Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame^] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WPN-002"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Ceimic [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| 15 | <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/Ceimic</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Popular:NaturalSciences"> |
| 19 | <author>Wiki</author> |
| 20 | <title>Ceimic</title> |
| 21 | <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| 22 | <publisher>Vicipéid</publisher> |
| 23 | <date when="YYYY">YYYY</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Popular_NaturalSciences</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p> Ceimic </p> |
| 48 | <p> Is í an cheimic an disciplín eolaíoch a bhaineann le dúile agus comhdhúile comhdhéanta d’adamh, móilíní agus iain: a gcomhdhéanamh, a struchtúr, a n-airíonna, a n-iompar agus na hathruithe a dhéantar orthu le linn imoibrithe le substaintí eile. [1][2][3][4] </p> |
| 49 | <p> Faoi raon feidhme a ábhair, tá áit idirmheánach ag an gceimic idir an fhisic agus an bhitheolaíocht.[5] Uaireanta tugtar an eolaíocht lárnach uirthi toisc go leagann sí síos an bhunchloch chun na ndisciplíní eolaíochta bunúsacha agus feidhmiúla a thuiscint ar leibhéal bunúsach.[6] Mar shampla, míníonn an cheimic gnéithe de cheimic na bplandaí (luibheolaíocht), an chaoi a gcruthaítear carraigeacha igneacha (geolaíocht), an chaoi a ndéantar ózón atmaisféarach agus an chaoi a ndíghrádaíter truailleáin chomhshaoil (éiceolaíocht), airíonna na hithreach ar an ngealach (cosmaicheimic), conas a oibríonn cógais (cógaseolaíocht), agus conas fianaise Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) a bhailiú ag láthair choire (eolaíocht fhóiréinseach). </p> |
| 50 | <p> Pléann an cheimic ábhair mar an chaoi a n-idirghníomhaíonn adamh agus móilíní trí nasc ceimiceach chun comhdhúile ceimiceacha nua a ghiniúint. Tá dhá chineál nasc ceimiceach ann: 1. naisc cheimiceacha phríomhúla .i. naisc chomhfhiúsacha, ina roinneann adamh leictreon amháin nó níos mó; naisc ianacha, ina ndeonaíonn adamh leictreon amháin nó níos mó d’adamh eile chun ian (caitiain agus ainiain) a tháirgeadh; naisc mhiotalacha agus 2. naisc cheimiceacha tánaisteacha .i. naisc hidrigine; naisc d'fhórsa Van der Waals, idirghníomhaíocht ian-ian, idirghníomhaíocht ian-déphol srl. </p> |
| 51 | <p> Tagann an focal ceimic ó mhionathrú ar an bhfocal ailceimic, a thagair do shraith cleachtas níos luaithe a chuimsigh gnéithe den cheimic, den mhiotaleolaíocht, den fhealsúnacht, den astralaíocht, den réalteolaíocht, den mhisteachas agus den míochaine. Is minic a fheictear go bhfuil an ailceimic nasctha leis an tóraíocht chun mhiotail luaidhe nó eile a iompú ina n-ór, cé go raibh suim ag ailceimiceoirí i go leor cheisteanna na ceimice nua-aimseartha.[7] Faightear an focal nua-aimseartha ailceimic ón bhfocal Araibis الكیمیاء (al-kīmīā) B’fhéidir go bhfuil bunús na hÉigipte leis seo ós rud é go dtagann al-kīmīā ón nGréigis χημία (chimeía), a dhíorthaítear ar a seal ón bhfocal Kemet, arb é ainm ársa na hÉigipte sa teanga Éigipteach é. De rogha air sin, féadfaidh al-kīmīā teacht ó χημεία, rud a chiallaíonn "teilgthe le chéile". </p> |
| 52 | <p> Is í samhail reatha an struchtúir adamhaigh ná an tsamhail chandamach mheicniúil. [8] Tosaíonn an cheimic thraidisiúnta le staidéar a dhéanamh ar bhuncháithníní, adaimh, móilíní,[9] comhdhúile, miotail, criostail agus cumascáin de dhúile eile. Is féidir staidéar a dhéanamh ar dhúile i stáideanna soladacha, leachtacha, gásacha agus plasmacha, ina n-aonar nó i dteannta a chéile. Is gnách go mbíonn na hidirghníomhaíochtaí, na himoibrithe agus na claochluithe a ndéantar staidéar orthu sa cheimic mar thoradh ar idirghníomhaíochtaí idir adaimh, rud a fhágann go ndéantar atheagrú ar na naisc cheimiceacha a choinníonn na hadaimh le chéile. Déantar staidéar ar iompraíochtaí den sórt sin i saotharlann cheimice. </p> |
