blob: 57a552b346202ebd9ff3e0d76c96d3c1ec22f6fb [file] [log] [blame]
Rameela Yaddehiged8a89052023-07-14 14:14:19 +02001<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?>
2<TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
3 <teiHeader>
4 <fileDesc n="ICC-GA-WPS-009">
5 <titleStmt>
6 <title>Oideachas, Oiliúint, an Óige agus Spórt [Extract]</title>
7 <respStmt>
8 <resp>compiled for ICC</resp>
9 <name>ICC: EUD</name>
10 </respStmt>
11 </titleStmt>
12 <publicationStmt>
13 <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note>
14 <note>An Coimisiún Eorpach </note></distributor>
15 <idno>doi:10.2775/53863</idno>
16 </publicationStmt>
17 <sourceDesc>
18 <bibl type="Popular:SocialSciences">
19 <author>Aontas Eorpach</author>
20 <title>Talmhaíocht</title>
21 <pubPlace>Lucsamburg</pubPlace>
22 <publisher>Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh</publisher>
23 <date when="2014">2014</date>
24 <availability>
25 <licence>CC-BY-NC</licence>
26 </availability>
27 </bibl>
28 </sourceDesc>
29 </fileDesc>
30 <encodingDesc>
31 <samplingDecl>
32 <p>Extract</p>
33 </samplingDecl>
34 </encodingDesc>
35 <profileDesc>
36 <textClass>
37 <classCode scheme="ICC">Popular_SocialSciences</classCode>
38 </textClass>
39 </profileDesc>
40 <revisionDesc>
41 <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change>
42 </revisionDesc>
43 </teiHeader>
44 <text xml:lang="ga">
45 <body>
46 <div>
47<p>Oideachas agus oiliúint - le go mbeidh rath ort sa todhchaí</p>
48<p>Tá an infheistíocht san oideachas agus san oiliúint ríthábhachtach chun borradh a chur faoi fhorbairt phearsanta agus deiseanna fostaíochta daoine óga.</p>
49<p>Cén fáth a bhfuil gá le beart ar leibhéal na hEorpa? </p>
50<p>Oideachas agus oiliúint — Ar mhaithe le do thodhchaí - Todhchaí na hEorpa </p>
51<p>Ar mhaithe leatsa: Is gá infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint chun go mbeidh rath ortsa sa todhchaí, go háirithe más duine óg thú. Ach an dara teanga nó an tríú teanga a fhoghlaim, beidh sé níos fusa ort eolas a chur ar thíortha eile, ar mhuintir na dtíortha sin agus ar shlite maireachtála eile; d’fhéadfadh sé a chur ar do chumas dul i mbun staidéir, oiliúna nó obair dheonach thar lear agus é a dhéanamh níos dóchúla go bhfaighidh tú post sásúil a mbeidh tuarastal maith ag gabháil leis, amach anseo. Tá sé tugtha le fios i staidéir éagsúla go mbíonn a dhá oiread de sheans ag daoine dea-oilte post a fháil agus a thrí oiread de sheans acu ioncam os cionn an mheáin a bheith acu ná mar a bhíonn ag daoine ar bheagán scileanna. </p>
52<p>Ar mhaithe le do thír: Tá réigiúin éagsúla an domhain ag brath ar a chéile níos mó ná riamh agus ní dócha go mbainfidh geilleagair náisiúnta amach an gealladh ar fad atá fúthu ach amháin má bhíonn córais láidre oideachais agus oiliúna mar chrann taca fúthu. An tír a infheistíonn go ciallmhar san oideachas agus san oiliúint, beidh rath uirthi sa ghnó, san eolaíocht agus sna healaíona. Sa bhreis air sin, cuideofar leis an gceartas sóisialta agus comhtháthú sóisialta a bhaint amach má chinntítear go bhfuil deiseanna oideachais ar fáil do chách. </p>
53<p>Arbh eol duit? </p>
54<p>Tá 20 % de mhuintir na hEorpa ar leibhéal íseal scileanna amhail litearthacht agus uimhearthacht, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra orthu dul isteach sa mhargadh saothair agus a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí. </p>
