Getting output running the previous script
Change-Id: I8d359e0da404947328fc4964cad6e68ab9deede2
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-001.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-001.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-001.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-001.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-002.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-002.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-002.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-002.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-003.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-003.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-003.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-003.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-004.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-004.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-004.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-004.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-005.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-005.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-005.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-005.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-006.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-006.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-006.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-006.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-007.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-007.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-007.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-007.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-008.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-008.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-008.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-008.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-009.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-009.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-009.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-009.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-010.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-010.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-010.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLH-010.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLS-001.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WLS-001.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WLS-001.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WLS-001.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-001.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-001.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-001.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-001.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-002.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-002.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-002.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-002.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-003.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-003.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-003.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-003.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-004.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-004.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-004.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-004.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-005.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-005.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-005.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-005.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-006.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-006.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-006.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-006.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-007.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-007.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-007.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-007.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-008.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-008.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-008.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-008.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-009.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-009.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-009.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-009.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-010.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-010.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-010.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPH-010.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-001.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-001.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-001.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-001.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-002.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-002.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-002.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-002.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-003.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-003.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-003.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-003.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-004.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-004.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-004.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-004.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-005.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-005.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-005.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-005.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-006.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-006.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-006.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPN-006.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-001.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-001.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-001.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-001.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-002.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-002.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-002.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-002.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-003.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-003.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-003.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-003.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-004.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-004.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-004.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-004.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-005.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-005.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-005.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-005.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-006.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-006.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-006.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-006.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-007.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-007.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-007.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-007.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-008.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-008.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-008.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-008.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-009.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-009.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-009.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-009.xml
diff --git a/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-010.txt b/ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-010.xml
similarity index 100%
rename from ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-010.txt
rename to ICC-GA-XML/ICC-GA-WPS-010.xml
diff --git a/input/tree_structure.xml b/input/tree_structure.xml
new file mode 100644
index 0000000..ec65299
--- /dev/null
+++ b/input/tree_structure.xml
@@ -0,0 +1,3 @@
+<?xml version="1.0" ?>
+<teiCorpus>
+</teiCorpus>
diff --git a/irish2tei.py b/irish2tei.py
index 2be37ea..a840d2b 100644
--- a/irish2tei.py
+++ b/irish2tei.py
@@ -96,6 +96,7 @@
idno.text = uris.text
domain = ET.SubElement(titleStmt, "domain")
domain.text = domains.get("type")
splitFName = file.split("/")
if (splitFName[-2] in ['Persuasive', 'Blog']):
domain.text = splitFName[-2]
@@ -103,6 +104,7 @@
domain.text = splitFName[-4] + ':' + splitFName[-3] + ':' + splitFName[-2]
else:
domain.text = splitFName[-3] + ':' + splitFName[-2]
domain.text = domain.text.replace("_hobbies", "_Hobbies")
text = ET.SubElement(tei, "text")
text.append(texts[i])
diff --git a/output/GA_corpus.p5.xml b/output/GA_corpus.p5.xml
new file mode 100644
index 0000000..fd166d2
--- /dev/null
+++ b/output/GA_corpus.p5.xml
@@ -0,0 +1,2075 @@
+<?xml version='1.0' encoding='utf-8'?>
+<teiCorpus xmlns="http://www.tei-c.org/ns/1.0">
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/000.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Ó Duibhir, Pádraig</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2020</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">Baile Átha Cliath</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
1. Achoimre Fheidhmeach
Bhí gach duine a ghlac páirt agus a nocht tuairim san athbhreithniú seo den bharúil go raibh an-tábhacht ag baint le Scéim na gCúntóirí Teanga (an Scéim), go raibh obair an-tábhachtach á déanamh ag na cúntóirí agus gur chóir leanúint leis an Scéim. Chuaigh sé i bhfeidhm orainn mar thaighdeoirí cé chomh díograiseach is a bhí na cúntóirí agus iad ag nochtadh a gcuid tuairimí faoin Scéim agus na bealaí ina bhféadfaí í a fheabhsú. Ghlac na cúntóirí páirt sa taighde ina gcuid ama féin agus is iomaí duine acu a chuir stró orthu féin casadh linn. Níl aon dabht gurb é ceann de bhuanna na Scéime díograis na gcúntóirí, an saibhreas Gaeilge atá acu agus an tiomantas atá acu do chur chun cinn na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta.
Ní mór cuimhneamh, áfach, gurb iad na daoine is tábhachtaí ar fad sa Scéim ná na daltaí sna scoileanna. Ba cheart go mbeadh riachtanais foghlama na ndaltaí i gcroílár gach gné den obair agus go n-eascródh ról gach páirtí eile sa Scéim as sin. Agus téamaí an athbhreithnithe ag teacht chun cinn chonacthas dúinn gurb é an páiste agus na riachtanais foghlama Gaeilge a bhí aige an t-aonad anailíse ba thábhachtaí. Pléitear téamaí an athbhreithnithe seo ón bpeirspictíocht sin.
1.1 Riaradh na Scéime
Scéim oideachais teanga atá i gceist leis an Scéim. Tá dhá roinn stát, eagrais riartha, scoileanna agus cúntóirí ag plé leis an Scéim. Mar chuid de shoiléiriú chuspóirí na Scéime bheadh sé tábhachtach rólanna na bpáirtithe uilig a shoiléiriú freisin. Ba é An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuir tús le maoiniú na Scéime an chéad lá riamh. Cuireadh leis an maoiniú sin i gcaitheamh na mblianta. Tháinig ardú ar an leibhéal maoinithe, mar shampla, ó €0.76 milliúin i 2012 go €1.04 milliúin i 2018 mar a léirítear i bhFigiúr 1.1.
+            <gap figure="Figiúr 1.1. Maoiniú Scéim na gCúntóirí Teanga ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó 2012-2018" />
Fáiltítear roimh an tacaíocht leanúnach a gealladh don Scéim sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (2018). Cuireadh maoiniú breise ar fáil sa scoilbhliain 2018-19 do scoil ar bith a fuair aitheantas faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus nach raibh cúntóir ag feidhmiú inti roimhe seo. Le cinntiú go bhfuil an Scéim ag freastal mar is ceart ar riachtanais na ndaltaí, moltar Coiste Comhairleach a bhunú comhdhéanta d'ionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Roinn Oideachais, an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Gaeloideachas agus baill eile de réir mar is gá a shocróidh An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Sholáthródh coiste mar seo fóram cumarsáide do na páirtithe éagsúla agus láthair le dul chun cinn na Scéime a phlé go háirithe mar a bhaineann sé leis an ngné oideachasúil a bhaineann leo. Ina theannta sin, bheadh deis san fhóram seo sainiú agus soiléiriú a dhéanamh ar dhualgais an chúntóra teanga agus dea-chleachtais bainteach leis na dualgais sin.
Tá ról thar a bheith tábhachtach ag na heagrais riartha i bhfeidhmiú na Scéime. Tá nósmhaireachtaí éagsúla i bhfeidhm sna réigiúin éagsúla mar thoradh ar an gcaoi a d'fhorbair an Scéim i gcaitheamh na mblianta. Moltar go mbeadh trédhearcacht ann maidir le maoiniú riaradh na Scéime. Ní mór don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán dar ndóigh luach ar airgead a dheimhniú don Státchiste. É sin ráite, agus meastúcháin á ndéanamh ar tháille riaracháin réasúnta don obair, ba cheart a chur san áireamh nár ardaíodh an táille ó 2011-12 dar leis na heagrais riartha reatha.
Tá roinnt scoileanna ina bhfuil cúntóir ag feidhmiú iontu nach bhfuil tar éis iarratais a dhéanamh ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Ba cheart don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fógra a thabhairt do na heagrais riartha nach gcuirfear maoiniú ar fáil do chúntóir teanga in aon scoil nach bhfuil rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.
Moladh 1 Coiste comhairleach a bhunú
Moltar Coiste Comhairleach a bhunú comhdhéanta d'ionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Roinn Oideachais, an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Gaeloideachas agus baill eile de réir mar is gá a shocróidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is é an cúram go ginearálta a bheidh sannta don choiste ná comhairle mar is cuí a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme mholtaí ábhartha an athbhreithnithe – go háirithe mar a bhaineann sé leis an ngné oideachasúil a bhaineann leo. Moltar go ndéanfaí athbhreithniú ar mhaoiniú riaradh na Scéime de réir mar is gá agus ról na n-eagras riartha a athbhreithniú go tráthrialta le deimhniú go bhfuil an Scéim á riaradh ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla agus is féidir.
Moltar don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fógra a thabhairt do na heagrais riartha nach gcuirfear maoiniú ar fáil do chúntóir teanga in aon scoil nach bhfuil rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. I gcás go gceaptar, ar chúiseanna éagsúla, gurbh fhearr gan tairbhe na scéime a bhaint ó scoileanna den chineál seo moltar go mbreathnófaí ar thairbhe uaireanta agus seachtainí breise tacaíochta chomh maith le tacaíochtaí ábhartha eile de réir mar a oireann a choinneáil siar ó na scoileanna i gceist mar spreagadh.
1.2 Obair na gCúntóirí
Tá taithí ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a bheith ag plé le hiliomad scéimeanna Gaeltachta agus a bheith ag plé le heagrais riartha na scéimeanna sin. Thuairiscigh oifigigh na Roinne nach raibh saineolas oideachais sa Roinn, áfach, le meastóireacht a dhéanamh ar éifeacht oideachasúil na Scéime agus nach bhfuil aon chóras foirmiúil ann le cáilíocht agus caighdeán na ngnéithe oideachasúla den Scéim a dhearbhú i láthair na huaire dá bharr. Is iad na scoileanna féin is fearr a thuigeann na dóigheanna ar chóir leas a bhaint as cúnamh na gcúntóirí agus tá ról ag an Roinn Oideachais i ndearbhú chaighdeán oibre na scoileanna. Tá próiseas féinmheastóireachta scoile i bhfeidhm sna scoileanna agus moltar go mbeadh obair na gcúntóirí curtha san áireamh sa phróiseas sin i dtreo an phlean feabhsúcháin scoile. Molaimid freisin go n-iarrfaí ar an Roinn Oideachais meastóireacht a dhéanamh ar bhainistiú obair na gcúntóirí sna scoileanna mar chuid den ghnáthobair mheastóireachta a dhéanann cigirí sna scoileanna Gaeltachta. Tuigtear dúinn go mba ghá don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán iarratas foirmiúil a dhéanamh chuig an Roinn Oideachais go ndéanfaí sin. Bheadh meastóireacht den chineál seo ag teacht leis an gcur chuige reatha, áit a bhfuil na cuairteanna comhairleacha ar bun ag Cigireacht na Roinne Oideachais ar scoileanna Gaeltachta “chun na spriocanna teanga-bhunaithe agus na gníomhartha atá roghnaithe faoin bpróiseas féinmheastóireachta scoile (bunaithe ar na réimsí agus na caighdeáin mar atá in Ag Breathnú ar an Scoil Againne, 2016) a phlé leis an bpríomhoide agus leis na múinteoirí ábhartha" (An Roinn Oideachais, 2018a: 2, 2018b: 2, 2019).
Ba léir ó theistiméireachtaí na gcúntóirí go mbraitheann cleachtas gairmiúil an chúntóra go mór ar chomhdhéanamh na scoile ina bhfuil sé / sí ag obair. I measc na ngnéithe a bhfuil tionchar acu ar an gcleachtas, tá: líon na ndaltaí atá á dtógáil le Gaeilge; líon na ndaltaí atá ina gcónaí sa cheantar ach arb í an Ghaeilge an dara teanga acu; líon na ndaltaí atá nua don cheantar agus don scoil; mian an phríomhoide agus na múinteoirí maidir le feidhmiú na Scéime; líon na n-uaireanta atá ag an gcúntóir; áiseanna na scoile agus gnéithe eile nach iad. Déantar iarracht ginearálú a dhéanamh mar sin féin ar an obair a bhíonn idir lámha ag na cúntóirí.
Is iad na múinteoirí ranga den chuid is mó a leagann amach obair an chúntóra, agus molaimid an cleachtas sin. Tá nósanna imeachta éagsúla ó scoil go scoil maidir leis an gcaoi a shocraítear cé na daltaí a n-oibríonn an cúntóir teanga leo agus bíonn níos mó ná nós amháin in úsáid in go leor scoileanna.
Próiseas comhairleach idir na páirtithe leasmhara a bhíonn i gceist den chuid is mó. An dá phróiseas is coitianta ná i) próiseas comhairleach idir an príomhoide, an múinteoir ranga agus an cúntóir teanga agus ii) próiseas comhairleach idir an príomhoide agus an múinteoir ranga. Molaimid go rachfaí i dteagmháil le tuismitheoirí freisin sa phróiseas seo faoi mar a tharlaíonn le tacaíocht foghlama, mar shampla. Ba chóir eolas i scríbhinn a chur chuig tuismitheoirí go bliantúil faoin obair a bheidh ar siúl ag an gcúntóir faoi stiúir an mhúinteora ranga agus go bhfaighidh an scoil síniú ó na tuismitheoirí le taispeáint go dtuigeann siad na socruithe éagsúla atá i réim.
Glacann roinnt cúntóirí daltaí amach ón seomra ranga agus dírítear ar chleachtais teanga leo mar ghrúpaí. Is minic go mbíonn na grúpaí sin deighilte de réir a gcumas sa Ghaeilge. Den chuid is mó baineann cúntóirí leas as cluichí agus rannta / scéalta ar mhaithe le hionchur teanga a thabhairt do na daltaí agus deis a thabhairt dóibh an teanga sin a úsáid laistigh agus lasmuigh de thimpeallacht na scoile. I gcásanna eile, is istigh sa seomra ranga a oibríonn na cúntóirí leis na daltaí. Níor mhór cuimhneamh nach bhfuil na cúntóirí fostaithe mar mhúinteoirí cé go bhfuil cáilíocht mhúinteoireachta ag cuid acu. Ba cheart go mbeadh an cúntóir i gcónaí ag obair faoi stiúir mhúinteora, an mhúinteora ranga, an mhúinteora tacaíochta teanga nó an príomhoide.
Moltar a chinntiú go bhfuil gach cúntóir grinnfhiosraithe ag an nGarda Síochána agus go bhfuil na gnéithe is gá de na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí curtha in iúl ag an scoil do na cúntóirí teanga de réir mar a éilíonn Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-Bhunscoileanna 2017. Ní mór na cúntóirí a chur ar an eolas faoina gcuid dualgais maidir leis an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Thuairiscigh príomhoidí na n-iarbhunscoileanna a bhí sa Scéim go dtí seo gur ag obair le daltaí i ngrúpaí idir 2-5 nó 6-10 a bhíonn na cúntóirí den chuid is mó. Is iad na straitéisí a luaigh na príomhoidí ná: ciorcal cainte agus cluichí; meascán den scríobh, léamh agus labhairt; comhrá díreach agus indíreach, ról imeartha, obair bheirte agus obair ghrúpa. Dúirt siad go mbíonn béim ar an nGaeilge labhartha agus ar nathanna cainte laethúla. Teastaíonn cur chuige ar leith sna hiar-bhunscoileanna le hais na mbunscoileanna. Is minic ag an leibhéal seo gur rochtain ar an gcuraclam trí mheán na Gaeilge an riachtanas is mó atá ag daltaí. Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil 28 iar-bhunscoil faoin Scéim anois agus 16 acu sin rannpháirteach sa Scéim den chéad uair sa scoilbhliain 2018-19, moltar treoir agus comhairle a chur ar na scoileanna sin ar bhonn práinne. Mar a rianaíodh thuas, bheadh ról lárnach ag an gCoiste Comhairleach sa phróiseas seo. Le go mbeidh na páirtithe uilig soiléir faoi ról an chúntóra, moltar go ndéanfadh an Coiste Comhairleach sainmhíniú ar ról an chúntóra teanga i gcomhpháirt leis na páirtithe leasmhara.
Moladh 2 Obair an Chúntóra sa Scoil
Moltar go ndéanfadh an Coiste Comhairleach iomlánú i scríbhinn ar ról an chúntóra teanga ar mhaithe le soiléiriú tuilleadh a dhéanamh ar an ról a bheidh acu sa suíomh nua oibre atá ann le cur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga. Is gá sa chomhthéacs seo, cúram ar leith a dhéanamh de ról an chúntóra teanga san iar-bhunscoil Ghaeltachta.
Moltar go mbeadh obair an chúntóra curtha san áireamh mar chuid de phleananna teagaisc na múinteoirí agus na scoile.
Moltar go mbeadh an cúntóir teanga agus an múinteoir tacaíochta teanga ag obair as lámha a chéile faoi stiúir an phríomhoide.
Moltar go gcuirfeadh gach scoil i gcomhar leis na heagrais riartha de réir mar a oireann tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas i scríbhinn faoin obair a bheidh ar siúl ag an gcúntóir faoi stiúir an mhúinteora ranga agus go bhfaighidh an scoil síniú ó na tuismitheoirí le taispeáint go dtuigeann siad na socruithe éagsúla atá i réim.
Moltar go mbeadh obair na gcúntóirí curtha san áireamh mar chuid de phróiseas féinmheastóireachta scoile i dtreo an phlean feabhsúcháin scoile.
Moltar go n-iarrfaí ar an Roinn Oideachais meastóireachta a dhéanamh ar bhainistiú obair na gcúntóirí sna scoileanna mar chuid den ghnáthobair mheastóireachta a dhéanann cigirí sna scoileanna Gaeltachta.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/001.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Ní Chualáin, Aingeal</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2015</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">http://comhartaighde.ie/ </idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
COMHARTaighde, EAGRÁN 1, Samhain 2015, 3, Aingeal Ní Chualáin
Sa chéad leath den aois seo caite bhí dearcadh toirmeascach oifigiúil ar chúrsaí gnéis agus gnéasúlachta i réim in Éirinn (Ferriter 2009: 102). Le linn na tréimhse sin baineadh úsáid as an amhránaíocht agus as an damhsa mar bhealaí chun an t-áilíos a léiriú i mbealach inghlactha sa phobal, rud a tharraingíonn aird ar an mórthábhacht a bhain leis na cleachtais seo i gcúrsaí cúirtéireachta. Ba bhealaí inghlactha freisin iad na hamhráin agus an damhsa chun an dúil chollaí a léiriú i litríocht an ama agus is rud é seo ar bhain Máirtín Ó Cadhain earraíocht as ina shaothar. San alt seo breathnófar ar an léiriú a thugtar i luathshaothar Uí Chadhain ar dheasghnáth na cúirtéireachta mar chleachtas agus ar chur in iúl na dúile collaí sa phobal. Feictear go bhfuil áit lárnach, ní hamháin ag an amhrán grá, ach ag an damhsa i gcur in iúl an áilíosa i scéalta luatha an Chadhnaigh agus déantar iniúchadh ar an ngné seo de na scéalta i bhfianaise na dtuiscintí antraipeolaíochta nuálacha faoi na hamhráin agus an damhsa atá pléite ag Lillis Ó Laoire i gcomhthéacs Oileán Thoraí ina shaothar Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh (2002). Tá borradh tagtha le blianta beaga anuas ar an gcritic ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus gnéithe síceolaíocha, socheolaíocha agus antraipeolaíocha den saothar cíortha ag scoláirí mar Ghearóid Denvir (1987, 2005, 2007), Louis de Paor (1991, 2008), Aisling Ní Dhonnchadha (1981, 2002), Mháire Ní Annracháin (1979, 1998, 2007) agus Alan Titley (1990, 1991). Chomh maith leis sin, tá suntas curtha ag criticeoirí i léiriú na n-amhrán i scéalta Uí Chadhain agus i saothair le scríbhneoirí Gaeltachta eile. Tá taighde leanúnach á dhéanamh ar fheidhm chultúrtha na hamhránaíochta ag Lillis Ó Laoire (2013); tá anailís úrnua déanta ag Máire Ní Annracháin (2014: 4-8; 2014a) ar mheafaracht na n-amhrán; tá úsáid chruthaitheach na n-amhrán i saothair éagsúla le scríbhneoirí Gaeltachta, 'An Bhliain 1912' le Máirtín Ó Cadhain ina measc, pléite ag Máirín Nic Eoin (2014); agus tá staidéar déanta ag an údar seo ar idirthéacsúlacht na n-amhrán i saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire (Ní Chualáin 2013: 74-100). Ag tógáil ar an méid sin a bheifear san aiste seo.
I saothar ceannródaíoch Lillis Uí Laoire tugtar faoi anailís theoiriciúil a dhéanamh ar chleachtas na n-amhrán in Éirinn. Díríonn taighde an údair ar fheidhmeanna cultúrtha na n-amhrán agus an damhsa ar Oileán Thoraí. Cuireann sé roimhe anailís a dhéanamh ar na nósmhaireachtaí ar leith a bhain le seachadadh agus láithriú na n-amhrán ar an oileán. Chuige sin tarraingíonn sé ar theoiricí na heirméineotaice mar atá siad curtha chun cinn ag Hans-Georg Gadamar agus Paul Ricoeur, áit a dtugtar tús áite don ointeolaíocht (mód beithe) thar an eipistéimeolaíocht (mód feasa) (2002: 15). Ina staidéar ar an amhránaíocht mar chleachtas i bpobal Thoraí, déantar iniúchadh ar an eagar a chuir na daoine ar an iompar sóisialta seo mar 'mhiméis,' is é sin, 'aithris chruthaitheach ar eilimintí an tsaoil trí mheán na healaíne' (Ó Laoire 2002: 14). Dar le hÓ Laoire, is cleachtas sofaisticiúil atá i gceist leis an amhránaíocht ar féidir leis 'dioscúrsa ailtéarnach a chur ar fáil do lucht a chleachta agus a chuidíos leo deacrachtaí agus cruacheisteanna a saoil a chur i bhfrámaíocht soráite a mhaolaíos an strus a théas leo' (2002: 14). Chomh maith leis an iniúchadh ar chleachtas na hamhránaíochta déanann Ó Laoire anailís ar thábhacht an damhsa mar dheasghnáth sóisialta ar an oileán. Díríonn sé ar an gcaoi a dtacaíonn an damhsa le láithriú na n-amhrán agus léiríonn sé an chaoi a bhfeidhmíonn an damhsa uaireanta mar 'aithris shiombalach gan urlabhra' a ligeann do mhothúcháin láidre a theacht chun tosaigh (2002: 143). Feictear go bhfuil na gnéithe seo de láithriú na n-amhrán agus an damhsa le sonrú freisin in úsáid na n-amhrán agus an damhsa i saothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain. 'As an mbéaloideas a fáisceadh mé féin,' a dúirt an Cadhnach i léacht ar an mbéaloideas a thug sé do Chumann na Scríbhneoirí sa bhliain 1950 (1950: 9). Ní hionadh gur bhain sé úsáid as na hamhráin ina shaothar cruthaitheach nuair a chuirtear san áireamh a spéis sa bhéaloideas mar bheochleachtas agus a thaithí mar bhailitheoir béaloidis. Cé go n-aithnítear gur bhain sé leas as a shaibhreas béaloidis go ginearálta ina shaothar cruthaitheach (uí Ógáin 2007: 132-133), níl mórán suntais curtha in úsáid na n-amhrán ina shaothar, in ainneoin a dtábhachta don Chadhnach féin. Léiríonn Ríonach uí Ógáin an spéis faoi leith a chuir sé sa ghné seo den bhéaloideas: Is léir as a ndearna an Cadhnach agus as tagairtí aige féin go raibh dúil iontach sa mbéaloideas aige agus má bhí dúil aige i ngné amháin ar bith de, is dóigh gur in amhráin na ndaoine a bhí an dúil sin (2007: 133).
Is léir óna raibh le rá aige ar an ócáid i 1950 gurbh í tuiscint Uí Chadhain go mbíonn an béaloideas á athnuachan féin de shíor, rud a chinntigh, dar leis, gur 'rud buan é an béaloideas' (1950: 10). Faoi mar a deir uí Ógáin, 'chreid sé go raibh amhráin agus filíocht bhéil Chonamara ag síorathrú agus cheap sé go mba chomhartha dóchais é seo' (2007: 150). Agus trácht á dhéanamh aici ar na hamhráin a bhailigh an Cadhnach, tarraingíonn uí Ógáin aird faoi leith ar an tábhacht a leag sé sa bhailiúchán ar chur síos a dhéanamh ar na hamhránaithe, ar na bailitheoirí agus ar scéal an amhráin féin. Dar léi, is 'As na tagairtí do leaganacha eile a thuigtear go bhfuil a shaol féin agus a scéal féin ag gach uile amhrán agus amhránaí, ach san am céanna gur cuid de thraidisiún pobail gach aon cheann acu chomh maith' (1999: 3). Tagann an tuiscint seo ar na hamhráin leis an tuairim a nochtann Lillis Ó Laoire ina dtaobh, go mbíonn 'nós ag fonnadóirí amhráin a chur in oiriúint dá bpeirspictíochtaí féin ar an saol. Is dóigh liom gur thuig daoine gur bhain an chruinneshamhail a nochtar sna hamhráin do chúinsí a saoil féin' (2012: 27). Tarraingítear aird arís ar ghné bheoga na n-amhrán ar féidir leo, i bhfocail Pheadair Uí Cheannabháin, a bheith mar 'íocshláinte anama' ach an láthair a bheith feiliúnach a chothódh 'dáimh idir fonnadóir agus éisteoir' agus a thabharfadh deis dóibh araon 'síor-athnuachan' a dhéanamh orthu 'de réir a nádúir fhéin' (g.d: 20-21). Feictear gur i suíomh traidisiúnta i gcroílár an phobail a dhéantar na hamhráin agus an damhsa a láithriú i scéalta Uí Chadhain agus iad ag freastal ar riachtanas an phobail ag am faoi leith. Díríonn an dá scéal, 'Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire' agus 'Gan Murcha gan Mánas' sa chnuasach Idir Shúgradh agus Dáiríre, (1939 [1975], ISD) ar chúrsaí grá agus cúirtéireachta mar ábhar, agus níl an cleamhnas mar bhunús leis an gcaidreamh i gceachtar den dá scéal. Tá ábhar spéise faoi leith sa chéad scéal díobh mar gurb é an chéad scéal grá é a scríobh Ó Cadhain ach níl aon léiriú díreach ar an dúil sna scéalta in Idir Shúgradh agus Dáiríre trí chéile. Is trí dheasghnáth an damhsa agus tríd an amhrán a dhéantar mothúcháin a bhaineann leis an ngrá a chur in iúl sna scéalta atá luaite. Is é an damhsa a tharraingíonn meas agus urraim an phobail ar bheirt charachtar, nárbh aon díol suntais iad roimhe sin, is cosúil, sa scéal 'Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire' agus is é láthair an damhsa a thugann deis dóibh a gcuid mothúchán grá a chur in iúl dá chéile. Is mar 'bhaothóg' a shamhlaítear Peigín Mhicil, cailín 'corr,' 'teiriúil cincíseach' a bhí ag fulaingt 'saighead léanmhar an ghrá' ó d'iarr fear óg strainséartha as Clár an Bhealaigh teannaire rothair uirthi lá (ISD: 71). Cé go gcuirtear in iúl gur ghlac sí 'col críochnaithe' le fear an Chláir ina dhiaidh sin mar nár bheannaigh sé di agus gurbh í 'an ghráin shíoraí dhíobhálach' a bhí aici air nuair a lig sé cúl thairis lá an bháire, tuigtear don léitheoir gur thug Peigín fuath don té ar thug sí grá dó i ndáiríre agus go bhfuil sí splanctha ina dhiaidh go fóill (ISD: 72-73). Cuirtear olc ar Pheigín agus ar mhuintir Bhaile an Chaisleáin nuair a thagann sé ag súdaireacht agus ag cuardach achrainn, dar leo, oíche chuairt mhíosa Mhalaí Sheáin. Níor mhaolaigh 'taghd na cuideachta' (ISD: 74) go dtí gur cuireadh tús leis an damhsa. Cé gur mhúscail a chuid cainte náire agus cantal i bPeigín i dtosach, feictear go dtagann casadh i scéal na beirte nuair a iarrann sé go gcasfaí 'An Lon Dubh' dó agus é ag fógairt: 'Lig mé an báire libh. Ní ligfidh mé an damhsa libh' (ISD: 76). Is i riocht an damhsa a thugann fear an Chláir dúshlán mhuintir Bhaile an Chaisleáin agus dúshlán Pheigín ina theannta sin nuair a fhiafraíonn sé i nglór storrúil: 'Bhfuil bean mo dhiongbhála sa gCaisleán' (ISD: 76). Ba chailín í Péigín a thug 'cos an phoirt ó bhroinn léi' (ISD: 74) agus, cé gur sheachain sí an damhsa i rith na hoíche go dtí sin, ba ghearr go raibh a bealach déanta amach ar an urlár aici. Is suntasach an chaoi a n-éiríonn leis an mbeirt dul i gcion ar an slua agus iad ag baint ceoil as urlár an sciobóil: Ach i nDomhnach is éard a bhí i ngob gach duine 'mo chuach thú, a fhear an Chláir. Faoi do chois é,' agus ní le fonóid anois é. Nuair a thug sé sa timpeall í ar an sean-nós, faoi dheireadh thiar, agus lámh istigh agus lámh amuigh acu ar a chéile, chuir sé an cogar ina cluais nár thug sí léi ach go maolscríbeach, ainneoin gur chuir a croí ar fáil na lúba ar lár a bhí ann (ISD: 77).
