidh sin. </p> |
| 60 | <p>Fás an náisiúnachais chultúrtha agus cosc CLG </p> |
| 61 | <p>Tháinig an pholaitíocht chun cinn arís in CLG i mblianta luatha an fichiú haois, áfach. Spreag comóradh céad bliain Éirí Amach 1798 agus Cogadh na mBórach atmaisféar frith-Shasanach agus bhí sé seo le brath in CLG agus an IRB athaontaithe ag réiteach le ceannas a ghlacadh ar an gCumann an athuair. I 1901, ghlac CLG seasamh oscailte frith- Shasanach nuair a tugadh feidhm don chosc arís: </p> |
| 62 | <gap reason="sampling"/> |
| 63 | <p>Cé gur fágadh faoi bhoird chontae éagsúla a gcinneadh féin a dhéanamh maidir leis an gcosc a fhorghníomhú, ba léiriú é ar an athrú meoin sa chumann agus sa tír i gcoitinne. Treisíodh agus daingníodh an cosc i 1905 nuair a cuireadh cosc iomlán ar bhaill CLG páirt a ghlacadh i gcluichí gallda nó a bheith i láthair acu: ‘That persons who play rugby, soccer, hockey, cricket or any imported games shall be suspended for two years from date of playing such games, and this rule to take effect from 1 February 1905’ (CLG 1905). Mhair an cosc seo go dtí 1971. Sa bhreis air sin, i 1906, coisceadh baill na bhfórsaí slándála in Éirinn ó pháirt a ghlacadh in imeachtaí CLG: ‘That policemen, militiamen and soldiers on active service be prevented from playing hurling or football under GAA laws’ (CLG 1906). In ainneoin go bhféadfadh na rialacha seo baill nua a chur ó dhoras, léiríonn an seasamh idé-eolaíoch a glacadh an tionchar a bhí ag an náisiúnachas cultúrtha ar an gCumann. </p> |
| 64 | <p>Bhí a thionchar le sonrú chomh maith i gConradh na Gaeilge, a bhí ina chomhghuaillí idé-eolaíoch ag CLG mar chuid den athbheochan chultúrtha tar éis a bhunaithe i 1893 (Ó Conchubhair 2009: 21). Cumann neamhpholaitiúil neamhsheicteach a bhí ann de réir a bhunreachta, a raibh sé mar phríomhchuspóir aige an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge a chaomhnú agus a athbheochan. Aithníodh san am céanna an tábhacht shóisialta, pholaitiúil agus eacnamaíoch a bhain leis an mBéarla agus cuireadh idéal an dátheangachais chun cinn, go háirithe i gcomhthéacs an oideachais. Le fás an náisiúnachais chultúrtha i dtús an fichiú haois tháinig idé-eolaíocht ní b’antoiscí chun cinn i measc Conraitheoirí áirithe, a d’éiligh díbirt an ghalldachais i ngach gné de shaol na hÉireann. Bhí sé seo le sonrú sa reitric a tháinig chun cinn in ailt in An Claidheamh Soluis, uirlis oifigiúil Chonradh na Gaeilge, mar a raibh idéal na hÉireann Éireannaí á chur chun cinn: </p> |
| 65 | <gap reason="sampling"/> |
| 66 | <p>Tháinig borradh faoin gcomhoibriú idir CLG agus Conradh na Gaeilge i mblianta luatha an fichiú haois mar chuid de ghluaiseacht Éire Éireannach agus ba iad an dá chumann chultúrtha ba mhó sa tír iad, leis na céadta míle duine ina mbaill díobh (McGarry 2010:25). Ghríosaigh siad a gcuid ball chun ballraíocht a ghlacadh in eagraíochtaí a chéile agus tháinig borradh faoi chúig faoi líon craobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na tíre idir 1900 agus 1905 (Ó hAilín 1969: 99). Tá tionchar Chonradh na Gaeilge ar CLG le feiceáil sa bheartas teanga a cuireadh i bhfeidhm in CLG ó thús an chéid ar aghaidh (Billings 2013: 32– 53) agus sa seasamh a ghlac CLG maidir le cosc a chur ar bhaill a ghlac páirt i ndamhsaí gallda nó in imeachtaí sóisialta eagraíochtaí gallda (Rouse 2015b: 16). Ar aon dul leis sin, is iomaí club CLG a ghlac cúraimí teanga orthu féin agus chuir craobhacha den Chonradh cluichí Gaelacha chun cinn. Eiseamláir den chumann Éire Éireannach idéalach seo ab ea craobh Thír na nÓg den Chonradh i mBéal Feirste, a chuir tús leis an iomáint sa chathair i 1900: </p> |
| 67 | <gap reason="sampling"/> |
| 68 | <p>San aeráid pholaitiúil seo, reáchtáil CLG feachtas i gcoinne na gcluichí gallda, a bhí mar chuid d’fheachtas níos leithne chun cultúr na hÉireann a ghlanadh de thionchar na hiasachta tríd síos. Tagraíonn Castle don mheon seo mar ‘xenophobic nativism,’ a bhí ‘at times just as racist and intolerant as the colonialist disavowal of the native’ (2001: 238). </p> |
| 69 | </div> |
| 70 | </body> |
| 71 | </text> |
| 72 | </TEI> |