Rameela Yaddehige | d8a8905 | 2023-07-14 14:14:19 +0200 | [diff] [blame^] | 1 | <?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> |
| 2 | <TEI xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0"> |
| 3 | <teiHeader> |
| 4 | <fileDesc n="ICC-GA-WPS-010"> |
| 5 | <titleStmt> |
| 6 | <title>Talmhaíocht [Extract]</title> |
| 7 | <respStmt> |
| 8 | <resp>compiled for ICC</resp> |
| 9 | <name>ICC: EUD</name> |
| 10 | </respStmt> |
| 11 | </titleStmt> |
| 12 | <publicationStmt> |
| 13 | <distributor><note>NOT FOR DISTRIBUTION</note> |
| 14 | <note>An Coimisiún Eorpach </note></distributor> |
| 15 | <idno>doi:10.2775/154121</idno> |
| 16 | </publicationStmt> |
| 17 | <sourceDesc> |
| 18 | <bibl type="Popular:SocialSciences"> |
| 19 | <author>Aontas Eorpach</author> |
| 20 | <title>Talmhaíocht</title> |
| 21 | <pubPlace>Lucsamburg</pubPlace> |
| 22 | <publisher>Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh</publisher> |
| 23 | <date when="2017">2017</date> |
| 24 | <availability> |
| 25 | <licence>CC-BY-NC</licence> |
| 26 | </availability> |
| 27 | </bibl> |
| 28 | </sourceDesc> |
| 29 | </fileDesc> |
| 30 | <encodingDesc> |
| 31 | <samplingDecl> |
| 32 | <p>Extract</p> |
| 33 | </samplingDecl> |
| 34 | </encodingDesc> |
| 35 | <profileDesc> |
| 36 | <textClass> |
| 37 | <classCode scheme="ICC">Popular_SocialSciences</classCode> |
| 38 | </textClass> |
| 39 | </profileDesc> |
| 40 | <revisionDesc> |
| 41 | <change when="2023-06-19" who="EUD">Plain text formatting</change> |
| 42 | </revisionDesc> |
| 43 | </teiHeader> |
| 44 | <text xml:lang="ga"> |
| 45 | <body> |
| 46 | <div> |
| 47 | <p>Comhpháirtíocht idir an Eoraip agus a cuid feirmeoirí</p> |
| 48 | <p>Comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT): ar mhaithe lenár gcuid bia, lenár gceantair tuaithe, lenár gcomhshaol</p> |
| 49 | <p>An fáth a dteastaíonn comhbheartas talmhaíochta </p> |
| 50 | <p>Dúshláin talmhaíochta le breis agus 50 bliain </p> |
| 51 | <p>Seoladh comhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh i 1962 mar chomhpháirtíocht idir earnáil na talmhaíochta agus an chuid eile den tsochaí agus idir an Eoraip agus a cuid feirmeoirí. Is iad seo na príomhaidhmeanna atá leis: |
| 52 | - táirgiúlacht na talmhaíochta a fheabhsú le go mbeidh soláthar seasmhach bia ag tomhaltóirí ar phraghas neamhchostasach; |
| 53 | - cinnte a dhéanamh de go bhfuil feirmeoirí an Aontais Eorpaigh in ann slí bheatha réasúnta a bhaint amach. </p> |
| 54 | <p>Anois, breis agus leathchéad bliain ina dhiaidh sin, caithfidh an tAontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua: |
| 55 | - táirgeadh inmharthana bia a chinntiú do dhaonra an domhain, a mheastar a rachaidh go mór i méad sna blianta romhainn; |
| 56 | - an t-athrú aeráide agus bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha;</p> |
| 57 | <p> - cúram a dhéanamh den tuath ar fud an Aontais Eorpaigh agus beocht a choinneáil i ngeilleagar na tuaithe. </p> |
| 58 | <p>Is do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh an comhbheartas talmhaíochta. Déantar é a bhainistiú agus a chistiú ar an leibhéal Eorpach le hacmhainní ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh. </p> |