55<p>Ar mhaithe leis an Eoraip: Chun go mbeidh rath orainn sa mhargadh domhanda iomaíoch, is gá dúinn lucht saothair oilte a bheith againn, a tháirgeann earraí agus seirbhísí atá nuálach agus den scoth. Ach tá níos mó i gceist leis an oideachas ná torthaí eacnamaíocha: chun go mbeidh rath ar Eoraip dhaonlathach ní mór dúinn ar fad a bheith ar an eolas faoi na cearta sibhialta atá againn agus na freagrachtaí atá orainn. Ní mór an tsaoránacht ghníomhach a mhúineadh agus a fhoghlaim sa bhaile, ar scoil agus lasmuigh. </p>
56<p>Erasmus+ </p>
57<p>I bhfianaise phríomhról an oideachais lena chinntiú go mbeidh saoránaigh agus náisiúin na hEorpa, agus an Eoraip ina hiomláine, folláin amach anseo, tá clár uaillmhianach ceaptha ag an Aontas Eorpach: Erasmus+. Féachtar sa chlár nua le forbairt phearsanta agus ionchas fostaíochta an duine a fheabhsú. Tacaíonn sé le gach earnáil oideachais agus oiliúna, agus le foghlaim neamhfhoirmiúil do dhaoine óga, le gníomhaíochtaí deonacha agus le spórt áitiúil. Gabhann sé áit na gclár éagsúil a bhí ann roimhe seo, agus tá na rialacha agus nósanna imeachta iarratais athchóirithe chun éifeachta agus simplithe go mór. </p>
58<p>Ó 1987 i leith, bhain breis agus 3 mhilliún mac léinn ardoideachais tairbhe as deontais Erasmus. Le Erasmus+, tá méadú mór tagtha ar an maoiniú ón Aontas Eorpach. Tá sé d’aidhm ag Erasmus+ tacú le 4 mhilliún duine óg eile idir 2014 agus 2020 taithí agus scileanna a fháil tríd an staidéar agus an oiliúint agus trí pháirt a ghlacadh i malartuithe don óige nó obair dheonach a dhéanamh thar lear. Méadaíonn sé go suntasach na deiseanna comhair idir institiúidí oideachais nó eagraíochtaí óige agus idir saol an oideachais agus saol na hoibre. </p>
59<p>Figiúirí scanrúla — an bhearna scileanna </p>
60<p>Nocht an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda laigí struchtúracha a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha acu do na milliúin duine. Tá ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig de bhreis agus 20 % ag an Aontas Eorpach ina iomláine, agus is mó ná 50 % é i mBallstáit áirithe. Ach ní hí an ghéarchéim amháin is cúis leis an dífhostaíocht. Cúiseanna eile leis an dífhostaíocht ná easpa oideachais agus scileanna. </p>
61<p>Arbh eol duit? </p>
62<p>Ní amháin go milleann sé an saol ar dhaoine gan léamh ná scríobh a bheith acu; cosnaíonn sé an t-uafás ar an tsochaí, leis. Cosnaíonn an neamhlitearthacht - sna tíortha forbartha amháin - breis agus €500 000 000 000 (500 billiún) gach bliain. </p>
63<p>I measc daoine óga san Aontas Eorpach, tá 20 % nó mar sin acu nach sroicheann na híosleibhéil i mbunscileanna léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta. Fágann 6 mhilliún duine óg an córas oideachais agus oiliúna agus gan ach meánoideachas íochtarach nó níos lú acu. Is féidir tionchar na n-easnamh sin a shamhlú: nochtadh i suirbhé a rinneadh le deireanas nach bhfuil post ach ag duine amháin as gach beirt atá ar lagscileanna, ach go bhfuil an ráta fostaíochta i bhfad níos airde i measc na n-aosach sin a bhfuil scileanna níos airde acu. </p>
64<p>An gciallaíonn sin gurb é cáilíochtaí a fháil an tslí is fearr le post a fháil? Is é an tslí is sábháilte é, cinnte. Is iomaí fostóir atá ar a dhícheall ar thóir oibrithe oilte. Is deacair d’fhostóir amháin as gach triúr fostóirí daoine a bhfuil na scileanna cuí acu a earcú. Tá sé thar a bheith fíor sna hearnálacha is nuálaí den gheilleagar, áit a bhfuil na mílte folúntas poist san innealtóireacht, san eolaíocht agus sa teicneolaíocht. </p>
65<p>An bhearna scileanna a thugtar ar an easpa comhoiriúnachta idir na scileanna atá á lorg ag fostóirí agus na scileanna atá á dtairiscint ag cuardaitheoirí poist. Tá sé ar cheann de na mórfhadhbanna atá roimh thíortha na hEorpa. Is gá droichid chun an bhearna a dhúnadh. Is iad na droichid is daingne an t-oideachas agus an oiliúint. </p>