Ba é scil fhear an Chláir sa damhsa a d'ardaigh é i súile an phobail agus a thug stádas dó. Thuill sé meas agus deoch sa chás seo, rud a eitíodh dó roimhe sin, cé nach raibh fáil air nuair a thug Tom Sheáin anuas an buidéal chun ceann a thairiscint dó. Agus tábhacht na hamhránaíochta agus an damhsa mar dheasghnátha sóisialta ar oileán Thoraí faoi thrácht aige, tarraingíonn Ó Laoire aird ar an ngradam ard a bhí ag amhránaithe, damhsóirí agus ceoltóirí (2002: 99). Go deimhin ba laoch, dar leis, duine ar bith a bhí in ann gaisce a dhéanamh mar scéalaí, sheanchaí, cheoltóir, amhránaí nó dhamhsóir sa phobal (Ó Laoire 2005: 75). Cé gur coimhthíos a bhí ag Peigín agus fear an Chláir lena chéile i dtosach sa scéal, feictear gur bhealach cumarsáide a bhí sa damhsa dóibh chun a gcuid mothúchán grá agus an dúil a bhí acu ina chéile a chur in iúl faoi thost nó i bhfearann sábháilte, rud nach raibh a gcuid urlabhra in acmhainn a chur in iúl ach go 'maolscríbeach' (ISD: 77).
Is beag scéal de chuid an Chadhnaigh atá chomh cumasach le 'Críonadh na Slaite,' a foilsíodh in An Braon Broghach (1948 [1968], BB), chun géarchúis, grinneas agus comhthuiscint an údair maidir le cúrsaí caidrimh agus cumainn a mheas. Ón gcéad líne is léir gur athchuairt ar eachtra óna óige atá á ríomh ag an reacaire agus mionchur síos á dhéanamh aige ar láthair an dráma atá le hathchruthú aige: Cuimhním ar an oíche Dhomhnaigh sin chomh maith leis an oíche aréir. Áiléar áirgiúil an sciobóil fhada ... An dréimire sníofa ... An doras gan chomhla ag barr an dréimire. Na cláir ghíoscánacha, agus an poll ar chuir mé mo chos ann an chéad oíche in Éirinn dom ar an áiléar sin ... Na pleainceanna le balla sínte ar ghruáin chloiche ... An laimpín meata stáin fostaithe ar thairne ... An-airde ó thalamh sa mbinn thiar. An meathdhorchadas ag an mbinn thoir san áit a raibh seala girseach scoile cruinn agus sioscadh an tsaoil mhóir acu, tráth a mbíodh ceol nó amhrán ar siúl ... An bosca ceoil ag gleadhradh sa bhfíor-chúinne ... An suathadh a thagadh sa mbrú a bhí ag an doras agus duine eile a theacht de bhiseach orthu den dréimire ... Muiníl á ndíriú, agus súile á bhfeannadh i ngeamhsholas an áiléir, go bhfeictí cé a tháinig go deireanach (BB: 51).
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/002.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Seoighe, Stiofán</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2018</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
EAGRÁN 4, Samhain 2018 'Is libhse an chathair' — Pop Up Gaeltacht agus nuachainteoirí na Gaeilge
Réamhrá
Le roinnt blianta anuas tá borradh tagtha faoin taighde ar nuachainteoirí mionteangacha sa tsochtheangeolaíocht chriticiúil agus scoláirí ag iarraidh dúshlán a thabhairt do thuiscintí agus d'idé-eolaíochtaí stairiúla a shamhlaigh teangacha, agus cainteoirí na dteangacha sin, mar nithe aonchineálacha, doathraithe agus teoranta (Bucholtz 2003; Doerr 2009; O'Rourke et al. 2015; Ó Murchadha et al. 2018). Leagtar béim sa taighde sin ar chleachtas teanga nuachainteoirí agus ar an iarracht ghníomhach a dhéanann siad chun deiseanna úsáide a bhaint amach i spásanna sóisialta nua, spásanna a fheidhmíonn mar phobail chleachtais dóibh ar uairibh (Walsh agus Lane 2014). Tógtar ar an taighde comhaimseartha sin san alt seo trí lionsa anailíse an nuachainteora, mar a mhínítear thíos é, a chur i bhfeidhm ar spás sóisialta nua d'úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs uirbeach na hÉireann, Pop Up Gaeltacht (PUG as seo amach). Tá dhá phríomhaidhm leis an alt seo. Ar an gcéad dul síos is mian liom anailís a dhéanamh ar thábhacht agus ar thionchar spásanna nua sóisialta d'úsáid na teanga i gcomhthéacs na Gaeilge trí bhíthin sampla amháin den chineál spáis úd, PUG Bhaile Átha Cliath, a iniúchadh. Léireofar go bhfeidhmíonn PUG mar láthair thábhachtach shochtheangeolaíoch do chainteoirí Gaeilge éagsúla, nuachainteoirí uirbeacha na teanga ina measc, ar mian leo pobal cleachtais a fhorbairt. Taispeánfar chomh maith go bhféadfadh ócáidí PUG muda teangeolaíoch — pointe claochlaithe nuair a athraíonn cleachtas teanga an duine (Puigdevall et al. 2018) — a spreagadh. Ina theannta sin, ba mhaith liom ceisteanna dlisteanachta, féiniúlachta agus barántúlachta, faoi mar a bhaineann siad le nuachainteoirí na Gaeilge, a scagadh agus tionchar féideartha PUG ar na ceisteanna sin a thabhairt chun solais.
Coincheap simplí a bhí sa PUG ón tús, is é sin go mbaileodh lucht labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le chéile i dtithe tábhairne éagsúla chun deoch a ól agus chun Gaeilge a labhairt lena chéile. Cé go bhfuil PUG tar éis scaipeadh ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta — coincheap foinse oscailte, ón mbun aníos agus gan baint aige le heagraíochtaí teanga is ea é — dírítear san alt seo ar PUG Bhaile Átha Cliath amháin toisc gurb é an PUG is iomadúla, is leanúnaí agus is rathúla ó thaobh líon na ndaoine a fhreastalaíonn air go rialta. Dá thairbhe sin, is iad ócáidí PUG na hardchathrach a tharraingíonn an aird is suntasaí sna meáin chumarsáide, idir Ghaeilge agus Bhéarla.
Lionsa anailíse an nuachainteora
Fearacht sochtheangeolaithe eile i gcomhthéacsanna mionteangacha (féach Smith-Christmas et al. 2018, mar shampla), baintear feidhm as coincheap an nuachainteora san alt seo mar lionsa anailíse, seachas mar chatagóir nó lipéad beacht teangeolaíoch, chun ransú a dhéanamh ar phobail urlabhra mhionteangacha, pobal na Gaeilge sa chás seo, atá ag athrú ó bhonn. Míníonn Jaffe an t‑athru seo agus í ag tagairt do chomhthéacs na Corsaicise. Scríobhann sí go bhfuil na pobail sin 'populated by people with different kinds of knowledge, acquired through different means than in the past and embedded in new regimes of value' (2015: 4). Sainmhínítear 'nuachainteoir' mar dhuine a shealbhaíonn agus a bhaineann úsáid rialta, ghníomhach as teanga, ach nach cainteoir dúchais traidisiúnta de chuid na teanga sin í nó é. Is sainmhíniú réasúnta leathan é sin a thugann aitheantas d'ilghnéitheacht agus d'éagsúlacht na gcainteoirí a chuimsítear leis an gcoincheap (O'Rourke et al. 2015: 5). Is ceist thábhachtach í an líofacht, dar ndóigh, agus is minic gur slat tomhais shuibiachtúil í agus cainteoirí éagsúla á rangú. Cé go bhfuil fráma tagartha tábhachtach idirnáisiúnta ar fáil dúinn i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (Comhairle na hEorpa 2001), is fráma tagartha é sin nach mbaineann le líofacht ná cumarsáid labhartha amháin. Leibhéal C1 an Chreata Eorpaigh a úsáideann Ortega et al. (2015: 89) i dtaca le nuachainteoirí na Bascaise, mar shampla, ach d'fhéadfaí leibhéal B2 a úsáid mar shlat tomhais freisin toisc go mbaineann foghlaimeoirí inniúlacht an úsáideora neamhspleáigh amach ag an bpointe sin. Míníonn Ó Murchadha et al. go n-úsáidtear coincheap an nuachainteora le hanailís a dhéanamh ar réimse leathan cainteoirí, ó dhaoine a bhfuil teorainn shoiléir lena gcumas sa teanga go nuachainteoirí 'saineolacha' a bhfuil ardchumas teanga iontu (2018: 4). Go minic, áirítear tréithe de chanúintí traidisiúnta le hurlabhra na gcainteoirí saineolacha sin ó thaobh na fóineolaíochta, na deilbhíochta is na comhréire de (Piller 2001: 180). Idirdhealaítear an foghlaimeoir ón nuachainteoir, ní hamháin de réir líofachta, ach de réir na hiarrachta gníomhaí a dhéanann sí nó sé an teanga a labhairt i gcomhthéacsanna sóisialta éagsúla lasmuigh den chóras oideachais (féach Sallabank agus Marquis 2018: 71, mar shampla).
Tugann coincheap an nuachainteora dúshlán d'idéeolaíocht stairiúil an chainteora dúchais (Doerr 2009: 18) agus don rud a dtugann Bucholtz 'cumha na sochtheangeolaíochta' ('nostalgia of sociolinguistics') (2003: 399) air. Samhlaíonn Bucholtz cumha na sochtheangeolaíochta le gort taighde a dhíríonn orthu siúd a bhí ina gcainteoirí 'dlisteanacha' agus 'údarásacha' amháin agus míníonn sí go raibh an cur chuige sin i réim sa teangeolaíocht ar feadh i bhfad. Cruthaíodh ordlathas teangeolaíoch de dheasca na ndearcthaí úd a bhronn dlisteanacht agus údarás ar chainteoirí áirithe a raibh an urlabhra ba bharántúla acu (Ó Murchadha et al. 2018: 6). Tugann coincheap an nuachainteora, mar sin, dúshlán do na tuiscintí stairiúla sin agus féachtar freisin le 'bogadh ar aghaidh ó chuid de na sean-choincheapa agus na seanlipéid' (Walsh et al. 2015: 6) a úsáideadh le cur síos easnamhach nó fulangach a dhéanamh orthu siúd nár chainteoirí dúchais iad, lipéid ar nós 'cainteoir T2,' 'foghlaimeoir,' agus 'cainteoir dátheangach' (ibid.). Ina ionad sin, leagtar béim ar an bhféidearthacht agus ar ghníomhúchán an duine. Ní ar mhaithe le beag is fiú a dhéanamh de chainteoirí dúchais, ámh, a fhorbraítear na tuiscintí nua sin, mar a shoiléiríonn Walsh agus Lane agus iad ag míniú dhoiléireacht agus dhúshláin na lipéad teangeolaíoch:
+          <gap />
Tá athrú as cuimse tagtha ar thimpeallacht shochtheangeolaíoch na Gaeilge agus borradh tagtha ar líon na nuachainteoirí sa chomhthéacs sin. In Éirinn an lae inniu tá 72% (53,217 duine) de chainteoirí laethúla na Gaeilge (lasmuigh den chóras oideachais) ina gcónaí lasmuigh de Ghaeltachtaí oifigiúla traidisiúnta (An Phríomh-Oifig Staidrimh 2017: 7). Tuairiscítear go bhfuil tuairim is 200,000 nuachainteoir in Éirinn, má chuirtear cainteoirí laethúla is seachtainiúla, thuaidh agus theas san áireamh (Walsh et al. 2015: 10). Molann údair na tuarascála céanna go mba cheart forbairt a dhéanamh ar 'spásanna sábháilte' d'úsáid shóisialta na teanga i mbailte móra agus i gcathracha na tíre go háirithe (ibid.: 61). Is mian liom a léiriú san alt seo gurb amhlaidh a fheidhmíonn PUG mar spás sábháilte do nuachainteoirí áirithe.
Saintréith amháin de chuid nuachainteoirí mionteangacha is ea go mbíonn sé de nós acu dul sa tóir ar phobail chleachtais nua chun deiseanna d'úsáid shóisialta na teanga a chruthú (Walsh agus Lane 2014: 3). Mar a leagadh amach thuas is sainchomhartha riachtanach é an gníomhúchán sin chun idirdhealú a dhéanamh idir nuachainteoirí agus foghlaimeoirí teanga. Míníonn Ortega et al. go mbraitheann nuachainteoirí na Bascaise, teanga mhionlaithe eile, níos dlisteanaí mar chainteoirí nuair a éiríonn leo úsáid rialta a bhaint aisti i bpobail chleachtais nua (2015: 97). Is féidir leis na pobail chleachtais ina bhfuil nuachainteoirí gníomhach tionchar a imirt ar a bhféiniúlacht mar chainteoirí Gaeilge chomh maith (Walsh agus O'Rourke 2015: 66). Má ghlacaimid le tuiscint Ortega et al. ar an bhféiniúlacht theangeolaíoch mar 'a socially constructed notion that is negotiated and signalled through social interaction, rather than a given' (2015: 93), is léir go mbaineann tairbhe leis an bpobal cleachtais mar fhráma anailíse chun na bealaí ina ndéanann cainteoirí éagsúla gnéithe difriúla dá bhféiniúlacht a léiriú (Swann et al. 2008: 44).
Idé-eolaíochtaí teanga
Is léir, mar sin, go mbaineann ábhar an ailt seo go dlúth le ceisteanna féiniúlachta agus idé-eolaíochta. Dar le Kroskrity gur creidimh nó mothúcháin faoi theangacha mar a úsáidtear iad ina dtimpeallachtaí sóisialta is ea hidé-eolaíochtaí teanga (2004: 498) agus chuige sin, chun scrúdú a dhéanamh ar idéeolaíochtaí teanga nuachainteoirí na Gaeilge, caithfear na hidé-eolaíochtaí teanga a chothaítear ina dtimpeallachtaí sóisialta agus ina bpobail chleachtais a iniúchadh chomh maith céanna. Scríobhann Woolard faoi thairbhe lionsa na hidé-eolaíochta teanga mar pharaidím anailíse chun taighde ar leibhéal na micrea-shochtheangeolaíochta (.i. insintí na rannpháirtithe sna hagallaimh bheathaisnéiseacha) a leabú i dtuiscintí níos leithne ar an maicrea-leibhéal (.i. timpeallachtaí sóisialta na rannpháirtithe): 'it allows us to relate the microculture of communicative action to political economic considerations and social inequality, to confront macrosocial constraints on language behaviour, and to connect discourse with lived experiences' (1998: 37). Is díol spéise, mar sin, ról spásanna sóisialta fearacht PUG agus a dtionchar ar idé-eolaíochtaí teanga nuachainteoirí a mheas. Leagtar amach modheolaíocht an taighde thíos, ach le linn na n‑agallamh tháinig PUG chun cinn go minic agus na rannpháirtithe ag labhairt faoina gcleachtas teanga agus faoi na spásanna sóisialta ina n‑úsáideann siad an Ghaeilge. Cuireadh in iúl go mbaineann tábhacht le PUG mar shuíomh sochtheangeolaíoch a éascaíonn úsáid shóisialta na Gaeilge do nuachainteoirí líofa agus féideartha araon i gcomhthéacs chathair Bhaile Átha Cliath. Dá thairbhe sin, socraíodh anailís níos grinne a dhéanamh ar PUG chun na 'frith-idé-eolaíochtaí teanga' (Armstrong 2012: 161) a chothaíonn sé a aithint agus a spíonadh agus chun dearcthaí nuachainteoirí na Gaeilge ina leith a scagadh. Míníonn Urla go dtugann dioscúrsaí agus cleachtais ghluaiseacht na Bascaise, ina bhfuil nuachainteoirí lárnach (Ortega et al. 2015: 85), dúshlán d'idé-eolaíochtaí teanga ceannasacha, idé-eolaíocht aonteangach na Caistílise (cf. Woolard 2016: 40) sa chomhthéacs sin, agus do na tróip choitianta a úsáidtear chun tréithe diúltacha a chur i leith chainteoirí na teanga sin: 'that Basque is archaic, belongs to a fading rural life, is unsystematic or too difficult to learn. The advocates in minority language movements question taken-for-granted ideas and in doing so make them objects of ideological debate' (2012: 12). Tagrófar thíos do dhíospóireachtaí idé-eolaíocha chomhthéacs na Gaeilge chun tionchar PUG orthu a léiriú.
Féiniúlacht an nuachainteora - dlisteanacht agus barántúlacht
Tá ceisteanna dlisteanachta agus barántúlachta fite fuaite leis an bplé a dhéantar ar fhéiniúlachtaí nuachainteoirí. Próiseas leanúnach is ea próiseas an dlisteanaithe faoi mar a bhaineann sé le nuachainteoirí mionteangacha (Ortega et al. 2016: 183). Nochtadh tuairimí na rannpháirtithe i leith a ndlisteanachta mar chainteoirí Gaeilge le linn na n‑agallamh agus tabharfar cúpla sampla den dioscúrsa sin thíos roimh dom ról féideartha PUG i bpróiseas dlisteanaithe an nuachainteora a léiriú. Is é an t‑údarás a mhothaíonn nuachainteoirí, nó a bhronntar orthu, mar chainteoirí Gaeilge atá i gceist agam le 'dlisteanacht,' mar a mhíníonn Costa: 'Legitimate language is not a given. It is constantly negotiated among users, and what constitutes legitimate language may vary according to the setting in which it is used' (2015: 129). Aithníonn sochtheangeolaithe go mbíonn nuachainteoirí éiginnte faoina stádas mar chainteoirí dlisteanacha ar uairibh toisc go n‑airionn siad go mbaineann easpa barántúlachta lena n‑urlabhra (Ó Murchadha et al. 2018: 5–6). Déanann McLeod agus O'Rourke (2015: 157) cur síos ar cheisteanna barántúlachta agus úinéireachta i gcomhthéacs Ghaeilge na hAlban agus is ann don aighneas céanna sa Ghailís freisin (O'Rourke agus Ramallo 2013: 293). Tugtar dioscúrsaí comhchosúla faoi deara i gcomhthéacs na Bascaise chomh maith. Míníonn Ortega et al. go ndéanann nuachainteoirí na Bascaise tréaniarracht chun deiseanna úsáide agus pobail chleachtais a chruthú agus go gcothaíonn rannpháirtíocht sna spásanna sin deiseanna chun a bhféiniúlacht mar chainteoirí Bascaise a dhlisteanú (2015: 96). Léiríonn a dtaighde siúd 'the importance that habitual usage of Basque can have for identification with the Basque-speaking community' (2015: 97). Míníonn Woolard an cheist sin i dtéarmaí na hidé-eolaíochta, idé-eolaíocht na barántúlachta, agus tionchar na hidé-eolaíochta sin ar chainteoirí:
+          <gap />
Áirítear fréamhacha na hidé-eolaíochta sin i ndioscúrsaí an rómánsachais agus an eitneanáisiúnachais lenar samhlaíodh an bharántúlacht leo siúd a raibh nascanna bitheolaíocha, tíreolaíocha agus stairiúla acu leis an bpobal urlabhra agus a labhair leagan traidisiúnta den teanga ar samhlaíodh údarás stairiúil leis (O'Rourke et al. 2015: 7).
Modheolaíocht
Tá ábhar an ailt seo bunaithe ar shonraí a bailíodh ó nuachainteoirí óga Gaeilge idir 18–31 bliain d'aois trí mheán agallaimh leathstruchtúrtha bheathaisnéiseacha. Áirítear na rannpháirtithe taighde anseo mar nuachainteoirí toisc go mbaineann siad úsáid rialta, ghníomhach as an nGaeilge go sóisialta lasmuigh den chóras oideachais (an áit ar shealbhaigh siad an teanga). Aimsíodh rannpháirtithe a ghlacann páirt i spásanna nó grúpaí uirbeacha éagsúla d'úsáid shóisialta na Gaeilge, PUG ina measc. Cé go mbaineann na nuachainteoirí seo úsáid rialta as an teanga i gcomhthéacsanna sóisialta agus gairmiúla éagsúla, san alt seo dírítear ar PUG amháin de bharr na béime a leag na rannpháirtithe féin ar thábhacht na hócáide sin mar dheis úsáide.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/003.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Ó Mainín, Pádraic </h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2020</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
1. Réamhrá
Sprioc an Taighde
Sa taighde seo tá plé déanta ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Is é sprioc an taighde seo ná úsaid a bhaint as an modh múinte FCÁT chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoil T2 suite i suíomh uirbeach.
'Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an príomhtheanga oifigiúil í' (Bunreacht na hÉireann, 1937, lch.9). Cuireann an ráiteas seo i gcuimhne dúinn an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge in Éirinn. Ceist chasta dhúshlánach í ceist na Gaeilge. Deirtear linn go bhfuil ár dteanga i mbaol báis. Mar sin foilsíodh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. Deirtear linn sa straitéis "aineoinn na gcéadta bliain de dhaoine a bheith ag athrú ó Ghaeilge go Béarla, tá an Ghaeilge fós beo mar theanga bheo phobail i roinnt áiteanna a d'fhan ina nGaeltacht agus tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsaid na Gaeilge ó lá go lá" (Rialtas na hÉireann, 2010, lch.3). Is í aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsaid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn ceimiúil (Rialtas na hÉireann, 2010, lch.3). Creideann an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. "Aithnítear go hidirnáisiúnta an fiúntas a bhaineann le héagsúlacht theangeolaíoch. Is iad na teangacha na príomhuirlisí atá ag duine le hidirghníomhú a dhéanamh agus le smaointe, mothúcháin eolas, cuimhní agus luachanna a chur in iúl. Déanann teangacha nathanna cainte cultúrtha agus oidhreacht theibí chultúrtha a thabhairt leo freisin ar nithe iad croí d'fheiniúlacht an duine, aonair agus d'fhéiniúlacht grúpaí" (Rialtas na hÉireann, 2010, lch.5). Tá brú mór ar Ghaeilge sa tír seo de bharr an Bhéarla. Léiríonn taighde sa Ghaeltacht gur teanga na n-aosach í an Ghaeilge i súile daoine óga go minic (Ní Chonchuir, 2012, lch.115). Tuigeann an páiste dátheangach gurbh é an Béarla an teanga a mbaintear feidhm aisti sa tsochaí. Tá an ré nua teicneolaíocta ag cur an-bhrú ar an nGaeilge chomh maith agus tá an-tionchar aige seo ar an teanga a labhraíonn páistí ó lá go lá.
Molann Curaclam na Bunscoile (NCCA, 1999a) ar a laghad 3.5 uair an chloig d'am teagaisc don Ghaeilge in aghaidh na seachtaine. In ainneoin an 1500 uair an chloig go gcaitheann mac léinn ag foghlaim na Gaeilge ar scoil, tá tuairim ghinearálta ann go bhfuil éagsúlacht mhór idir méid agus caighdeán teagaisc an Ghaeilge i mbunscoileanna na tíre (An Chigireacht, 2007, 2013; Harris et al., 2006). Teipeann ar thromlach na ndaltaí máistreacht a bhaint amach i scileanna éisteachta, labhartha agus tuisceana ginearálta an teanga agus tá deacrachtaí léirithe maidir le dearcthaí dearfacha a chothú i measc foghlaimeoirí óga (Harris et al., 2006; Harris & Murtagh, 1999). Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb tá comhtháthú foghlama mar cheann de na príomhphrionsabail ag Curaclam na Bunscoile (1999) agus moltar go ndéanfaí an Ghaeilge a chomhtháthú le abhair eile den churaclam. De réir an churaclam nua teanga óir is próiseas comtháite é teanga a fhoghlaim agus tá an cur chuige comhtháite luaite mar bhunsphrionsabal aige. Trí úsáid a bhaint as teanga i réimsí ábhar lasmuigh den cheacht scoite teanga, beidh páistí ábalta a bhfuil foghlamtha acu a neartú agus a ghinearálú. Laistigh den churaclam, is é atá i gceist le comhtháthú ná "aistriú scileanna a tharlaíonn idir teangachas" agus "teanga a mhúineadh i réimsí eile den churaclam" (CNCM, 2019, lch.8).
Le cúpla bliain anuas, tá fás tagtha ar thaighde a dhíríonn ar an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT), mar cur chuige foghlama agus modh chun an comhthathú seo a chur i bhfeidhm. D'fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D ar 11 Samhain 2019 go bhfuil 19 scoileanna agus suíomhanna luathbhlianta roghnaithe do thionscadal nua chun teagasc na Gaeilge a chur chun cinn. Sa scéim phíolótach trí bliana seo usáidfear FCÁT chun Corpoideachas agus ábhair eile a theagasc trí mheán na Gaeilge do pháistí ó aoisghrúpaí éagsúla. Is í aidhm an tionscadail ná FCÁT a chur i bhfeidhm chun cumas, muinín agus meon an fhoghlaimeora i leith na Gaeilge a fheabhsú i suíomhanna luathbhlianta, i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla (Polasaí um Churaclam agus Measúnacht, 2019). Ábhar cuí is ea Corpoideachas do FCÁT toisc go dtugann sé deiseanna plé agus rannpháirtíocht ghníomhach i ngrúpaí do dhaltaí. Mar a aibhsíodh sa staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn thuairiscigh leanaí gur bhain siad taitneamh as gníomhaíochtaí fhisiciúil toisc go raibh spraoi ag baint leo. Bhí béim láidir freisin ar an taobh sóisialta de agus ar am a chaitheamh le cairde (Growing Up in Ireland, 2011). Níl sé socraithe fós cén dá ábhar eile a bheidh i gceist sa tionscadal ach d'fhéadfadh gur na hAmharcealaíona, Matamaitic, Eolaíocht, Gnó, Tír Eolaíocht, OSPS nó OSSP a bheidh i gceist.
Is í an teanga "ceann de na croíluachanna cultúrtha is tábhachtaí" (Phillipson & Skutnabb-Kangas, 1995, lch.7). Chuige sin is féidir breathnú ar chur chuige FCÁT mar rud atá úsáideach laistigh de chlár feasachta teanga chun ilteangachas ár sochaí ilchineánaí a mhéadú agus beogacht na dteangacha dúchasacha Gaeilge a chaomhnú, chomh maith le teangacha oidhreachta leanaí mionlaigh teanga. De réir Hornberger (2003), tá teangacha éagsúla luachmhar don tsochaí. Áit amháin chun tús a chur le feasacht a mhéadú ar na teangacha seo agus leas a bhaint as ilteangachas in aon tsochaí is ea an bhunscoil. Táthar ag súil go gcabhróidh cur chuige FCÁT le cleachtóirí seomraí ranga ilteangacha a éascú. FCÁT - "is construed as processing a kind of meaningfulness that is believed to be absent from typical language instruction" (Dalton-Puffer & Smit, 2007).
An Cheist Taighde
Le blianta beaga anuas tá an-chuid díospóireachta i mbéal an phobail faoi dhul chun cinn na Gaeilge, faoi thodhchaí na teanga agus mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna lán-Bhéarla. Tá laghdú tagtha ar chumas páistí maidir le héisteacht agus labhairt na Gaeilge agus tá caighdeáin acadúla agus torthaí san ábhar ag éirí níos measa. Ardaíonn sé seo an cheist faoin gcaoi a dtugann muid aghaidh ar cheist na Gaeilge, go háirithe i gcomhthéacs oideachais i scoileanna na hÉireann (Harris & Duibhir, 2011). Tá FCÁT ar cheann de na croí-mholtaí a rinne oideachasóirí agus taighdeoirí chun sealbhú éifeachtach Gaeilge a éascú i measc foghlaimeoirí T2 na teanga agus béim á leagan fós ar an ábhar curaclaim féin (Dillon, 2009). Is beag taighde atá déanta, áfach, ar eispéiris múinteoirí agus a gcuid daltaí ar FCÁT. Leis sin tá sé mar aidhm ag an taighde seo imscrúdú a dhéanamh ar thionchar ceachtanna FCÁT (Gaeilge agus Corpoideachas) ar dhearcthaí páistí. Roghnaíodh an t-ábhar corpoideachas do na ceachtanna FCÁT toisc go dtugann sé deiseanna do dhaltaí plé agus rannpháirtíocht ghníomhach i ngrúpaí a bheith acu. Ina theannta sin, tá buairt léirithe maidir le cúrsaí sláinte i measc páistí na tíre. Tuairiscíodh sa Staidéar ar Rannpháirtíocht Spóirt agus Gníomhaíocht Fhisiciúil Leanaí 2010 nár chomhlíon ach 19% de leanaí bunscoile na treoirlínte náisiúnta gníomhaíochta corpartha (Woods et al., 2010). De réir Shuirbhé Sláintiúil na hÉireann 2015 tá leanbh amháin as gach ceathrar sa tír róthrom nó murtallach (Rialtas na hÉireann, 2015). Is príomhthosaíocht náisiúnta é mar sin an líon seo a laghdú. Leis sin is é Corpoideachas an t-aon deis cinnte do bheagnach gach páiste in aois scoile seans a fháil gníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh a chuireann lena sláinte agus a bhfolláine.