| 59 | <p>Tá 500 milliún tomhaltóir san Aontas Eorpach agus tá soláthar iontaofa bia atá sláintiúil, cothaitheach agus neamhchostasach de dhíth orthu ar fad. Tá an chuma air nach n-athróidh cúrsaí eacnamaíocha mórán; beidh siad éiginnte agus deacair a thuar mar atá faoi láthair. Anuas air sin, tá go leor dúshlán romhainn faoi láthair, agus beidh amach anseo, e.g. an iomaíocht dhomhanda, géarchéimeanna eacnamaíocha agus breosla, athrú aeráide agus luaineacht i bpraghsanna na n-ionchur ar nós breosla agus leasacháin.</p> |
| 60 | <p>Is é ár gcuid bia is cúram don chomhbheartas talmhaíochta </p> |
| 61 | <p>Is chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin a cheap an tAontas Eorpach an comhbheartas talmhaíochta. Is é is cuspóir dó coinníollacha a leagan síos a chuirfidh ar chumas feirmeoirí a gcúraimí éagsúla sa tsochaí a chomhlíonadh - agus is é an chéad cheann acu sin bia a sholáthar.</p> |
| 62 | <p>A bhuí leis an gcomhbheartas talmhaíochta go bhfuil soláthar slán bia ag muintir na hEorpa. Is féidir linn a bheith cinnte mar shochaí go dtáirgeann ár bhfeirmeoirí an bia a theastaíonn uainn.</p> |
| 63 | <p>Soláthraíonn siad réimse fíorleathan táirgí atá iomadúil, ar phraghas cóir, slán agus ar ardchaighdeán. Tá cáil ar an Aontas Eorpach ar fud an domhain as ucht a chuid bia agus traidisiún cócaireachta. I bhfianaise na scothacmhainní talmhaíochta atá aige, is féidir leis an Aontas, agus is cóir dó, príomhról a imirt chun slándáil an tsoláthair bia a chinntiú sa domhan trí chéile. pean Union</p> |
| 64 | <p>Is é ár gceantair tuaithe is cúram don chomhbheartas talmhaíochta </p> |
| 65 | <p>Ní bhaineann an fheirmeoireacht leis an mbia amháin. Baineann sí le pobail tuaithe agus a muintir. Baineann sí lenár gceantair tuaithe agus leis na hacmhainní nádúrtha luachmhara atá le fáil iontu.</p> |
| 66 | <p>I ngach ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, is iad na feirmeoirí a choinníonn na pobail tuaithe agus a slite maireachtála beo. Is mór a bheadh muintir na tuaithe, na sráidbhailte agus na mbailte móra thíos leis mura mbeadh feirmeacha agus feirmeoirí ann.</p> |
| 67 | <p>Tá a lán de na poist faoin tuath ag brath ar an bhfeirmeoireacht. Tá gá ag feirmeoirí le hinnealra, foirgnimh, breosla, leasachán agus cúram sláinte dá n-ainmhithe. Tá go leor daoine fostaithe sna hearnálacha "réamhtheachtacha" sin. Bíonn daoine eile i mbun oibre in earnálacha "iartheachtacha" - e.g. bia a ullmhú, a phróiseáil agus a phacáistiú. Agus bíonn roinnt eile ag gabháil do bhia a stóráil, a iompar agus a dhíol.</p> |
| 68 | <p>Le héifeachtúlacht obair na bhfeirmeoirí agus nua-aimsearthacht agus táirgiúlacht na n-earnálacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha sin a chinntiú, is gá teacht gan dua a bheith ag feirmeoirí ar an eolas is déanaí ar shaincheisteanna talmhaíochta, ar mhodhanna feirmeoireachta agus ar fhorbairtí sna margaí. Sin é an chúis a bhfuil feabhas á chur leis an gcomhbheartas talmhaíochta ar an rochtain a bhíonn ag daoine i gceantair tuaithe ar theicneolaíochtaí ardluais. Tacaíonn an beart sin le ceann de 10 dtosaíocht an Choimisiúin, mar atá margadh aonair digiteach idirnasctha a chur ar bun. Sa tréimhse 2014–2020 táthar ag súil go soláthrófar seirbhísí agus bonneagar feabhsaithe idirlín do 18 milliún saoránach i gceantair tuaithe - sin 6.4 % de dhaonra tuaithe an Aontais Eorpaigh.</p> |
