Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame^] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WPH-001"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>The Wire [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| 15 | <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/The_Wire</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Popular:Humanities"> |
| 19 | <author>Wiki</author> |
| 20 | <title>The Wire</title> |
| 21 | <pubPlace>PLACE</pubPlace> |
| 22 | <publisher>https://ga.wikipedia.org/wiki/</publisher> |
| 23 | <date when="YYYY">YYYY</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Popular_Humanities</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-02" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p> Is sraith theilifíse í The Wire ó na Stáit Aontaithe a leanann caraictéírí éagsúla sa chathair Baltimore, go háraithe na póilíní agus lucht drugaí na cathrach. Thosaigh The Wire ar 2 Meitheamh 2002 agus cuireadh stop leis ar 9 Márta 2008 (an cúigiú séasúr; 60 eipeasóid san iomláin). Bhí an tsraith á thaispeáint ar HBO i Méiriceá, agus ar TG4 in Éirinn. Bhí David Simon go mór pairteach i gcruthú, scríobh agus léiríú na sraithe. Ní raibh an tsraith rathúil ag an am. </p> |
| 48 | <p> Tugann an clár léiriú réalaíoch ar saol urbach agus ag déanamh staidéar domhain ar théamaí sochpholaitiúla. Diríonn gach séasúr ar gné difriúl de chathair Baltimore. Sa chéad séasúr, trádál neamhdleathach drúgaí, ansin, an phort, rialtas na cathrach agus fadhbanna maorlathas, scoil agus na paistí, nuachtán. Deireann Simon cé go bhfuil an tsraith chuirthea ós ár gcomhair mar dráma coiriúl, tá an clár i ndáiríre cur síos fíor ar an gcathair Mhéiriceánach.[1] </p> |
| 49 | <p> Clár ábhair </p> |
| 50 | <p> Tá sé ráite ag Simon go raibh fonn air drámaíocht póilíneachta a chruthú bunaithe ar na taithí a chomhpháirtí scríbhneoireachta Ed Burns , iar-bhleachtaire dúnbhásaithe agus múinteoir scoile a d'oibrigh le Simon ar thionscadal níos luaithe a thugadh The Corner (2000) air. Is minic a chuireadh an Roinn Póilíneachta Baltimore bac ar Burns agus é ag obair ar imscrúduithe fada ar dhéileálaithe drugaí foréigneacha a úsáideann teicneolaíocht faireachais. Chonaic Simon cosúlachtaí lena fhadhbanna de chuid féin mar thuairisceoir póilíní don nuachtán The Baltimore Sun. </p> |
| 51 | <p> Roghnaigh Simon an seó a shuí i mBaltimore mar gheall ar an eolas a bhí aige ar an gcathair. Nuair a bhí sé ina scríbhneoir agus ina léiritheoir don chlár NBC Homicide: Life on the Street, bunaithe ar a leabhar Homicide: A Year on the Killing Streets (1991), atá suite i Baltimore, bhí Simon i gcoimhlint le feidhmeannaigh líonra NBC a bhí míshásta le éadóchas an tseó. Chun na haighnis seo a sheachaint, roghnaigh Simon The Wire a thabhairt go HBO, mar gheall ar a gcaidreamh oibre maith ón sraith The Corner. Bhí amhras ar HBO ar dtús faoi dhráma póilíneachta ach aontaigh sé eagrán píolótach a léiriú.[2] Labhair Simon le méara Baltimore, ag insint dó gur theastaigh uaidh léargas gruama a thabhairt ar ghnéithe áirithe den chathair. Cuireadh fáilte roimhe obair ann arís. Dúirt sé go raibh súil aige go n-athródh an seó roinnt tuairimí lucht féachana ach nach raibh sé dóchasach go mbeadh tionchar aige ar na saincheisteanna a phléitear sa sraith.[3] </p> |