Seasmhacht Phearsanta
Rinne an taighdeoir socrucháin scoile i scoileanna T2 a bhí suite i suíomhanna uirbeacha. D'ardaigh an taithí seo go leor ceisteanna pearsanta i leith caighdéan na Gaeilge i scoileanna T2 na tíre. Tá brú ollmhór ar an nGaeilge de bharr na sochaí ina mairimid. Tá an mórtheanga i gconaí ag brú an t-anam amach as an Ghaeilge. Ardaíonn sé sin an cheist pearsanta don taighdeoir céard atá i ndán don Ghaeilge i scoil T2. Múintear an Ghaeilge ar feadh ceathracha nóiméad ar a mhéid gach lá i scoileanna T2. Tar éis caighdéan na Gaeilge a fheicéail i scoil T2, is iad tuairimí an taighdeoira nár b'shin a dhotháin ama ar chor bith. Mar a leiríonn Seoighe (2014) ina chuid taighde tá meath tagtha ar chumas éisteachta agus labhartha páistí sa nGaeilge. Sa mullach air sin, léirigh tuairisc na Cigireachta go bhfuil fadhbanna ag baint le múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna T2 agus nach mbaineann foghlaim na Gaeilge leibhéal inghlactha amach (An Chigireacht, 2007, 2013, 2018). Tógadh an taighdeoir le Gaeilge agus mar mhúinteoir faoi oiliúint atá tar éis caighdéan na Gaeilge a fheicéail i scoil T2 is ea spreagadh pearsanta an taighdeora iarracht ollmhór a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn.
Is dá bharr seo gur shocraigh an taighdeoir an tionscnamh seo a dhéanamh agus iarracht a dhéanamh éifeachtúlacht tionscnamh Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) a scrúdú mar bhealach chun caighdéan na Gaeilge a chur chun cinn.
2. Léirbhreithniú ar an Litríocht
Cúlra agus Prionsabail FCÁT
Is féidir FCÁT a shainmhíniú mar modh chun ábhar curaclaim, nó gnéithe d'ábhar eile, a mhúineadh trí theanga eile nach í teanga dhúchais nó máthairtheanga an fhoghlaimeora, áit a mhúintear agus a bhfoghlaimítear an t-ábhar trí mheán na sprioctheanga. "Cur chuige oideachasúil défhócasaithe le béim chomhuaineach, dhá fhócas ina n-úsáidtear teanga eile chun inneachar agus teanga a fhoghlaim agus a mhúineadh" (Coyle, Hood & Marsh, 2010, lch.1). Cé nach ionann FCÁT agus an tumoideachas, cruthaíonn sí solúbthacht agus deiseanna do chur chuige a bhíonn níos dírithe ar fhoghlaim agus ar theagasc na sprioctheanga. Tugann FCÁT blaiseadh níos fearr den sprioctheanga do dhaltaí gan an curaclam a ró-ualú ar bhealach discréideach. Is í aidhm FCÁT ná ábhar a fhoghlaim agus teanga iasachta a fhoghlaim ag an am céanna. Díríonn gnáthcheacht FCÁT ar ábhar, ina n-úsáidtear an sprioctheanga mar an meán trína dtéann na daltaí i ngleic leis an ábhar. Éascaíonn an próiseas seo spriocanna ábhair agus spriocanna teanga a bhaint amach sa cheacht céanna (Coyle, Hood, & Marsh, 2010). Tá níos mó ag baint le FCÁT ná díreach an chéad teanga teagaisc a aistriú go teanga eile, ag súil go mbíonn foghlaimeoirí tumtha i dteanga eile. Ní díreach é an t-ábhar a mhúineadh i dteanga bhreise sa gcaoi chéanna a bhfoghlaimeoidís an máthairtheanga. "CLIL is not about 'translating' first-language teaching and learning into another language in the hope that learners will be immersed in a bains linguistique and seamlessly learn in another language … teachers have found that CLIL is about far more than simply teaching subject-matter in an additional language in the same way as the mother tongue … it is not a matter of simply changing the language of instruction" (Coyle, Hood & Marsh, 2010).
FCÁT i gComhthéacs Idirnáisiúnta
I gcomhthéacs idirnáisiúnta, tá FCÁT i mbéal an phobail le cúpla bliain anois. Ní tionscnamh ná coincheap nua é agus tá úsáid fhorleathan bainte as FCÁT ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin chun cur le teagasc foirmiúil teangacha agus chun deiseanna éifeachtacha a thabhairt do dhaltaí chun a scileanna teanga nua a chleachtadh. Tá FCÁT in úsáid san Eoraip ón naoú haois déag i leith agus i Meiriceá theas agus i gCeanada ó na seascaidí (Ruiz de Zarobe et al., 2009). Cumadh an téarma FCÁT sa bhliain 1994 (Perez-Canado, 2012). Ó shin i leith, ach go háirithe ag deireadh na nóchaidí, tá méadú tagtha ar úsáid FCÁT agus tá sé soiléir gur tionscal é atá ag fás (Marsh, 2002). Go spéisiúil, tá dhá leibhéal gníomhaíochta éagsúla feicthe ag an gcur chuige, leibhéal de ghníomhaíocht áitiúil ar bhonn áitiúil, agus leibhéal beartais Aontas Eorpach ar an taobh eile. Is iondúil gur tionscnaimh múinteoirí aonair atá mar thúsphointe chun FCÁT a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna oideachas áitiúil coincréite, tionscnaimh a raibh údaráis réigiúnacha nó náisiúnta mall go minic ag freagairt. Ar an taobh eile, le sraith de pháipéir bheartais eisithe ag comhlachtaí agus institiúidí an tAontas Eorpach, tá sé soiléir ó thús na nóchaidí go bhfuil FCÁT, ar leibhéal polaitiúil, mar chroí-ionstraim chun aidhmeanna beartais a bhaint amach agus daonra ilteangach a chruthú san Eoraip (Dalton-Puffer, 2008). Rinne an tAontas Eorpach tagairt sonrach do thábhacht FCÁT sa bhliain 1995 agus arís i 2003, "…a major contribution to make to the Union's Language Learning Goals" (Eurydice, 2006, lch.9). Ó 2003 ar aghaidh, mar atá doiciméadaithe ag Dalton-Puffer agus Nikula (2006), tá forbairt déanta ar an taighde idirnáisiúnta a dhíríonn ar FCÁT. Aithnítear go hidirnáisiúnta go mbíonn torthaí maithe ag FCÁT mar chur chuige i leith na foghlama teanga agus tá roinnt staidéar agus páipéar a dhéanann tagairt dó seo. Tá sraith príomhfhigiúirí tar éis obair shuntasach a ghlacadh sa réimse (m.sh. Coyle sa Ríocht Aontaithe, Marsh san Fhionlainn, Mehisto san Eastóin, Wolff sa Ghearmáin, Dalton-Puffer san Ostair, Lange san Iodáil). Féachfar anois ar roinnt torthaí tábhachtacha maidir le cur i bhfeidhm FCÁT.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/004.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Billings, Cathal</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2017</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://comhartaighde.ie/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
COMHARTaighde EAGRÁN 3 Deireadh Fómhair 2017
Réamhrá agus modheolaíocht
Chuir Cumann Lúthchleas Gael (CLG) cosc ar a chuid ball páirt a ghlacadh in imeachtaí aon chumainn eile den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1885. Bhí feidhm phraiticiúil leis an gcosc seo ag an am: pobal imeartha dílis a chinntiú don chumann óg nach raibh ach cúpla mí ar an bhfód. Ní raibh tábhacht mhór pholaitiúil ná idé-eolaíoch leis an gcosc go fóill, rud ba léir nuair a fuarthas réidh leis i 1896 nuair a ceapadh go raibh sé ag déanamh dochair d’imirt na gcluichí. Nuair a tugadh feidhm dó arís i 1905, áfach, bhí an ghné pholaitiúil de i bhfad níos treise ann agus an cosc anois ina léiriú ar theacht chun cinn an náisiúnachais a spreag agus a chothaigh an athbheochan chultúrtha, a raibh CLG chun tosaigh inti. Thar na blianta corraitheacha ina dhiaidh sin, chlaochlaigh an cosc ina uirlis dogma agus bholscaireachta, é ina shiombail den scaradh deireanach idir Gael agus Gall agus coinníodh i bhfeidhm é go dtí 1971. De réir CLG, bhí an cosc ina straitéis chosanta riachtanach má bhíothas chun an tír a dhíshacsanú agus a chosaint ar thionchar an ghalldachais, a bhí á scaipeadh trí mheán cluichí gallda.
Ba é an traidisiún a samhlaíodh a bheith ag cluichí CLG a dhealaigh iad ó na cluichí gallda seo. Leag bunaitheoirí CLG béim ar an traidisiún a bhain lena gcluichí féin i gcomparáid le cluichí eile in Éirinn agus mhaígh siad go raibh dúchas agus ársaíocht ag baint leis an iomáint agus leis an bpeil Ghaelach, iad ina sainchluichí Éireannacha a bhí á n‑athbheochan acu. Is cleachtadh comónta é seo i gcomhthéacs gluaiseachtaí rómánsacha náisiúnacha amhail CLG, mar atá pléite ag Eric Hobsbawm i gcomhthéacs an náisiúin: ‘Modern nations … generally claim to be the opposite of novel, namely rooted in the remotest antiquity, and the opposite of constructed, namely human communities so natural as to require no definition other than self-assertion’ (1983: 14). Agus traidisiúin á n‑athbheochan, ba ghnách le hathbheochanóirí ar fud an domhain leanúnachas a dhearbhú le traidisiún nó le traidisiúin ar leith a bhí oiriúnach dá n‑ideil agus dá bhfís féin, ach is minic na traidisiúin seo a bheith cumtha (Hobsbawm 1983: 1). Sa bhealach seo, baineadh leas straitéiseach as an traidisiún cumtha d’fhonn cuspóirí ar leith a bhaint amach: Plenty of political institutions, ideological movements and groups — not least in nationalism — were so unprecedented that even historic continuity had to be invented, for example by creating an ancient past beyond effective historical continuity, either by semi-fiction or by forgery (Hobsbawm 1983: 7).
Tá sé seo le sonrú i gcomhthéacs thraidisiún cumtha na gcluichí Gaelacha, nuair a rinneadh dearmad den dúchas comónta atá ag cuid mhór de na cluichí liathróide mar chluichí traidisiúnta neamhrialaithe agus leagadh béim ar an ngalldachas a bheith bunúsach i gcluichí áirithe i gcomparáid le cluichí ársa CLG. Reáchtáil CLG, le tacaíocht ó eagraíochtaí náisiúnacha eile agus le tacaíocht an rialtais i ndiaidh bhunú an stáit, dianfheachtas bolscaireachta i gcoinne cluichí gallda in ainm chosaint na tíre. Níor cuireadh an cosc seo i bhfeidhm go leanúnach ar gach spórt gallda, áfach — ‘selective rejection’ nó eiteachas roghnaitheach a bhí ann, próiseas atá comónta i gcomhthéacs gluaiseachtaí náisiúnacha (Comerford 2003: 220).
San alt seo, pléifear idé-eolaíocht agus cur i bhfeidhm chosc CLG ar chluichí gallda i ndeireadh an naoú céad déag. Scrúdófar éabhlóid an choisc de réir mar a tháinig borradh faoin náisiúnachas cultúrtha i dtús an fichiú haois agus i ndiaidh bhunú an Stáit. Pléifear an traidisiún cumtha, mar atá sé mínithe ag Hobsbawm, i gcomhthéacs na hathbheochana cultúrtha agus an leas a bhain CLG as an traidisiún sin le stádas ar leith a bhaint amach dá chluichí féin i saol na hÉireann, rud a chuidigh leo seasamh leis an mbeartas eisiach seo. Déanfar stair na gcluichí gallda in Éirinn a ríomh agus breathnófar ar na hiarrachtaí a rinneadh na cluichí sin a dhíbirt ón saol náisiúnta agus an cosc á chur i bhfeidhm mar uirlis chosanta ag an nGaelachas. Scrúdófar an reitric fhrith-Shasanach a bhí le feiceáil san fheachtas bolscaireachta a reáchtáladh i gcoinne na gcluichí gallda, go háirithe i nuachtán CLG agus Chonradh na Gaeilge, An Camán, sna 1930idí ina bhfeictear an tábhacht a ceanglaíodh leis an gcosc ar chluichí gallda mar líne chosanta idir Gael agus Gall. Tuigfear ón bhfianaise seo gur chun leas CLG a bhí an cosc, gur chuidigh sé leis an gcumann cur i gcoinne a chuid iomaitheoirí móra i ndomhan an spóirt chomh maith le ról lárnach a bhaint amach do na cluichí mar shiombail den náisiúntacht Éireannach i dtús an fichiú haois.
Cosc CLG ar chluichí gallda
Agus Cumann Lúthchleas Gael á bhunú aige i 1884, theastaigh ó Mhicheál Ciosóg cur i gcoinne shacsanú na tíre trí riaradh na lúthchleasaíochta in Éirinn a thabhairt faoi bhainistíocht dúchais, chomh maith leis na cluichí dúchasacha, an iomáint agus an pheil Ghaelach, a athbheochan. Sa litir a scríobh sé in United Ireland i nDeireadh Fómhair 1884, ‘A Word about Irish Athletics,’ a d’fheidhmigh mar chatalaíoch do bhunú CLG, chuir sé in iúl go raibh an lúthchleasaíocht in Éirinn faoi cheannas dreama a bhí dílis do nósanna spóirt Shasana agus nár thug cothrom na féinne do chosmhuintir na hÉireann:
+          <gap reason="sampling" />
Go deimhin, ba nós coitianta é i gcumainn spóirt ar fud na Ríochta Aontaithe baic a bheith i bhfeidhm ar sciar faoi leith den phobal. Go hoifigiúil, bhí na baic seo bunaithe ar thuiscintí Victeoiriacha ar an amaitéarachas ach is éilíteachas agus aicmeachas a bhí i gceist go fírinneach, a d’fhéach leis an lucht oibre a choinneáil amach ó na leibhéil is airde de chomórtais agus de bhainistíocht na gcumann (Rouse 2015a: 141–143).
Freagra air seo ab ea an chéad chosc a chuir CLG i bhfeidhm ar Lá Fhéile Pádraig 1885: ‘Any athlete competing at meetings held under the laws other than those of the GAA shall be ineligible for competing at any meeting held under the auspices of the GAA’ (luaite in Mandle 1987: 22). Is fíor go raibh ceannairí an chumainn óig ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus na cumainn spóirt eile sa tír a bhí ‘gallda,’ ach bhí feidhm phraiticiúil leis an gcosc freisin nuair ba bhealach é le baill agus na táillí a ghabh leo a chinntiú i laethanta luatha an chumainn. Níl aon amhras ach go raibh tábhacht pholaitiúil leis an mbac a cuireadh ar bhaill den RIC a bheith páirteach in CLG i 1887, áfach, rud a léiríonn tionchar an IRB a bhí ag insíothlú isteach sa chumann de réir a chéile (Rouse 1993: 342).
Ba bheag nár scrios scoilteanna inmheánacha polaitiúla CLG sna 1880idí déanacha agus sna 1890idí luatha, áfach. Mar sin, bhog CLG amach ón bpolaitíocht náisiúnach agus cuireadh deireadh leis an gcosc ar chluichí gallda i 1896 de bharr gur bhraith ceannairí CLG go raibh sé ag teacht salach ar dhul chun cinn na gcluichí. Tháinig feabhsuithe móra ar riaradh agus ar imirt na gcluichí le linn na mblianta seo nuair a bhí an lucht ceannais dírithe ar an bhforbairt. Féachadh le deireadh a chur leis an mbrúidiúlacht sa pheil thraidisiúnta, rud a chuir as do Mhuiris Ó Dáimhín agus CLG á bhunú i 1884. Tugann Séamas Ó Caoimh cuntas ar an mbrúidiúlacht seo ina bheathaisnéis, An Sléibhteánach: Ach tháinig meath mór ar an bpeil sa dúiche timpeall deire na haoise seo caite, pé cúis a bhí leis, cé gur cuimhin liom féin bheith ag cluiche i bPáirc an Chlampair sa bhliain 1896. […] Gleann na Faille agus Carraig na nGabhar a bhí ag imirt agus má bhí na cluichí go léir a dh’imríodh ann ar aon dul le hiomrascáil an lae sin níorbh aon leasainm é ‘Páirc an Chlampair’. […] Bhí ceithre ghaiscíoch déag is fiche smeartha le fuil tar éis fiche nóiméad. Bhíodar basctha, buailte, brúite (Ó Caoimh 1989: 154).
Theastaigh athdhearadh na rialacha i ndeireadh na 1890idí chun an cluiche a chaighdeánú agus a scaradh go soiléir ón rugbaí agus ón sacar, agus tugann Ó Caoimh cuntas ar thabhairt isteach rialacha CLG ‘do réir a chéile’ (Ó Caoimh 1989: 157); tharraing sé seo níos mó airde ar na cluichí mar shiamsaíocht agus mheall cluichí CLG sluaite ní ba mhó ina dhiaidh sin.
Fás an náisiúnachais chultúrtha agus cosc CLG
Tháinig an pholaitíocht chun cinn arís in CLG i mblianta luatha an fichiú haois, áfach. Spreag comóradh céad bliain Éirí Amach 1798 agus Cogadh na mBórach atmaisféar frith-Shasanach agus bhí sé seo le brath in CLG agus an IRB athaontaithe ag réiteach le ceannas a ghlacadh ar an gCumann an athuair. I 1901, ghlac CLG seasamh oscailte frith- Shasanach nuair a tugadh feidhm don chosc arís:
+          <gap reason="sampling" />
Cé gur fágadh faoi bhoird chontae éagsúla a gcinneadh féin a dhéanamh maidir leis an gcosc a fhorghníomhú, ba léiriú é ar an athrú meoin sa chumann agus sa tír i gcoitinne. Treisíodh agus daingníodh an cosc i 1905 nuair a cuireadh cosc iomlán ar bhaill CLG páirt a ghlacadh i gcluichí gallda nó a bheith i láthair acu: ‘That persons who play rugby, soccer, hockey, cricket or any imported games shall be suspended for two years from date of playing such games, and this rule to take effect from 1 February 1905’ (CLG 1905). Mhair an cosc seo go dtí 1971. Sa bhreis air sin, i 1906, coisceadh baill na bhfórsaí slándála in Éirinn ó pháirt a ghlacadh in imeachtaí CLG: ‘That policemen, militiamen and soldiers on active service be prevented from playing hurling or football under GAA laws’ (CLG 1906). In ainneoin go bhféadfadh na rialacha seo baill nua a chur ó dhoras, léiríonn an seasamh idé-eolaíoch a glacadh an tionchar a bhí ag an náisiúnachas cultúrtha ar an gCumann.
Bhí a thionchar le sonrú chomh maith i gConradh na Gaeilge, a bhí ina chomhghuaillí idé-eolaíoch ag CLG mar chuid den athbheochan chultúrtha tar éis a bhunaithe i 1893 (Ó Conchubhair 2009: 21). Cumann neamhpholaitiúil neamhsheicteach a bhí ann de réir a bhunreachta, a raibh sé mar phríomhchuspóir aige an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge a chaomhnú agus a athbheochan. Aithníodh san am céanna an tábhacht shóisialta, pholaitiúil agus eacnamaíoch a bhain leis an mBéarla agus cuireadh idéal an dátheangachais chun cinn, go háirithe i gcomhthéacs an oideachais.  Le fás an náisiúnachais chultúrtha i dtús an fichiú haois tháinig idé-eolaíocht ní b’antoiscí chun cinn i measc Conraitheoirí áirithe, a d’éiligh díbirt an ghalldachais i ngach gné de shaol na hÉireann. Bhí sé seo le sonrú sa reitric a tháinig chun cinn in ailt in An Claidheamh Soluis, uirlis oifigiúil Chonradh na Gaeilge, mar a raibh idéal na hÉireann Éireannaí á chur chun cinn:
+          <gap reason="sampling" />
Tháinig borradh faoin gcomhoibriú idir CLG agus Conradh na Gaeilge i mblianta luatha an fichiú haois mar chuid de ghluaiseacht Éire Éireannach agus ba iad an dá chumann chultúrtha ba mhó sa tír iad, leis na céadta míle duine ina mbaill díobh (McGarry 2010:25). Ghríosaigh siad a gcuid ball chun ballraíocht a ghlacadh in eagraíochtaí a chéile agus tháinig borradh faoi chúig faoi líon craobhacha Chonradh na Gaeilge ar fud na tíre idir 1900 agus 1905 (Ó hAilín 1969: 99). Tá tionchar Chonradh na Gaeilge ar CLG le feiceáil sa bheartas teanga a cuireadh i bhfeidhm in CLG ó thús an chéid ar aghaidh (Billings 2013: 32– 53) agus sa seasamh a ghlac CLG maidir le cosc a chur ar bhaill a ghlac páirt i ndamhsaí gallda nó in imeachtaí sóisialta eagraíochtaí gallda (Rouse 2015b: 16). Ar aon dul leis sin, is iomaí club CLG a ghlac cúraimí teanga orthu féin agus chuir craobhacha den Chonradh cluichí Gaelacha chun cinn. Eiseamláir den chumann Éire Éireannach idéalach seo ab ea craobh Thír na nÓg den Chonradh i mBéal Feirste, a chuir tús leis an iomáint sa chathair i 1900:
+          <gap reason="sampling" />
San aeráid pholaitiúil seo, reáchtáil CLG feachtas i gcoinne na gcluichí gallda, a bhí mar chuid d’fheachtas níos leithne chun cultúr na hÉireann a ghlanadh de thionchar na hiasachta tríd síos. Tagraíonn Castle don mheon seo mar ‘xenophobic nativism,’ a bhí ‘at times just as racist and intolerant as the colonialist disavowal of the native’ (2001: 238).
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/005.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Ní Ainifidh, Niamh</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2021</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Caibidil a 1. Réamhrá
Sa chaibidil seo, déantar cur síos ar an réasúnaíocht atá mar bhunús don taighde. Tugtar léargas ar an gcomhthéacs ina bhfuil an taighde seo bunaithe agus ar sheasmhacht an taighdeora. Ina dhiaidh sin, pléitear na ceisteanna taighde a threoraigh an staidéar, agus ar deireadh, mínítear leagan amach an tráchtais.
Réasúnaíocht an Taighde
Is mór an bhéim a chuirtear ar scileanna litearthachta sa chóras oideachais (ROS, 2019; Kennedy et al., 2012; ROS, 2011), agus déantar forbairt ar scileanna litearthachta thar fhad saoil an duine (Alexander, 2005). Sonraítear gur bunchloch iad scileanna luath-litearthachta i ndul chun cinn an dalta scoile (NELP, 2008; CNCM, 2009). De réir an Roinn Oideachais agus Scileanna sa Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga (ROS, 2011), cuireann eispéiris foghlama agus cleachtais dearfacha na litearthachta go mór le forbairt agus foghlaim scileanna litearthachta páistí óga.
Is scileanna litearthachta an Bhéarla is mó a bhíonn i gceist uaireanta nuair a labhraítear faoin litearthacht sa chóras oideachais (Ní Chlochasaigh et al., 2020). Ach, foghlaimítear scileanna litearthachta i suíomhanna éagsúla in Éirinn, i scoileanna lán-Béarla, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta. Is taighde é seo atá bunaithe ar mhúineadh scileanna na scríbhneoireachta i scoileanna lán-Ghaeilge, áit ina bhforbraítear teanga labhartha agus scríofa na Gaeilge.
De réir Hickey agus Stenson (2016), tá ról riachtanach ag teagasc agus forbairt scileanna na litearthachta i gcaomhnú mionteanga. Ach, is beag taighde atá ann a dhéanann fiosrú ar fhorbairt scileanna na dé-litearthachta agus scileanna litearthachta teanga mhionlaigh (Hickey & Stenson, 2011; Reyes, 2006). Chomh Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta maith leis sin, is beag ár n-eolas ar na cleachtais atá i bhfeidhm i ranganna naíonán i scoileanna lán-Ghaeilge (SLG) le tacú le páistí agus iad i mbun scríbhneoireachta fiúntach ina dteanga bhreise.
Tá fianaise ann go gcuirtear níos mó béime ar mhúineadh teanga labhartha na Gaeilge ná léitheoireacht agus scríbhneoireacht, agus déantar an teanga scríofa a imeallú (Hickey & Stenson, 2016; Stenson & Hickey, 2014). Anois, agus teacht isteach Curaclam Teanga na Bunscoile (ROS, 2019), an bhéim atá á chur ar chomhtháthú scileanna litearthachta, agus ar na hathruithe atá tagtha ar mhodheolaíochtaí litearthachta, tá deis athmhachnamh a dhéanamh ar na scileanna litearthachta a chuirtear chun cinn, agus ar an ord agus an chaoi ina múintear iad.
+Tá tuiscint níos fearr ann anois ná mar a bhí ar conas a bhforbraíonn páistí óga scileanna scríbhneoireachta, agus is fiú machnamh a dhéanamh ar ról an mhúinteora san fhorbairt seo. Is mór an tionchar a bhíonn ag dearcthaí múinteoirí ar fhorbairt na luath-scríbhneoireachta ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm agus na deiseanna scríbhneoireachta a bhíonn ann do pháistí ar scoil (Bingham & Hall-Kenyon, 2013; Gerde et al., 2019; Yigit, 2018). Ina theannta sin, bíonn tionchar ag timpeallachtaí foghlamtha ar chleachtais scríbhneoireachta (Justice & Pullen, 2003). Mar sin, is aidhm an taighde seo ná chun fiosrú a dhéanamh ar dhearcthaí múinteoirí atá ag obair i SLG maidir le forbairt na scríbhneoireachta, agus imscrúdú a dhéanamh ar an gcur chuige a mbaintear úsáid as.
Comhthéacs an Taighde
Is taighde é seo atá dírithe ar mhúinteoirí agus ar bhaill eile den phobal scoile a bhíonn ag plé leis na ranganna naíonán i SLG atá lonnaithe i gceantair uirbeacha i mBaile Átha Cliath. Is suíomhanna scoile iad ina bhfuil an luath-Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta thumoideachas i bhfeidhm, agus tumtar páistí sa Ghaeilge ar feadh tréimhse ama óna gcéad lá ar scoil, go dtí pointe éigin idir i ndiaidh na Nollag i naíonáin shóisearacha agus rang a haon. Go hiondúil, ní hí an Ghaeilge céad teanga na bpáistí a fhreastlaíonn ar SLG.
De réir sonraí ón daonáireamh (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2017), tá os cionn milliúin go leith daoine sa tír in ann Gaeilge a labhairt. Labhraíonn 558,608 daoine an Ghaeilge go laethúil taobh istigh den chóras oideachais, agus 77,803 taobh amuigh den chóras oideachais (POS, 2017). Sa scoilbhliain 2018/19, bhí 160 naíonra agus 150 SLG taobh amuigh den Ghaeltacht, agus bhí stádas DEIS ag 29% de SLG agus scoileanna Gaeltachta sna blianta 2018/19 (Gaeloideachas, 2019). Is cosúil go raibh an-éileamh ar réamh-scolaíocht trí mheán na Gaeilge toisc go raibh liostaí feithimh ag 64% de naíonraí sa scoilbhliain 2018/19 (Gaeloideachas, 2019). In ainneoin na sonraí a thugann le fios an méid daoine atá in ann Gaeilge a labhairt agus an t-éileamh atá ar oideachas trí mheán na Gaeilge, dar le hÓ Duibhir (2009), is beag deis a bhíonn ag daltaí SLG Gaeilge a chloisteáil taobh amuigh de bhallaí na scoile. Molann Hickey agus Stenson (2016), scileanna litearthachta na Gaeilge a chur chun cinn le go mbeidh níos mó teagmhála ag páistí leis an teanga taobh amuigh den scoil.
Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus oibre SLG. Is baill foirne ar fad a bhí páirteach sa taighde, idir múinteoirí ranga phríomhshrutha, príomhoide agus múinteoir oideachais speisialta, agus ba mheascán idir chainteoirí dhúchais agus cainteoirí le Gaeilge mar a dteanga breise a bhí iontu. Bhí taithí acu ar fad ar ranganna naíonán a mhúineadh, agus bhí réimse de idir trí bliana agus fiche bliana de thaithí teagaisc acu. Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta
Seasmhacht an Taighdeora
Is múinteoir rang na naíonáin shóisearaigh mé i SLG faoi láthair agus tá an luath-thumoideachas iomlán i bhfeidhm againn. Tá ocht mbliana caite agam ag múineadh i SLG agus tá an-spéis agam sa Ghaeilge agus i gcúrsaí litearthachta na Gaeilge. Tá spéis faoi leith agam san luath-litearthacht agus san scríbhneoireacht éiritheach, agus ar na straitéisí foghlama atá ann chun scileanna scríbhneoireachta an pháiste óig ina dteanga breise a fhorbairt. Bíonn an cur chuige foghlaim trí shúgradh agus creathchuraclam Aistear (CNCM, 2009) i bhfeidhm agam le torthaí foghlama agus spriocanna Curaclam Teanga na Bunscoile (ROS, 2019) a bhaint amach.