| 69 | <p>Tríd is tríd, is bunghnéithe riachtanacha dár ngeilleagar agus dár sochaí iad an fheirmeoireacht agus an soláthar bia. Anois agus 28 mBallstát san Aontas Eorpach, tá tuairim agus 11 mhilliún feirm ann agus 22 mhilliún duine a oibríonn go rialta in earnáil na feirmeoireachta. San Aontas tá beagnach 44 mhilliún post sna hearnálacha feirmeoireachta agus bia.</p> |
| 70 | <p>Is é ár gcomhshaol is cúram don chomhbheartas talmhaíochta</p> |
| 71 | <p>Níl an riocht nádúrtha céanna ar ár dtuath anois agus a bhí fadó. Mhúnlaigh feirmeoirí thar na céadta bliain í. Is as an bhfeirmeoireacht a tháinig an éagsúlacht chomhshaoil agus tírdhreacha atá anois againn. Tá ár dtuath ina gnáthóg ag réimse ollmhór fásra agus ainmhithe fiáine. Tá an bhithéagsúlacht sin ríthábhachtach le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe na tuaithe.</p> |
| 72 | <p>Déanann feirmeoirí an tuath a bhainistiú chun leasa gach uile dhuine againn. Soláthraíonn siad seirbhís phoiblí, go speisialta togha na haire a thabhairt don ithir, don tírdhreach agus don bhithéagsúlacht atá againn agus caoi a choinneáil ar na nithe sin. Ní íocann an margadh as an tseirbhís phoiblí sin. Chun an tseirbhís sin don tsochaí trí chéile a chúiteamh le feirmeoirí, tugann an tAontas Eorpach tacaíocht ioncaim dóibh.</p> |
| 73 | <p>Féadann feirmeoirí a bheith thíos leis an athrú aeráide. Cuireann an comhbheartas talmhaíochta cúnamh airgeadais ar fáil dóibh chun a gcuid modhanna agus córas feirmeoireachta a chur in oiriúint le go bhféadfaidh siad déileáil le héifeachtaí an athraithe aeráide.</p> |
| 74 | <p>Is iad na feirmeoirí is túisce a aithníonn an gá aire a thabhairt dár gcuid acmhainní nádúrtha arae is iad atá ina dtuilleamaí lena mbeatha a thabhairt i dtír, tar éis an tsaoil. Chun an drochthionchar a imríonn roinnt cleachtas feirmeoireachta a sheachaint, cuireann an tAontas Eorpach dreasachtaí ar fáil d’fheirmeoirí lena gcuid oibre a dhéanamh ar shlí atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.</p> |
| 75 | <p>Déanta na fírinne, tá dhá dhúshlán roimh fheirmeoirí: bia a tháirgeadh agus an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a chaomhnú ar aon uain.</p> |
| 76 | <p>San fheirmeoireacht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, baintear úsáid stuama as acmhainní nádúrtha. Is cleachtas é sin atá bunriachtanach do tháirgeadh bia agus dár mianach saoil - inniu, amárach, agus do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. </p> |
| 77 | <p>Stair na talmhaíochta san Aontas Eorpach </p> |
| 78 | <p>1957</p> |
| 79 | <p>Le Conradh na Róimhe bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (a tháinig roimh AE an lae inniu), a raibh sé cinn de thíortha atá in Iarthar na hEorpa ina mball de.</p> |
| 80 | <p>1962</p> |
