Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame^] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WPS-007"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, Dubhghlas de hÍde [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>Vicipéid https://ga.wikipedia.org/wiki/ </note></distributor> |
| 15 | <idno>https://ga.wikipedia.org/wiki/Uachtar%C3%A1n_na_h%C3%89ireann</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Popular:SocialSciences"> |
| 19 | <author>Wiki</author> |
| 20 | <title>Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, Dubhghlas de hÍde</title> |
| 21 | <pubPlace>https://ga.wikipedia.org/wiki/</pubPlace> |
| 22 | <publisher>Vicipéid</publisher> |
| 23 | <date when="YYYY">YYYY</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC-SA</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Popular_SocialSciences</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p>Príomhalt: Toghchán uachtaránachta na hÉireann</p> |
| 48 | <p>Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal. </p> |
| 49 | <p>Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháin i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha. </p> |
| 50 | <p>Toghadh</p> |
| 51 | <p>De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath. </p> |
| 52 | <p>Dualgais</p> |
| 53 | <p>Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis. </p> |
| 54 | <p>Coimisiún an Uachtaráin</p> |
| 55 | <p>I gcás go mbíonn an tUachtarán as láthair, ar míthreoir, éagtha, éirithe as oifig nó curtha as oifig nó má theipeann air feidhmeanna a oifige a chomhlíonadh, déantar foráil sa Bhunreacht go ndéanfaidh Coimisiún cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh.[1][2][3][4] </p> |
| 56 | <p>Cumhachtaí</p> |
| 57 | <p>I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá: </p> |
| 58 | <p>Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh </p> |
| 59 | <p>An Dáil a chomóradh agus a lánscoir </p> |
| 60 | <p>An tOireachtas a chomóradh </p> |
| 61 | <p>Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine </p> |
| 62 | <p>Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí </p> |
| 63 | <p>Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)</p> |
| 64 | <p>https://ga.wikipedia.org/wiki/M%C3%A1ire_Mhic_R%C3%B3ib%C3%ADn</p> |
| 65 | <p>Máire Mhic Róibín</p> |
| 66 | <p>Ba í Máire Treasa Úna Mhic Róibín, nó Mary Robinson (21 Bealtaine 1944 a rugadh í) a bhí ina seachtú hUachtarán ar Éirinn, ó 1990 go 1997, agus ba í an chéad bhean sa phost sin.[1] Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Chearta an Duine ab ea í ó 1997 go 2002. Chaith sí sealanna freisin mar iníon léinn, abhcóide, bean feachtais agus ball de Sheanad Éireann (1969-1989). Sa lá atá inniu ann, caitheann sí formhór a cuid ama mar ghníomhaíoch ar son cearta daonna agus bíonn cónaí uirthi i Maigh Eo agus i Nua-Eabhrac. </p> |
| 67 | <p>Óige agus oiliúint</p> |
| 68 | <p>Rugadh Máire Treasa Úna Mhic Róibín (née de Búrca) ar an 21 Bealtaine 1944 i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Ba dhochtúirí leighis a tuismitheoirí, Aubrey agus Tess. Bhí ceathrar mac acu agus ba í Máire an t-aon iníon a rugadh dóibh. </p> |
| 69 | <p>Feachtas agus iontas</p> |
| 70 | <p>Ritheadh feachtas toghchánaíochta a bhí crua, láidir, ilghnéitheach. Thaistil an t-iarrthóir timpeall na tíre ag cur lena cuid tacaíochta i gcónaí, go mór mór i measc mhná na hÉireann. </p> |
| 71 | <p>B’as Tuaisceart Éireann iarrthóir Fhine Gael, Austin Currie. Cé go raibh obair fhónta pholaitiúil déanta aige mar chomhalta de Pháirtí Sóisialach agus Daonlathach an Lucht Oibre i dTuaisceart Éireann, ní raibh mórán aithne ag muintir na Poblachta air. Anuas air sin ní raibh sé sásta leis an socrú a rinneadh maidir le haistriú vótaí idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tuigeadh dó go raibh i bhfad níos mó spéise ag na meáin chumarsáide in iarrthóireacht Mhic Róibín agus, ar aon nós, níor thaitin Máire Mhic Róibín leis mar dhuine. </p> |
| 72 | <p>Ba é Brian Ó Luineacháin, an Tánaiste, an t-iarrthóir a bhí ag Fianna Fáil. Fear éirimiúil, gealgháireach a raibh aithne mhaith ag an bpobal air ab ea é. Bhíothas cinnte ag tús an fheachtais gur aige a bheadh an bua. Bhí Ó Luineacháin i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna. </p> |