Tá eolas maith agam ar an gcomhthéacs ina bhfuil an taighde seo bunaithe agus tá taithí agam ar mhúineadh na scríbhneoireachta sna ranganna shóisearacha. Chaith mé tréimhse mar mhúinteoir oideachais speisialta ag tacú le páistí sna ranganna shóisearacha agus shinsearacha agus iad ag tabhairt faoin scríbhneoireacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Mar sin, tá eolas agam ar chuid de na dúshláin atá ann i SLG scríbhneoireacht na Gaeilge a chothú. Is taighdeoir ‘cos istigh’ mé sa taighde seo agus tá aithne phearsanta agam ar chuid de na rannpháirtithe. Rinneadh gach iarracht a bheith neamhchlaonta le linn an taighde agus dearcthaí na rannpháirtithe a chur chun cinn.
Na Ceisteanna Taighde
Deirtear go bhfuil easpa thaighde ar thuiscintí mhúinteoirí agus oidí na luath-óige ar scileanna agus modheolaíochtaí na luath-litearthachta (Piasta et al., 2020). Cé go roinntear an litearthacht ina dtrí shnáithe, teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht sa chóras oideachais, is minic a chuirtear béim as cuimse ar mhúineadh theanga ó bhéal agus léitheoireacht na Gaeilge (Hickey & Stenson, Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta 2016; Stenson & Hickey, 2014). De réir Greaney (1978), níor cuireadh béim ar scríbhneoireacht na Gaeilge sna curaclaim agus bhí impleachtaí aige seo ar leibhéil gnóthachtálacha Gaeilge na ndaltaí.
Is iomaí taighde atá ann ar fhorbairt agus sealbhú scileanna léitheoireachta, ach faraor, sonraítear go bhfuil níos lú taighde ar fhorbairt scileanna scríbhneoireachta san luath-óige (Bingham et al., 2017; Rowe & Neitzel, 2010; Whitehurst & Lonigan, 1998). Le tamall anuas, tá athruithe tagtha ar dhearcthaí maidir le forbairt agus múineadh na scríbhneoireachta. Sonraítear gur chóir béim a chur ar chleachtais scríbhneoireachta le brí a léiriú agus cumarsáid a dhéanamh (Kennedy et al. 2012; ROS, 2019), seachas mar chleachtais foirmiú litreacha agus cleachtadh na aibítre amháin (Bodrova & Leong, 2006).
Aithnítear go bhfuil an-thionchar ag suíomhanna agus na modhanna oideolaíochta a bhíonn i bhfeidhm ar dhul chun cinn scileanna litearthachta an pháiste óig (Justice & Pullen, 2003; NAEYC, 2009). Ina theannta sin, ó theacht isteach Aistear (CNCM, 2009), agus Curaclam Teanga na Bunscoile (ROS, 2019), is iomaí athrú a tháinig ar mhodheolaíochtaí sna ranganna shóisearacha sna bunscoileanna agus ar mhodheolaíochtaí do mhúineadh na litearthachta ach go háirithe. Mar sin, roghnaíodh an cheist taighde seo a leanas leis an staidéar a threorú:
+Céard iad dearcthaí múinteoirí scoileanna lán-Ghaeilge ar fhorbairt luath-scríbhneoireacht an pháiste óig agus céard iad na cleachtais atá i bhfeidhm acu chun scríbhneoireacht chruthaitheach i dteanga mhionlaigh a chothú?
Is iad seo a leanas na focheisteanna atá laistigh den phríomhcheist taighde:
Céard iad dearcthaí múinteoirí ar a róil i dtacú le páistí atá i mbun forbairt na luathscríbhneoireachta i dteanga mhionlaigh?
+Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta
Cé na modhanna oideolaíochta a bhíonn in úsáid ag múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge chun luathscríbhneoireacht agus scríbhneoireacht chruthaitheach an pháiste óig a fhorbairt i dteanga mhionlaigh?
+An léiríonn modhanna oideolaíochta, dearcthaí múinteoirí agus cleachtais scríbhneoireachta luí ar an gcur chuige don litearthacht éiritheach?
+Cén tionchar atá ag an gcomhthéacs sochtheangólaíocht ar an luath-scríbhneoireacht agus an scríbhneoireacht chruthaitheach a chothú sa Ghaeilge?
Struchtúr an Tráchtais
Roinntear an tráchtas ina cúig chaibidil. Cuireann an chéad chaibidil tús leis an tráchtas trí réasúnaíocht, comhthéacs agus seasmhacht an taighdeora an taighde a phlé, agus trí léargas a thabhairt ar na ceisteanna taighde.
I gcaibidil a dó, déantar plé ar an taighde ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann leis an taighde seo, agus déantar cur síos agus iniúchadh ar na bun-theoiricí agus cur chuigí molta na litearthachta agus scríbhneoireachta.
Is i gcaibidil a trí a phléitear an mhodheolaíocht, an pharaidím fealsúnachta ina bhfuil an taighde seo suite, agus an cur chuige a roghnaíodh le sonraí a bhailiú. Déantar cur síos ar an uirlis taighde, ar bhailiúcháin na sonraí, próiseas na hanailíse sonraí, agus an modh códála a d’úsáideadh.
+I gcaibidil a ceathair, cuirtear torthaí an taighde i láthair de réir na téamaí a aithníodh ó na sonraí, trí úsáid a bhaint as ráiteas athfhriotail ó rannpháirtithe agus figiúir. Déantar anailís ar thorthaí an taighde agus déantar nasc idir na torthaí agus an taighde ábhartha a bhaineann leis an topaic.
+I gcaibidil a sé, tugtar léargas ar na príomh-thorthaí atá ag teacht leis na ceisteanna taighde agus tugtar moltaí do chleachtais. Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta.
Caibidil a 2. Athbhreithniú litríochta
Tá sé mar aidhm ag an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 (Rialtas na hÉireann, 2010), an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais agus sa tsochaí i gcoitinne, agus líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú faoi thrí ó 83,000 go 250,000. Aidhm eile atá ag an straitéis ná, “Cuirfidh an curaclam ar chumais na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn”. (Rialtas na hÉireann, 2010, lch. 4). Tuairiscítear go gcuireann foghlaim agus tuiscint na Gaeilge go mór le feasacht agus féiniúlacht chultúrtha na hÉireann (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2019). Tá ról lárnach ag scoileanna, curaclam na bunscoile agus na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus chun í a mhúineadh ionas go dtabharfar deis do pháistí scileanna litearthachta na Gaeilge a fhorbairt.
Tá an chaibidil seo roinnte ina dtrí chuid. Sa chéad chuid, pléifear comhthéacs sochtheangólaíocht, an tumoideachas, agus forbairt na litearthachta Gaeilge. Pléifear múineadh na Gaeilge sna curaclaim bunscoile. Sa dara cuid, déanfar cur síos ar shainmhínithe ar an litearthacht, na cineálacha éagsúla litearthachta atá ann agus na dearcthaí atá ann ar fhorbairt scileanna litearthachta agus luath-scríbhneoireachta an pháiste óig. Sa tríú chuid, dírítear go sonrach ar an scríbhneoireacht éiritheach, tréithe na scríbhneoireachta éirithí, na dearcthaí atá ann maidir le forbairt scileanna luath-scríbhneoireachta agus scil fhisiciúil na scríbhneoireachta. Déanfar plé ar roinnt straitéisí oideolaíochta chun scríbhneoireacht chruthaitheach an pháiste óig a spreagadh. Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí i scoil lán-Ghaeilge ar fhorbairt na luathscríbhneoireachta
An Tumoideachas agus Forbairt na Litearthachta
Déanfar plé anois ar an tumoideachas, cur chuige a chuirtear i bhfeidhm le páistí óga a thumadh sa Ghaeilge i mbunscoileanna na tíre. Ina theannta sin, pléifear múineadh na Gaeilge sna curaclaim bhunscoile éagsúla.
Mar shainmhíniú ginearálta ar an tumoideachas deir Ó hAiniféin (2008) gur, “gné amháin den chontanam oideachais dhátheangaigh atá sa tumoideachas ina dtumtar an foghlaimeoir sa sprioctheanga agus atá in úsáid mar theanga fhoghlama an churaclaim go léir” (lch. 5). In oideachas dátheangach na luath-óige, d’fhéadfadh gur luath-thumadh aonteangach nó luath-thumadh dátheangach (Hickey & de Mejia, 2013) a bheadh i bhfeidhm.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/006.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Adams, Róisín Louise </h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2015</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
CAIBIDIL 1: LAETHEANNTA GRÉINE NÓ LAETHANTA DORCHA? - LITRÍOCHT GHAEILGE NA N-ÓG I DTÚSBHLIANTA AN GHÚIM
B'é bunú an Ghúim sa bhliain 1926 an comhartha dóchais ba mhó a bhí ag scríbhneoirí na Gaeilge le fada. (Titley, "An Leanbh" 45)
Ní cás a rá go bhfuil an fiche bliain ó bunaíodh an Gúm ar na tréimhsí is suimiúla ó thaobh na litríochta do dhaoine óga de i gcomhthéacs an stáit nua agus mhúnlú an náisiúin, (S, O Murchú, "Idir Laethanta" 25)
1 Réamhrá
Ba é bunú an Ghúim sa bhliain 1926 an gníomh ba thábhachtaí i bhforbairt litríocht Ghaeilge na n-óg. Fianaise dhaingean a bhí ann go raibh rialtas Shaorstát Éireann chun tacú le hathbheochan na Gaeilge, agus gur tuigeadh go raibh soláthar téacsleabhar agus litríochta ginearálta i nGaeilge riachtanach don athbheochan sin. "...[C]omhartha dóchais …" a bhí ann freisin, mar a deir Titley. ag scríbhneoirí na teanga. a mbíodh an- deacracht acu roimhe sin ag fáil foilsitheoirí chun a saothair a chur i gcló (An tÚrscéal 45). Mar a luadh sa réamhrá, shaor bunú an Ghúim litríocht na Gaeilge ó chúinsí an mhargaidh. go pointe. Bhí tacaíocht an rialtais ag an nGúm, agus ní raibh brabús láithreach ag teastáil ar leabhair chun an comhlacht a choinneáil ar an saol. D'fhág sé sin go raibh deis ag idir litríocht do dhaoine fásta agus litríocht na n-óg teacht faoi bhláth agus margadh a chruthú dóibh féin, neamhspleách ar an seomra ranga. Mar a léireofar tríd síos sa tráchtas seo, deis a bhí ansin nach dtapaítí i gcónaí i gcás litríocht na n-óg, toisc gur dheacair an mhaise é an dlúthcheangal a bhriseadh in intinn daoine idir an scoil agus leabhair Ghaeilge do dhaoine óga.
Sa chaibidil seo tabharfar cuntas gairid ar bhunú an Ghúim agus ar na mórlochtanna a bhain leis an gcomhlacht sin ón tús. Breathnófar ansin ar na chéad leabhair do dhaoine óga a d'fhoilsigh an Gúm mar litríocht ghinearálta, seachas mar áiseanna scoile. agus ar an gcaoi ar éirigh leis na leabhair sin. Pléifear ach go háirithe an dá chnuasach scéalta Sgéalta ón Radio (Ó Cuív 1931) agus Fí-Fá-Fum (Mac Giollarnáth agus Perrault 1931) agus an tsraith leabhrán Laetheannta Gréine, ar foilsíodh 25 imleabhar inti idir 1932 agus 1939. Cé nach féidir a rá go raibh mórán ratha ar chéad iarrachtaí seo an Ghúim chun litríocht Ghaeilge na n-óg a chur ar a bonnaibh, is fiú breathnú ar na leabhair seo chun tuiscint a fháil ar dhearcadh mhuintir an Ghúim agus ar dhearcadh phobal Shaorstát Éireann ar leabhair Ghaeilge do pháistí ag an am.
2 Blianta Luatha an Ghúim
2.1 Bunú an Ghúim
Ba go luath i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann a thosaigh an Roinn Oideachais ag cur is ag cúiteamh faoin nganntanas leabhar a bhí ar fáil i nGaeilge. Conradh na Gaeilge a bhí mar phríomhfhoilsitheoir leabhar Gaeilge ag tús an chéid - chuir sé 105 leabhar i gcló idir 1893 agus 1918 (Ui Laighléis 185). Tháinig meath mór ar an eagraíocht sin agus ar líon a fhoilseachán, áfach, i ndiaidh Éirí Amach 1916 (Uí Laighléis 185). Corrthéacsleabhar scoile agus léitheoirí ranga a bhíodh á bhfoilsiú ag leithéidí Bhrún agus Uí Nualláin, Chomhlacht Oideachais na hÉireann agus Mhuintir Fhallamhain, comhlachtaí príobháideacha Éireannacha, agus ba bhocht an caighdeán a bhíodh orthu go minic. Ba dheacair d'údar ar bith foilsitheoir a fháil a bheadh toilteanach dul sa seans agus glacadh le leabhar Gaeilge. An t-aon mhargadh cinnte a bhí ann do leabhair Ghaeilge ná lucht na scoileanna, agus idir athruithe curaclaim, cath an dá chló agus ceisteanna litrithe agus canúna, bhí sé i bhfad Éireann ní b'fhusa agus ní ba shábháilte d'fhoilsitheoirí cloí le leabhair Bhéarla. Bhí an ganntanas leabhair scoile i nGaeilge ach go háirithe ag cur isteach go mór ar iarrachtaí an rialtais nua an córas oideachais a Ghaelú. Níor leor an dornán beag téacsleabhar míshlachtmhar a bhí á chur ar fáil ag na comhlachtaí thuas. Rinne Seoirse Mac Niocaill, cigire leis an Roinn Oideachais, a mhachnamh ar an scéal i 1924 agus chuir sé tuarascáil faoi bhráid Phroinnsias Uí Dhubhthaigh, leas-rúnaí na Roinne sin, faoi dtaobh de. Mhol sé don Roinn coiste a chur ar bun a chuirfeadh airgead ar fáil d'údair Ghaeilge ar mhian leo leabhar a chur i gcló. Ba dhóchasach tnútháin Mhic Niocaill faoi rath na leabhar faoin "ngúm' sin:
+          <gap reason="sampling" />
Mheas Mac Niocaill go raibh sé tábhachtach go mbeadh lámh ag an Roinn i gcur le chéile agus i bhfoilsiú na leabhar, go seachnófaí an droch-chaighdeán a bhí ar fhormhór na dtéacsleabhar an uair sin:
+          <gap reason="sampling" />
Is ag caint ar leabhair scoile amháin a bhí Mac Niocaill sa tuarascáil seo. Ag an tús, níorbh í aidhm na Roinne Oideachais bacadh le saothair litríochta ginearálta ina 'gúm' nua ar chor ar bith. ] 1925, cuireadh cor eile sa scéal, áfach. Mhol an tAire Airgeadais, Earnán de Blaghd, gur chóir don choiste leabhar ar bith a bheadh luachmhar do scoláirí a ghlacadh san áireamh freisin (Comhad G008). Bheadh nóta taobh istigh de chlúdach na leabhar seo le tabhairt le fios go raibh an leabhar measta ag an rialtas i gcomhair na scoileanna. Ba faoin gcuid seo den scéim a foilsíodh roinnt úrscéalta agus cnuasach gearrscéalta atá dírithe ar an aos óg, mar a luadh sa réamhrá, ach nach mbeidh me' á bplé san anailís seo toisc gur i gcomhair na scoileanna a ceapadh iad seachas mar léitheoireacht neamhspleách don duine óg. Ba i Nollaig 1926, nuair a bhí Coiste na Leabhar, mar a tugadh air, ag obair leis le seacht mí, a moladh den chéad uair gur chóir don Ghúm litríocht ghinearálta i nGaeilge a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, seachas do na scoláirí amháin. Scríobh Seosamh Ó Néill, Rúnaí na Roinne Oideachais, chuig Rúnaí na Roinne Airgeadais, ag cur riachtanas na scéime seo in iúl dó:
+          <gap reason="sampling" />
D'aontaigh an Roinn Airgeadais leis an moladh seo, agus cuireadh coiste nua, Coiste na bhFoilseachán, ar bun chun plé leis na saothair litríochta ginearálta. Díol suntais é amach is amach a laghad spéise a léiríodh i litríocht na n-óg sna moltaí thuas cé gur ghlac an cineál sin litríochta áit lárnach sa scéim de réir a chéile, mar a fheicfear.
Níor fhear chuile dhuine sa tír fíorchaoin fáilte roimh scéim nua na Roinne Oideachais. A mhalairt ar fad a bhí i gceist i gcás na gcomhlachtaí príobháideacha foilsitheoireachta in Éirinn. Ghabh eagla iad arna chloisteáil faoin scéim dóibh. Bhí siad buartha faoin dochar a dhéanfadh teacht ar an bhfód comhlacht foilsitheoireachta a raibh tacaíocht an rialtais aige don tionscal foilsitheoireachta in Éirinn. Scríobh Alfred O'Rahilly, Cláraitheoir Ollscoil Chorcaí agus an duine a bhí i gceannas ar chomhlacht foilsitheoireachta na hOllscoile, chuig an Roinn Oideachais i 1925 lena bhuairteanna faoin scéim nua a chur in iúl:
+          <gap reason="sampling" />
Bhí eagla ar O'Rahilly nach mbeadh na comhlachtaí neamhspleácha foilsitheoireachta in ann a gcuid leabhar a chur in iomaíocht le leabhair a bheadh ní ba shaoire, agus a mbeadh aitheantas an rialtais acu. Is aige a bhí an ceart, mar a fheicfear. Nocht W. G. Lyon, stiúrthóir Chomhlacht Oideachais na hÉireann, na buairteanna céanna i 1926, agus bhagair se' go mbeadh ar a chomhlacht éirí as a bheith ag plé le leabhair Ghaeilge dá dtosódh an Roinn ag foilsiú leabhair scoile:
+          <gap reason="sampling" />
Míníodh don bheirt acu - O'Rahilly agus Lyon - nár chúis bhuartha dóibh an scéim seo (Comhad 0008). Ba é an córas a bhí leagtha amach ná seo a leanas: Mheasfadh baill Choiste na Leabhar (a phléigh leis na leabhair scoile) agus baill Choiste na bhFoilseachán (a phléigh leis an litríocht ghinearálta) na leabhair a sheolfaí chucu. Dá mbeidís sásta leo chuirfí in eagar iad agus sheolfaí ar aghaidh chuig Oifig an tSoláthair iad. Bhí Oifig an tSoláthair i gceannas ar chuile rud a d'fhoilsigh an rialtas, idir thuarascálacha agus cháipéisí dlíthiúla. D'earcódh an Oifig an comhlacht foilsitheoireachta Éireannach ba shaoire chun na leabhair a fhoilsiú. Bheadh lámh ag an Roinn i ndearadh an leabhair agus i bpraghas an leabhair, ach d'fhágfaí cúrsaí eile foilsitheoireachta, mar aon le cúrsaí margaíochta agus díolacháin, faoin gcomhlacht foilsitheoireachta féin. Bheadh ainm an chomhlachta foilsitheoireachta ar an leabhar.
De réir a chéile, áfach, ghlac Oifig an tSoláthair ní ba mhó freagrachtaí chucu féin, ag plé leis na clódóirí thar ceann an Ghúim agus i bhfeighil ar chúrsaí margaíochta agus díolacháin (Uí Laighléis l94-l95). Fuair siad cead a bheith mar fhoilsitheoir ar na leabhair a foilsíodh mar litríocht ghinearálta ag deireadh na bliana 1930, agus mar sin is í Oifig an tSoláthair, nó an Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais (an áit ar díoladh gach rud a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair) atá ainmnithe mar fhoilsitheoirí ar na leabhair ar fad de chuid an Ghúim a phléifear sa tráchtas seo (Comhad G008). I 1933 fuarthas réidh leis an dá Choiste agus fostaíodh eagarthóirí lánaimseartha agus léirmheastóirí páirtaimseartha ina n-áit (Uí Laighléis 193). Tháinig an Gúm ar an bhfód.
Is minic a dhéantar gearán faoi ghníomhartha an Ghúim ina thúsbhlianta. Ceann amháin de na gearáin sin, pléadh thuas é .i. nach raibh sé ar chumas comhlachta foilsitheoireachta ar bith eile dul in iomaíocht leis an nGúm. Monaplacht a bhí ag an nGúm ar fhoilsiú leabhar Gaeilge ar feadh tamaill fhada, mar sin, agus is léir gur imir an easpa iomaíochta sin drochthionchar ar chaighdeán na leabhar a bhí á bhfoilsiú acu. Ní raibh brú ar bith ar an nGúm leabhair den chéad scoth a chur i gcló, nó fiú éisteacht róghéar le cúrsaí an mhargaidh, toisc nach raibh mórán iomaíochta acu sa mhargadh sin. Cé gur bhuntáiste go pointe é nach raibh an Gúm faoi smacht ag an margadh, agus go bhféadfadh siad freastal ar léitheoirí na Gaeilge gan a bheith buartha faoi bhrabús láithreach a dhéanamh, míbhuntáiste a bhí ann sa chaoi gur spreag sé leisce sa Ghúm () thaobh taighde margaidh de. Anuas air sin, níor chomhlacht príobháideach é an Gúm, agus mar sin ní raibh duine ar leith freagrach as - airgead an rialtais a bhí á chur isteach ann, airgead an phobail. Níor chuir Oifig an tSoláthair mórán stró orthu féin riamh i gcúrsaí poiblíochta agus margaíochta. Ba ar an scríbhneoir féin go minic a thit an dualgas aird a tharraingt ar fhoilsiú a leabhair, agus i gcás Marion King, údar agus maisitheoir pictiúrleabhar a phléifear i gcaibidil a dó, ba mhór an chonstaic seachas an chabhair a bhí san Oifig chéanna. Níor tháinig aon athrú ar an scéal sin go dtí 1945, nuair a bhunaigh Seán Ó hÉigeartaigh agus Bríd Uí Éigeartaigh an comhlacht Sáirséal agus Dill.
Locht eile a chuirtear i leith an Ghúim go mion minic ná gur chaith siad an iomarca ama agus airgid ag foilsiú aistriúchán, agus is ina bhlianta luatha a chaith siad an dua is mó leis an scéim sin. In An Roinn Oideachais Tuarasgabháil 1936-37, cuir i gcás, fógraíodh go raibh 383 leabhar foilsithe ag an nGúm don phobal i gcoitinne go dtí sin, agus gurbh aistriúcháin iad 227 leabhar díobh (124). Ba ón mBéarla a aistríodh a bhformhór, cuirim i gcás Dr Jekyll agus Mr Hyde (Stevenson 1930), Viocáire Wakefield (Goldsmith 1931), Saile Ní Chaomhánaigh (Kickham 1932) agus Amhránaidhe Breathnach (Raine 1933) gan ach líon beag samplaí a lua. Dhéantaí an gearán go minic go raibh an bhéim seo ar thábhacht an aistriúcháin ag déanamh beag is fiú den litríocht dhúchasach, Níos measa fós. deirtí go raibh obair an aistritheora ag milleadh scileanna cumadóireachta agus chumas Gaeilge na n-aistritheoirí agus ag déanamh fíordhochair do litríocht na Gaeilge dá dheasca (Titley, An tÚrscéal 46; O'Leary, Gaelic Prose 376). Feicfimid ar ball an tionchar a d'imir na haistriúcháin seo ar fhorbairt litríocht Ghaeilge na n-óg.
De réir Mháirín Nic Eoin, "Ar go leor bealaí ba namhaid don litríocht chruthaitheach an Gúm mar...cheangail sé an litríocht le polasaí stáit, rud nach bhfuil sláintiúil ar bhealach ar bith don fhíorchumadóireacht" (An Litríocht 28). Tuairim í seo a bhí thuas i mblianta luatha an Ghúim freisin. Ag breathnú ar dhul chun cinn an chomhlachta in alt in Bonaventura i 1937, scríobh Roibeárd Ó Faracháin:
+          <gap reason="sampling" />
Ba chuma a dhíograisí is a bhí muintir an Ghúim féin, bhí maorlathas na státseirbhíse á dtachtadh. Bhíodh ar an nGúm a bheith ag plé go rialta leis an Roinn Oideachais agus leis an Roinn Airgeadais, rud a chuireadh moill ar ghnó an chomhlachta.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/007.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Coilféir, Máirtín</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2012</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
CAIBIDIL 1: FORBHREATHNÚ AR SHAOTHAR ALAN TITLEY
1. Réamhrá
Is i lár na seascaidí a thosaigh Alan Titley ag glacadh páirte i saol liteartha na Gaeilge, agus é naoi mbliana déag d’aois. D’fhoilsigh sé a chéad léirmheas ar Comhar i mí na Samhna 1966 agus, i gcaitheamh an dá scór bliain agus tuilleadh a d’imigh tharainn ó shin, tá an- chuid scríofa aige: úrscéalta, gearrscéalta, aistí scolártha, ailt nuachtáin, paimfléid, scripteanna teilifíse, dánta, drámaí, leabhair chritice, caibidlí de leabhar meánscoile, litríocht don aos óg, clár saothair agus eile. Go deimhin, ón uair a chuir sé an chéad alt sin i gcló, tá saothraithe ag Titley beagnach gach foirm scríbhneoireachta dá bhfuil ann. Más fíor do Sheán Mac Mathúna, is éacht é sin nach bhfuil a mhacasamhail déanta ag aon scríbhneoir Éireannach eile ach amháin Gabriel Rosenstock agus Oliver Goldsmith (Mac Mathúna 1999, 26). Ach dá thurgnamhaí agus dá bhisiúla é Alan Titley mar scríbhneoir, is as an aon intinn amháin a eascraíonn a shaothar uile. Dá bhrí sin. glactar leis anseo go bhfuil leanúnachas áirithe le sonrú i dteannta na héagsúlachta i scríbhneoireacht Titley,
Tá ráite ag Gearóid Denvir nach 'féidir a mhaíomh go dtagann forás ná forbairt líneach leanúnach ar shaothar aon scríbhneora a d’fhéadfaí a rianú go matamataiciúil, geall leis, ó leabhar go leabhar leis in ord a scríofa nó a bhfoilsithe' (Denvir 1987, ix). Os a choinne sin, a deir sé, 'agus saothar iomlán scríbhneora mhaith a iniúchadh mar aonad is gnách go n-aimseodh léamh cruthaitheach snáitheanna bunúsacha áirithe a fhítear ina ngréasán so- rianaithe siar is aniar tríd an saothar' (ibid.). Sa chuid seo den tráchtas, féachfar leis na 'snáitheanna bunúsacha' de shaothar Alan Titley a shoilsiú trí chur síos a dhéanamh ar na téamaí agus ar na tréithe is tábhachtaí ina chuid scríbhneoireachta. Sa chaoi sin, soláthrófar fráma tagartha do na caibidlí a leanas, áit a ndéanfar anailís níos grinne ar na tréithe is ar na téamaí céanna.
Ar mhaithe le saoráid, rangófar saothar Titley de réir na dtréimhsí seo a leanas. Ar dtús, breathnófar ar an dornán alt agus dánta a scríobh sé idir 1966 agus 1970, féachaint cérbh iad na téamaí a bhí idir chamáin aige nuair a thosaigh sé ar an scríbhneoireacht de chéaduair. Áiteofar go bhfuil mórán i bpáirt ag an saothar luath sin leis an saothar a tháinig ina dhiaidh, ó thaobh stíle de agus ó thaobh ábhair de araon. Ina dhiaidh sin, pléifear an saothar a foilsíodh sna seachtóidí, ansin saothar na n-ochtóidí, agus mar sin de gach deich mbliana ar aghaidh go dtí deireadh na bliana 2010. Cé go bhfuil an rangú sin róshaorga, rórighin, leis an éagsúlacht i saothar Titley a léiriú ina hiomláine, feicfear gur áisiúil é leis an bhforbairt a tháinig ar thréithe áirithe dá chuid scríbhneoireachta in imeacht na mblianta a rianú, Ag cúl an tráchtais, tá leabharliosta de shaothar Titley agus é eagraithe de réir na dtréimhsí céanna.