66<p>Pinsinéirí ag líonadh na bearna sin </p>
67<p>D’earcaigh an tionscadal Eorpach HEAR ME (Pinsinéirí ardoilte ag cur meantóireachta ar fail do lucht luathfhágála na scoile) daoine ata ar scor no daoine ag druidim le haois scoir ar mian leo oiliúint a chur ar dhaoine óga. D’fhreastail na saorálaithe ar shraith cúrsaí i scileanna meantóireachta. Ghníomhaigh siad mar mheastóirí, ina dhiaidh sin, ag cur cabhrach agus treorach ar fail do lucht luathfhágála na scoile a bhfuil riachtanais speisialta acu, chun tacú leo a spriocanna oideachais agus fostaíochta a bhaint amach. </p>
68<p>Dúshláin a shárú le chéile </p>
69<p>Tá na milliúin duine agus eagraíocht bainteach le próiseas na foghlama; idir mhic léinn, oiliúnaithe, thuismitheoirí, mhúinteoirí, ollscoileanna, fhiontair agus eagraíochtaí óige, mar aon le rialtais agus an tAontas Eorpach. Conas is féidir leo a gcuid cúraimí éagsúla a roinnt go ciallmhar? Anseo, is treoir éigin é prionsabal na coimhdeachta. Ciallaíonn an prionsabal sin gur chóir cinntí a dhéanamh i gcónaí a ghaire is féidir do na daoine a ndéanfaidh an cinneadh difear dóibh. </p>
70<p>Cúraimí an oideachais — Cad é do thuairim? </p>
71<p>Cé aige a bhfuil an ról is tábhachtaí i bpróiseas an oideachais agus na hoiliúna? Rialtais, scoileanna, múinteoirí nó tuismitheoirí? Cad faoin ról atá agat féin? Cen tsaoirse atá agatsa cinneadh a dhéanamh faoin áit, an uair agus an méid a fhoghlaimeoidh tú? </p>
72<p>Sin an fáth - de réir chonarthaí an Aontais Eorpaigh - a bhfuil sé de chúraim ar gach Ballstát a bheartais oideachais, oiliúna agus óige féin a fhorbairt. Is faoi na rialtais náisiúnta atá sé cinneadh a dhéanamh faoi céard go díreach a mhúintear agus cén t-eagar a bheidh ar an gcóras oideachais. Tá sé de shaoirse ag gach rialtas, dá réir, cinneadh a dhéanamh déileáil le cúrsaí oideachais ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal áitiúil. Chomh maith leis sin, déantar roinnt mhaith cinntí a chur de chúram tuilleadh ar ollscoileanna, scoileanna agus bunaíochtaí oiliúna. Bíonn roinnt cinntí á gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí óige. </p>
73<p>Mar sin féin, chun go mbeidh rath ar an oideachas, ní mór deis a thabhairt do dhaoine cur lena gcuid eolais agus taithí i dtíortha eile san áireamh. Chuige sin tá an ghné Eorpach de na beartais oideachais, oiliúna agus óige an-abhartha. Is féidir leis na Ballstáit a gcuid beartas a fheabhsú trí fhoghlaim ó thaithí a chéile; is féidir le mic léinn, printísigh, saorálaithe, múinteoirí, oibrithe don ógra, scoileanna, ollscoileanna agus eagraíochtaí óige bheith ag obair i gcomhar a chéile thar theorainneacha. Is gá comhoibriú ar leibhéal Eorpach leis na timpeallachtaí foghlama is fearr a chruthú do chách agus chun cáilíochtaí a mbeidh ardmheas orthu a sholáthar. </p>
74<p>Dá réir sin, tá cláir um chomhar san oideachas, san oiliúint agus i ngnóthaí óige ar an gclár oibre Eorpach le mórchuid blianta anois: glacadh clár Erasmus i 1987 agus an chéad chlár óige san Eoraip ("Youth for Europe") i 1988. Ach ba le Conradh Maastricht (1993), más ea, a cuireadh inniúlachtaí foirmiúla Eorpacha i réimsí an oideachais, na gairmoiliúna agus i ngnóthaí óige san áireamh i gconarthaí bunaitheacha an Aontais. </p>
75<p>Arbh eol duit? </p>
76<p>Cuireadh beartais spóirt le Conradh Liospóin (2009) mar inniúlacht nua de chuid an Aontais Eorpaigh. Is léir a thábhachtaí is atá cur chuige uile-Eorpach nuair atá an tairbhe a bhaineann le rannpháirteachas sa spóirt agus gníomhaíocht fhisiciúil a cur chun cinn agus nuair atathar ag dul i ngleic leis na bagairtí ar an spóirt amhail cúbláil cluichí, foréigean a bhaineann le spóirt no dópáil). Trí fhaisnéis a chomhroinnt ar leibhéal an Aontais Eorpaigh is fusa do na Ballstáit beartais éifeachtacha a cheapadh chun dúshláin da sort a shárú </p>
