Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame^] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WLH-0007"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Forbairt litríocht Ghaeilge na nÓg, 1926 - 1967 [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>TARA</note></distributor> |
| 15 | <idno>http://hdl.handle.net/2262/79460</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Learned:Humanities"> |
| 19 | <author>Adams, Róisín Louise </author> |
| 20 | <title>Forbairt litríocht Ghaeilge na nÓg, 1926 - 1967</title> |
| 21 | <pubPlace>PLACE</pubPlace> |
| 22 | <publisher>NAME</publisher> |
| 23 | <date when="2015">2015</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract: pages 26-33</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Learned_Humanities</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-16" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p>CAIBIDIL 1: LAETHEANNTA GRÉINE NÓ LAETHANTA DORCHA? - LITRÍOCHT GHAEILGE NA N-ÓG I DTÚSBHLIANTA AN GHÚIM</p> |
| 48 | <p>B'é bunú an Ghúim sa bhliain 1926 an comhartha dóchais ba mhó a bhí ag scríbhneoirí na Gaeilge le fada. (Titley, "An Leanbh" 45)</p> |
| 49 | <p>Ní cás a rá go bhfuil an fiche bliain ó bunaíodh an Gúm ar na tréimhsí is suimiúla ó thaobh na litríochta do dhaoine óga de i gcomhthéacs an stáit nua agus mhúnlú an náisiúin, (S, O Murchú, "Idir Laethanta" 25)</p> |
| 50 | <p>1 Réamhrá</p> |
| 51 | <p>Ba é bunú an Ghúim sa bhliain 1926 an gníomh ba thábhachtaí i bhforbairt litríocht Ghaeilge na n-óg. Fianaise dhaingean a bhí ann go raibh rialtas Shaorstát Éireann chun tacú le hathbheochan na Gaeilge, agus gur tuigeadh go raibh soláthar téacsleabhar agus litríochta ginearálta i nGaeilge riachtanach don athbheochan sin. "...[C]omhartha dóchais …" a bhí ann freisin, mar a deir Titley. ag scríbhneoirí na teanga. a mbíodh an- deacracht acu roimhe sin ag fáil foilsitheoirí chun a saothair a chur i gcló (An tÚrscéal 45). Mar a luadh sa réamhrá, shaor bunú an Ghúim litríocht na Gaeilge ó chúinsí an mhargaidh. go pointe. Bhí tacaíocht an rialtais ag an nGúm, agus ní raibh brabús láithreach ag teastáil ar leabhair chun an comhlacht a choinneáil ar an saol. D'fhág sé sin go raibh deis ag idir litríocht do dhaoine fásta agus litríocht na n-óg teacht faoi bhláth agus margadh a chruthú dóibh féin, neamhspleách ar an seomra ranga. Mar a léireofar tríd síos sa tráchtas seo, deis a bhí ansin nach dtapaítí i gcónaí i gcás litríocht na n-óg, toisc gur dheacair an mhaise é an dlúthcheangal a bhriseadh in intinn daoine idir an scoil agus leabhair Ghaeilge do dhaoine óga.</p> |
| 52 | <p>Sa chaibidil seo tabharfar cuntas gairid ar bhunú an Ghúim agus ar na mórlochtanna a bhain leis an gcomhlacht sin ón tús. Breathnófar ansin ar na chéad leabhair do dhaoine óga a d'fhoilsigh an Gúm mar litríocht ghinearálta, seachas mar áiseanna scoile. agus ar an gcaoi ar éirigh leis na leabhair sin. Pléifear ach go háirithe an dá chnuasach scéalta Sgéalta ón Radio (Ó Cuív 1931) agus Fí-Fá-Fum (Mac Giollarnáth agus Perrault 1931) agus an tsraith leabhrán Laetheannta Gréine, ar foilsíodh 25 imleabhar inti idir 1932 agus 1939. Cé nach féidir a rá go raibh mórán ratha ar chéad iarrachtaí seo an Ghúim chun litríocht Ghaeilge na n-óg a chur ar a bonnaibh, is fiú breathnú ar na leabhair seo chun tuiscint a fháil ar dhearcadh mhuintir an Ghúim agus ar dhearcadh phobal Shaorstát Éireann ar leabhair Ghaeilge do pháistí ag an am.</p> |