| 81 | <p>Tháinig an comhbheartas talmhaíochta ar an saol. Bunaíodh é mar chomhbheartas a bhfuil de chuspóir aige bia inacmhainne a sholáthar do shaoránaigh an Aontais agus caighdeán cóir maireachtála a thabhairt d’fheirmeoirí.</p> |
| 82 | <p>1984</p> |
| 83 | <p>Bhí ag éirí chomh maith sin leis an gcomhbheartas talmhaíochta go raibh sé imithe as smacht. Tháinig méadú chomh mór sin ar tháirgeacht feirmeacha gur fhás siad níos mó bia ná a raibh gá leis. Cuireadh an barrachas i stórais ar a dtugtaí "sléibhte bia". Tugadh roinnt beart isteach chun an leibhéal táirgeachta a chur i gcomhréir níos fearr le riachtanais an mhargaidh.</p> |
| 84 | <p>1992</p> |
| 85 | <p>Athraíodh fócas an chomhbheartais talmhaíochta ó thacaíocht don margadh go tacaíocht do tháirgeoirí. Laghdaíodh an tacaíocht a tugadh maidir le praghsanna a rialú agus tugadh íocaíochtaí cabhrach díreach le feirmeoirí ina ionad sin. Spreagadh iad le bheith ag obair ar shlí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.</p> |
| 86 | <p>Tharla an t-athchóiriú i gcomhthráth le Cruinniú Mullaigh na Cruinne in Rio i 1992, mar ar seoladh prionsabal na forbartha inbhuanaithe.</p> |
| 87 | <p>2003</p> |
| 88 | <p>Cuireadh tús le tacaíocht ioncaim faoin gcomhbheartas talmhaíochta. Le hathchóiriú nua ar an gcomhbheartas briseadh an nasc idir fóirdheontais agus táirgeacht. Faigheann feirmeoirí tacaíocht ioncaim ar an gcoinníoll go dtugann siad aire don talamh feirme agus go gcomhlíonann siad caighdeáin maidir le sábháilteacht bia, leis an gcomhshaol, agus le sláinte agus leas na n-ainmhithe.</p> |
| 89 | <p>2013</p> |
| 90 | <p>Rinneadh athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta le cumas iomaíochta earnáil na talmhaíochta a neartú, le feirmeoireacht inbhuanaithe agus nuálaíocht a chur chun cinn, le tacaíocht a thabhairt chun poist a chruthú agus fás an gheilleagair a spreagadh i gceantair tuaithe agus le cúnamh airgeadais a atreorú i dtreo scéimeanna arb e is aidhm dóibh úsáid tháirgiúil na talún a chur chun cinn. |
| 91 | Is ar an leibhéal Eorpach a shocraítear an beartas talmhaíochta - cad chuige?</p> |
| 92 | <p>Earnáil í an talmhaíocht a dtacaítear léi ar an leibhéal Eorpach amháin nach mór, murab ionann agus earnálacha eile den gheilleagar a bhfuil na rialtais náisiúnta freagrach astu. Is den tábhacht é beartas poiblí a bheith ann d’earnáil a bhfuil slándáil an tsoláthair bia ag brath uirthi agus a bhfuil príomhról aici ó thaobh úsáid acmhainní nádúrtha agus fhorbairt eacnamaíoch na gceantar tuaithe.</p> |
| 93 | <p>Is iad seo príomhaidhmeanna an chomhbheartais talmhaíochta: an táirgiúlacht talmhaíochta a fheabhsú ionas go mbeidh soláthar seasmhach bia ag tomhaltóirí ar phraghas cóir, agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh feirmeoirí an Aontais in ann slí bheatha réasúnta a bhaint amach.</p> |
| 94 | <p>Tá an dá chuspóir sin i gcoiteann ag na Ballstáit uile, ach ní féidir ceachtar den dá chuspóir a chomhlíonadh mura dtugtar tacaíocht airgeadais do cheantair tuaithe agus feirmeoireachta. Is fearr an chaoi a mbaineann comhbheartas de chuid an Aontais úsáid as acmhainní buiséadacha ná an úsáid a bhainfí astu dá mba 28 mbeartas náisiúnta éagsúla a bheadh ann.</p> |