| 53 | <p> Go steiréitipiciúil, úsáideann an tsaotharlann cheimice earraí gloine faoi leith. Mar sin féin, níl earraí gloine lárnach sa cheimic, agus déantar cuid mhór de cheimic thurgnamhach (chomh maith le ceimic fheidhmeach / thionsclaíoch) gan earraí gloine. </p> |
| 54 | <p> Is éard is imoibriú ceimiceach ann na claochlú ar roinnt substaintí go substaint éagsúil amháin nó níos mó. Is é bunús a leithéid de chlaochlú ceimiceach ná atheagrú na leictreon sna naisc cheimiceacha idir adaimh. Is féidir é a léiriú go siombalach trí chothromóid cheimiceach, ina mbíonn adaimh mar ábhair ann de ghnáth. Is ionann líon na n-adamh ar chlé agus ar dheis sa chothromóid le haghaidh claochlaithe cheimicigh. (Nuair a bhíonn líon na n-adamh ar gach taobh neamhchothrom, tugtar imoibriú núicléach nó meath radaighníomhach ar an gclaochlú.) Tá an cineál imoibriúcháin cheimicigh a d’fhéadfadh substaint a dhéanamh agus na hathruithe fuinnimh a d’fhéadfadh teacht leis srianta ag rialacha bunúsacha áirithe, ar a dtugtar dlíthe ceimiceacha. </p> |
| 55 | <p> Bíonn cúinsí fuinnimh agus eantrópachta tábhachtach i gcónaí i mbeagnach gach staidéar ceimiceach. Déantar substaintí ceimiceacha a aicmiú i dtéarmaí a struchtúir, a gcéimeanna, chomh maith lena gcomhdhéanamh ceimiceacha. Is féidir anailís a dhéanamh orthu trí uirlisí anailíse ceimiceacha a úsáid, .i. speictreascópacht agus crómatagrafaíocht. Tugtar ceimiceoirí ar eolaithe atá i mbun taighde ceimiceach. Déanann mórchuid na gceimiceoirí speisialtóireacht i bhfo-dhisciplín amháin nó níos mó. Tá roinnt coincheap riachtanach chun staidéar a dhéanamh ar cheimic; seo cuid acu: </p> |
| 56 | <p> Sa cheimic, sainmhínítear damhna mar rud ar bith a bhfuil fosmhais agus toirt aige (tógann sé spás) agus atá comhdhéanta de cháithníní. Tá fosmhais ag na cáithníní a chuimsíonn damhna mais freisin- ní bhíonn fosmhais ag gach cáithnín, mar an fótón. Is féidir le damhna a bheith ina íon shubstaint cheimiceach nó ina mheascán de shubstaintí. [10] </p> |
| 57 | <p> Ba é an Gréagach Democritos (t. 450 R. Ch.) a chéadchuir i bhfáth an teoraic go raibh na damhnaí uile déanta d'adaimh. De réir an fhealsaimh úd, ní féidir leanúint de roinnt damhna ar bith go síoraí, mar go dtiocfaí ar deireadh ar cháithníní nó mhionbhair den damhna nach bhféadfaí a roinnt níos mó. Ar cháithníní díobh sin, thug Democritos an t-ainm (Gréigis: άτομον, atmos (adamh), a chiallaíonn aonad do-roinnte. B'inmheasta dó go raibh na hadaimh an-mhion agus go raibh uimhir ollmhór díobh fiú sa ghiota ba lú de dhamhna a bhí sofheichte. </p> |
| 58 | <p> Go deimhin, bhí os cionn dha mhíle bliain le himeacht sula bhfuarthas fianaise thurgnamhach go raibh dúile déanta de na haonais bhunúsacha úd. </p> |
| 59 | <p> I ngach adamh tá núicléas faoina lucht deimhneach i lár baill agus, mórthimpeall air sin, leictreoin (nó leictreon) le lucht diúltach. </p> |
| 60 | <p> Is éard is dúile ann ná substaintí nach féidir a dhianscaoileadh go ceimiceach ina substaintí eile níos simplí. </p> |
| 61 | <p> Tugtar substaintí íona ar shubstaintí nach meascáin iad. Is dúile nó comhdhúile iad substaintí íona. </p> |
| 62 | <p> Cuirtear na dúile seo taobh le taobh i dtábla a dtugtar an tábla peiriadach air. </p> |
| 63 | <p> Tá siombail ag gach dúil, mar shampla, H = hidrigin. </p> |
