Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame^] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WPH-007"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Máirtín Ó Cadhain [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| 15 | <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/M%C3%A1irt%C3%ADn_%C3%93_Cadhain</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Popular:Humanities"> |
| 19 | <author>Wiki</author> |
| 20 | <title>Máirtín Ó Cadhain</title> |
| 21 | <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| 22 | <publisher>Vicipéid</publisher> |
| 23 | <date when="YYYY">YYYY</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Popular_Humanities</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p> Rugadh ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gConamara é. Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine dhéag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí, agus dá bhean Bríd Ní Chonaola. Duine dá dheartháireacha ba ea Seosamh Ó Cadhain. Um Meitheamh 1911 thosaigh sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta an Spidéil. </p> |
| 48 | <p> Bhuaigh an Cadhnach scoláireacht an Rí sa bhliain 1923 nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é. Chaith sé an tréimhse 1924–26 ag staidéar le bheith ina mháistir scoile i nDroim Conrach. </p> |
| 49 | <p> Ba dhuine teasaí, ceanntréan an Cadhnach.[4] Bhí Ó Cadhain ina éan corr i gColáiste Phádraig is cosúil, cuireadh ó phost é ar an gCarn Mór de bharr go raibh sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann. </p> |
| 50 | <p> Múinteoir náisiúnta a bhí ann ón mbliain 1926 go dtí 1936 agus bhí sé ina rúnaí áitiúil don INTO sa bhliain 1930. Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i nDaighinis agus i gcathair na Gaillimhe ceapadh ina phríomhoide i gCamas é agus bhí ann go 1932. Níor éirigh leis, áfach, mórán faid a bhaint as an obair seo, nó bhí baint aige le hÓglaigh na hÉireann (IRA), agus suim aige sa Sóisialachas freisin. </p> |
| 51 | <p> Faoi 1926 bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin um Shamhain, 1929. Má fhágaimid ailt, litreacha agus óráidí faoi staid na Gaeltachta as an áireamh, is ábhar béaloidis is mó a bhí á chur i gcló aige anuas go 1938; scéalaithe ba ea a athair, a mháthair, agus a uncail. </p> |
| 52 | <p> Bhí baint aige, agus é i gCamas go fóill, leis an IRA, é ina cheann feadhna ar na hÓglaigh ann. Mar sin, ní raibh sé ag réiteach go maith leis na sagairt ná le húdaráis eile. Briseadh as a phost é toisc baint a bheith aige leis na hÓglaigh. </p> |
| 53 | <p> Coláiste Phádraig, Droim Conrach </p> |
| 54 | <p> Chaith an Cadhnach ansin tréimhse mar spailpín agus mar thimire. Ag deireadh na dtríochaidí bhí sé mar oifigeach earcaíochta leis an IRA. B'eisean a thóg Breandán Ó Beacháin isteach san eagraíocht i measc daoine eile. [5] Bhí an-mheas aige ar an oidhreacht a fuair sé óna mhuintir An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol scaití, de mo bhuíochas. </p> |