| 95 | <p>Tá margadh mór Eorpach amháin ann do tháirgí talmhaíochta agus cinntíonn cur chuige coiteann an mhargaidh sin i dtaca le tacaíocht don earnáil talmhaíochta go bhfuil dálaí córa ann d’fheirmeoirí a théann in iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus domhanda.</p> |
| 96 | <p>Murach comhbheartas, níl aon amhras ach go mbeadh beartais náisiúnta dá gcuid féin ag gach Ballstát san Aontas, beartais éagsúla nach mbeadh an raon feidhme céanna acu ná an leibhéal céanna de rannpháirtíocht an phobail. A bhuí le beartas a shocraítear ar an leibhéal Eorpach a bheith ann, cinntítear go bhfuil rialacha comhchoiteanna sa mhargadh aonair; go dtugtar aghaidh ar luaineacht an mhargaidh nuair is gá; go gcosnaítear an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le hearnáil talmhaíochta na hEorpa a athchóiriú chun í a dhéanamh níos iomaíche; agus go bhfuil comhbheartas trádála ann a fhágann gur féidir leis an Aontas Eorpach idirbheartaíocht a dhéanamh mar bhloc aonair lenár gcomhpháirtithe trádála ar fud an domhain. Is mó a bhraitheann an talmhaíocht ar an aimsir agus ar an aeráid ná go leor earnálacha eile. Chomh maith leis sin, in earnáil na talmhaíochta bíonn moill ann, moill nach féidir a sheachaint, idir an tomhaltóir earra a éileamh, agus an feirmeoir freastal ar an éileamh sin: teastaíonn am le níos mó cruithneachta a fhás nó le níos mó bainne a tháirgeadh. Ós seasmhaí a chaitear bia ná táirgí eile, féadann athruithe beaga ar an méid a tháirgtear tionchar mór a imirt ar phraghsanna.</p> |
| 97 | <p>Léiríonn an neamhchinnteacht ghnó sin an ról tábhachtach atá ag an earnáil phoiblí maidir le cobhsaíocht ioncaim a chinntiú d’fheirmeoirí. Tá feirmeoirí de dhíth le soláthar sábháilte cobhsaí bia a chur ar fáil do bhreis agus 500 milliún saoránach ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, tacaíonn an comhbheartas talmhaíochta le feirmeoirí mar seo a leanas:</p> |
| 98 | <p> Tacaíocht ioncaim. Trí íocaíochtaí díreacha a thabhairt d’fheirmeoirí tugtar tacaíocht ioncaim dóibh agus cúitítear iad as seirbhís phoiblí a chur ar fáil nach n-íocann an margadh aisti, m.sh. an aire a thugann siad don tuath.</p> |
| 99 | <p> Bearta margaidh. Is féidir leis an Aontas Eorpach bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sna margaí, amhail laghdú tobann éilimh de dheasca baol sláinte, nó laghdú praghsanna de dheasca rósholáthar sealadach táirge éigin ar an margadh.</p> |
| 100 | <p> Bearta forbartha tuaithe. Bunaítear cláir forbartha náisiúnta (nó réigiúnacha, uaireanta) chun aghaidh a thabhairt ar na sainriachtanais atá ag ceantair tuaithe agus ar na dúshláin atá rompu. Cé go n-úsáideann na Ballstáit na réimsí céanna beart chun a gclár féin a chur le chéile, is féidir leo a bheith solúbtha agus iad ag tabhairt aghaidh ar na saincheisteanna is mó is cúram dóibh ina dtír féin, rud a léiríonn na dálaí struchtúrtha, nádúrtha agus geilleagracha ar leith atá acu. Is dlúthchuid de na cláir forbartha tuaithe é an cur chuige "LEADER", trína spreagtar an pobal áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áitiúla.</p> |
| 101 | </div> |
| 102 | </body> |
| 103 | </text> |
| 104 | </TEI> |