| 52 | <p> Chuir Simon síos ar an dara séasúr mar "machnamh ar bhás na hoibre agus ar bhrath an lucht oibre Meiriceánach ... tá sé ina argóint d'aon ghnó nach gcuireann caipitleachas neamhrialaithe agus nualiobrálachas ionad an bheartais shóisialta; tá sé i gceist go ndéanfadh an caipitleachas freastal ar an líon beag daoine ar chostas an iliomad daoine."[4] Dúirt sé freisin go ndéanann an tríú séasúr "machnamh ar leasú agus leasaitheoirí, agus cibé an bhfuil aon seans go bhfuil próisis pholaitiúla, atá calctha go fada, in ann na fórsaí atá i gcoinne daoine aonair a mhaolú." Is allagóire é an tríú séasúr freisin a dhéannan comparáid soiléire idir Cogadh na hIaráice agus an cosc ar dhrugaí, a bhfuil teipthe air i dtuairim Simon agus a tháinig chun bheith ina chogadh in aghaidh fho-aicme Mheiriceá.[4][5][2] Is é Major Colvin a léirigh é seo, agus é ag cur in iúl do Carver go bhfuil cogadh déanta de phóilíneacht agus dá bhrí sin ní éireoidh leis a chuid aidhmeanna. </p> |
| 53 | <p> De réir an scríbhneoir Ed Burns, a bhí ag obair mar mhúinteoir scoile tar éis dó dul ar scor ó fhórsa póilíneachta Baltimore go gairid sula ndeachaigh sé ag obair le Simon, is é oideachais an téama don cheathrú séasúr. Seachas díriú ar an gcóras scoile amháin, féachann an séasúr ar scoileanna mar chuid éadaingean den phobal a bhfuil fadhbanna taobh amuigh dá teorainneacha leo. Deir Burns go dtagann oideachas ó go leor foinsí seachas scoileanna agus gur féidir oideachas a thabhairt do leanaí ar bhealaí eile, lena n-áirítear teagmháil leis na mangairí drugaí a bhfuil siad ag obair dóibh.[6] Measann Burns agus Simon an téama mar dheis chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a éiríonn daoine mar na carachtair choiriúla an tseó, agus leis an argóint a léiriú nach gcúitítear obair chrua i gcónaí mar is cóir. </p> |
| 54 | <p> Mífheidhmiú institiúideach </p> |
| 55 | <p> D'aithin Simon na heagraíochtaí a cuirtear i láthair sa seó — Roinn Póilíneachta Baltimore, Halla na Cathrach, an córas oideachais, eagraíocht gáinneála drugaí Barksdale, an nuachtán Sun Baltimore, agus ceardchumann na stíbheadóirí — mar institiúidí inchomparáide. Tá siad mífheidhmiúil go léir ar bhealach éigin, agus is iondúil go ndéannann siad feall ar na carachtair a nglacann siad leo ina saol. Tá tuairim curtha in iúl ag ceann de na bleachtaireachta — "Shit rolls downhill" - a dhéanann cur síos ar an dóigh a ndéanfaidh daoine, go háirithe pearsana i sraitheanna níos airde de chuid na Roinn Póilíneachta, iarracht a n-íochtaráin a úsáid mar cheap milleáin le haghaidh aon mhór-scannail. Chuir Simon síos ar an seó mar "chiniciúil faoi institiúidí" cé go raibh cur chuige daonnúil aige i leith a charachtair.[5] Téama lárnach a forbraíodh ar fud an tseó is ea an coimhlint idir mianta aonair agus géilleadh do spriocanna an ghrúpa. </p> |
| 56 | <p> Faireachais </p> |
| 57 | <p> Is cuid lárnach den tseó é faireachas leictreonach agus gaireas cúléisteachta á úsáid ag na póilíní — sin an chúis a bhfuil an teideal The Wire air. Chuir Salon.com síos ar an teideal mar mheafar do thaithí an lucht féachana: cuireann gaireas cúléisteachta rochtain ar domhan rúnda ar fáil do na póilíní, díreach mar a dhéanann an seó don lucht féachana.[7] Phléigh Simon úsáid radhairc de físfhaireachas, nó radhairc is cosúil a tógadh ón trealamh féin, chun béim a chur ar mhéid faireachais sa saol comhaimseartha agus an gá ag na carachtair leis an fhaisnéis seo a scagadh tríd.[8] </p> |