Toisc gur i saothar na seascaidí, na seachtóidí is na n-ochtóidí a chéadfheictear na téamaí móra agus na saintréithe scríbhneoireachta á bhforbairt ag an Titlíoch, caithfear níos mó ama ag plé an tsaothair luaith sin ná an saothar déanach. Ní hionann sin is a rá nach bhfuil i saothar déanach Titley ach athrá ar an méid a tháinig roimhe, nó nach bhfuil aon cheo nua le scrúdú ann, áfach. Níl ann ach gurb é is aidhm leis an gcaibidil seo cur síos gairid a dhéanamh ar na príomhghnéithe dá chuid scríbhneoireachta, agus go gcuimseofar cuid mhór de na príomhghnéithe sin sa trácht ar an saothar a chuir sé de sna seascaidí, sna seachtóidí is sna hochtóidí.
2. An saothar luath: 1966-1970
Nuair a thosaigh Alan Titley amach ar an scríbhneoireacht sa bhliain 1966, is iad an léirmheas, an fhilíocht agus an t-alt tuairimíochta a thriail sé ar dtús. Alt gearr ar leabhar le hÚna Ní Mhaoileoin is ea an chéad rud a d’fhoilsigh sé (AT 1966); tháinig léirmheas gearr eile ar úrscéal le hAnnraoi Ó Liatháin uaidh an bhliain dar gcionn (AT 1967); ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh sé alt tuairimíochta ar an gcogadh idir an Nigéir agus Biafra a bhí ar siúl ag an am (AT 1968); agus idir sin agus deireadh na bliana 1970 chuir sé dhá dhán ghairide de (AT l970a, l970b). Ach fiú ar an méid beag sin, is léir cuid de shaintréithe scríbhneoireacht an Titlígh a bheith ag borradh aníos. Sna chéad línte féin den chéad alt a d’fhoilsigh sé, cloistear guth misniúil an scríbhneora óig ag fógairt a thuairime faoin teanga agus faoin litríocht go neamhscáfar, é ag dearbhú an dóchais atá aige as an scríbhneoireacht chomhaimseartha agus as cumas na Gaeilge friotal a chur ar cibé smaoineamh a rithfeadh le húdar. Tá sainstíl fhoclach an Titlígh le brath ar an sliocht seo freisin, stíl a thiocfadh i mbláth agus i mbláthmhaire in am is i dtráth:
Is teanga tástála í an Ghaeilge do gach aon duine a scríobhann inti inniu toisc gan nós nó gnás nó timpeallacht stíle a bheith bunaithe inti ó dhian-chleachtadh iomarcach na gcianta. Tá sí óg, úr, nua, saor, so-lúbtha, fiáin, neamhcheansaithe go fóill, rud a thugann bua di thar an teanga aosta, bacach, sean-chaite, boscáilte, stánaithe. Preabann Úna Ní Mhaoileoin gona Gaeilge bheacht, bhiorúil, bhábógach, bholgódúil, bheo de phlimp isteach ar an tseanchas anseo, armáltha, le “An maith leat Spaigití?“ (AT 1966, 21).3
In ainneoin nach bhfuil ann ach cúpla líne, tugann an sliocht sin thuas nod dúinn faoin treo a ghabhfadh Alan Titley ina chuid scríbhneoireachta sna blianta a bhí roimhe amach. Ar an gcéad dul síos, léiríonn an sliocht an fuinneamh lena dtugann an Titlíoch faoin léirmheastóireacht agus faoin gcritic. Tá Spleodar agus paisean le brath ar an scríbhneoireacht. Ní fhéachtar le guth an údair a cheilt faoi bhrat na hoibiachtúlachta, ach labhraítear amach leis an neamhbhailbhe chéanna lena gcuireann Titley a chuid áitithe uile i láthair. Cuid thábhachtach de shaothar critice Titley is ea an bheocht seo lena bhféachann sé le ceird na critice a chorraíl - ceird a shamhlaítear a bheith tromchúiseach go minic. 'Ní iarraimse ach go mbeadh an léirmheastóireacht chomh sainiúil is chomh hindibhidiúil le pearsantacht an duine féin,' a deir sé in aiste a foilsíodh ceithre bliana déag i ndiaidh a chéad léirmheasa, 'mar go bhfuil an léirmheastóireacht athráite, na tuairimí ar iasacht, na nathanna athláimhe ag an gcritic níos measa ná scríbhneoireacht na foirmle féin' (AT 1980b, 35). In ainneoin gur thóg sé tamall air an achainí sin a chur i bhfocal, is amhlaidh a bhí beart á dhéanamh ag Titley de réir a bhriathair chomh luath le 1966. Mar a fheicfear ar ball, féachann sé go fóill lena chuid léirmheastóireachta a dhéanamh 'chomh sainiúil is chomh hindibhidiúil' agus is féidir. Chomh maith leis sin, is follas ón alt thuas a thábhachtaí is atá an teanga d’Alan Titley. Ní hamháin gur léir ón tsraith aidiachtaí sa dara habairt go bhfuil gean aige féin ar fhocail, ach molann sé Úna Ní Mhaoileoin as stíl úr a bheith aici-se freisin, stíl a fhreagraíonn dá pearsantacht féin agus dá sprioc ealaíne. Mar a léireofar thíos, leagann Titley béim mhór ar an stíl scríbhneoireachta ina chuid léirmheasanna i gcónaí - sine qua non an tsár-scríbhneora is ea stíl uathúil a bheith aige nó aici, dar leis. Ach, anuas ar aird a tharraingt ar stíl Ní Mhaoileoin sa léirmheas, tagraíonn Titley do na féidearthachtaí ealaíne a shamhlaíonn sé leis an teanga féin. Tugann sé le fios go bhfuil cumhacht éigin ag an scríbhneoir Gaeilge - cumhacht nach bhfuil ag an scríbhneoir mórtheanga - chun litríocht úr thurgnamhach a cheapadh. Sa bhliain 1966, b’fhacthas do Titley go raibh branar na teanga liteartha fós gan cur i gceart, go raibh conairí samhlaíochta agus teanga ann nach raibh siúlta ag an aos liteartha go fóill. B’ábhar dóchais dó an méid sin, ar ndóigh; ba chomhartha saoirse agus spreagadh chun fionnachtana é. Cuid thábhachtach de shaothar Titley trí chéile is ea an bhéim a leagann sé ar an turgnamhachas, ar an nuálaíocht, agus beidh sé seo á scrúdú i gcaibidil a ceathair go háirithe.
Ar deireadh, léiríonn an chéad léirmheas sin le Titley an meas atá aige ar an scríbhneoir atá sásta briseadh le traidisiúin nó le coinbhinsiúin údarásacha ealaíne - an 'seanchas', ina fhriotal siúd. Sa chéad pharagraf eile den léirmheas, ceiliúrann Titley Úna Ní Mhaoileoin as nósanna áirithe teanga agus as múnlaí móra litríochta a shárú. 'Tá neamart déanta aici de rialacha gramadaí,' a deir sé le háthas, 'tá faillí déanta aici i bhfoclóir de Bhaldraithe agus tá sciot-scot déanta aici de thraidisiúin Fhinn Mhic Chumhaill, Oisín agus Sheathrún Céitinn' (AT 1966, 21). Tá sárú seo na nósanna údarásacha liteartha an-tábhachtach do Titley mar chriticeoir agus mar scríbhneoir, óir samhlaíonn sé é le nuálaíocht, le misneach agus le ceannródaíocht - tréithe na dea-litríochta, dar leis. Agus, gan amhras. féachann sé leis an nuálaíocht chéanna a dhéanamh ina shaothar féin freisin. D’fhéadfaí a rá gur chuige sin atá sé lena sainstíl scríbhneoireachta agus lena chuid turgnamh le foirm an ghearrscéil, mar shampla. Cuireann Titley luach i gcónaí ar an earra 'óg, úr, nua, saor, so-lúbtha, fiáin, neamhcheansaithe' sa litríocht, rud a thiocfaidh chun ]éire i gcaibidil a ceathair.
San alt gearr sin ar leabhar Ní Mhaoileoin, díríonn an Titlíoch ar chúrsaí aeistéitice den chuid is mó. Pléann sé plota an leabhair, leagan amach na gcaibidlí, ionramháil an scéil, an stíl scríbhneoireachta, agus mar sin de. ln 'Féasta Fola' (AT 1968), áfach, an tríú halt a d'fhoilsigh sé, agus a cuireadh i gcló i mí Feabhra 1968, feictear taobh eile ar fad dá chuid scríbhneoireachta. Is é an cogadh idir an Nigéir agus Biafra, a fearadh idir 1967 agus 1970, is ábhar don alt, agus tugann Titley aghaidh ann go háirithe ar fhulaingt mhuintir Bhiafra ag lámha arm na Nigéire. Bhí Titley ag taisteal san Afraic nuair a bhí an cogadh faoi lánseol agus is léir go ndeachaigh an choimhlint i bhfeidhm go mór air. Ní hamháin gur spreag sí é le 'Feasta Fola' a scríobh, ach is insint chruthaitheach ar an gcogadh é a chéad úrscéal, Méirscrí na Treibhe (1978), agus tagraíonn sé don chogadh in ailt eile leis freisin (AT 1984a, 1997f).
Chomh fada is a bhaineann sé leis an tráchtas seo, is iad na gnéithe is tábhachtaí de 'Féasta Fola' ná a) na tuairimí a nochtann Titley i leith thábhacht na saoirse polaitiúla agus i leith an impiriúlachais ann; agus b) na tuairimí a nochtann sé ann ar bhailíocht an fhoréigin mar bhealach chun neamhspleáchas a bhaint amach. Is é is follasaí ar 'Féasta Fola' ná an daorbhreith a thugann Titley ann ar thíortha cumhachtacha nach bhfuil sásta saoirse pholaitiúil a thabhairt do ghrúpaí eitneacha nó do ghrúpaí cultúrtha atá ag iarraidh a bheith neamhspleách. Tugann sé fogha faoin Nigéir san alt as ruathar a dhéanamh ar mhuintir Bhiafra, agus cáineann sé Meiriceá, Sasana agus tíortha eile an domhain thiar toisc nach raibh siad sásta páirt an eadránaí a ghlacadh orthu féin. Is ionann sin, dar leis, agus páirt dhíreach a ghlacadh i gcosc na saoirse. 'Bhí eagla ar Ard Choimisiún na Breataine labhairt,' a deir sé le seanbhlas,
ach tá láithreáin ola acu sa Nigéir, tá's agat. Ní raibh neart ag na póilíní aon rud a dhéanamh - ach cuidiú sa bhúistéaracht. Agus ar son na caoithiúlachta, na héascaíochta
agus Allah - dhein an Rialtas Míleata dearmad glan air (AT 1968. 6).
Go deimhin, áitíonn Titley gur eascair an cogadh idir an Nigéir agus Biafra, cuid mhaith, as beartais impiriúlacha na hEorpa sa naoú haois déag, rud a d’fhág an Afraic i gcruachás nach furasta a réiteach. 'Cad ina thaobh gur cheart do mhuintir na hAfraice glacadh le teorainn a leagadh síos ag na cumhachtaí Impiriúlacha an aois seo caite chun an trádáil sclábhaíochta a reachtáil níos saoráidí ar a son féin?' a fhiafraíonn sé.
Cad ina thaobh go nglacfaidís le coincheap Eorpach, an náisiúnachas, dá gcórais pholaitíochta nuair atá a gcórais Shóisialacha traidisiúnta bunaithe ar an treabh? Tá slisní áiféiseacha déanta ag na cóilínithe den Afraic beag beann ar dhúchas na mórroinne, é go léir déanta in ainm na sibhialtachta agus an mhíneadais agus ní foláir don Afraic díol as anois (AT 1968, 7).
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/008.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Ní Ghallchobhair, Fidelma</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2017</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
EAGRÁN 3, Deireadh Fómhair 2017 Léirmheas ar "Legal Lexicography: A Comparative Perspective"
Sa chúig aiste dhéag sa leabhar léannta seo pléitear gnéithe de théarmaíocht an dlí, idir dhiacronach agus sioncronach, i ndeich gcinn de dhlínsí éagsúla, a bhformhór acu sin san Eoraip, cuid eile i Meiriceá Thuaidh agus ceann amháin sa Nua-Shéalainn. I measc na n-údar tá ollúna, léachtóirí agus taighdeoirí i réimsí an dlí, teangacha, na teaneolaíochta, na dlítheangeolaíochta, an aistriúcháin dhlíthiúil, mar aon le foclóirithe agus údair i réimse an dlí, na foclóireachta agus na téarmeolaíochta dlí. Orthu sin tá Gael amháin: Maolmhaodhóg Ó Ruairc, fear a chaith na blianta mar aistritheoir Gaeilge sa Chomhairle Eorpach sa Bhruiséil agus a bhfuil mórán saothar foilsithe aige faoi chúrsaí aistriúcháin agus chúrsaí gramadaí i measc téamaí eile. Sula ndíreofar ar aiste Mhaolmhaodhóg Uí Ruairc, áfach, ní miste spléachadh a thabhairt ar théamaí na n-aistí eile. Meabhraítear dúinn sa Bhrollach gur minic a thosaíonn an staidéar ar an dlí le foclóir, go mbíonn dlíodóirí, dlí-eolaithe, aistritheoirí agus breithiúna ar fad ag brath ar fhoclóirí, agus gurb é an seánra is sine den litríocht dhlíthiúil ná foclóirí de théarmaí dlí (xix).
Sa Réamhrá, léirítear an dlúthcheangal idir focail - uirlisí an dlíodóra - agus an dlí:
+          <gap />
Is féidir na haistí a ghrúpáil de réir téama: baineann caibidlí 1–2 le stair téarmaí dlí in dhá theanga éagsúla; baineann caibidlí 3, 4, 6, 8, 9 agus 10 le tuairiscí ar thionscadail éagsúla sa téarmfhoclóireacht dlí; baineann caibidlí 5 agus 7 le meastóireacht chriticiúil ar fhoclóirí dlí; baineann caibidlí 11–13 le hanailísí ar ghné amháin de théarmaíocht an dlí i ndlínsí faoi leith; agus baineann caibidlí 14–15, ar deireadh, le gnéithe de théarmaí dlí in dhá mhionteanga. Ba sa Laidin a tiomsaíodh na chéad fhoclóirí dlí in iarthar na hEorpa, gné a d'imir tionchar ar théarmaíocht an dlí sna teangacha náisiúnta ina dhiaidh sin. Tagraíonn an t-eagarthóir don chaoi a mbíonn an foclóirí idir dhá thine Bhealtaine óir, bíodh is gur eolaíochtúil scolártha a cheird, is táirge praiticiúil a theastaíonn ó úsáideoirí foclóirí (1). Sa chéad aiste, a scríobh Pierre-Nicolas Barenot, tugtar spléachadh ar stair fhoclóireacht an dlí shibhialta sa Fhrainc, tógtha ar obair na Rómhánach, ón dara haois déag go dtí an naoú haois déag. Pléann an t-údar forbairt foclóirí aonteangacha dlí sa Fhrainc agus deireadh sheánra na Répertoires a d'fhéach le hiomlán an dlí a chuimsiú in aon saothar amháin (27). Téarmaí dlí sa Luath-Bhéarla Moch is ábhar don dara haiste le Ian Lancashire agus Janet Damianopoulos. Tuairiscítear cé mar a pléadh leis an athrú ó Fhraincis go Béarla mar theanga an dlí choitinn sa Bhreatain sa chéad fhoclóir aonteangach Béarla i 1523 ó pheann an dlíodóra agus an drámadóra John Rastall a d'aistrigh na téarmaí go Béarla, foclóir a ndearnadh 27 eagrán de idir sin agus 1685 agus a spreag tiomsú foclóirí aonteangacha cruafhocal ó fhoclóirithe eile (30–31). Luaitear cé mar a thug foclóirithe dlí éagsúla téarmaíocht an dlí shibhialta agus an dlí choitinn le chéile le linn an tseachtú haois déag. Ba é John Cowell a d'fhorbair agus a mhínigh téarmaíocht an dlí shibhialta, a mhúintí trí Laidin amháin ag an am, ina shaothar The Interpreter (1607) ina ndearnadh plé ar an dlí coiteann chomh maith. Gné ar leith de shaothar Cowell ab ea na tagairtí do leabhair agus lámhscríbhinní sna hiontrálacha, gné a bhláthaigh i saothair fhoclóireachta ina dhiaidh sin, m.sh. saothar mór Samuel Johnson agus an OED féin (39).
Foclóirí agus ollamh le dlí in Texas is ea údar an tríú haiste, Bryan A. Garner, agus scríobhann seisean faoi phróiseas na foclóireachta dlí. Cíorann sé buncheisteanna ar nós an fearr cloí le sainmhínithe gonta nó le hiontrálacha ciclipéideacha; an fearr féachaint le bunsaothar a scríobh nó bailiúchán de shainmhínithe breithiúnacha a thiomsú; an gá deachleachtais foclóireachta a leanúint chomh fada is atá cúram ceart déanta den dlí; ar chóir d'fhoclóirithe an lae inniu brath ar chruinneas na bhfoclóirithe a chuaigh rompu; agus cén chaoi a bhfaightear an t-ábhar le cur san fhoclóir (45).
Abhcóide parlaiminte agus foclóirí dlí sa Ríocht Aontaithe is ea údar an cheathrú haiste, Daniel Greenberg. Tugann seisean aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le foclóir dlí a thiomsú agus tosaíonn le ceist an-bhunúsach a chuirtear go mion is go minic: cad is téarma dlí ann — téarma a bhaineann le cúrsaí dlí nó téarma a luaitear sa dlí? Tá, dá réir sin, dhá chineál foclóirí dlí ann — cineál ina sainmhínítear téarmaí atá dlíthiúil, agus cineál eile ina sainmhínítear téarmaí nó frásaí nach gá go mbeadh aon bhaint acu leis an dlí ach a sainmhíníodh le linn cásanna áirithe nó i reachtanna ar leith, m.sh. gairdín. Nuair atá foclóir dlí á bheartú, mar sin, is gá cinneadh a dhéanamh ón tús cén cineál foclóra atá le tiomsú. Agus fós, tá roinnt mhaith téarmaí ann a mbeifí ag súil leo sa dá chineál foclóra, m.sh. éigniú, agus míníonn an t-údar go ngabhann dúshlán leis an méid eolais is fearr a thabhairt faoi cheanntéarma mar sin sa dá chineál foclóra (59–60).
Foclóirí dlí dátheangacha is ábhar don chúigiú haiste leis an Dr Coen J. P. van Laer as an Ísiltír. I gcás ábhair faoi thionchar cultúrtha mar a bhíonn i gceist i réimse an dlí, bíonn eolas ciclipéideach riachtanach don aistritheoir chun na téarmaí cearta a roghnú sa sprioctheanga (75). Moltar go léireodh foclóirí dlí dátheangacha méid na coibhéise idir an buntéarma agus an téarma atá á mholadh sa sprioctheanga, agus maítear go dteastaíonn dhá shainmhíniú reachtacha ar mhaithe le comparáid agus le méid na coibhéise a dheimhniú. Léirítear é seo le samplaí de théarmaí agus sainmhínithe reachtacha ón Ísiltíris agus ón nGearmáinis (76–77). Déantar iniúchadh comparáideach ar na téarmaí 'náisiúntacht' agus 'saoránacht' agus ar na sainmhínithe a ghabhann leo i gcúig cinn d'fhoclóirí dátheangacha agus léirítear nár tugadh dóthain eolais iontu le léiriú don aistritheoir cé acu téarma le roghnú (79–85). Sa séú haiste, scríobhann Pierre Lerat, foclóirí sa Fhrainc agus saineolaí i réimse na dteangacha sainfheidhme, faoi chur chuige maidir le bunachar ilteangach de théarmaíocht an dlí a thiomsú do shaoránaigh an AE, ar an mbonn go bhfuil go leor i bpáirt idir bhunchoincheapa chórais dlí na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile agus, go fiú, na Ríochta Aontaithe:
+          <gap />
Leagann Lerat béim ar dhá chritéir ar leith chun téarmaí a roghnú do thionscadal dá leithéid: dáileadh agus comhchuimsiú ('subsomption'). Scrúdaíonn sé dhá shampla as foclóir dlí dátheangach barántúil, áit a léiríonn sé lúba ar lár ó thaobh loighce de agus ó thaobh na ngaol idir na coincheapa (91–92). Molann sé sainmhínithe den íosmhéid sonraí chun idirdhealú idir an leibhéal áitiúil (séimiseolaíoch) agus an leibhéal domhanda (onamaiseolaíoch) mar chur chuige praiticiúil le freastal ar shaoránaigh an AE (96). Ansin molann sé cloí le gnáthchritéir na téarmeolaíochta: tosú leis an gcoincheap seachas le foca(i)l an téarma iasachta; sainmhíniú soiléir gonta a sholáthar; gan ach buneolas gramadaí a thabhairt; na comhlogaíochtaí is coitianta a thabhairt; samplaí úsáide ábhartha a thabhairt; foinsí a lua agus dáta ceadaithe i gcás ábhair ón ngréasán domhanda; agus ordlathas na gcoincheap a léiriú trí na gaolta éagsúla eatarthu a lua — cineálach, rannaíoch, seicheamhach, feidhmeach (98–99). Ba é a scríobh an seachtú haiste Thierry Grass ó Ollscoil Strasbourg, saineolaí ar an aistriúchán dlíthiúil sa phéire teangacha Gearmáinis is Fraincis. Tráchtann seisean ar phrionsabail chun bunachar a dhearadh do théarmaíocht lárnach an dlí shibhialta sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis mar áis d'aistritheoirí an phéire teangacha sin. Molann sé múnla bunaithe ar chaighdeáin ábhartha ISO do struchtúr bunachar sonraí chun téarmaí dhlí sibhialta na Fraince a aistriú go Gearmáinis.
Ní as féin a fhaightear an téarma dlí ach i gcomhthéacs coinbhinsiúin, rialacháin nó cinneadh dlí. Dá réir sin, léiríonn léacsacan an dlí ilghnéitheacht coincheap agus iad faoi lánseol. Dar leis an údar, is den riachtanas é in obair aistriúcháin leibhéal trasteangach a chur isteach idir an leibhéal léacsach agus leibhéal na gcoincheap a bhain go traidisiúnta le haon chóras amháin (105). Deir sé gur gá do mhacrastruchtúr agus go háirithe do mhicreastruchtúr foclóra rialacha réamhshainithe a chomhlíonadh go dílis. Molann sé dá réir sin go gcuimseofaí sa mhionsaothrú ar théarma, ar an gcuid is lú de, na catagóirí sonraí seo thíos de réir chaighdeán ISO 12620: - ceanntéarma; - gramadach (an roinn chainte, inscne agus uimhir d'ainmfhocal, aistreacht do bhriathar, etc); - comhthéacs (ar a laghad sampla fianaithe amháin); - foinse an tsampla comhthéacs; - nóta úsáide (107).
Agus molann sé na trí réimse seo a chur leis an iontráil, agus foréimse gramadaí a chur le gach ceann díobh:
- comhchiallach (ar an gcoincheap céanna); - hipearainm (ar an bhforchoincheap); - comh-hiopainm (ar fhochoincheap comhordanáideach) (107–8).
Meabhraítear don léitheoir gur sna comhlogaíochtaí a léirítear saintréithe teanga ar bith, agus gur chóir go léireodh tiontú na gcomhlogaíochtaí sainiúlacht agus titim cainte na sprioctheanga (seachas na teanga foinsí). Dá réir sin, áitítear go bhfuil réimse comhlogaíochtaí riachtanach don aistritheoir mar go soiléirítear ansin feidhmiú téarma na teanga foinsí agus na sprioctheanga agus é neadaithe ina thitim cainte nádúrtha. Agus moltar réimse breise ina ndéanfaí nótaí tráchta comparáideacha faoi na comhlogaíochtaí agus iad in úsáid sa dá theanga. Mar sin, is gá dhá mhór-réimse a bheith i mbunachar téarmaíochta dírithe ar chúrsaí aistriúcháin: ceann mínitheach do shainmhíniú an téarma, agus ceann léiritheach chun úsáid na dteangacha a léiriú (109). San ochtú haiste le Marta Chroma, saineolaí ar an mBéarla dlíthiúil, ar theangeolaíocht dhlíthiúil agus ar aistriúchán dlíthiúil sa phéire teangacha Seicis is Béarla, dírítear ar léirmhíniú teangeolaíoch agus dlíthiúil coincheap agus téacsanna dlí chun críche an aistriúcháin, chomh maith le ceisteanna coibhéise agus anailís coincheap i gcomhair na foclóireachta. Áitíonn Chroma go mbíonn an dlí nua-aimseartha neadaithe sna heolaíochtaí sóisialta, go mbíonn sé ag brath ar thimpeallacht pholaitiúil, agus é féin agus an teanga trína gcuirtear in iúl é múnlaithe ag stair, traidisiúin agus cultúr na sochaí lena mbaineann, agus ag an gcultúr dlíthiúil a forbraíodh taobh istigh den chultúr sin. Ní hionann agus Lerat thuas, maíonn Chroma: Although the issue of globalization of legal language has been whispered [cf. Tiersma (2012: 25)], the everyday practice of legal translators proves that they have to cope with many cross-cultural clashes even between legal systems from the same family (for example Austrian or German Law on the one hand and Czech Law on the other) — and all the more so, if philosophically different or remote legal systems are at issue (for example Common Law v. Civil Law v. sharia) (118).
Tugann Chroma aghaidh ar na riachtanais a bhaineann le foclóirí dlí aonteangacha agus dátheangacha a thiomsú. Luann sí na buncheisteanna a chuir Bryan Garner thuas faoi fhoclóir dlí aonteangach a thiomsú agus pléann dhá cheann acu ó thaobh foclóir dátheangach a thiomsú (1. cén chaoi a bhfaightear an t-ábhar le cur san fhoclóir; agus 2. ar chóir d'fhoclóirithe an lae inniu brath ar chruinneas na bhfoclóirithe a chuaigh rompu). Ansin cuireann sí ceist eile dá cuid féin: cé chomh mór is ba chóir don fhoclóirí díriú ar théarmaí dlí seachas ar na coda móra eile den teanga dhlíthiúil (125–126)? Caitear an chuid eile den aiste seo ag cíoradh na dtrí cheist sin (126–136).
Sa naoú haiste, fiafraíonn Peter Sandrini ó Ollscoil Innsbruck an féidir téarmaíocht ó chórais dlí éagsúla a chur i láthair go héifeachtach i bhfoclóir aibítreach páipéir. Tosaíonn sé le trí bhunphrionsabal na téarmeolaíochta (1. an coincheap a bheith lárnach; 2. coincheapa a bheith idirghaolmhar; 3. aonghuthacht coincheapa agus téarma) agus pléitear iad i gcomhthéacs téarmaí dlí agus córais éagsúla dlí, agus déanann na torthaí maidir le tiomsú acmhainní téarmaíochta a mheas (141).
Maidir le lárnacht an choincheapa, áitíonn sé gur chóir breathnú ar choincheapa ó pheirspictíocht a réimse (nó a bhforéimse) féin. Is féidir na gaolta idir coincheapa réimse ar leith a léiriú le cabhair mapaí coincheap, nó trí naisc a chur in acmhainní téarmaíochta. Bíonn difríochtaí móra idir coincheapa i gcórais dlí éagsúla mar go mbíonn gach coincheap acu leabaithe i gcóras coincheap eile. Mar sin, is é an paraiméadar is tábhachtaí i gcás téarmaí dlí ná a mbaint le córas dlí ar leith — rialaíonn sin an próiseas maidir le coibhéis a aithint idir coincheapa, mar is féidir coincheapa ó chórais dlí éagsúla a chur i gcomparáid beag beann ar theangacha a dtéarmaí (143).
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/009.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Ó Liatháin, Pádraig </h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2010</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
SCÉAL NA hEACHTRA AGUS BEATHA DHONNCHA RUA MHIC CONMARA
Achoimre ar an dán
Sula dtosnaím le saol an fhile féin, is dóigh liom go mb’fhiú go mór achoimre a thabhairt ar ábhair an dáin Eachtra Ghiolla an Amaráin, a thabharfadh comhthéacs níos fearr dá bhfuil le rá agam ina thaobh. Is beag léirmheastóireachta atá déanta ar an dán, cé gur ábhar suntais é do mhórán mar aiste:
+          <gap />
Caoineann Donncha Rua cás na hÉireann go han-tapaidh, ach seachas scéal mór a dhéanamh de (rud a d’fhéadfadh sé dhéanamh dá mba mhian leis, mar a deir sé linn), cinneann sé ar scéal chúrsaí a shaoil féin a insint. Dar leis go mb’fhearr dul thar lear ar thóir na heachtra na mar a bheith 'ag múnadh sgoile … go mb'fholamh an cheird sin’. agus téann sé go Port Láirge, áit a bhfanann sé cúpla lá, sula n-éiríonn leis fáil ar bord loinge ón bPasáiste go Sasana Nua (cé gur dócha gur Talamh an Éisc a bheadh i gceist). Buailtear breoite le tinneas farraige foireann na loinge ar fad, é féin ina measc, agus deir sé go mb'fhearr leis bheith thar n-ais in Éirinn ar ór an domhain (agus tagairtí clasaiceacha agus comhaimseartha don saibhreas aige). Gan choinne, áfach, tagann bandia na Mumhan, Aoibheall na Carraige Léithe, i láthair chuige. Beireann sí greim air agus téann siad beirt síos go dtí an Domhan Íochtarach. Tá an chéad chuid eile den dán bunaithe ar leabhar Vl den Aeneid le Virgil, nuair a théann Aeinéas síos leis an tSibille chun bualadh lena athair den uair dheireanach. Seachas Charon, is é Conán mac Mórna atá mar fhear farantóireachta trasna na habhann agus tá sé mar threoraí acu sa Domhan Íochtarach. Taispeánann sé na scríbhneoirí agus na laochra móra clasaiceacha ó Hector go hÓibhid. Buaileann siad le Fionn ann, agus i bhfoirm tairngreachta, luann Conán go dtiocfaidh an Stíobhartach ar ais i réim arís agus go gcloífear lucht leanúna Cailbhin, Liútair agus Anraí.