| 55 | <p> I dtús an Dara Cogaidh Dhomhanda, tharraing an Cadhnach seantithe éigin anuas air, agus gabhadh é in éineacht le cuid mhaith daoine eile a raibh baint ar bith acu leis an IRA. Gabhadh é Meán Fómhair 1939 agus as sin go mí na Nollag bhí sé i ngéibheann i mBeairic Chnoc an Arbhair. Bhí Ó Cadhain mar Rúnaí an Fháinne sa bhliain 1939. Níos déanaí, sa champa imthreoranaithe sa Churrach féin ba mhó a raibh suaimhneas air, áit a bhí saor ó thionchar an ghnáthphobail. Go deimhin, ní raibh fonn air é a fhágáil is cosúil. </p> |
| 56 | <p> I Mí Aibreán 1940 gabhadh an Cadhnach tar éis dó aitheasc a thabhairt ag sochraid Tony Darcy, príosúnach poblachtach a fuair bás i bPríosún Mhuinseo ar stailc ocrais. Coinníodh i ngéibheann i gCurrach Chill Dara é le linn Ré na Práinne i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda ós rud é go raibh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain 1918 anonn. In Aibreán a cuireadh i ngéibheann arís é, agus níor scaoileadh saor é go 26 Iúil, 1944. Bhain sé deis as an tréimhse seo le cur lena chuid léinn is léigh sé mórán i dtaobh stair na hEorpa agus an litríocht a roinn léi. Dar le roinnt tá feabhas le sonrú ar a chuid scríbhneoireachta tar éis dó an campa a fhágáil. </p> |
| 57 | <p> ‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóp agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe. Níl mé cinnte nach raibh baint ag an iomtheorannú leis an scéal’. Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar Cré na Cille dó, na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh; ach bréagnaíonn an Cadhnach féin seo. [6]. </p> |
| 58 | <p> Spéisiúil go leor ach ní raibh fonn air an áit a fhágáil. níl tnúthán ar bith agam féin len a dhul amach…Bheinn chomh sásta istigh agus a bheinn amuigh.[7]. Dar le léirmheastóirí tá atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha seo a chuir sé chuig Tomás Bairéad). </p> |
| 59 | <p> Thit an Cadhnach amach le ceannasaíochta an IRA agus é ann. Níor chreid Ó Cadhain gur chóir tús a chuir le feachtas buamála de bharr gur cheap sé nach raibh an eagraíocht ullamh le tabhairt faoi. </p> |
| 60 | <p> Thosaigh sé rang Gaeilge istigh chomh maith[8], agus is iomaí Óglach de chuid an IRA a d'fhoghlaim an teanga ón gCadhnach. Is ag Máirtín a bhí an t-ardrang Gaeilge agus deirtear gurbh iontach an múinteoir é. Lár na bliana 1943 ceapadh é ina chathaoirleach ar an gcoiste oideachais a raibh mar chúram aige na ranganna a eagrú. Níos deireanaí an bhliain chéanna bhí baint aige le coiste a chur ar bun chun straitéis a cheapadh don IRA, nuair a scaoilfí amach na príosúnaigh ag deireadh an chogaidh. </p> |
| 61 | <p> An Currach </p> |
| 62 | <p> De bharr na moltaí a chuir Ó Cadhain chun cinn gur cheart na hairm a dhumpáil ar feadh píosa, caitheadh amhras air agus cuireadh ar fionraí é ón IRA in éindí le baill eile an choiste `pending court martial'. Le linn a fhionraíochta ón IRA sa champa géibhinn, bhí deis aige díriú ar a chuid scríbhneoireachta mar nach raibh dualgas air ná cead aige ranganna a mhúineadh a thuilleadh ná a eagrú. Tugadh bord agus cathaoir dó, cé nár iarr sé aon phribhléid, agus luigh sé isteach ar an scríbhneoireacht. Ceadaíodh dó a chuid scríbhinní a chur amach as an gcampa chomh maith. Le linn na tréimhse sin sa Churrach, chuir sé an díolaim gearrscéalta An Braon Broghach le chéile. </p> |