| 64 | <p> Ba é an t-eolaí Dmítrí Meindeiléiv a chuir an chéad bhun leis an tábla peiriadach seo sa bhliain 1869. Tá gach dúil atá ar eolas liostaithe i dtábla peiriadach na ndúl. </p> |
| 65 | <p> Is éard is comhdhúil ann ná aon substaint cheimiceach a chruthaítear de thoradh imoibriú ceimiceach ina n-aontaítear dhá dhúil éagsúla, nó níos mó, de réir comhshuíomh seasta idir na dúile. </p> |
| 66 | <p> Nuair a dhéantar comhdhúil as a chuid dúl, bíonn airíonna difriúla de ghnáth ag an gcomhdhúil le hais airíonna na ndúl as a ndearnadh é. Mar shampla, is solad bán é clóiríd sóidiam (salann coitianta) atá réasúnta neamhimoibríoch go ceimiceach. Is iad na dúile as a bhfuil sé déanta ná sóidiam, miotal airgid atá an-imoibríoch, agus clóirín, gás glas atá an-imoibríoch. </p> |
| 67 | <p> I gcomhdhúil cheimiceach, bíonn adaimh na ndúl éagsúil ceangailte lena chéile le naisc cheimiceacha—ianacha nó chomhfhiúsacha. </p> |
| 68 | <p> Cuirtear coibhneas na ndúl agus struchtúr inmheánach na comhdhúile in iúl le foirmlí éagsúla ceimiceacha. Is comhdhúil an t-uisce ina mbíonn hidrigin agus ocsigin i gcóimheas 2:1. </p> |
| 69 | <p> Tá an t-adamh ocsigin idir an dá adamh hidrigine, agus uillinn 104.45° eatarthu. </p> |
| 70 | <p> Mar shámpla, tugann an fhoirmle seo a leanas d'uisce (H2O) le fios dúinn go bhfuil uisce ina chomhdhúil agus go bhfuil dhá adamh hidrigine nasctha d'aon adamh ocsaigine amháin. </p> |
| 71 | <p> Níl comhdhúile liostaithe i dtábla peiriadach na ndúl. </p> |
| 72 | <p> Is éard is móilín ann ná an chuid is lú de dhúil nó de chomhdhúil is féidir a bheith ann go neamhspleách. </p> |
| 73 | <p> Is cineál damhna é substaint cheimiceach le comhdhéanamh cinnte agus tacar d'airíonna.[11] Tugtar meascán de bhailiúchán substaintí. Samplaí de mheascáin is ea aer agus cóimhiotail.[12] </p> |
| 74 | <p> Is éard is mól nógram-mhóilín ar mheachan admhach den dúil sin ina ghraim. Cuir i gcás, is ias 1.008g. 14.008g. 16.000g. 35.46g 126.9 g agus 238 g na gram-adaimh se na dúile hidrigib, nítrigin, ocsaigin, clóirín iaidín agus úráiniam ar leith. [13] </p> |
| 75 | <p> An 4 phas nó staid ar féidir go mbeidh damhna iontu: solad, leacht, gás agus plasma. Braitheann pas damhna ar leith ar an teocht is an brú atá i bhfeidhm air. Tugtar an pastrasdul ar an athrú ó phas amháin go pas eile, cosúil le fiuchadh nó leá. Léiríonn pasléaráid pasanna damhna ag teochtaí is brúnna éagsúla, </p> |
| 76 | <p> Chomh maith leis na hairíonna ceimiceacha ar leith a dhéanann idirdhealú idir aicmithe ceimiceacha éagsúla, is féidir ceimiceáin a bheith ann i roinnt céimeanna. Den chuid is mó, tá na haicmithe ceimiceacha neamhspleách ar na haicmithe bulcphassana seo; áfach, tá roinnt pasanna níos coimhthíocha neamh-chomhoiriúnach le hairíonna ceimiceacha áirithe. Is éard atá i bpas ná sraith staideanna de chóras ceimiceach a bhfuil mór-airíonna struchtúracha comhchosúla acu, thar raon coinníollacha, amhail brú nó teocht. </p> |
| 77 | <p> Is gnách go dtagann airíonna fisiciúla, mar shampla dlús agus innéacs athraonta faoi luachanna atá sainiúil don phas. Sainmhínítear pas dhamhna leis an phas-trasdul, is é sin nuair a théann fuinneamh a chuirtear isteach sa chóras nó a thógtar amach chun struchtúr an chórais a atheagrú, in ionad na mórchoinníollacha a athrú. </p> |
| 78 | <p> Uaireanta is féidir an t-idirdhealú idir pasannaa bheith leanúnach in ionad teorainn scoite a bheith acu, sa chás seo meastar go bhfuil an t-ábhar i staid fhorchriticiúil. Nuair a thagann trí staid le chéile bunaithe ar na coinníollacha, tugtar an tríphointe air agus ós rud é go bhfuil sé seo do-athraitheach, is bealach áisiúil é chun sraith coinníollacha a shainiú. </p> |