Ansin, dúisíonn Donnncha Rua, agus tá sé ar ais ar an long, sínte ina chnap. Go tobann, cloiseann sé fothrom fíochmhar agus cad atá ann ach frigate Francach ag ionsaí na loinge le hurchair. Déantar cuid mhaith dochair don long agus ní mór dóibh filleadh abhaile agus faoiseamh mór ar an bhfile dá dheasca. Geallann sé ar deireadh nach mbeidh deifir air an fód dúchais a thréigeant arís, ach amháin má chuirtear iachall, nó fiú iallach air, 'i loing fad mhairfead ní rachad má fhéadaim, mara raghainn le bata nó ceangailte ar théada'.
Eagarthóirí an dáin (gheofar eolas ar na heagráin i gcaibidil na lámhscríbhinní)
Standish Hayes O’Grady
Rugadh i Luimneach é sa bhliain 1832, de chlann uasal, agus is sa cheantar máguaird a d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge. Fuair sé a chuid oideachais i Rugby, Sasana, agus i gColáiste na Trionóide. Fad is a bhí sé mar mhac léinn ollscoile, chuir sé The Adventures of Donnchadh Rua Mac Con Mara in eagar sa bhliain 1853, an bhliain chéanna a raibh sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh an Ossianic Society. B’shin léiriú ar a shuim san ársaíocht, fear a bhí mór le John O’Donovan (Seán Ó Donnabháin), agus Seán Ó Dálaigh i measc daoine eile ag an am. Chaith sé dua ar feadh a shaoil le léann na lámhscríbhinní Gaeilge. (Beathaisnéis II 107-10, lrish Bio. 505-6)
Seaghan Pléimeann
Múinteoir. eagarthóir. iriseoir. Rugadh é i gCarraig na Siúire sa bhliain 1814. Ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaedhilge ó 1884-91. agus scríobh sé aistí iomadúla dóibh. agus cinn ar shaol agus ar shaothar Dhonncha Rua ina measc. Aindrias Ó Loinsigh, fear a raibh aithne aige ar Dhonncha Rua agus ar Thadhg Gaelach. a thug eolas dó ar litríocht na Gaeilge i dtosach. Bhí Gaeilge, Laidin agus Béarla ar a thoil aige, agus bhíodh sé ag scríobh ceachtanna Gaeilge d’irisí éagsúla saor in aisce. Chaith sé a sheanaois ag obair ar fhoclóir Gaeilge don Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath. Ba ón bPléimeannach a fuair O'Grady agus Seán Ó Dálaigh fomhór a n-eolais ar Dhonncha. (Beathaisnéis 1 73-4, Irish Bio. 152-3).
Tomás ó Flannghaile
Rugadh é i gContae Mhaigh Eo sa bhliain 1846. I Sasana a chaith sé formhór a shaoil, agus é sna Fíníní lena athair agus é i Manchain. Bhí sé ag múineadh Béarla agus Laidine ar fud Shasana ar feadh a shaoil, ach chaith sé mórchuid a chuid dua leis an nGaeilge, á múineadh agus á scríobh. Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh an Irish Texts Society sa bhliain 1898, bliain i ndiaidh dó Eachtra Ghiolla an Amarráin a chur i gcló. (Beathaisnéis 1, 71-3, Irish Bio. 1006-7).
Risteard Ó Foghludha
Múinteoir, eagarthóir agus iriseoir. Rugadh é in oirthear Chorcaí sa bhliain 1871. Bhí sé ag obair don Freeman's Journal go déanach sa naoú céad déag, agus bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh Craobh an Chéitinnigh i 1901. Bhí sé mór leis an Duinníneach ar feadh tamaill. agus gabhadh buíochas le Ó Foghludha sa chéad eagrán den fhoclóir a cuireadh i gcló sa bhliain 1904, cé gur éirigh eatarthu ar ball. Ina dhiaidh sin, chuir sé saothar an-chuid filí Muimhneacha in eagar, Merriman, Eoghan Rua, Seán Clárach, filí na Máigh agus, dar ndóigh, Donncha Rua, ina measc. (Beathaisnéis I, 1986 73-4, Irish Bio. 478-9).
Pól Breathnach
Sagart, léachtóir, agus eagarthóir. Rugadh é sa bhliain 1885 san Iarmhí. D’fhreastal sé ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad. Scoláire Laidine. staire agus Gaeilge ab ea é. Bhí sé ina shaineolaí ar logainmneacha na hÉireann agus ar léann na lámhscríbhnní Gaeilge. Is mór an méid obair eagarthóireachta a rinne sé. ar théacsanna ó ré na meán-aoise i leith, (Beathaisnéis I 25-7. Bio. 755-6).
+          <gap />
Dánta eile leis an bhfile
Más fíor don mhéid a cuireadh i gcló sna heagráin, bheadh 17 dán scríofa ag Donncha Rua, agus an Eachtra san áireamh; ina measc amhrán macarónach, dán Béarla agus ceann Laidine. Tá dhá dhán eile nár cuireadh i gcló, áfach. Maidir le cuid de na dánta, tá cóipeanna flúirseacha díobh ar fáil, ach níl ach cóip amháin ar fáil de chinn eile. Toisc nach tráchtas é seo faoi na dánta ar fad a chum sé, ní chuirim romham anseo ach eolas bunúsach a thabhairt faoi na dánta seo: mar shampla achoimre ar ábhar an dáin agus an chóip is luaithe de a d’éirigh liom aimsiú. Má tharlaíonn gur ábhar suime línte áirithe as, cuirim an t-eolas sin ar fáil. Tá cuid mhaith taighde le déanamh fós le teacht ar líon cóipeanna na ndánta eile, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí a thagann chun cinn le catalóg na Leabharlainne Náisiúnta. Fairis sin, tá fianaise ar chóipeanna de dhánta airithe ó lár an naoú céad déag amach sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain, cuid acu nach bhfuil cláraithe go fóill.
+          <gap />
An chóip is luaithe in ARÉ 23 A 16 scríofa sa bhliain 1756. Dán cáiliúil dátheangach. Trácthtar air fós i mórán leabhair. Féach, mar shampla, Diarmaid Ó Muirithe (1980, 127) agus Liam Mac Mathúna (2007. 194-5). Is léiriú é an dán ar dhánacht an fhile. agus ar a chlisteacht leis an dá theanga. ls suntasach a chumas sa Bhéarla, agus cruthaíonn an dán. sa mhéid is gur féidir é a rá, go raibh sé i dTalamh an Éisc. ls dán é ina bhfaightear dearcadh Seaicibíteach neamhbhalbh chomh maith.
+          <gap />
Seo dán a bhfuil an leagan is luaithe de ag Ó Fuartháin in lámhscríbhinn 8: Do chshéaghan o caithiosa Sagart an tSráidbhaile. Seo an cur síos a fheictear ar an dán i lámhscríbhinn le "Risdard Paor” i gCnoc Buí, i Sliabh gCua freisin:
+          <gap />
Mar atá pléite agam áiteanna eile, luaitear 1745 mar dháta a chumtha, cé gur sa bhliain 1758 a bhfuil teacht ar an gcóip is luaithe.
Dán ar an imirce a bhain dó. Ceann de na dánta is liriciúla dá bhfuil againn sa Ghaeilge, agus an dán is cáiliúla dár chum sé. Tá sé pléite agam thíos ar leathanach 26.
+          <gap />
Seo dán scigmhagúil a scríobh Donncha Rua mar gheall ar scoláire a bhí aige a seoladh amach le teastas uaidhsean, ach gur éirigh idir é féin agus scan-chailleach. Tá sé ar fáil sa lámhscríbhinn ARÉ 23 L 38 agus is é an dara dán is iomadúla sna catalóga, le nach mór dhá scór cóip aimsithe agam.
Dán grinn ar an ólachán a rinneadh le fear darb ainm Seán Breathnach ó Charraig na Siúire.
An chóip is luaithe: Maigh Nuad, M 9, cóip ón naoú céad déag. Caoineadh bréagach ar phatrún leis nach raibh marbh!
Dán grinn ar an iomarca ólacháin déanta ag cara agus pátrún leis.
Seo léiriú go raibh léann na Laidine air. Is ábhar suntais é go bhféadfadh sé dan mar seo, ar bhás an fhile Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, a chumadh sa teanga sin agus é chomh críonna. Bheadh sé thart ar an gceithre scór fén am sin; cailleadh Taelach Gaelach sa bhliain 1795.
+          <gap />
Níor cuireadh an dán seo i gcló riamh. Tá taighde déanta ag Séamas de Barra air agus plé déanta ag Breandán Ó Buachalla air mar aoir ar an eaglais Chaitliceach in Éirinn.
Beatha an fhile
Tá tuairimí éagsúla fé bheatha an fhile, ach tá an fhianaise tanaí go maith go minic, mar is fíor do fhilí na tréimhse sin ar fad. Le go dtuigfí an leagan de scéal a bheatha a bhí coitianta i measc an phobail, tugaim anseo uaim cuntas gearr ar Dhonncha Rua ó léirmheastóir amháin:
Rugadh Donnchadh Ruadh i gCreatalaigh i gConndae an Chláir, ach do chuir sé fé ins na Déisibh agus é óg agus is ann a chaith sé a shaoghal a fhaid is a bhí sé in Éirinn... Pé ar domhan de, thug Donnchadh Ruadh aghaidh ar na Déisibh agus é óg. Do bhí sé ag múineadh sgoile ar Shliabh gCua san bhliadhain 1740. Níl eolus deimhin againn cá bhfuair sé a sgolaidheacht. Deirtear gurbh adhbhar sagairt ab eadh é agus gur chaith sé sealad san Róimh ag déanamh léighinn. Pé sgéal é, is follas ó n-a sgríbhinnibh féin go raibh cruinn-eolas aige ar an Laidin, agus ar litridheacht na Laidine.
+          <gap />
Tús a shaoil
Dar lena chéad eagarthóir, Standish Hayes O’Grady, rugadh Donncha Rua sa bhliain 1709, ach is ar éigean atá an ceart aige. Ta fógra báis an fhile sa Freeman’s Journal ar an 5ú lá de mhí na Samhna 1810, a fhágfadh go raibh sé bliain is céad nuair a cailleadh é, más fíor. Ghlac an nuachtán leis, maille le formhór na dtráchtairí eile, gur sa bhliain 1715 a saolaíodh é, mar gur scríobhadh san alt go raibh sé cúig bliana is nócha d’aois. Pé scéal. tá cuma níos dealraithí air sin ná mar atá ar an gcéad dáta ag Ó Gráda.
Scríobhtar nach mór i gcónaí gur rugadh Donncha Rua sa Chreatalach i gContae an Chláir. Níl aon chruthúnas agam gur Cláiríneach a bhí ann (féach go scríobhann Edward O'Reilly, sa chéad bhlúire bheathaisnéisúil foilsithe ar an bhfile, gurb as Port Láirge dó ó dhúchas (O'Reilly 1820, ccxxxi)), cé go luaitear an Chreatalach in oirthear Chontae an Chláir leis go rialta mar áit dhúchais.
Fianaise éigin is ea an sloinne a bhí air, ar ndóigh. óir más rud é nár rugadh i measc mhuintir Mhic Conmara é, is as Contae an Chláir iad ó dhúchas: “The most important of the sept ofthe Dál gCais after the O’Briens, to whom they were marshals' (Mac Lysaght l991a, 232). In Irish Families. luann Mac Lysaght Donncha, agus glacann sé leis mar fhear as Contae an Chláir:
+          <gap />
Donncha Rua agus an Róimh
Den chuid is mó, tráchtar ar an Róimh mar an áit a raibh Donncha Rua lonnaithe mar mhac léinn i gColáiste Éireannach (cé go luaitear Salamanca freisin), ach ar ndóigh toisc nach bhfuil a fhios agam an mbeadh sé ina chléireach rialta nó ina ghnáthchléireach tá sé níos deacra fós an scéal a chinntiú. Deir formhór na scríbhneoirí gur caitheadh amach é de bharr a chuid mí-iompair, “for he had already been five years at the college when we find him expelled for some youthful exploit...“ (O'Grady 1853, 4), '... ruaigeadh as an ardscoil san Róimh é, agus do thriall sé ar ais ar Phort Láirge' (Pléimeann in Ó Flannghaile 1897, 2): ach ní gá gurb amhlaidh a bhí. Is féidir bheith nach mór cinnte nár oirníodh mar shagart é. mar bheadh taifead ann, faoi mar a dúirt an Coláiste Éireannach liom i gcomhfhreagras pearsanta. Más fíor mar scéal é, chruthódh sé go raibh pé acu tuismitheoirí sách saibhir nó pátrún aige len é a chur sall (féach Ó Flannghaile 1897. 1). mar shampla).
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/010.00000</textSigle>
+            <domain>Learned:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Watson, Dorothy</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2011</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Portráid shóisialta de dhaoine faoi mhíchumas
Ceann amháin de na grúpaí saolré ar tugadh tús áite dóibh sa Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta um Chuimsiú Sóisialta 2007-2016 ab ea daoine faoi mhíchumas. Grúpa lárnach iad is ábhar do na spriocanna ardleibhéal agus don sprioc náisiúnta bhochtaineachta atá leagtha amach sa phlean.
Tá dúshláin ar leith ag gabháil le cuimsiú sóisialta daoine faoi mhíchumas a chur ar aghaidh. Chun bonn eolais a sholáthar don fhreagairt bheartais, soláthraíonn an ‘portráid shóisialta’ seo eolas mar gheall ar dhálaí sóisialta daoine faoi mhíchumas ar shlí a thuigfear gan dua. Tá sé bunaithe ar shamhail mhíchumais a chuireann san áireamh an idirghníomhaíocht idir an duine agus an timpeallacht fhisiceach agus shóisialta ina maireann sé nó sí.
Ba é an Rannóg um Chuimsiú Sóisialta den Roinn Coimirce Sóisialta a choimisiúnaigh an taighde agus ba é an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta a rinne é. Is é seo an cúigiú tuarascáil saolré, a chomhlánfaidh na portráidí roimhe seo de leanaí, de dhaoine in aois oibre, do dhaoine scothaosta agus de phobail.
Gheofar an tuarascáil iomlán agus leagan Gaeilge den mhionteagasc taighde ag http://www.socialinclusion.ie
Na Príomhthorthaí
- Meastar go bhfuil 800,000 duine faoi chumas in Éirinn arb ionann sin agus duine amháin as gach cúigear den daonra. Thángthas ar an bhfigiúr sin tar éis foinsí éagsúla sonraí a cheadú. Tuairiscítear croíghrúpa de 325,000 duine (8 faoin gcéad) faoi mhíchumas bunaithe ar fhoinsí iolracha sonraí. Trí chineál míchumais, ar an meán, atá ag daoine faoi mhíchumas.
- Is trí chúrsa a saoil a fhaigheann formhór na ndaoine a míchumas seachas é a bheith ann ó bhreith nó ón óige, ach amháin míchumas foghlama a bhaineann go príomha leis na blianta scoile agus a chuireann dúshlán ar leith faoi fhoghlaimeoirí.
- Is iomaí éifeacht atá ag míchumas ar staid shóisialta an duine agus is minic gur éifeachtaí cómhalartacha iad. I gcomparáid leis an daonra trí chéile, tá sé a dhá oiread níos dóchúla i gcás daoine faoi mhíchumas nach mbeidh acu ach bunoideachas, nach mbeidh post acu agus go mbeidh siad ar ioncam íseal agus ar an ngannchuid maidir le bunriachtanais.
- Bíonn tionchar diúltach ag míchumas ar chaidreamh sóisialta agus ar rannpháirtíocht shóisialta an duine. Is mó an baol i gcás na ndaoine fásta is sine go mbeidh siad aonraithe go sóisialta, rud a d’fhéadfadh dul in olcas de réir mar a théann an duine in aois.
- Is sa bhaile a bhíonn an deacracht is mó ag daoine faoi mhíchumas. Lasmuigh den bhaile, is in áiteanna poiblí agus ó thaobh seirbhísí ginearálta a lorg agus bogadh timpeall an cheantair áitiúil is coitianta na deacrachtaí rochtana.
- An dúshlán beartais don tsochaí, do sholáthraithe seirbhíse agus d’fhostóirí ná iad féin a oiriúnú do riachtanais daoine faoi mhíchumas, chun iad a chumasú chun lántairbhe a bhaint as a gcumas agus rannchuidiú leis an saol poiblí.
- Teastaíonn tacaíochtaí inscoile, dearadh nuálach post, cúnamh leis an saol baile, agus feabhsuithe ar an teacht ar iompar agus ar sheirbhísí poiblí, chun feabhas a chur ar dhálaí sóisialta daoine faoi mhíchumas.
Tús eolais
Sonraítear sa tuarascáil taighde seo dálaí sóisialta agus maireachtála daoine faoi mhíchumas.
Is í an tsamhail mhíchumais a mholann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, is í sin an ‘samhail bhithshíceashóisialta’ is bonn leis an tuarascáil seo. Idirghníomhaíocht an duine faoi mhíchumas leis an timpeallacht fhisiceach agus shóisialta ina maireann siad is bunús leis an tsamhail sin de mhíchumas. Chun tuiscint a fháil ar an méid is féidir le daoine a dhéanamh, ní mór dúinn na hacmhainní atá ar fáil dóibh agus na bacainní atá rompu sa timpeallacht, mar aon lena n-acmhainní fisiceacha, meabhracha agus mothúchánacha féin, a chur san áireamh.
Gheofar sa tuarascáil eolas ar an líon daoine atá faoi mhíchumas agus ar an tionchar atá ag an míchumas sin orthu. Sonraítear inti chomh maith taithí daoine faoi mhíchumas ar an gcóras oideachais agus ar an margadh saothair, ar a bheith rannpháirteach sa tsochaí, ar thacaíochtaí sóisialta a fháil, ar an timpeallacht fhisiceach agus ar an gcóras iompair.
Tarraingíonn an tuarascáil ar fhoinsí éagsúla, go príomha an Suirbhé Náisiúnta ar Mhíchumas (NDS) a rinneadh sa bhliain 2006, Daonáireamh na bliana 2006, Suirbhé ar Ioncam agus ar Dhálaí Maireachtála (SILC) na bliana 2009 agus modúil éagsúla den tSuirbhéireacht Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS). Ba é an Suirbhé Náisiúnta ar Mhíchumas an chéad mhórshuirbhé a rinneadh ar dhaoine faoi mhíchumas. Chuir sé agallamh ar 14,500 a aicmíodh sa Daonáireamh mar dhaoine faoi mhíchumas. Cuireadh agallamh, leis, ar 1,500 duine eile nár thaifead míchumas sa Daonáireamh, féachaint ar fágadh aon mhíchumas ar lár ón Daonáireamh. I dteannta a chéile, tugann an NDS agus an Daonáireamh foramharc cuimsitheach ar mhíchumas. Gheofar eolas breise ar bhochtaineacht agus ar fhostaíocht sa SILC agus sa QNHS.
Minicíocht agus cineálacha míchumais
Léiríonn an meastachán is fearr ar an líon daoine atá faoi mhíchumas, trí eolas ón Daonáireamh a chur in éineacht le heolas ón NDS, go bhfuil duine amháin as gach cúigear nó gach seisear den daonra faoi mhíchumas fadtéarmach. Soláthraíonn an NDS eolas mionsonraithe agus iontaofa ar fhothacar den ghrúpa sin (timpeall 8.1 faoin gcéad den daonra) a thuairiscigh míchumas sa Daonáireamh agus san NDS araon agus orthu sin tá formhór na ndaoine faoi mhíchumas trom.
I gcúrsa a saoil a fhaigheann formhór na ndaoine a míchumas, seachas é a bheith ann ó bhreith nó ó óige an duine.
+          <gap />
Eisceacht is ea míchumas intleachtúil nó foghlama a bhíonn le sonrú sna déaga luatha thar aon uair eile. Is dóichí ná a mhalairt go dtabharfar an fhoirm mhíchumais sin faoi deara sna blianta scoile agus is minice anois a fháthmheastar é ná mar a rinneadh san am atá caite.
Idirdhealaíonn an NDS idir naoi gcineál míchumais. Tá 2.6 de na cineálacha difriúla sin ag formhór na ndaoine faoi mhíchumas. An cineál míchumais is coitianta ná míchumas soghluaisteachta agus deaslámhachta ó thaobh siúil, rudaí a ardú agus a iompar agus rudaí beaga a phiocadh suas (tuairim is 184,000 duine). An dara cineál míchumais is coitianta ná pian (tuairim is 153,00 duine).
Cineálacha míchumais eile is ea míchumas maidir le cuimhneamh ar rudaí agus díriú ar rudaí (113,000 duine), míchumais mhothúchánacha, shíceolaíocha agus mheabhairshláinte (111,000 duine), míchumas intleachtúil agus foghlama (72,000 duine), míchumas anála (71,000 duine), lagú céadfach éisteachta (58,000 duine) agus radhairc (51,000 duine) agus míchumais urlabhra (35,000 duine).
Is ísle an mhinicíocht míchumais i measc leanaí ná i measc daoine fásta. Léiríonn an NDS go bhfuil 3.5 faoin gcéad de leanaí faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas níos coitianta i measc buachaillí (4.4 faoin gcéad) ná i measc cailíní (2.6 faoin gcéad). An dá chineál míchumais is coitianta i measc leanaí ná míchumas intleachtúil agus foghlama agus míchumas maidir le cuimhneamh ar rudaí agus díriú ar rudaí. Is dóichí ná a mhalairt go dtabharfar na cineálacha míchumais sin faoi deara le linn na mblianta scoile toisc go gcuireann siad dúshlán ar leith faoin bhfoghlaimeoir.
Éifeacht an mhíchumais
I gcás dhá thrian díobh siúd atá faoi mhíchumas is deacair dóibh gnáthrudaí laethúla a dhéanamh nó níl ar a gcumas iad a dhéanamh ar chor ar bith. Is dóichí ná a mhalairt go mbeidh sé fíordheacair ar dhaoine faoi mhíchumas soghluaisteachta agus deaslámhachta gnáthrudaí laethúla a dhéanamh.
Is beag duine faoi mhíchumas a bhfuil sé deacair orthu gníomhaíochtaí bunúsacha féinchúraim a chur i gcrích, rudaí ar nós bia a ithe nó iad féin a ghléasadh, cithfholcadh nó folcadán a bheith acu, fanacht ina n-aonar agus dul isteach agus amach as an leaba gan chabhair. Is iad na gníomhaíochtaí féinchúraim a d’fhéadfadh a bheith deacair ar dhaoine faoi mhíchumas ná fanacht ina n-aonar (33 faoin gcéad) nó folcadán nó cithfholcadh a bheith acu (36 faoin gcéad).
Tá tionchar mór ag stádas sláinte agus teacht aniar daoine faoi mhíchumas ar an gcaighdeán saoil atá acu agus ar a gcumas bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oibre agus sóisialta, go háirithe i gcás an 40 faoin gcéad sin atá faoi mhíchumas a bhaineann le sláinte. Ní mheasann ach leath de na daoine faoi mhíchumas go bhfuil an tsláinte go maith acu, i gcomparáid le naonúr as gach deichniúr, beagnach, sa daonra trí chéile. Ní mheasann ach 43 faoin gcéad de dhaoine faoi mhíchumas go bhfuil teacht aniar maith nó an-mhaith acu.
Caighdeáin Oideachais, Oibre agus Mhaireachtála
Tá gaol cómhalartach ann idir míbhuntáiste oideachais agus míchumas. Maidir leis an ngaol idir míchumas agus oideachas i measc na ndaoine fásta is óige, is dóichí ná a mhalairt gurb iad na bacainní a bhíonn le sárú ag daoine faoi mhíchumas ar mian leo a gcuid oideachais a thabhairt chun críche is ábhar don ghaol sin. I measc na ndaoine sine is fásta, is dóichí ná a mhalairt go bhfeictear toradh diúltach an tsaoil ar shláinte an duine, toradh a eascraíonn as míbhuntáiste oideachais.
Tá gaol láidir idir míchumas agus gnóthachtáil oideachais i measc daoine fásta óga. I measc na ndaoine faoi mhíchumas atá idir 18 agus 34 bliain d’aois, bhuail míchumas iad sular tháinig siad chun deireadh a laethanta scoile nó a laethanta coláiste. D’fhág breis is trian de dhaoine fásta óga faoi mhíchumas (idir 25 agus 29 bliain d’aois) an scoil sular chríochnaigh siad an dara leibhéal i gcomparáid le duine amháin as gach seisear i measc daoine fásta gan mhíchumas. I measc na ndaoine fásta is sine faoi mhíchumas ba lú an dóchúlacht go raibh tionchar ag an míchumas orthu le linn a mblianta scoile.
Bíodh sin mar atá, bunoideachas ar a mhéad atá ag leath de na daoine fásta faoi mhíchumas idir 60 agus 64 bliain d’aois i gcomparáid le 38 faoin gcéad den aoisghrúpa sin nach bhfuil faoi mhíchumas.
Léiríonn na figiúirí daonáirimh nach bhfuil sé ach leath chomh dóchúil go mbeidh post ag daoine faoi mhíchumas idir 25 agus 64 bliain d’aois, i gcomparáid leis an daonra trí chéile. I measc daoine faoi mhíchumas, is dóichí gur daoine faoi mhíchumais intleachtúla agus foghlama a bheidh ag obair, agus gur daoine faoi mhíchumas péine nach mbeidh ag obair.
+          <gap />
Ba spéis le breis is trian de na daoine faoi mhíchumas nach bhfuil ag obair bheith fostaithe dá n-oirfeadh an post dóibh. Is amhlaidh i gcás dhá thrian de dhaoine fásta óga faoi mhíchumas. Ba mhinic a thuairiscigh daoine fostaithe agus daoine ar mian leo bheith fostaithe gnéithe d’eagar na hoibre, ar nós socruithe solúbtha oibre (45 faoin gcéad) nó tascanna oibre mionathraithe (29 faoin gcéad), mar ghnéithe a chuireann nó a chuirfeadh ar gcumas an obair a dhéanamh.
Taispeánann sonraí ón SILC gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh daoine ar teoranta a ngníomhaíochtaí laethúla agus iad siúd a bhfuil fadhbanna ainsealacha sláinte acu ar ioncam íseal agus nach mbeidh ar a gcumas íoc as earraí agus seirbhísí bunúsacha.
+          <gap />
Amach ó na deiseanna laghdaithe chun ioncam a thuilleamh, bíonn tionchar ar chaighdeáin mhaireachtála daoine faoi mhíchumas ag costais a bhaineann leis an míchumas féin, costais as cúram sláinte, cúnamh, áiseanna agus gléasanna. Cuireadh i bhfios i staidéar a rinneadh le gairid go bhféadfadh costas fadtéarmach an mhíchumais a bheith ionann agus aon trian den ghnáthioncam seachtainiúil.1
Caidreamh agus dearcthaí sóisialta
Is lú duine faoi mhíchumas a phósann. De réir Dhaonáireamh 2006 daoine pósta is ea a leath, nach mór, den daonra i gcoitinne idir 25 agus 44 bliain d’aois, i gcomparáid le díreach os cionn trian de dhaoine faoi mhíchumas. Is leithne an bhearna i gcás daoine idir 45 agus 64 bliain d’aois (72 faoin gcéad den daonra i gcoitinne agus 57 faoin gcéad de dhaoine faoi mhíchumas atá pósta).
Is faide a mhaireann mná faoi mhíchumas ná fir faoi mhíchumas, ar an meán, agus is dóichí ná a mhalairt go mbeidh seanóirí ina gcónaí ina n-aonar nó i bhforais phobail. Ina n-aonair atá cónaí ar dhuine amháin as gach cúigear ban faoi mhíchumas agus ar dhuine amháin as gach seisear fear faoi mhíchumas. Is dóichí ná a mhalairt, leis, gur i bhforais phobail a bheidh cónaí ar mhná seachas fir faoi mhíchumas (12 faoin gcéad i gcomparáid le 9 faoin gcéad).