| 63 | <p> In alt lena chomhghéibheannach, Maitiú Ó Néill, in eagrán speisialta den iris Comhar, a foilsíodh bliain tar éis bhás Uí Chadhain, tugtar léargas ar an gcúis ar cuireadh an Cadhnach ar fionraí ón IRA sa bhliain 1944. Comhar, Deireadh Fómhair, 1971 Faoi Ghlas ag Gaeil le Maitiú Ó Néill; [9] </p> |
| 64 | <p> Tús na Samhna an bhliain chéanna [1943] mhol Máirtín do Liam Leddy, Ceannfort an Champa, coiste a cheapadh le staidéar a dhéanamh ar staid na gluaiseachta agus le moltaí a dhéanamh faoi céard ba cheart a dhéanamh nuair a scaoilfí saor muid. Rinneadh amhlaidh.... Bhí roinnt cruinnithe againn ach is beag an dul ar aghaidh a bhí muid a dhéanamh. Chaill Máirtín a fhoighid. Dúirt sé go scríobhfadh sé féin na smaointe a bhí aige féin faoin scéal agus go ba cheart do chuile dhuine an rud céanna a dhéanamh. Dúradh go bhfanfadh muid le scríbhinn Mháirtín i dtosach. Ag an gcruinniú dar gcionn bhí an scríbhinn faoi réir aige. Ní mó ná go maith a thaitin sé leis an gcuid is mó de na baill. Briseadh mór leis an ngluaiseacht agus leis na modhanna traidisiúnta a moladh. Airm a dhumpáil go ceann píosa. Glacadh go raibh cliste ar an iarracht mhíleata go dtí sin. Séard a theastaigh réabhlóid i gcúrsaí smaointe. Trí eagraíocht a bheith ann, ceann a bhainfeadh leis an teanga agus le cúrsaí cultúrtha, ceann a dhéanfadh bollscaireacht faoin teorainn agus an ceann míleata. Bhí an coiste ar aon intinn gur cheart a dhul tríd an doiciméad agus chuile mholadh ann a chíoradh.... B'shin é an cruinniú deireannach a bhí ann. Fuair muid amach an tráthnóna sin go raibh an scéal curtha ar fud an Champa go raibh muid ag beartú feall a dhéanamh ar an Arm. Cuireadh Leddy agus a Chomhairle de dhroim seoil. Rinneadh amhlaidh leis na fochoistí ar fad, An Coiste Oideachais ina measc. Tugadh gach ball den Choiste, cé's móite de Sheán Ó Néill os comhair cúirt fiosrúcháin rúnda. D'iarr muid cúirt oscailte agus nuair a eitíodh muid, dhiúltaigh muid glacadh leis an bhfiosrúchán rúnda. Fógraíodh ansin go raibh muid `suspended from the Irish Republican Army pending court martial'. Sé an rud is mó a ghoill orainn ina dhiaidh sin nach raibh aon chead againn páirt a ghlacadh i gcúrsaí riaracháin an Champa ná in eagrú cúrsaí oideachais... </p> |
| 65 | <p> Fuair a athair agus a mháthair bás i rith an achair seo. </p> |
| 66 | <p> Sna 1930dí bhí lámh ag an Cadhnach san fheachtas a chuir Nua-Ghaeltacht ar bun i Ráth Cairn na Mí. Ghlac sé páirt i bhfeachtas agóide a bhí ag éileamh tailte níos méithe do mhuintir na Gaeltachta. B'é ba thoradh an fheachtais seo gur cuireadh Gaeltacht nua Ráth Cairn ar bun i gContae na Mí. </p> |
| 67 | <p> I bhFeabhra na bliana 1945 phós an Cadhnach Máirín Ní Rodaigh, oide scoile ó chontae an Chabháin, ach bhí lámh is focal eatarthu le fada roimhe sin. Iníon Philip Ruddy ba ea Máirín agus ba mhúinteoir í i scoil lán-Ghaeilge. Bhí cónaí uirthi féin agus Máirtín i dtithe eágsúla timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus ní raibh aon chlann orthu riamh. </p> |
| 68 | <p> Chuir sclábhaíocht an aistriúcháin sa Dáil as dá chuid scríbhneoireachta, áit a raibh sé ina aistritheoir cáipéisí dlí don Oireachtas ón mbliain 1947 go dtí 1956. </p> |