| 79 | <p> Taispeánann a lán substaintí pasanna soladacha iomadúla. Mar shampla, tá trí phas d’iarann soladach (alfa, gáma, agus deilte) a athraíonn bunaithe ar theocht agus brú. Príomhdhifríocht idir pasanna soladacha is ea criostalstruchtúr, nó socrú, na n-adamh. Paseile a bhíonn coitianta i staidéar na ceimice ná an pas leachtach, is é sin staid na substaintí atá tuaslagtha i dtuaslagán uiscí (is é sin, in uisce). </p> |
| 80 | <p> I measc na bpasanna nach bhfuil chomh heolach tá plasmaí, comhdhlútháin Bhose-Einstein agus comhdhlútháin fheirmíónacha agus na pasanna paramaighnéadacha agus fearómaighnéadacha d'abhair mhaighnéadacha. Cé go ndéileálann na pasanna is eolaí le córais tríthoiseacha, is féidir analógacha a shainiú i gcórais déthoiseacha, ar tugadh aird orthu maidir lena ábharthacht do chórais sa bhitheolaíocht. </p> |
| 81 | <p> Beochan den phróiseas nascáil ianach idir sóidiam (Na) agus clóirín (Cl) chun clóiríd sóidiam, nó salann mín a dhéamanh. Is éard atá i gceist le nascadh ianach ná aistriú iomlán leictreoin amháin nó níos mó ó adamh amháin go hadamh eile.(seachas é a roinnt, mar a tharlaíonn i nascáil chomhfhiúsach) </p> |
| 82 | <p> Na fórsaí leictreacha a cheanglaíonn adaimh i móilíní agus pais sholadacha neamh-mhóilíneacha. In aon adamh, timpeallaíonn na leictreoin an núicléas i bhfithiseáin i sceallaí timpeall an núicléis. Muna mbíonn an sceall seachtrach lán le leictreoin, an uasmhéid atá ceadaithe don adamh sin, bíonn an t-adamh éagobhsaí agus fonn air nasc a dhéanamh le hadamh eile. Aithnítear 3 shaghas naisc phríomhúil. An nasc ianach, mar atá i gclóiríd sóidiam, NaCl (salann mín), inar chaill an sóidiam leictreon agus ar ghnóthaigh an clóirín leictreon, ionas go gcoinnítear na hiain seo le chéile trí aomadh frithpháirteach idir Na+ is Cl-. Sa nasc comhfhiúsach, mar atá i gclóirín, Cl2, bíonn cuid de na leictreoin bainteach leis an dá núicléas. Nuair a nascann dhá adamh hidrigine (H) le hadamh amhain ocsaigine (O), cruthaítear móilín uisce, H2O, agus bíonn dhá nasc chomhfhiúsacha ann. Sa nasc miotalach, mar atá i sóidiam, Na, bíonn na fiúsleictreoin dílogánaithe agus bainteach le cuid mhaith núicléas, rud a thugann seoltacht leictreach don mhiotal. Tugtar nasc singil ar nasc comhfhiúsach ina bhfuil dhá leictreon i gceist, nasc dúbalite ar cheann le 4 leictreon, agus nasc triarach ar cheann le 6 leictreon. Comharthaítear na naisc seo i bhfoirmlí ceimiceacha le -, =, is ≡. Tugtar an nascfhuinneamh ar an bhfuinneamh is gá chun nasc ceimiceach a bhriseadh (mar shampla, chun móilín clóirín, Cl2, a athrú in dhá adamh clóirín, 2 Cl). </p> |
| 83 | <p> Is cumas chun obair a dhéanamh é an fuinneamh, de réir na fisice de. Is iomaí cineál fuinnimh ann. Is fuinneamh cinéiteach é an fuinneamh atá i réad de bharr a ghluaisne. Is fuinneamh poitéinsiúil domhantarraingthe é fuinneamh atá i réad de bharr a airde os cionn plána tagartha, mar shampla, cloch os cionn na talún. Is fuinneamh meicnice é an dá shaghas fuinnimh sin curtha le chéile, fuinneamh cinéiteach is fuinneamh poitéinsiúil. Is cineál fuinnimh eile é an teas. Nuair a dóitear breosla, mar shampla peitreal, fuasclaítear fuinneamh ceimiceach an bhreosla ina theas. </p> |
| 84 | <p> De réir bhunchoincheapanna na fisice, ní féidir fuinneamh a chruthú ná a dhíothú ach is féidir é a athrú ó chineál amháin fuinnimh go cineál eile. Tarlaíonn a leithéid in inneall ar bith, mar shampla in inneall dócháin inmheánaigh. </p> |
| 85 | </div> |
| 86 | </body> |
| 87 | </text> |
| 88 | </TEI> |