| 53 | <p>2 Blianta Luatha an Ghúim</p> |
| 54 | <p>2.1 Bunú an Ghúim</p> |
| 55 | <p>Ba go luath i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann a thosaigh an Roinn Oideachais ag cur is ag cúiteamh faoin nganntanas leabhar a bhí ar fáil i nGaeilge. Conradh na Gaeilge a bhí mar phríomhfhoilsitheoir leabhar Gaeilge ag tús an chéid - chuir sé 105 leabhar i gcló idir 1893 agus 1918 (Ui Laighléis 185). Tháinig meath mór ar an eagraíocht sin agus ar líon a fhoilseachán, áfach, i ndiaidh Éirí Amach 1916 (Uí Laighléis 185). Corrthéacsleabhar scoile agus léitheoirí ranga a bhíodh á bhfoilsiú ag leithéidí Bhrún agus Uí Nualláin, Chomhlacht Oideachais na hÉireann agus Mhuintir Fhallamhain, comhlachtaí príobháideacha Éireannacha, agus ba bhocht an caighdeán a bhíodh orthu go minic. Ba dheacair d'údar ar bith foilsitheoir a fháil a bheadh toilteanach dul sa seans agus glacadh le leabhar Gaeilge. An t-aon mhargadh cinnte a bhí ann do leabhair Ghaeilge ná lucht na scoileanna, agus idir athruithe curaclaim, cath an dá chló agus ceisteanna litrithe agus canúna, bhí sé i bhfad Éireann ní b'fhusa agus ní ba shábháilte d'fhoilsitheoirí cloí le leabhair Bhéarla. Bhí an ganntanas leabhair scoile i nGaeilge ach go háirithe ag cur isteach go mór ar iarrachtaí an rialtais nua an córas oideachais a Ghaelú. Níor leor an dornán beag téacsleabhar míshlachtmhar a bhí á chur ar fáil ag na comhlachtaí thuas. Rinne Seoirse Mac Niocaill, cigire leis an Roinn Oideachais, a mhachnamh ar an scéal i 1924 agus chuir sé tuarascáil faoi bhráid Phroinnsias Uí Dhubhthaigh, leas-rúnaí na Roinne sin, faoi dtaobh de. Mhol sé don Roinn coiste a chur ar bun a chuirfeadh airgead ar fáil d'údair Ghaeilge ar mhian leo leabhar a chur i gcló. Ba dhóchasach tnútháin Mhic Niocaill faoi rath na leabhar faoin "ngúm' sin:</p> |
| 56 | <gap reason="sampling"/> |
| 57 | <p>Mheas Mac Niocaill go raibh sé tábhachtach go mbeadh lámh ag an Roinn i gcur le chéile agus i bhfoilsiú na leabhar, go seachnófaí an droch-chaighdeán a bhí ar fhormhór na dtéacsleabhar an uair sin:</p> |
| 58 | <gap reason="sampling"/> |
| 59 | <p>Is ag caint ar leabhair scoile amháin a bhí Mac Niocaill sa tuarascáil seo. Ag an tús, níorbh í aidhm na Roinne Oideachais bacadh le saothair litríochta ginearálta ina 'gúm' nua ar chor ar bith. ] 1925, cuireadh cor eile sa scéal, áfach. Mhol an tAire Airgeadais, Earnán de Blaghd, gur chóir don choiste leabhar ar bith a bheadh luachmhar do scoláirí a ghlacadh san áireamh freisin (Comhad G008). Bheadh nóta taobh istigh de chlúdach na leabhar seo le tabhairt le fios go raibh an leabhar measta ag an rialtas i gcomhair na scoileanna. Ba faoin gcuid seo den scéim a foilsíodh roinnt úrscéalta agus cnuasach gearrscéalta atá dírithe ar an aos óg, mar a luadh sa réamhrá, ach nach mbeidh me' á bplé san anailís seo toisc gur i gcomhair na scoileanna a ceapadh iad seachas mar léitheoireacht neamhspleách don duine óg. Ba i Nollaig 1926, nuair a bhí Coiste na Leabhar, mar a tugadh air, ag obair leis le seacht mí, a moladh den chéad uair gur chóir don Ghúm litríocht ghinearálta i nGaeilge a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, seachas do na scoláirí amháin. Scríobh Seosamh Ó Néill, Rúnaí na Roinne Oideachais, chuig Rúnaí na Roinne Airgeadais, ag cur riachtanas na scéime seo in iúl dó:</p> |
| 60 | <gap reason="sampling"/> |