| 58 | <p> Tugann an chéad séasúr dhá mhórghrúpa carachtair isteach: Roinn Póilíneachta Baltimore agus an eagraíocht gáinneála drugaí Barksdale. Leanann an séasúr imscrúdú na bpóilíní ar an dara grúpa ar feadh a 13 eipeasóid. Cuirtear tús leis an imscrúdú nuair a bhuaileann an Bleachtaire Jimmy McNulty go príobháideach leis an mBreitheamh Daniel Phelan tar éis an t-éigiontú D'Angelo Barksdale as dúnmharú nuair a athraíonn príomhfhinné a scéal. Insíonn McNulty do Phelan gur dócha go gcur baill d'impireacht gáinneála a reáchtáil uncail D'Angelo, Avon Barksdale, imeagla ar an t-fhinné tar éis dó roinnt aghaidheanna a aithint sa triail, go háirithe an leascheannasaí, Stringer Bell. Insíonn sé freisin do Phelan nach bhfuil aon duine ag déanamh imscrúdú ar ghníomhaíocht choiriúil Barksdale, lena n-áirítear cuid mhór de mangaireacht drugaí na cathrach agus roinnt dúnmharuithe gan réiteach. Is éard a dhéanann Phelan faoin thuairisc McNulty ná gearán a dhéanamh le figiúirí sinsearacha na Roinn Póilíneachta, agus náire a chur orthu sa dóigh is go gcruthaíonn siad buíon atá dírithe ar Barksdale a imscrúdú. </p> |
| 59 | <p> Ach, mar gheall ar mhífheidhm na roinne, níl ach síneadh é an t-imscrúdú chun an breitheamh a shuaimhniú. Leannan achrann idir-rannach den fiosrúchán iomlán idir na hoifigigh níos spreagtha sa ghrúpa agus iadsan atá os a gcionn, agus is minic a bhíonn cur isteach ar an dara grúpa ag bagairt ar an imscrúdú. Bíonn ceannasaí na na mbleachtairí, Cedric Daniels, ina idirghabhálaí idir an dá ghrúpa atá i gcoinne a chéile. Idir an dá linn, déantar iniúchadh ar drong eagraithe agus aireach Barksdale trí charachtair ag leibhéil éagsúla laistigh de. Cuireann buíon robálaithe faoi cheannas Omar Little olc ar an eagraíocht go leanúnach, agus tá roinnt básanna mar thoradh ar an t-achrann. Ar feadh an ama, bíonn coinsias D'Angelo ag cur as dó faoina shaol coiriúlachta agus na daoine a bhíonn tionchar orthu mar gheall air. </p> |
| 60 | <p> Is beag rath a bhí ag na póilíní le gabhálacha ar leibhéal na sráide nó le spiairí a fháil seachas Bubbles, andúileach aithnidiúil ó thaobh thiar na cathrach. Faoi dheireadh téann an t-imscrúdú treo an fhaireachais leictreonaigh, le gairis cúléisteachta agus clónna glaoirí chun na bearta slándála a dhéanann eagraíocht Barksdale a insíothlú. Tugann sé seo an imscrúdú chuig réimsí a raibh súil ag na hoifigigh ceannais iad a sheachaint, síntiúis polaitiúla san áireamh. Nuair a ghabhann na póilíní comhghleacaí de chuid Avon Barksdale agus nuair a thairgeann sé comhoibriú, ordaíonn na hoifigigh an bhuíon trap a dhéanamh chun críoch a chur leis an cás. Gortaítear an Bleachtaire Kima Greggs go dona san oibríocht, rud a spreagann freagra ródhíograiseach ón gcuid eile den roinn. Músclaíonn sé seo amhras san eagraíocht Barksdale go bhfuil siad faoi imscrúdú. </p> |