| 69 | <p> Ba mhinic é ag coimhlint le Fianna Fáil is Fine Gael i ngeall ar neamhshuim is naimhdeas i leith na Gaeilge faoi seach.[10][11] Chuir sé troid orthu siúd agus ar an Language Freedom Movement ó thaobh na Gaeilge de, is níor éalaigh na Gaeilgeoirí féin, a bhí tar éis loiceadh, fiú. Cé go mba shóisialaí é ní raibh sé róthógtha leis na Cumannaigh. [12] </p> |
| 70 | <p> Chaith an Cadhnach na blianta deireanacha dá shaol ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Ceapadh ina ollamh le Gaeilge faoi 1969 é, agus ina chomhalta de chuid Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1970. Ainmníodh léachtlann ina onóir i gColáiste na Tríonóide, Téatar Mháirtín Uí Chadhain.[13] Bhí sé ina aoi-léachtóir in Ollscoil na Banríona chomh maith. [14] </p> |
| 71 | <p> Ba é a bhunaigh Misneach, eagraíocht a bhí dírithe go diongbháilte ar athbheochan na Gaeilge, agus a d'eagraigh stailc ocrais ar son na teanga sa bhliain 1966. </p> |
| 72 | <p> Ba scríbhneoir cruthaitheach Máirtín a rinne an-fhorbairt agus an-aclú ar an nGaeilge mar theanga liteartha. Thóg sé focail ó Ghaeilge na hAlban agus chum sé nua-fhocail amanna. Mar sin féin, chleacht sé gramadach a chanúna féin in áit na gramadaí caighdeánaithe in áiteanna. </p> |
| 73 | <p> Chónaigh sé in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath in imeacht na mblianta ach ba in 12 Garraithe na Gréine i nDartraí, cuid de Rath Maonais, a chaith sé an tréimhse b'fhaide astu sin. </p> |
| 74 | <p> Cailleadh Máirtín Ó Cadhain ar an 18 Deireadh Fómhair 1970, go díreach nuair a bhí cor eile á chur de ag saol agus ag scríbhneoireacht na hÉireann. Bhásaigh sé in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath. Cuireadh i Reilig Chnocán Iaróm é. D'fhág sé go leor scríbhinní neamhfhoilsithe ina dhiaidh a nochtadh de réir a chéile. </p> |
| 75 | <p> Seo a leanas sliocht as óráid Chian Uí Éigeartaigh os cionn uaigh Mháirtín lá a adhlactha, an 20ú lá de Dheireadh Fómhair 1970. </p> |
| 76 | <p> Bhí sé ina scríbhneoir, ina mhúinteoir, ina shaighdiúir, ina scoláire, ina chinnire. Bhí chuile cháilíocht acu sin tugtha chun foirfeachta ann. Ba é an fear ba mhó é dar fáisceadh as an nGaeltacht ó bhí Éire fré chéile ina Gaeltacht... Ach níor ghéill Máirtín riamh don éadóchas. ‘Níor dhúirt muide', ar sé, ‘muide Éireannaigh, gur throid muid ariamh an cath deireanach.’ ‘Sé an dóchas', ar sé arís, ‘an mhaidhmiú chuartach, an chain detonation a fheicim riamh anall i stair na tíre. Na géaga giniúna; an dóchas ag gint an mhisnigh agus an misneach ag gint an gnímh. Don ghlúin atá ag éirí suas agus don ghlúin a chuaigh romhainn, b'eiseamláir, ba chomhartha sóirt againn é ar gach a thuigeamar le hÉirinn, le Gaelachas. Ba é Máirtín a léirigh dúinn brí na bhfocal sin, eisean agus duine nó beirt eile. Ba chomhartha ar a shaol uilig an freagra a thug sé ar an gCanónach i gCarn Mór na Gaillimhe. Arsa an Canónach leis, ‘Ar ndóigh’, ar sé, ‘tá tusa bainteach le hÓglaigh na hÉireann.’ Chun an post a choinneáil, ní chaithfeadh Máirtín a rá ach ‘Cá bhfios duit?' Ach is é a thug sé d’fhreagra, 'Agus má tá, céard faoi?' </p> |
| 77 | </div> |
| 78 | </body> |
| 79 | </text> |
| 80 | </TEI> |