| 61 | <p> D'aontaigh an Roinn Airgeadais leis an moladh seo, agus cuireadh coiste nua, Coiste na bhFoilseachán, ar bun chun plé leis na saothair litríochta ginearálta. Díol suntais é amach is amach a laghad spéise a léiríodh i litríocht na n-óg sna moltaí thuas cé gur ghlac an cineál sin litríochta áit lárnach sa scéim de réir a chéile, mar a fheicfear.</p> |
| 62 | <p>Níor fhear chuile dhuine sa tír fíorchaoin fáilte roimh scéim nua na Roinne Oideachais. A mhalairt ar fad a bhí i gceist i gcás na gcomhlachtaí príobháideacha foilsitheoireachta in Éirinn. Ghabh eagla iad arna chloisteáil faoin scéim dóibh. Bhí siad buartha faoin dochar a dhéanfadh teacht ar an bhfód comhlacht foilsitheoireachta a raibh tacaíocht an rialtais aige don tionscal foilsitheoireachta in Éirinn. Scríobh Alfred O'Rahilly, Cláraitheoir Ollscoil Chorcaí agus an duine a bhí i gceannas ar chomhlacht foilsitheoireachta na hOllscoile, chuig an Roinn Oideachais i 1925 lena bhuairteanna faoin scéim nua a chur in iúl: </p> |
| 63 | <gap reason="sampling"/> |
| 64 | <p>Bhí eagla ar O'Rahilly nach mbeadh na comhlachtaí neamhspleácha foilsitheoireachta in ann a gcuid leabhar a chur in iomaíocht le leabhair a bheadh ní ba shaoire, agus a mbeadh aitheantas an rialtais acu. Is aige a bhí an ceart, mar a fheicfear. Nocht W. G. Lyon, stiúrthóir Chomhlacht Oideachais na hÉireann, na buairteanna céanna i 1926, agus bhagair se' go mbeadh ar a chomhlacht éirí as a bheith ag plé le leabhair Ghaeilge dá dtosódh an Roinn ag foilsiú leabhair scoile:</p> |
| 65 | <gap reason="sampling"/> |
| 66 | <p>Míníodh don bheirt acu - O'Rahilly agus Lyon - nár chúis bhuartha dóibh an scéim seo (Comhad 0008). Ba é an córas a bhí leagtha amach ná seo a leanas: Mheasfadh baill Choiste na Leabhar (a phléigh leis na leabhair scoile) agus baill Choiste na bhFoilseachán (a phléigh leis an litríocht ghinearálta) na leabhair a sheolfaí chucu. Dá mbeidís sásta leo chuirfí in eagar iad agus sheolfaí ar aghaidh chuig Oifig an tSoláthair iad. Bhí Oifig an tSoláthair i gceannas ar chuile rud a d'fhoilsigh an rialtas, idir thuarascálacha agus cháipéisí dlíthiúla. D'earcódh an Oifig an comhlacht foilsitheoireachta Éireannach ba shaoire chun na leabhair a fhoilsiú. Bheadh lámh ag an Roinn i ndearadh an leabhair agus i bpraghas an leabhair, ach d'fhágfaí cúrsaí eile foilsitheoireachta, mar aon le cúrsaí margaíochta agus díolacháin, faoin gcomhlacht foilsitheoireachta féin. Bheadh ainm an chomhlachta foilsitheoireachta ar an leabhar.</p> |
| 67 | <p>De réir a chéile, áfach, ghlac Oifig an tSoláthair ní ba mhó freagrachtaí chucu féin, ag plé leis na clódóirí thar ceann an Ghúim agus i bhfeighil ar chúrsaí margaíochta agus díolacháin (Uí Laighléis l94-l95). Fuair siad cead a bheith mar fhoilsitheoir ar na leabhair a foilsíodh mar litríocht ghinearálta ag deireadh na bliana 1930, agus mar sin is í Oifig an tSoláthair, nó an Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais (an áit ar díoladh gach rud a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair) atá ainmnithe mar fhoilsitheoirí ar na leabhair ar fad de chuid an Ghúim a phléifear sa tráchtas seo (Comhad G008). I 1933 fuarthas réidh leis an dá Choiste agus fostaíodh eagarthóirí lánaimseartha agus léirmheastóirí páirtaimseartha ina n-áit (Uí Laighléis 193). Tháinig an Gúm ar an bhfód.</p> |