Is airde de bheagán an líon ban fásta faoi mhíchumas a fhaigheann cúnamh le gníomhaíochtaí laethúla, i gcomparáid le fir. Gheofar ardú réidh de réir aoise ar an gcéatadán a fhaigheann cúnamh le gníomhaíochtaí laethúla, go dtí trí cheathrú de mhná agus dhá thrian d’fhir ag aois 75 agus os a chionn.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/011.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">PLACE</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Is sraith theilifíse í The Wire ó na Stáit Aontaithe a leanann caraictéírí éagsúla sa chathair Baltimore, go háraithe na póilíní agus lucht drugaí na cathrach. Thosaigh The Wire ar 2 Meitheamh 2002 agus cuireadh stop leis ar 9 Márta 2008 (an cúigiú séasúr; 60 eipeasóid san iomláin). Bhí an tsraith á thaispeáint ar HBO i Méiriceá, agus ar TG4 in Éirinn. Bhí David Simon go mór pairteach i gcruthú, scríobh agus léiríú na sraithe. Ní raibh an tsraith rathúil ag an am.
Tugann an clár léiriú réalaíoch ar saol urbach agus ag déanamh staidéar domhain ar théamaí sochpholaitiúla. Diríonn gach séasúr ar gné difriúl de chathair Baltimore. Sa chéad séasúr, trádál neamhdleathach drúgaí, ansin, an phort, rialtas na cathrach agus fadhbanna maorlathas, scoil agus na paistí, nuachtán. Deireann Simon cé go bhfuil an tsraith chuirthea ós ár gcomhair mar dráma coiriúl, tá an clár i ndáiríre cur síos fíor ar an gcathair Mhéiriceánach.[1]
Clár ábhair
Tá sé ráite ag Simon go raibh fonn air drámaíocht póilíneachta a chruthú bunaithe ar na taithí a chomhpháirtí scríbhneoireachta Ed Burns , iar-bhleachtaire dúnbhásaithe agus múinteoir scoile a d'oibrigh le Simon ar thionscadal níos luaithe a thugadh The Corner (2000) air. Is minic a chuireadh an Roinn Póilíneachta Baltimore bac ar Burns agus é ag obair ar imscrúduithe fada ar dhéileálaithe drugaí foréigneacha a úsáideann teicneolaíocht faireachais. Chonaic Simon cosúlachtaí lena fhadhbanna de chuid féin mar thuairisceoir póilíní don nuachtán The Baltimore Sun.
Roghnaigh Simon an seó a shuí i mBaltimore mar gheall ar an eolas a bhí aige ar an gcathair. Nuair a bhí sé ina scríbhneoir agus ina léiritheoir don chlár NBC Homicide: Life on the Street, bunaithe ar a leabhar Homicide: A Year on the Killing Streets (1991), atá suite i Baltimore, bhí Simon i gcoimhlint le feidhmeannaigh líonra NBC a bhí míshásta le éadóchas an tseó. Chun na haighnis seo a sheachaint, roghnaigh Simon The Wire a thabhairt go HBO, mar gheall ar a gcaidreamh oibre maith ón sraith The Corner. Bhí amhras ar HBO ar dtús faoi dhráma póilíneachta ach aontaigh sé eagrán píolótach a léiriú.[2] Labhair Simon le méara Baltimore, ag insint dó gur theastaigh uaidh léargas gruama a thabhairt ar ghnéithe áirithe den chathair. Cuireadh fáilte roimhe obair ann arís. Dúirt sé go raibh súil aige go n-athródh an seó roinnt tuairimí lucht féachana ach nach raibh sé dóchasach go mbeadh tionchar aige ar na saincheisteanna a phléitear sa sraith.[3]
Chuir Simon síos ar an dara séasúr mar "machnamh ar bhás na hoibre agus ar bhrath an lucht oibre Meiriceánach ... tá sé ina argóint d'aon ghnó nach gcuireann caipitleachas neamhrialaithe agus nualiobrálachas ionad an bheartais shóisialta; tá sé i gceist go ndéanfadh an caipitleachas freastal ar an líon beag daoine ar chostas an iliomad daoine."[4] Dúirt sé freisin go ndéanann an tríú séasúr "machnamh ar leasú agus leasaitheoirí, agus cibé an bhfuil aon seans go bhfuil próisis pholaitiúla, atá calctha go fada, in ann na fórsaí atá i gcoinne daoine aonair a mhaolú." Is allagóire é an tríú séasúr freisin a dhéannan comparáid soiléire idir Cogadh na hIaráice agus an cosc ar dhrugaí, a bhfuil teipthe air i dtuairim Simon agus a tháinig chun bheith ina chogadh in aghaidh fho-aicme Mheiriceá.[4][5][2] Is é Major Colvin a léirigh é seo, agus é ag cur in iúl do Carver go bhfuil cogadh déanta de phóilíneacht agus dá bhrí sin ní éireoidh leis a chuid aidhmeanna.
De réir an scríbhneoir Ed Burns, a bhí ag obair mar mhúinteoir scoile tar éis dó dul ar scor ó fhórsa póilíneachta Baltimore go gairid sula ndeachaigh sé ag obair le Simon, is é oideachais an téama don cheathrú séasúr. Seachas díriú ar an gcóras scoile amháin, féachann an séasúr ar scoileanna mar chuid éadaingean den phobal a bhfuil fadhbanna taobh amuigh dá teorainneacha leo. Deir Burns go dtagann oideachas ó go leor foinsí seachas scoileanna agus gur féidir oideachas a thabhairt do leanaí ar bhealaí eile, lena n-áirítear teagmháil leis na mangairí drugaí a bhfuil siad ag obair dóibh.[6] Measann Burns agus Simon an téama mar dheis chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a éiríonn daoine mar na carachtair choiriúla an tseó, agus leis an argóint a léiriú nach gcúitítear obair chrua i gcónaí mar is cóir.
Mífheidhmiú institiúideach
D'aithin Simon na heagraíochtaí a cuirtear i láthair sa seó — Roinn Póilíneachta Baltimore, Halla na Cathrach, an córas oideachais, eagraíocht gáinneála drugaí Barksdale, an nuachtán Sun Baltimore, agus ceardchumann na stíbheadóirí — mar institiúidí inchomparáide. Tá siad mífheidhmiúil go léir ar bhealach éigin, agus is iondúil go ndéannann siad feall ar na carachtair a nglacann siad leo ina saol. Tá tuairim curtha in iúl ag ceann de na bleachtaireachta — "Shit rolls downhill" - a dhéanann cur síos ar an dóigh a ndéanfaidh daoine, go háirithe pearsana i sraitheanna níos airde de chuid na Roinn Póilíneachta, iarracht a n-íochtaráin a úsáid mar cheap milleáin le haghaidh aon mhór-scannail. Chuir Simon síos ar an seó mar "chiniciúil faoi institiúidí" cé go raibh cur chuige daonnúil aige i leith a charachtair.[5] Téama lárnach a forbraíodh ar fud an tseó is ea an coimhlint idir mianta aonair agus géilleadh do spriocanna an ghrúpa.
Faireachais
Is cuid lárnach den tseó é faireachas leictreonach agus gaireas cúléisteachta á úsáid ag na póilíní — sin an chúis a bhfuil an teideal The Wire air. Chuir Salon.com síos ar an teideal mar mheafar do thaithí an lucht féachana: cuireann gaireas cúléisteachta rochtain ar domhan rúnda ar fáil do na póilíní, díreach mar a dhéanann an seó don lucht féachana.[7] Phléigh Simon úsáid radhairc de físfhaireachas, nó radhairc is cosúil a tógadh ón trealamh féin, chun béim a chur ar mhéid faireachais sa saol comhaimseartha agus an gá ag na carachtair leis an fhaisnéis seo a scagadh tríd.[8]
Tugann an chéad séasúr dhá mhórghrúpa carachtair isteach: Roinn Póilíneachta Baltimore agus an eagraíocht gáinneála drugaí Barksdale. Leanann an séasúr imscrúdú na bpóilíní ar an dara grúpa ar feadh a 13 eipeasóid. Cuirtear tús leis an imscrúdú nuair a bhuaileann an Bleachtaire Jimmy McNulty go príobháideach leis an mBreitheamh Daniel Phelan tar éis an t-éigiontú D'Angelo Barksdale as dúnmharú nuair a athraíonn príomhfhinné a scéal. Insíonn McNulty do Phelan gur dócha go gcur baill d'impireacht gáinneála a reáchtáil uncail D'Angelo, Avon Barksdale, imeagla ar an t-fhinné tar éis dó roinnt aghaidheanna a aithint sa triail, go háirithe an leascheannasaí, Stringer Bell. Insíonn sé freisin do Phelan nach bhfuil aon duine ag déanamh imscrúdú ar ghníomhaíocht choiriúil Barksdale, lena n-áirítear cuid mhór de mangaireacht drugaí na cathrach agus roinnt dúnmharuithe gan réiteach. Is éard a dhéanann Phelan faoin thuairisc McNulty ná gearán a dhéanamh le figiúirí sinsearacha na Roinn Póilíneachta, agus náire a chur orthu sa dóigh is go gcruthaíonn siad buíon atá dírithe ar Barksdale a imscrúdú.
Ach, mar gheall ar mhífheidhm na roinne, níl ach síneadh é an t-imscrúdú chun an breitheamh a shuaimhniú. Leannan achrann idir-rannach den fiosrúchán iomlán idir na hoifigigh níos spreagtha sa ghrúpa agus iadsan atá os a gcionn, agus is minic a bhíonn cur isteach ar an dara grúpa ag bagairt ar an imscrúdú. Bíonn ceannasaí na na mbleachtairí, Cedric Daniels, ina idirghabhálaí idir an dá ghrúpa atá i gcoinne a chéile. Idir an dá linn, déantar iniúchadh ar drong eagraithe agus aireach Barksdale trí charachtair ag leibhéil éagsúla laistigh de. Cuireann buíon robálaithe faoi cheannas Omar Little olc ar an eagraíocht go leanúnach, agus tá roinnt básanna mar thoradh ar an t-achrann. Ar feadh an ama, bíonn coinsias D'Angelo ag cur as dó faoina shaol coiriúlachta agus na daoine a bhíonn tionchar orthu mar gheall air.
Is beag rath a bhí ag na póilíní le gabhálacha ar leibhéal na sráide nó le spiairí a fháil seachas Bubbles, andúileach aithnidiúil ó thaobh thiar na cathrach. Faoi dheireadh téann an t-imscrúdú treo an fhaireachais leictreonaigh, le gairis cúléisteachta agus clónna glaoirí chun na bearta slándála a dhéanann eagraíocht Barksdale a insíothlú. Tugann sé seo an imscrúdú chuig réimsí a raibh súil ag na hoifigigh ceannais iad a sheachaint, síntiúis polaitiúla san áireamh. Nuair a ghabhann na póilíní comhghleacaí de chuid Avon Barksdale agus nuair a thairgeann sé comhoibriú, ordaíonn na hoifigigh an bhuíon trap a dhéanamh chun críoch a chur leis an cás. Gortaítear an Bleachtaire Kima Greggs go dona san oibríocht, rud a spreagann freagra ródhíograiseach ón gcuid eile den roinn. Músclaíonn sé seo amhras san eagraíocht Barksdale go bhfuil siad faoi imscrúdú.
Déanann a chairde Bodie agus Poot dúnmharú ar Wallace, ar ordú Stringer Bell, tar éis dó a shocrúchán "slán" a fhágáil le gaolta agus filleadh ar Bhaltimore. Gabhtar D'Angelo Barksdale i ndeireadh na dála ag iompar cileagram de hearóin neamh-mhaolaithe, agus nuair a fhoghlaimíonn sé faoin dúnmharú Wallace, tá sé réidh le iompú in aghaidh a uncail agus Stringer. Mar sin féin, cuireann máthair D'Angelo ina luí air an déileáil a chealú agus na cúisimh a ghlacadh leis ar mhaith lena theaghlach. Éiríonn leis an bhuíon Avon a ghabháil ar mhionchúis agus faigheann siad ar cheann dá shaighdiúirí, Wee-Bey, an chuid is mó de na dúnmharuithe a admháil, cuid acu nach ndearna sé. Éalaíonn Stringer Bell ionchúiseamh agus fágtar é ag rith an impireacht Barksdale. Maidir leis na bleachtairí, is iad na torthaí dian orthu ón olc a chur ar na hoifigigh os a gcionn; tá Daniels faghta ar lár nuair atá ardú céime á thabhairt agus aistrítear McNulty ón dúnbhású go dtí na gardaí cósta.
Mar aon lena scrúdú leanúnach ar fhadhb na ndrugaí agus an tionchar a bhíonn aige ar na bochtáin uirbeacha, scrúdaíonn an dara séasúr drochdhóigh i measc oibrithe bóna ghoirm mar atá léirithe ag stíbheadóirí i gcalafort na cathrach, nuair a tharraingítear cuid acu i smuigléireacht drugaí agus contrabhanna eile sna coimeádáin loingseoireachta a théann tríd a gcalafort. I bhfo-phlota séasúir, leanann eagraíocht Barksdale a ngáinneáil ar dhrugaí in ainneoin príosúnachta Avon, le Stringer Bell ag glacadh le níos mó cumhacht.
Tá cloch sa mhuinchille ag McNulty dá iar-cheannasaithe as é a athshannadh chuig an gardaí cósta. Nuair a fhaightear trí bhean óg déag anaithnide marbh i gcoimeádán ag na duganna, déanann McNulty iarracht mhór chun na dúnmharuithe a chur laistigh de dhlínse a iar-cheannasaí. Idir an dá linn, téann An Maor Stan Valchek chun achrann le Frank Sobotka, cheannaire Polannach-Mheiriceánach den "International Brotherhood of Stevedores", ceardchumann ficseanach na ndugairí, faoi síntiúis iomaíocha dá sean-eaglais chomharsanachta. Éilíonn Valchek buíon chun Sobotka a fhiosrú. Cuirtear agallamh ar Cedric Daniels mar bhí sé molta ag ag Prez, cliamhain an Maor Valchek, agus mar gheall ar a chuid oibre ar chás Barksdale freisin. Roghnaítear é le bheith i gceannas ar an bhuíon atá ceaptha chun Sobotka a fhiosrú; nuair a chuirtear an t-imscrúdú i gcrích tugtar a bhfocal do Daniels go haistreoidh sé suas go n-aonad speisialta le pearsanra a roghnóidh sé.
Tá saol na n-oibrithe bóna ghoirm ag éirí níos crua agus tá an obair gann. Mar cheannaire ceardchumainn, tá Sobotka tar éis glacadh leis féin chun athbheochan a dhéanamh ar an gcalafort trí stocaireacht a dhéanamh ar pholaiteoirí chun tacú le tionscnaimh feabhsúcháin bonneagair a bhfuil géarghá leo. Gan na cistí a theastaíonn le haghaidh an chineáil tionchair seo, tá baint ag Sobotka le buíon smuigleála. Chomh maith leis seo, tá a mhac agus a nia dulta i muinín na coiriúlachta freisin, mar is beag deiseanna eile atá acu airgead a thuilleamh. Is léir do bhuíon ag fiosrú Sobotka go mbaineann na mná marbha lena n-imscrúdú, mar go raibh siad i gcoimeádán a bhí le smuigleáil tríd an gcalafort. Baineann siad úsáid arís as gaireas cúléisteachta chun an drong coireachta a insíothlú agus déanann siad go mall a mbealach suas an slabhra i dtreo 'An Gréagach', an fear mistéireach i gceannas na heagraíochta. Ach tarraingíonn Valchek an FBI isteach san imscrúdú, mar tá sé míshásta gur bhog an aird ón Sobotka. Tá brathadóir ag 'An Gréagach' taobh istigh den FBI agus tosaíonn sé deireadh a chur lena chuid ceangail le Baltimore nuair a fhoghlaimíonn sé faoin imscrúdú.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/012.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Réab Dóiteán Mór Londan ón Domhnach 2 Meán Fómhair go dtí an Chéadaoin 5 Meán Fómhair 1666. Scriosadh an chathair mheánaoiseach taobh istigh den Seanbhalla Rómhánach. Ní baileach go ndeachaigh sé chomh fada le ceantar uasaicmeach Westminster (West End an lae inniu), Pálás Shéarlas II ag Whitehall, ná an chuid ba mhó de na plódcheantair ar bhruach na cathrach.[1] Dódh 13,200 teach, 87 séipéal paróiste, Ardeaglais Naomh Pól, agus formhór na bhfoirgneamh a bhí ag údaráis na Cathrach. Ceaptar gur scriosadh tithe 70,000 den daonra de thart ar 80,000 a bhí sa Chathair ag an am.[2] Ní fios go baileach cá mhéad duine a maraíodh sa dóiteán féin ach ceaptar nach raibh an líon an-ard mar nach bhfuil taifead ach ar líon beag daoine a bhásaigh de bharr an dóiteáin. Le tamall anuas áfach, táthar ag cur in aghaidh na tuairime sin mar go gceaptar anois nach ndearnadh taifead in áit ar bith ar an líon daoine bochta ná meánaicmeacha a bhásaigh. Chomh maith leis sin ceaptar go bhféadfadh sé gur chreim teas an dóiteáin go leor daoine agus nár fágadh aon lorg ina ndiaidh.
Thosaigh an dóiteán mór ag bácús Thomas Farriner (nó Farynor) ar Pudding Lane, go gairid tar éis meán oíche an Domhnach, an 2 Meán Fómhair, agus scaip sé siar go tapa ar Chathair Londan. Ba é an teicníc ba mhó a bhí in úsáid ag an am chun dul i ngleic le dóiteán ná tóitbhearnaí a chruthú trí fhoirgnimh a leagan. Cuireadh moill mhór air seo mar nach raibh Ard-Mhéara Londan, Sir Thomas Bloodworth, in ann cinneadh tapa a dhéanamh faoi cad ba chóir a dhéanamh. Faoin am ar ordaíodh go leor foirgneamh a leagan oíche Dé Domhnaigh, bhí an ghaoth i ndiaidh stoirm olldóiteáin a dhéanamh den dóiteán bácúis agus ní raibh aon mhaith a bheith ag cruthú tóitbhearnaí. Ar an Luan scaip an tine ó thuaidh go croílár na Cathrach. Ní raibh ord ná eagar ar na sráideanna agus bhí ráflaí ag dul timpeall go raibh eachtrannaigh a raibh cuma amhrasach orthu ag lasadh tinte. Ba iad na Francaigh agus na hOllannaigh ba mhó a raibh na daoine gan dídean in amhras fúthu. Bhí siadsan ina naimhde ag Sasana sa Dara Cogadh Angla-Ollanach a bhí fós ar siúl ag an am. Bhí na grúpaí inimirceacha seo líonmhar go maith agus rinneadh ionsaithe sráide orthu agus chuir an daoscarshlua cuid acu chun báis fiú – a bhí in aghaidh an dlí. Ar an Máirt scaip an tine ar fud na Cathrach ar fad nach mór. Scriosadh Ardeaglais Naomh Pól agus léim an tine thar abhainn Fleet agus bhí cúirt ríoga Shéarlas II ag Whitehall faoi bhagairt. Ag an am céanna bhí na hiarrachtaí a bhí ar siúl chun dul i ngleic leis an dóiteán á gcomhordú. Ceaptar go bhfuarthas an ceann ab fhearr ar an dóiteán faoi dheireadh ar dhá chúis: lagaigh na gaotha láidre anoir agus bhain an garastún i dTúr Londan feidhm as púdar gunna chun tóitbhearnaí éifeachtacha a chruthú chun an tine a chosc ó scaipeadh níos faide soir.
Chruthaigh an dóiteán go leor fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta agus bhí neart síneadh méire á dhéanamh ar feadh tamaill i ndiaidh an dóiteáin. Thug Séarlas II gach ugach do dhaoine bogadh as Londain agus cur fúthu in áit éigin eile mar go raibh faitíos air go dtarlódh éirí amach i measc na ndídeanaithe a chaill a dtithe. In ainneoin go ndearnadh cuid mhór moltaí radacacha, atógadh Londain agus bhí na sráideanna leagtha amach mórán mar a bhí siad roimh an dóiteán.[3]
Faoi na 1660idí bhí Londain i bhfad níos mó ná aon chathair eile sa Bhreatain. Áirítear go raibh leathmhilliún duine ina gcónaí ann. Bhí an líon sin níos mó ná an líon daoine a bhí ina gcónaí sa leathchéad baile ba ghaire i méid dó ar fad le chéile. Le linn dó a bheith ag cur ollás Barócach Pháras i gcomparáid le Londain, dúirt John Evelyn gur bhailiúchán tuaisceartach de thithe adhmaid a bhí dlúth le chéile agus gan aon ealaín ag baint leo a bhí i Londain. Chuir an baol dóiteáin a bhí ann – de bharr go raibh na tithe déanta as adhmad agus chomh dlúth sin le chéile – alltacht air. Ba éard a bhí i gceist ag Evelyn le “gan ealaín” ná nach raibh an chathair pleanáilte i gceart, go raibh sí caite le chéile ar nós cuma liom. Ba mar thoradh ar fhás orgánach agus ar shraoilleáil uirbeach a tharla sé seo dar leis. Ar feadh ceithre chéad bliain, b’áit lonnaithe Rómhánach a bhí i Londain. De réir a chéile, áfach, d’éirigh Londain níos plódaithe laistigh de bhalla cosanta na Cathrach. Chomh maith leis sin, bhí an chathair tar éis leathnú lasmuigh den bhalla, áit a raibh plódcheantair sheachtracha mar Shoreditch, Holborn agus Southwark suite.[1] Faoin am sin freisin, bhí cathair neamhspleách Westminster go fisiciúil mar chuid de Londain.
Faoi dheireadh an tseachtú céad déag ní raibh san Fhíorchathair – an chuid a bhí timpeallaithe ag balla na Cathrach agus ag abhainn Tamais – ach páirt de chathair Londan. Bhí seacht gcéad acra (2.8 km2) sa limistéar seo agus bhí thart ar 80,000 duine ina gcónaí ann. Is é sin an séú cuid de dhaonra Londan. Bhí fáinne de bhruachbhailte inmheánacha thart ar an gCathair agus is iontu siúd a bhí cónaí ar fhormhór mhuintir Londan. An uair sin, ba í an Chathair croílár tráchtála na príomhchathrach. Ba inti a bhí an margadh ba mhó agus an calafort ba ghnóthaí i Sasana agus is amhlaidh atá go dtí an lá atá inniu ann. Is ag na haicmí trádála agus na déantúsaíochta a bhí an lámh in uachtar. Sheachain an uasaicme an Chathair agus chónaigh siad faoin tuath lasmuigh de na plódcheantair nó níos faide siar i gceantar eisiach Westminster (san áit a bhfuil an West End sa lá atá inniu ann). Ba san áit sin a bhí an chúirt ríoga ag Séarlas II ag Whitehall. B’fhearr leis na daoine saibhre a bheith ina gcónaí achar réasúnta maith ón gCathair mar bhíodh sí i gcónaí faoi bhrú tráchta, truaillithe agus míshláintiúil go háirithe nuair a scrios an phlá bhúbónach an ceantar i 1665, “an Bliain Phlá” mar a tugadh uirthi. Bhí an-teannas sa ghaol a bhí idir an Chathair agus an Choróin. Le linn an Chogaidh Chathartha, idir 1642 agus 1651, bhí an Poblachtachas an-láidir i gCathair Londan. Bhí an phríomhchathair dhinimiciúil saibhir agus láidir ó thaobh na heacnamaíochta de agus d’fhéadfadh sí fós a bheith ina dris chosáin ag Séarlas II. Bhí sé seo léirithe ag cúpla éirí amach Poblachtach a tharla i Londain sna 1660idí luatha. Bhain giúistísí na Cathrach leis an nglúin a throid sa Chogadh Cathartha agus ba chuimhin leo gurbh í an iarracht a rinne Séarlas I cumhacht iomlán a ghlacadh chuige féin ba chúis leis an tráma náisiúnta sin. Bhí rún acu gan ligean dá mhac an rud céanna a dhéanamh agus nuair a bhí an Chathair faoi bhagairt ag an Dóiteán Mór, dhiúltaigh siad glacadh leis na saighdiúirí ná leis na hacmhainní eile a thairg Séarlas dóibh. Fiú amháin i gás éigeandála, ní raibh aon ghlacadh go polaitiúil leis na saighdiúirí Ríoga, nach raibh mórán geana orthu, a bheith ag teacht isteach sa Chathair. Faoin am ar ghlac Séarlas ceannas ón Ard-Mhéara neamhéifeachtúil bhí an dóiteán imithe ó smacht cheana féin.
Go bunúsach, bhí leagan amach meánaoiseach ar shráideanna na Cathrach. Is coinicéar plódaithe de chaolsráideanna cúnga cama duirleogacha a bhí ann. Tharla mórdhóiteáin éagsúla ann roimh 1666, an ceann ba dheireanaí díobh i 1632. Bhí toirmeasc ar adhmad a úsáid mar ábhar tógála agus ar dhíonta tuí a chur ar thithe leis na céadta bliain ach bhí na hábhair seo saor agus leanadh de bheith ag baint feidhme astu. Ba sa cheantar saibhir i lár na Cathrach amháin a bhí aon líon suntasach foirgneamh á tógáil as clocha. Ba ansin a bhí tithe móra na gceannaithe agus na mbróicéirí suite agus neart spáis timpeall orthu. Taobh amuigh díobh siúd arís, bhí fáinne de pharóistí bochta plódaithe. Sna háiteanna seo bhí an daonra ag fás go tapa agus baineadh úsáid as gach pioc den talamh a bhféadfaí tógáil air chun tithíocht a chur ar fáil don phobal. Bhí ionaid oibre sna paróistí sin agus bhí cuid mhaith díobh ina nguaiseacha dóiteáin. Ina measc, bhí teilgcheártaí, ceártaí agus siopaí gloineadóireachta. Go teoiriciúil, bhí siad seo mídhleathach ach bhí sé de nós gan aon bhac a chur orthu. Bhí áiteanna cónaithe an phobail ag cur thar maoil agus iad suite i measc na n-ionad oibre sin, a bhí mar fhoinsí do theas, do splancacha agus do thruailliú agus a raibh gnéithe a bhí thar a bheith baolach ag baint leo. Gnéithe faoi leith de na tionóntáin adhmaid seo i Londain, a bhí sé nó seacht n-urlár ar airde de ghnáth, ná “lamairní” (Jetties) mar a tugadh orthu; is é sin go raibh na hurláir uachtaracha ag gobadh amach. Ní raibh bunsraitheanna na bhfoirgneamh sin an-fhairsing ach de réir mar a chuaigh na hurláir in airde thosaigh siad ag leathnú amach de réir a chéile os cionn na sráide. Rinneadh an “dul thar scríob” sin, mar a thug breathnóir comhaimseartha amháin air, chun an tairbhe ba mhó a d’fhéadfaí a bhaint as an bpíosa talún a bhí leagtha amach don fhoirgneamh. Is maith a braitheadh an ghuais dóiteáin a bhain leis na lamairní uachtair seo a bheith buailte go dlúth le chéile os cionn na gcaolsráideanna. Cheap breathnóir amháin go raibh sé níos éasca na foirgnimh sin a lasadh agus níos deacra iad a mhúchadh dá bharr. Bhí sé den tuairim, áfach, go raibh an pobal chomh santach agus na Giúistísí chomh cam sin nach ndéanfaí aon chur isteach ar na lamairní. I 1661, chuir Séarlas II forógra amach ag toirmeasc fuinneoga agus lamairní a bheadh ag gobadh amach os cionn na sráide. Rinne an rialtas áitiúil neamhshuim de seo den chuid is mó, áfach. Bhí an chéad teachtaireacht eile a tháinig ó Shéarlas i 1665 níos géire agus thug sé rogha faoin mbaol dóiteáin a bhain leis na sráideanna a bheith chomh caol sin. Thug sé cead tógálaithe sleamchúiseacha a chur i bpríosún agus foirgnimh chontúirteacha a leagan. Ba bheag an aird a tugadh air seo ach oiread.
Bhí baint mhór ag an gceantar ar éadan na habhann leis an bhfás a tháinig ar an Dóiteán Mór. Bhí neart uisce sa Tamais chun dul i ngleic leis an dóiteán agus bhí deis éalaithe ón gceantar i mbád. In ainneoin sin, de bhrí go raibh stórais agus siléir lán le hábhair indóite san áit, bhí níos mó baoil ann go dtarlódh dóiteán sa cheantar ar éadan na habhann nó in aon cheantar eile. Bhí tionóntáin adhmaid – a bhí réidh le titim – agus bothanna tarrapháipéir na mbochtán ag síneadh leis na céanna ar feadh an bhealaigh agus iad teanntaithe isteach i measc seanfhoirgneamh páipéir agus i measc ábhar mar Tharra, Pic, Cnáib, Roisín agus Líon, a bhí thar a bheith indóite ar fud na háite. Chomh maith leis sin, bhí Londain lán le púdar dubh, go háirithe sa cheantar a bhí ag síneadh le héadan na habhann. Bhí a lán de fágtha i dtithe de chuid an ghnáthphobail ó aimsir an Chogaidh Chathartha i Sasana. Tharla sé sin mar gur choinnigh siad siúd a bhí i Modh-Arm Nua Chromail a gcuid muscaed agus an púdar le cur iontu. Bhí idir cúig agus sé chéad tonna púdair stóráilte i dTúr Londan ag an gcloigeann ó thuaidh de Dhroichead Londan. Bhí cuid mhór púdair ag na soláthraithe loinge le taobh na gcéanna freisin agus é stóráilte i mbaraillí adhmaid acu.