| 61 | <p> Déanann a chairde Bodie agus Poot dúnmharú ar Wallace, ar ordú Stringer Bell, tar éis dó a shocrúchán "slán" a fhágáil le gaolta agus filleadh ar Bhaltimore. Gabhtar D'Angelo Barksdale i ndeireadh na dála ag iompar cileagram de hearóin neamh-mhaolaithe, agus nuair a fhoghlaimíonn sé faoin dúnmharú Wallace, tá sé réidh le iompú in aghaidh a uncail agus Stringer. Mar sin féin, cuireann máthair D'Angelo ina luí air an déileáil a chealú agus na cúisimh a ghlacadh leis ar mhaith lena theaghlach. Éiríonn leis an bhuíon Avon a ghabháil ar mhionchúis agus faigheann siad ar cheann dá shaighdiúirí, Wee-Bey, an chuid is mó de na dúnmharuithe a admháil, cuid acu nach ndearna sé. Éalaíonn Stringer Bell ionchúiseamh agus fágtar é ag rith an impireacht Barksdale. Maidir leis na bleachtairí, is iad na torthaí dian orthu ón olc a chur ar na hoifigigh os a gcionn; tá Daniels faghta ar lár nuair atá ardú céime á thabhairt agus aistrítear McNulty ón dúnbhású go dtí na gardaí cósta. </p> |
| 62 | <p> Mar aon lena scrúdú leanúnach ar fhadhb na ndrugaí agus an tionchar a bhíonn aige ar na bochtáin uirbeacha, scrúdaíonn an dara séasúr drochdhóigh i measc oibrithe bóna ghoirm mar atá léirithe ag stíbheadóirí i gcalafort na cathrach, nuair a tharraingítear cuid acu i smuigléireacht drugaí agus contrabhanna eile sna coimeádáin loingseoireachta a théann tríd a gcalafort. I bhfo-phlota séasúir, leanann eagraíocht Barksdale a ngáinneáil ar dhrugaí in ainneoin príosúnachta Avon, le Stringer Bell ag glacadh le níos mó cumhacht. </p> |
| 63 | <p> Tá cloch sa mhuinchille ag McNulty dá iar-cheannasaithe as é a athshannadh chuig an gardaí cósta. Nuair a fhaightear trí bhean óg déag anaithnide marbh i gcoimeádán ag na duganna, déanann McNulty iarracht mhór chun na dúnmharuithe a chur laistigh de dhlínse a iar-cheannasaí. Idir an dá linn, téann An Maor Stan Valchek chun achrann le Frank Sobotka, cheannaire Polannach-Mheiriceánach den "International Brotherhood of Stevedores", ceardchumann ficseanach na ndugairí, faoi síntiúis iomaíocha dá sean-eaglais chomharsanachta. Éilíonn Valchek buíon chun Sobotka a fhiosrú. Cuirtear agallamh ar Cedric Daniels mar bhí sé molta ag ag Prez, cliamhain an Maor Valchek, agus mar gheall ar a chuid oibre ar chás Barksdale freisin. Roghnaítear é le bheith i gceannas ar an bhuíon atá ceaptha chun Sobotka a fhiosrú; nuair a chuirtear an t-imscrúdú i gcrích tugtar a bhfocal do Daniels go haistreoidh sé suas go n-aonad speisialta le pearsanra a roghnóidh sé. </p> |
| 64 | <p> Tá saol na n-oibrithe bóna ghoirm ag éirí níos crua agus tá an obair gann. Mar cheannaire ceardchumainn, tá Sobotka tar éis glacadh leis féin chun athbheochan a dhéanamh ar an gcalafort trí stocaireacht a dhéanamh ar pholaiteoirí chun tacú le tionscnaimh feabhsúcháin bonneagair a bhfuil géarghá leo. Gan na cistí a theastaíonn le haghaidh an chineáil tionchair seo, tá baint ag Sobotka le buíon smuigleála. Chomh maith leis seo, tá a mhac agus a nia dulta i muinín na coiriúlachta freisin, mar is beag deiseanna eile atá acu airgead a thuilleamh. Is léir do bhuíon ag fiosrú Sobotka go mbaineann na mná marbha lena n-imscrúdú, mar go raibh siad i gcoimeádán a bhí le smuigleáil tríd an gcalafort. Baineann siad úsáid arís as gaireas cúléisteachta chun an drong coireachta a insíothlú agus déanann siad go mall a mbealach suas an slabhra i dtreo 'An Gréagach', an fear mistéireach i gceannas na heagraíochta. Ach tarraingíonn Valchek an FBI isteach san imscrúdú, mar tá sé míshásta gur bhog an aird ón Sobotka. Tá brathadóir ag 'An Gréagach' taobh istigh den FBI agus tosaíonn sé deireadh a chur lena chuid ceangail le Baltimore nuair a fhoghlaimíonn sé faoin imscrúdú. </p> |
| 65 | </div> |
| 66 | </body> |
| 67 | </text> |
| 68 | </TEI> |