| 73 | <p>Ach ar 26 Deireadh Fómhair 1990, bhris an scannal "on mature recollection" amach.[5][6] Ach thug na bréaga ó Brian Lenihan seans do Mháire Mhic Róibín (duine ón taobh amuigh ag an am). Sa deireadh, ba í Máire Mhic Róibín an chéad bhean agus an chéad iarrthóir ó Pháirtí an Lucht Oibre a bhain amach post na hUachtaránachta in Éirinn. </p> |
| 74 | <p>Uachtarán na hÉireann</p> |
| 75 | <p>Ar 3 Nollaig 1990 insealbhaíodh Máire Mhic Róibín ina seachtú hUachtarán ar Éirinn. Thug sí saintréithe tábhachtacha léi chuig a post nua: intinn liobrálach, meabhair dhomhain, taithí pholaitíochta agus eolas forleathan ar an dlí. Chuir sí suim faoi leith sa diaspóra Éireannach - an líon mór imirceach Éireannach agus daoine gur de bhunadh Éireannach a sinsear scaipthe ar fud na cruinne. Chuir sí solas ar síorlasadh i gceann de na fuinneoga in Áras an Uachtaráin, a bhí le feiceáil ag an bpobal ón mbóthar, mar shiombail cuimhneacháin ar an diaspóra seo. </p> |
| 76 | <p>Chuir sí fáilte roimh chumainn spóirt, roimh ghrúpaí ón earnáil dheonach agus charthannachta agus roimh lucht léinn go dtí Áras an Uachtaráin. Thug sí cuairt ar mhisinéirí ó Éirinn ag obair thar lear, ar chumainn phobail i dTuaisceart Éireann, ar imeachtaí spóirt idirnáisiúnta, ar an bPápa, ar an Dalai Lama. Le linn a tréimhse mar Uachtarán thug sí dhá aitheasc os comhair Thithe an Oireachtais. Dúradh ag an am go raibh na horáidí rófhada agus doiléir. </p> |
| 77 | <p>Thug an tUachtarán Mhic Róibín cuairt ar Ruanda áit ar tharraing sí aird an domhain mhóir ar an bhfulaingt agus ar an ocras sa tír mar thoradh ar an gcogadh cathartha. I ndiaidh na cuairte sin labhair sí ag preasagallamh agus bhí na deora léi. Thaispeáin an eachtra sin taobh bog, mothálach an Uachtaráin nach raibh feicthe ag an bpobal roimhe sin. </p> |
| 78 | <p>Saol agus obair iar-uachtaránachta</p> |
| 79 | <p>D'éirigh Máire Mhic Róibín as oifig mar Uachtarán an 12 Meán Fómhair 1997 chun glacadh le ceapachán mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna. Ról abhcóideachta a bhí ina post nua, ag leagan amach cláir chearta daonna taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe agus go hidirnáisiúnta. </p> |
| 80 | <p>Ba í an chéad Ard-Choimisinéir um Chearta Daonna a thug cuairt ar an Tibéid, i 1998. Rinne sí clamhsán le rialtas na Stát Aontaithe maidir lena pholasaí i leith phionós an bháis. Tháinig deireadh lena tréimhse mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna i 2002 agus í faoi bhrú ag Stáit Aontaithe Mheiriceá. </p> |
| 81 | <p>Chuir sí Fíorú na gCearta: an Tionscnamh um Dhomhandú Eiticiúil (2002-10) ar bun. </p> |
| 82 | <p>I samhradh na bliana 2007 thug Nelson Mandela, Graça Machel agus Desmond Tutu grúpa de cheannairí an domhain le chéile lena saíocht, a gceannaireacht agus a n-ionracas a chur ag obair chun fadhbanna móra an chine dhaonna a fhuascailt. Tugadh cuireadh do Mháire Mhic Róibín a bheith ina ball de Na Saoithe. B'é an tArdeaspag Tutu cathaoirleach na meithle. </p> |
| 83 | <p>In Eanáir 2009 ceapadh Máire Mhic Róibín ina ceannaire ar an gCoimisiún Idirnáisiúnta Dlí-eolaithe. Bhronn Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, Bonn Saoirse an Uachtaráin uirthi ar 12 Lúnasa 2009, as a cuid oibre ar son cearta daonna.[7] </p> |
| 84 | <p>Tá sí ina hUachtarán ar Fhoras Mháire Mhic Róibín - Ceartas Aeráide. </p> |
| 85 | <p>1996</p> |
| 86 | <p>D’fhreastail sí ar Mheánscoil Mount Annville i mBaile Átha Cliath agus bhain sí céimeanna dlí amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus i Scoil Dlí Harvard. Phós sí Nicholas Robinson i 1970. Tá triúr leanaí acu: iníon agus beirt mhac. </p> |
| 87 | <p>Saol acadúil</p> |
| 88 | <p>Bhain Máire Mhic Róibín cáil amach go luath ina saol mar acadóir, mar abhcóide, mar bhean feachtais agus mar Sheanadóir. </p> |
| 89 | <p> </p> |