77<p>An chaoi a dtéann an tAontas Eorpach ina bhun sin </p>
78<p>Tá an tAontas Eorpach tiomanta intinní daoine a oscailt agus raidhse deiseanna a chur ar fáil trí thacú leis an oideachas agus an oiliúint. </p>
79<p>Oscail d’intinn: bímid ag foghlaim de Shíor </p>
80<p> Bímid ag foghlaim de shíor: ach labhairt le duine nach raibh aithne agat air nó uirthi roimhe bíonn deis agat fáil amach faoi na tuairimí atá aige nó aici, na rudaí is fearr leis nó léi agus mar sin de. Tá sé dodhéanta, nach mór, gan a bheith ag foghlaim. Féach le gan aon rud a fhoghlaim díreach ar feadh uair an chloig. An bhfuil seans ar bith go n-éiroidh leat? </p>
81<p>Fiú dá ndéanfá ullmhúchán roimh an iarracht sin, bheadh ort machnamh a dhéanamh le linn an ullmhúcháin cé na gníomhaíochtaí a mbeadh ort a sheachaint. Dá thoradh sin, bheadh pictiúr níos soiléire agat — ó do thaithí féin — den rud atá i gceist leis an bhfoghlaim. Agus níl slí níos fearr le rud a fhoghlaim ná trí thaithí phearsanta a fháil. </p>
82<p>Rud ginearálta is ea an fhoghlaim, ní leor bheith i do shuí i seomra ranga. Tá níos mó i gceist ná fíricí a shlogadh siar. Cuid den saol is ea an fhoghlaim. </p>
83<p>Dá réir sin, tá cur chuige leathan cuimsitheach á chur chun cinn ag an Aontas Eorpach i leith na foghlama. Tá raon leathan modhanna foghlama agus timpeallachtaí foghlama ina measc, mar shampla an fhoghlaim neamhfhoirmiúil, an fhoghlaim neamhfhoirmeálta agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil. </p>
84<p>Is éard atá i gceist leis an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil foghlaim a dhéantar lasmuigh den timpeallacht fhoirmiúil scoile nó oiliúna. Tarlaíonn an fhoghlaim seo le linn gníomhaíochtaí pleanáilte ina dtugtar cineál éigin tacaíochta foghlama, mar shampla: - foghlaim struchtúrach ar líne; - oiliúint inmheánach i gcomhlacht; - obair dheonach nó páirt a ghlacadh i malartuithe don óige; - cláir do lucht luathfhágála ina múintear scileanna litearthachta nó scileanna oibre. </p>
85<p>Ciallaíonn foghlaim neamhfhoirmeálta foghlaim nach n-eagraitear de réir spriocanna, ná ó thaobh ama nó modhanna teagaisc de. Cuimsíonn sé na scileanna a fhoghlaimítear (gan é a bheith beartaithe, uaireanta) trí thaithí saoil agus taithí oibre. Mar shampla: - scileanna bainistíochta tionscadail nó scileanna teicneolaíochta faisnéise a fuarthas ag an obair; - scileanna teanga agus idirchultúrtha a fuarthas le linn cónaithe thar lear; - scileanna sóisialta a fuarthas trí obair dheonach a dhéanamh, trí dhul i mbun gníomhaíochtaí cultúrtha, spóirt, agus gníomhaíochtaí sa bhaile (aire a thabhairt do leanbh, mar shampla). </p>
86<p>Is éard is brí le foghlaim ar feadh an tsaoil rudaí nua a fhoghlaim feadh do shaoil, go háirithe tar éis duit an t-oideachas foirmiúil a chríochnú. Ná déan dearmad: níl sé ródhéanach riamh rud a fhoghlaim! </p>
87<p>Foghlaim ar feadh an tsaoil do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachta </p>
88<p>I gcás daoine atá faoi mhíchumas intleachta, ní scileanna nua amháin a bhíonn i gceist le foghlaim ar feadh an tsaoil. Baineann se le bheith cuimsithe sa tsochaí, in ann iad féin a chur i láthair agus smacht a ghabháil ar a ngnáthshaol. Mar sin féin, tá mórchuid cúrsaí agus ranganna oiliúna ann nach n-oireann do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachta. Is minic a bhíonn an t-ábhar teagaisc casta lena oibriú amach agus é deacair an méid atá a rá ag an múinteoir a thuiscint. </p>
89
90 </div>
91 </body>
92 </text>
93</TEI>