| 68 | <p>Is minic a dhéantar gearán faoi ghníomhartha an Ghúim ina thúsbhlianta. Ceann amháin de na gearáin sin, pléadh thuas é .i. nach raibh sé ar chumas comhlachta foilsitheoireachta ar bith eile dul in iomaíocht leis an nGúm. Monaplacht a bhí ag an nGúm ar fhoilsiú leabhar Gaeilge ar feadh tamaill fhada, mar sin, agus is léir gur imir an easpa iomaíochta sin drochthionchar ar chaighdeán na leabhar a bhí á bhfoilsiú acu. Ní raibh brú ar bith ar an nGúm leabhair den chéad scoth a chur i gcló, nó fiú éisteacht róghéar le cúrsaí an mhargaidh, toisc nach raibh mórán iomaíochta acu sa mhargadh sin. Cé gur bhuntáiste go pointe é nach raibh an Gúm faoi smacht ag an margadh, agus go bhféadfadh siad freastal ar léitheoirí na Gaeilge gan a bheith buartha faoi bhrabús láithreach a dhéanamh, míbhuntáiste a bhí ann sa chaoi gur spreag sé leisce sa Ghúm () thaobh taighde margaidh de. Anuas air sin, níor chomhlacht príobháideach é an Gúm, agus mar sin ní raibh duine ar leith freagrach as - airgead an rialtais a bhí á chur isteach ann, airgead an phobail. Níor chuir Oifig an tSoláthair mórán stró orthu féin riamh i gcúrsaí poiblíochta agus margaíochta. Ba ar an scríbhneoir féin go minic a thit an dualgas aird a tharraingt ar fhoilsiú a leabhair, agus i gcás Marion King, údar agus maisitheoir pictiúrleabhar a phléifear i gcaibidil a dó, ba mhór an chonstaic seachas an chabhair a bhí san Oifig chéanna. Níor tháinig aon athrú ar an scéal sin go dtí 1945, nuair a bhunaigh Seán Ó hÉigeartaigh agus Bríd Uí Éigeartaigh an comhlacht Sáirséal agus Dill.</p> |
| 69 | <p>Locht eile a chuirtear i leith an Ghúim go mion minic ná gur chaith siad an iomarca ama agus airgid ag foilsiú aistriúchán, agus is ina bhlianta luatha a chaith siad an dua is mó leis an scéim sin. In An Roinn Oideachais Tuarasgabháil 1936-37, cuir i gcás, fógraíodh go raibh 383 leabhar foilsithe ag an nGúm don phobal i gcoitinne go dtí sin, agus gurbh aistriúcháin iad 227 leabhar díobh (124). Ba ón mBéarla a aistríodh a bhformhór, cuirim i gcás Dr Jekyll agus Mr Hyde (Stevenson 1930), Viocáire Wakefield (Goldsmith 1931), Saile Ní Chaomhánaigh (Kickham 1932) agus Amhránaidhe Breathnach (Raine 1933) gan ach líon beag samplaí a lua. Dhéantaí an gearán go minic go raibh an bhéim seo ar thábhacht an aistriúcháin ag déanamh beag is fiú den litríocht dhúchasach, Níos measa fós. deirtí go raibh obair an aistritheora ag milleadh scileanna cumadóireachta agus chumas Gaeilge na n-aistritheoirí agus ag déanamh fíordhochair do litríocht na Gaeilge dá dheasca (Titley, An tÚrscéal 46; O'Leary, Gaelic Prose 376). Feicfimid ar ball an tionchar a d'imir na haistriúcháin seo ar fhorbairt litríocht Ghaeilge na n-óg.</p> |
| 70 | <p>De réir Mháirín Nic Eoin, "Ar go leor bealaí ba namhaid don litríocht chruthaitheach an Gúm mar...cheangail sé an litríocht le polasaí stáit, rud nach bhfuil sláintiúil ar bhealach ar bith don fhíorchumadóireacht" (An Litríocht 28). Tuairim í seo a bhí thuas i mblianta luatha an Ghúim freisin. Ag breathnú ar dhul chun cinn an chomhlachta in alt in Bonaventura i 1937, scríobh Roibeárd Ó Faracháin:</p> |
| 71 | <gap reason="sampling"/> |
| 72 | <p>Ba chuma a dhíograisí is a bhí muintir an Ghúim féin, bhí maorlathas na státseirbhíse á dtachtadh. Bhíodh ar an nGúm a bheith ag plé go rialta leis an Roinn Oideachais agus leis an Roinn Airgeadais, rud a chuireadh moill ar ghnó an chomhlachta. </p> |
| 73 | </div> |
| 74 | </body> |
| 75 | </text> |
| 76 | </TEI> |