| 90 | <p>Glaodh chun Bharra na hÉireann uirthi sa bhliain 1967 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1980. Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige uirthi chomh maith, sa bhliain 1973. Bhí sí ar fhoireann dhámh an dlí i gColáiste na Tríonóide ó 1968 go 1990 (mar Ollamh Reid[2] le reachtaíocht phionósach, leis an dlí bunreachtúil agus an dlí coiriúil agus le dlí na fianaise 1969-75 agus mar léachtóir le dlí Chomhphobal na hEorpa 1975-90).[3] Sa bhliain 1988, in éineacht lena fear céile Nick, chuir sí Ionad na hÉireann um an Dlí Eorpach ar bun i gColáiste na Tríonóide. </p> |
| 91 | <p>Saol polaitiúil</p> |
| 92 | <p>Toghadh í do Sheanad Éireann, mar ionadaí neamhspleách, den chéad uair i 1969 mar dhuine de thriúr ball an tSeanaid d'Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide). Chuaigh sí i mbun feachtas ar réimse leathan ceisteanna liobrálacha. I measc na saincheisteanna bhí: go mbeadh cead ag mná suí ar ghiúiréithe, go gcuirfí deireadh leis an gcosc a bhí ar mhná pósta a gcuid post sa státseirbhís a choimeád agus go mbeadh fáil dhleathach ar ghairis frithghiniúna. D’oibrigh sí ar feadh na mblianta mar chomhairleoir don fheachtas um athchóiriú an dlí i gcoinne na homaighnéasachta i dteannta David Norris, a bheadh ina sheanadóir d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath ar ball. </p> |
| 93 | <p> </p> |
| 94 | <p>Chláraigh Máire Mhic Róibín mar bhall de Pháirtí an Lucht Oibre i mí Iúil 1976. Ach níor éirigh lena hiarrachtaí go dtoghfaí ina Teachta Dála í. Ar dhá ócáid - sa bhliain 1977 agus arís i 1981 - sheas sí don Dáil ach theip uirthi. Ní raibh caidreamh éasca aici leis an bPáirtí ach an oiread.</p> |
| 95 | <p>Ghlac sí páirt shuntasach san fheachtas chun an suíomh stairiúil Lochlannach ar Ché an Adhmaid i mBaile Átha Cliath a shábháil. Ach sa deireadh d’éirigh le Bardas Bhaile Átha Cliath ceanncheathrú nua riaracháin a thógáil ar an láthair sin. </p> |
| 96 | <p>Sa bhliain 1985 d’éirigh sí as Páirtí an Lucht Oibre mar agóid faoin gComhaontú Angla-Éireannach a shínigh comhrialtas Ghearóid Mhic Gearailt le rialtas na Breataine faoi Margaret Thatcher. Bhí Bean Mhic Róibín den tuairim gur chóir dul i gcomhairle le polaiteoirí aontachtacha Thuaisceart Éireann maidir leis an gComhaontú, cé gur leasc leo siúd cumhacht pholaitiúil a roinnt le páirtithe eile ag an am sin. </p> |
| 97 | <p>Chaith sí ceithre bliana eile sa Seanad agus i 1989 shocraigh sí gan a hainm a chur ar aghaidh do thoghchán an tSeanaid arís. </p> |
| 98 | <p>Iarrthóir uachtaránachta</p> |
| 99 | <p>An bhliain dár gcionn, 1990, bhí toghchán uachtaránachta le bheith ann mar bhí an Dr. Pádraig Ó hIrighile le héirí as tar éis dhá thréimhse seacht mbliana a chaitheamh ina Uachtarán. Tháinig ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Dick Spring, chuig Máire Mhic Róibín ag fiafraí di an mbeadh sí sásta a bheith ina hiarrthóir do Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán. Ghlac sí leis an tairiscint agus ba í an chéad ainmní ag Lucht Oibre agus ba í an chéad bhean riamh mar iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta in Éirinn. </p> |
| 100 | <p>Léirigh sí arís is arís eile gur smaointeoir neamhspleách í. lomaí duine a dhearfadh anois go raibh sí ar an imeall; ní duine den ghnáth-chultúr polaitíochta firinn í Máire Mhic Róibín[4]. Cén fáth mar sin ar roghnaigh Páirtí an Lucht Oibre í mar iarrthóir don uachtaránacht? Bhí Dick Spring cinnte go raibh sé in am do dhuine níos óige, níos fuinniúla seasamh don phost. Dar le Fergus Finlay, scríobh sé féin agus John Rogers cur síos, as an nua, do phost an Uachtaráin. </p> |
| 101 | <p>https://ga.wikipedia.org/wiki/Dubhghlas_de_h%C3%8Dde </p> |
| 102 | <p>Dubhghlas de hÍde</p> |
| 103 | <p>Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde (Béarla: Douglas Hyde) nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949).[1] Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta 1938 agus 1945. </p> |
| 104 | <p>Cúlra</p> |
| 105 | <p>Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais aige. </p> |
| 106 | <p>Conradh na Gaeilge</p> |
| 107 | <p>Chuidigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú sa bhliain 1893 agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915 nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bunaíodh é sa bhliain 1928.</p> |
| 108 | <p>Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáth-theanga na hÉireann".</p> |
| 109 | </div> |
| 110 | </body> |
| 111 | </text> |
| 112 | </TEI> |