Bhí Droichead Londan – an t-aon cheangal fisiceach a bhí idir an Chathair agus an taobh ó dheas d’abhainn na Tamaise – brataithe le tithe agus ba léir ón dóiteán a tharla i 1632 gur sháinn bháis a bhí ansin é féin. Faoi bhreacadh an lae ar an Domhnach bhí na tithe sin ar lasadh agus mheabhraigh Samuel Pepys, le linn dó a bheith ag faire ar an dóiteán ó Thúr Londan, go raibh an-imní air faoi shábháilteacht cairde leis a bhí ina gcónaí ar an droichead. Bhí an baol ann go dtrasnódh na lasracha Droichead Londan agus go mbeadh buirg Southwark ar an mbruach theas faoi bhagairt. Seachnaíodh an baol sin, áfach, mar gur tharla sé go raibh spás oscailte idir fhoirgnimh ar an droichead agus gur fheidhmigh sé sin mar thóitbhearna.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/013.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Is é George Orwell ainm cleite Eric Arthur Blair, úrscéalaí Sasanach, 25 Meitheamh 1903 — 21 Eanáir 1950.[1] Áirítear Orwell ar scríbhneoirí móra na fichiú haoise. Ba iad an dá úrscéal mhóra pholaitiúla, mar atá, Animal Farm (1945) agus Nineteen Eighty-four (1949) a thuill clú domhanda dó. Aoir faoin Aontas Sóivéadach is ea an chéad cheann acu, agus é scríofa as peirspictíocht an tSóisialaí mheasartha nár thaobhaigh riamh leis an leagan Sóivéadach den chumannachas. An dara ceann acu, is úrscéal diostóipeach é, agus é ag trácht ar dhomhan na todhchaí atá roinnte idir trí mhórchumhacht ollsmachtúla. D'aistríodh an dá leabhar go lear maith teangacha. Mar sin féin, bhí Orwell i ndiaidh seal maith a chaitheamh ina scríbhneoir roimhe sin féin, agus é ag scríobh iriseoireacht, aistí, úrscéalta agus, fiú, beagáinín filíochta.
Fear meánaicmeach ab ea Orwell a chuaigh leis an sóisialachas i ndiaidh an tseala a chaith sé ina phóilín impiriúil i mBurma. Chuaigh sé go dtí an Spáinn le páirt a ghlacadh sa Chogadh Cathartha ansin, cosúil le cuid mhaith d'intleachtóirí clé a linne. Cé go raibh luí áirithe aige leis an Sóisialachas réabhlóideach, dhruid sé riamh siar ón gCumannachas, agus é, fiú, den tuairim gur "fórsa frithréabhlóideach" é an Páirtí Cumannach. Chuir sé go fíochmhar in aghaidh idé-eolaíochtaí ollsmachtúla na fichiú haoise, idir Naitsíochas agus Stailíneachas. Bhí tuiscint ghéarchúiseach aige d'éirim na hollsmachtúlachta, agus na coincheapa is na focail a chum sé le tagairt a dhéanamh do mheon na tíorántachta, ar nós an Deartháir Mór (Big Brother), an nuachaint (newspeak) agus araile, úsáidtear i gcónaí iad le cur síos a thabhairt ar an dóigh a gcoinníonn na deachtóirí intinn na saoránach faoi smacht.
Rugadh é i Motihari, Bengal san India, in aice le teorainn Neipeal. Ba iad a thuismitheoirí Richard Walmesley Blair agus Ida Mabel Blair née Limouzin. Bhí Richard Blair ag trádáil le codlaidín (óipiam), tráchtearra a bhí dleathach ag an am in Impireacht na Breataine. Cailín óg ab ea Ida Mabel nuair a casadh Richard uirthi, agus é ocht mbliana déag níos sine ná ise. Ba de mhuintir Limouzin í. Teaghlach seanbhunaithe i Moulmein, Burma, ab ea muintir Limouzin, agus iad ag tógáil long ansin. Mar sin féin, ní raibh ag éirí go rómhaith sa saol le hIda Mabel ach oiread le Richard, agus dealraíonn sé gur cleamhnas siosmaideach a bhí ann nach raibh na páisiúin mhóra ag baint leis.
Bliain i ndiaidh a bhreithe, 1904, thug a mháthair é féin is a dheirfiúr Marjorie ar ais go Sasana. D'fhan an t-athair thiar i Motihari, agus ní bhfuair an buachaill an chéad aithne air sula raibh sé naoi mbliana d'aois.
Is deacair a rá, an raibh a chéad óige sona nó mí-ádhúil. Is follasach go ndeachaigh tíorántacht an tsaoil i scoil chónaitheach St. Cyprian's in Eastbourne go dona i bhfeidhm ar mo dhuine. Go gairid roimh a bhás, thug sé cur síos dúisitheach ar an am a chaith sé ag freastal ar St. Cyprian's ina aiste Such, Such Were the Joys[2] (bhaist sé Crossgates ar scoil St. Cyprian's san aiste le nach bhféadfaí clúmhilleadh a chur ina leith). Ón taobh eile de, tháinig a bhua scríbhneoireachta chun solais go moch, agus thuill a chuid scríbhinní, go háirithe na dánta, moladh dó ó phríomhoide na scoile. D'fhreastail sé ar St. Cyprian's san am céanna le Cyril Connolly, scríbhneoir tábhachtach comhaimseartha eile, ach ní bhfuair an bheirt acu aithne cheart ar a chéile ach i bhfad i ndiaidh bhlianta na scoile.
Nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, d'imigh sé ó St. Cyprian's. Chaith sé leathbhliain i gColáiste Wellington i mBerkshire, go dtí go bhfuarthas áit dó i gcoláiste cáiliúil Eton, scoil na scothaicme. Níor éirigh go rómhaith leis in Eton, áfach, agus níor bhain sé amach aon scoláireacht ollscoile. Mar sin, chuaigh sé go Burma le seirbhís a dhéanamh sna Póilíní Impiriúla (Indian Imperial Police). Bhain sé amach Burma i ndeireadh na bliana 1922, nuair a bhí sé naoi mbliana déag d'aois.
Murab ionann agus an chuid ba mhó de thailte na hImpireachta, bhí Burma á rialú le lámh láidir mhíleata. Nuair a d'fhorghabh na Sasanaigh an tír sa dara leath den naoú haois déag, níor fhág siad aon rí dúchasach ná uasalaicme áitiúil in ainm is a bheith ag rialú na tíre, mar ba nós leo a dhéanamh san India. Bhí Burma á dúshaothrú ar dhóigh i bhfad ní ba bhrúidiúla ná an India, rud a chothaigh míshástacht agus meon ceannairce i measc mhuintir dhúchasach na tíre. Tá sé sábháilte a rá, mar sin, go bhfaca Orwell an taobh ba mheasa den Impiriúlachas i mBurma. Mar sin, is beag an t-ábhar iontais é gur ghlac sé snomh leis an gcóras impiriúil.
Ón taobh eile de, thug sé taitneamh do chultúr dúchasach Bhurma, agus é ag cur beospéise ann. Fuair sé tuiscint mhaith do theanga is do nósanna na tíre, rud is furasta a aithint ar an gcéad úrscéal leis, Burmese Days. Chuir sé an chuid ba mheasa d'obair an státseirbhísigh choilínigh i míotar in aistí cosúil le Shooting an Elephant[3] agus A Hanging.[4]
D'éirigh Orwell as an obair sna póilíní coilíneacha i Mí Iúil den bhliain 1927. Chuaigh sé ar ais chuig a mhuintir i Suffolk. An bhliain a bhí chugainn, thug sé a aghaidh ar Pháras, áit a ndeachaigh sé le hiriseoireacht. D'éiríodh leis ó am go ham altanna a fhoilsiú ar pháipéir Shasanacha agus Fhrancacha, agus é ag tabhairt cur síos ar shaintréithre chultúr Shasana do na Francaigh nó ag tuairisciú faoi shaol na Fraince do na Sasanaigh. San am seo a bhailigh sé an t-eispéireas as ar fháisc sé an leath Fhrancach dá chéad mhórshaothar neamhfhicseanúil, Down and Out in Paris and London.[5] Tá an leabhar seo curtha i láthair an léitheora mar nach mbeadh ann ach lomlán na fírinne, ach is dealraitheach go bhfuil cuid mhaith seanchais agus scéalta faoi mhadraí na n-ocht gcos measctha trí fhíor-thaithí an scríbhneora. Rinne Orwell a dhícheall le craiceann na fírinne a chur ar an saol ar an mblár fholamh a ndeachaigh sé tríd, ach is é an tátal a bhain fear scríofa a bheathaisnéise ná nach raibh Orwell leath chomh bocht san am agus a thugann sé fios ina leabhar.
Eric Blair (George Orwell) , comhad ó Metropolitan Police
I ndiaidh dó conablach dhá bhliain a chaitheamh san Fhrainc, d'fhill Orwell go Sasana. Chaith sé seal ina theagascóir príobháideach, ach nuair a chaill sé an jab sin, chuaigh sé ag freastal ar na tearmainn do dhíthreabhaigh le mianach na scéalta a thiomsú le haghaidh na leithe Sasanaí de Down and Out in Paris and London.
Ba é Down and Out... an chéad leabhar leis a tháinig i gcló, ar an naoú lá de Mhí Eanáir 1933. Cheap sé an t-ainm cleite le haghaidh an leabhair seo. Fuair sé "Orwell" ó abhainn Orwell a ritheann trí Ipswich, agus thaitin "George" leis mar ainm fíor-Shasanach.
Ina dhiaidh sin, chrom sé ar a chéad úrscéal a scríobh, mar atá, Burmese Days. Le linn é a bheith i mbun na hoibre seo, bhí sé ag iarraidh suirí a dhéanamh le bean óg arbh ainm di Eleanor. Bhí sise i ngrá le fear eile, áfach, agus thug sí droim láimhe le hOrwell sa deireadh. Ba é an triantán grá seo a thug spreagadh don dara húrscéal a chum sé, mar atá, A Clergyman's Daughter.[6] Maidir leis an leabhar faoi Bhurma, chríochnaigh sé í sa bhliain 1933. Ós rud é gur thug sé cur síos thar a bheith criticiúil ar na státseirbhísigh Shasanacha i mBurma, áfach, ní raibh a fhoilsitheoir, Victor Gollancz, sásta an leabhar a chur i gcló, agus an eagla a bhí air go gcuirfí an dlí air faoi chlúmhilleadh agus an teach foilsitheoireachta ar fad a léirscrios air.
D'éirigh le hOrwell, áfach, an leabhar a fhoilsiú sna Stáit Aontaithe. Bhí an foilsitheoir Meiriceánach, Harper's, ar aon fhocal le Victor Gollancz go raibh an t-ábhar sách goilliúnach, agus leis an ionchúiseamh faoi chlúmhilleadh a chur ó dhoras roimh ré, b'éigean d'Orwell athruithe suntasacha a chur i bhfeidhm ar an leabhar.
Go gairid ina dhiaidh sin, chrom Orwell ar an gcéad úrscéal eile, A Clergyman's Daughter. Níorbh é sin an leabhar ab fhearr a tháinig óna pheann, agus bhí Orwell chomh míshásta leis an úrscéal is nach gceadódh sé é a chur i gcló in athuair a fhad is a mhairfeadh sé féin beo. Níor hathfhoilsíodh an leabhar ar aon nós ach aon bhliain déag i ndiaidh bhás an údair. Go prionsabalta, tarraingíonn Orwell ar a shaol féin agus ar na daoine ina thimpeall agus é ag insint an scéil seo. Leabhar an-phríobháideach atá ann nach samhlófá le scríbhneoir poiblí polaitiúil cosúil le hOrwell. Más díol spéise é le haon duine, is é an príomhábhar suime atá ann ná an dóigh a gcaitheann an t-úrscéal seo súil ar mheon Orwell mar dhuine ar leith, mar phearsa indibhidiúil.
Faoin am céanna, d'imigh Orwell go Hampstead. Roimhe sin, bhí sé ina chónaí i dteach a Aintín Nellie i Southwold. Réitigh an Aintín jab dó ag díol leabhar athláimhe i Hampstead, agus é breá sásta leis go raibh idir obair íoctha aige, agus buanchónaí air i Londain féin. Spreagadh don úrscéal Keep the Aspidistra Flying[7] ab ea an t-athrú seo, freisin. Is é an cineál leabhar atá ann ná cur síos ar shaol an scríbhneora atá ag iarraidh fódú éigin a dhéanamh sa saol liteartha. Bhí Orwell ag fáil tuiscint cheart ar an bhficsean faoin am seo. Mar sin, tá an t-úrscéal níos fearr ná A Clergyman's Daughter, agus é in ann stíl scigiúil, áiféiseach, íorónta a láimhseáil agus casadh greannmhar a bhaint as imeachtaí a shaoil fosta.
77 Parliament Hill i Hampstead
Mar ba dual dó, chuir Orwell cuimhní cinn a thréimhse ina shiopadóir leabhar i míotar in aiste bheag, Bookshop Memories.[8]
San am seo, bhí sé ag déanamh mórtachais lena sheanchara scoile Cyril Connolly arís. Bhí i bhfad níos mó glacadh le Connolly ná le hOrwell i gciorcail liteartha na heite clé san am seo, agus ba mhór an cuidiú le hOrwell an t-aitheantas áirithe seo. Bhí an pholaitíocht ag teacht isteach sa saol liteartha go tiubh téirimeach, agus an tAontas Sóivéadach ag cealgadh scríbhneoirí chuige le leabhair thaistil a chur ar pár. Ní dheachaigh Orwell leis an gCumannachas, áfach. Bhí cineál luí aige leis an ILP, nó Páirtí Neamhspleách an Lucht Oibre. Páirtí Marxach, réabhlóideach a bhí ann a raibh sé de chlaonadh ann intleachtóirí radacacha a mhealladh, nó má bhí an tILP drochamhrasach i dtaobh urraim neamhchriticiúil na gCumannach don Aontas Sóivéadach, ní raibh an páirtí sásta le Páirtí an Lucht Oibre ach an oiread, ó bhí aisling na réabhlóide tréigthe aige. Go bunúsach, ba é seo an seasamh polaitiúil a ghlac Orwell.
In Earrach na bliana 1935, tháinig athrú mór eile ar shaol Orwell, nó b'ansin a casadh Eibhlín Ní Sheachnasaigh (Eileen O'Shaughnessy) air. Múinteoir scoile de phór Ghaelach ab ea í a rugadh i South Shields i Tyneside, agus céim ollscoile aici sa Bhéarla ó Oxford. Bean fhuinniúil, ghreannmhar ab ea í a raibh idir theacht i láthair agus acmhainn oibre inti. Ní raibh Orwell i bhfad ag titim i ngrá léi, nuair a thosaigh sé ag caint ar chleamhnas agus ar phósadh. Sa bhliain 1936, dhá sheachtain roimh an lá ar shlánaigh sé trí bliana déag is fiche d'aois, phós Orwell Eibhlín.
Siúd is nach gcuimhnítear mórán ar úrscéalta luatha an scríbhneora inniu, thabhaigh an Aspidistra an oiread sin clú d'Orwell agus gur fostaíodh é le leabhar tuairisceoireachta eile cosúil le Down and Out... a scríobh faoi shaol an lucht oibre sa Bhreatain. Mar sin, i dtús na bliana 1936, thaistil sé "tír dhubh" Shasana ar lorg an lucht oibre, agus é ag stopadh i dtithe prólatáireacha lóistín le peirspictíocht ón taobh istigh a fháil ar shaol na n-oibrithe agus ar an mbail a d'fhág géarchéim mhór eacnamaíochta na dtríochaidí orthu. Ar an taithí seo a bhunaigh Orwell an leabhar The Road to Wigan Pier.
De thoradh na hoibre seo, chuir Orwell níos mó spéis i gcúrsaí na polaitíochta agus sa Sóisialachas. Mar sin féin, ní raibh sé compordach faoin dóigh a raibh na gluaiseachtaí polaitiúla ag iarraidh an scríbhneoir cruthaitheach a thiontú ina reacaire agus ina bholscaire, ina ionadaí don tsainleas aicme nach scinnfeadh ó pholasaí oifigiúil an pháirtí. An cineál Sóisialachais a dtugadh seisean urraim dó, ba Sóisialachas dá dhéantús féin é.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/014.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Ní raibh tacaíocht an phobail ag na hÓglaigh ar dtús. Nuair a bhí na saighdiúirí dearga ag seoladh na nÓglach go dtí an príosún, chonacthas cosmhuintir Bhaile Átha Cliath ag caitheamh anuas orthu agus á milleánú faoin léirscrios a rinneadh ar an gcathair le linn na gcathanna sráide.
Lámhachadh an chuid is mó de na ceannairí faoi dheifir i mí na Bealtaine sa bhliain 1916, agus d'athraigh barúil an phobail i leith an Éirí Amach. Cuireadh na céadta i mbraighdeanas i bhFrongoch sa Bhreatain Bheag, agus chuaigh siad go tapa chun radacachais ansin faoi thionchar na n-imeachtaí agus an chineál cuideachta a bhí acu ansin.
Nuair a tháinig siad abhaile, eagraíodh feachtas polaitiúil a spreag an pobal chun tacaíochta leis an náisiúnachas, agus bhain Sinn Féin, an páirtí ba bháúla leis na hÓglaigh, an tromlach amach in olltoghchán na bliana 1918. Ansin, in áit a gcuid suíochán a ghlacadh i bparlaimint Westminster, tháinig siad sin le chéile chun Dáil Éireann a bhunú agus an Phoblacht a bhí fógartha le linn an Éirí Amach a athbheochan. B'é sin a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn, agus na Sasanaigh ag iarraidh an Dáil a chloí arís.
Cé gur baill d'Óglaigh na hÉireann a bhí ag troid, b'é Bráithreachas na Poblachta (IRB) a phleanáil an t-éirí amach. Nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, tháinig ceannairí an Bhráithreachais le chéile, agus iad ag pleanáil an dóigh a mbainfidís leas as cruachás na Breataine Móire ar mhaithe le hÉirinn.
Ar an séala seo, cheap reachtaire an Bhráithreachais, Tomás Ó Cléirigh, Coiste Míleata ar leith leis an gceannairc a ullmhú. B'iad Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt, agus Seosamh Pluincéad a chuaigh ar an gCoiste ar dtús.Ina dhiaidh sin, chuaigh an Cléireach féin agus Seán Mac Diarmada leo. Baill den Bhráithreachas ab ea iad ar fad, agus amach ón gCléireach, Óglaigh a bhí iontu fosta.
Ón lá a bunaíodh na hÓglaigh mar eagraíocht sa bhliain 1913, bhí an Bráithreachas á sealbhú de réir a chéile, agus iad ag cuidiú le chéile le céimíochtaí oifigigh a bhaint amach. Mar sin, nuair a tháinig bliain an Éirí Amach, bhí an chuid ba mhó d'oifigigh na nÓglach ag tacú le Poblachtánachas na láimhe láidre. I ngan fhios d’Eoin Mac Néill, shocraígh an IRB go n-éireoidh siad amach ar Dhomhnach Cásca.[1]
Ní raibh Eoin Mac Néill, ceannaire na nÓglach, ar aon tuairim leo siúd, áfach. B'fhearr leisean staonadh ón reibiliún go dtí go mbeadh an cogadh críochnaithe, agus ansin, úsáid a bhaint as na hÓglaigh le brú a chur ar na Sasanaigh. Mar sin féin, bhí an Bráithreachas meáite ar é a chur ar mhalairt comhairle, sin nó droichead a dhéanamh de ar fad agus an t-éirí amach a thosú beag beann air. Níor éirigh go maith leo ceachtar den dá chomhairle sin a chur i gcrích.
Béal Feirste
De thaisme, bhí Séamus Ó Conghaile, an ceannaire Sóisialach, ag bagairt éirí amach dá chuid féin faoin am seo. Bhí sé i gceannas ar an Arm Cathartha, dream armtha na gceardchumannaithe agus na Sóisialaithe, nach raibh ach dhá chéad duine ann. Ní neart go cur le chéile, a shíl an Bráithreachas - b'fhearr an dá iarracht seo a chomhordú, nó dá rachadh an tArm Cathartha chun ceannairce ina aonar, ní dhéanfadh sé ach iarracht na nÓglach féin a chur ó mhaith, agus na díormaí Sasanacha a tharraingeodh sé go dtí an chathair. Mar sin, shocraigh ceannairí an Bhráithreachais agus an Conghaileach le chéile go raibh siad le comhoibriú, agus go raibh an t-éirí amach le tosú ar an gCáisc.
I dtús Mhí Aibreáin, d'eisigh an Piarsach orduithe faoi "pharáidí" agus faoi "inlíochtaí" ar fud trí lá ó Dhomhnach na Cásca ar aghaidh. Ó bhí sé ina Stiúrthóir ar eagraíocht na nÓglach, bhí údarás aige a leithéid d'orduithe a thabhairt. Is é an smaoineamh a bhí aige ná go n-aithneodh na Poblachtánaigh láidre, go háirithe lucht an Bhráithreachais, i measc na nÓglach céard a bheadh i gceist leis na "paráidí", agus nach rithfeadh a dhath le hEoin Mac Néill ná leis na Sasanaigh.
Mar sin féin, fuair Mac Mhic Néill boladh den rud a bhí sna fonsaí tógála, agus bhagair sé ar lucht leanúna an Phiarsaigh "gach aon rud ab fhéidir a dhéanamh, ach amháin glao gutháin a chur ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, leis an scéim a stopadh".
D'éirigh le Seán Mac Diarmada, ar dtús, malairt chomhairle a áitiú air, agus é ag tagairt don lastas armálacha a bhí ag teacht ón nGearmáin le Ruairí Mac Easmainn. An lá arna mhárach, áfach, chrom Mac Mhic Néill ar ais ar a sheandearcadh diúltach, nó chuala sé gur tháinig na Sasanaigh ar long na n-armálacha agus gur ghabh siad an tEasmannach.
Le tacaíocht ó cheannairí eile a bhí ar aon tuairim leis, go háirithe Bulmer Hobson agus Mícheál Seosamh Ó Rathaille, d'eisigh sé frithordú leis an éirí amach a chur ar ceal. D'fhógair sé "nach mbeadh paráid ar bith" ar Dhomhnach na Cásca, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, ní dhearna sin ach moill lae a chur ar an gceannairce.
Bhí sé pleanáilte ag Séamas Ó Conghaile agus ag Seosamh Pluincéad beag beann ar a chéile foirgnimh in áiteanna straitéiseacha a shealbhú thall is abhus i mBaile Átha Cliath le daingean a dhéanamh den chathair in éadan ionsaí na saighdiúirí dearga. Dá mbeadh an t-ádh leis na reibiliúnaigh, bheidís i seilbh limistéar inchosanta de lár na cathrach, agus é teorannaithe ag na canálacha agus ag na sráideanna ciorclacha. B'é oighear an scéil, áfach, nach raibh a ndóthain Óglach ann le sin a dhéanamh. Mar sin, fágadh Caisleán Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide mar dhúnfoirt ag na Sasanaigh, agus na hÓglaigh scartha ó chéile ag na dúnfoirt seo. Mar sin, bhí na Sasanaigh ábalta na hÓglaigh a chloí de réir a chéile, díorma i ndiaidh díorma.
Tógadh bratach na Ríochta Aontaithe anuas agus cuireadh bratach na Poblachta ina háit.
Bhí ceithre chathlán sa rannán a bhí ag na hÓglaigh i mBaile Átha Cliath, agus gach cathlán acu faoi cheannas ceannfoirt a bhí dílis do Bhráithreachas na Poblachta. Cuireadh cathlán breise i dtoll le chéile as fir a fuarthas ar iasacht ó na cinn eile. B'é seo an cathlán a cuireadh i gceann Ardoifig an Phoist, agus na ceannairí uile ag dul leis: Pádraic Mac Piarais, a bhí ina Uachtarán agus ina Phríomh-Cheannfort; Séamus Ó Conghaile; Tomás Ó Cléirigh; Seán Mac Diarmada; Seosamh Pluincéad; agus captaen óg darbh ainm Mícheál Ó Coileáin. Idir an dá linn, ghabh an Chéad Chathlán foirgneamh na gCeithre gCúirteanna agus iarthuaisceart na cathrach faoi chomandracht Éamoinn Uí Dhálaigh. Chuaigh Tomás Mac Donncha agus an Dara Cathlán ag sealbhú monarcha brioscaí Jacob ó dheas ó lár na cathrach. Bhí Éamon de Valera i gceannas ar an Tríú Cathlán a ghabh Muileann Uí Bheolain. Bhí Éamonn Ceannt i gceannas ar an gCeathrú Cathlán, agus fuair siad seilbh ar Aonacht Átha Cliath Theas, teach oibre in iardheisceart na cathrach. B'é an tArm Cathartha a ghabh Faiche Stiabhna agus Halla na Cathrach. Ó chuir an gabháltas seo an dlí agus an tsíocháin ar ceal, chuaigh na bochtáin ag creachadh na siopaí. D'ordaigh oifigeach amháin dá chuid Óglach urchair a scaoileadh leis na foghlaithe seo, ach ní raibh an Conghaileach, mar Shóisialaí, sásta leis seo, agus thug sé frithordú do na fir.
Ós rud é go raibh sé éirithe le Mac Mhic Néill an t-éirí amach a stopadh taobh amuigh den phríomhchathair, fágadh ardcheannasaíocht na reibiliúnach i bpáirc an áir faoin gConghaileach, a raibh sé de chlú air go raibh ciall mhaith aige don oirbheartaíocht. Goineadh go héag é, ach ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann an cath a stiúradh is a dhíriú, agus a chuid fear á bhogadh ó áit go háit ina luí sa leaba dó. Mar ba dual don tSóisialaí, shíl sé nach mbeadh rialtas caipitlíoch Shasana fonnmhar maoin saolta dá gcuid féin a léirscrios le gunnaí móra airtléire, ach faraor géar, ní raibh an ceart aige ná geall leis.
Ar dtús, bhí ceannfort na bhfórsaí Sasanacha sa phríomhchathair, an Ginearál Lowe, bhí sé mall go leor ag teacht chuige féin, nó ní raibh aige féin ach míle agus dhá chéad fear sa chathair - is é sin, fear amháin in aghaidh gach Óglach - agus ní raibh sé cinnte, cé mhéad reibiliúnach a bhí ann. D'fhógair sé dlí an chogaidh, agus chrom a chuid fórsaí ar shúil a choinneáil ar na bealaí isteach go dtí Caisleán Átha Cliath agus ceanncheathrú na reibiliúnach in Ardoifig an Phoist a scaradh ó na hÓglaigh eile. Tháinig an bád gunnaí móra, HMS Helga, chun fortachta, agus fuarthas airtléire machaire ó gharastún Átha Luain. Suíodh na gunnaí móra ar an taobh ó thuaidh den chathair ag Sráid na Prúise, Baile Phib agus Bóthar na Cabraí. An chuid ba mhó den tseachtain, bhí na gunnaí seo ag lámhach lár na cathrach, agus chuaigh cuid nár bheag de trí thine. Bhí Halla na Saoirse ar an chéad fhoirgneamh a bhí thíos leis, ach siúd is go raibh an foirgneamh seo ina cheanncheathrú ag na ceardchumainn agus ag an Arm Cathartha, bhí sé tréigthe ag na reibiliúnaigh roimh an éirí amach, agus ní raibh ciall ná réasún le bheith á lámhach. Spéisiúil go leor, b'éigean don bhád gunnaí móra Helga éirí as an lámhach, ó bhí a cuid urchar ag bagairt Lóiste an Leasrí i bPáirc an Fhionnuisce.
Tugadh tuilleadh fórsaí isteach ó Shasana, agus an Ginearál Maxwell i gceannas orthu. Bhí thart ar shé mhíle déag de shaighdiúirí dearga agus míle duine de shaighdiúirí dubha ann, le dul chun catha ar mhíle Óglach agus dhá chéad is caoga saighdiúir de chuid an Airm Chathartha. Is léir nach raibh na hÉireannaigh in ann an fód a sheasamh in aghaidh na sluaite síoraí seo.
Sráid Sackville, mar a thugtaí ar Shráid Uí Chonaill tar éis an Éirí Amach
Ní raibh mórán cogaíochta ar siúl timpeall na ceanncheathrún. Cuireadh na cathanna ba troime thart ar an gCanáil Mhór. Bhí cuid mhaith reibiliúnaigh seadaithe in áiteanna ansin agus iad ag iarraidh a gcuid suíomh a chosaint. San am céanna, bhí na Sasanaigh ag féachaint leis an gcanáil a ghabháil, ó bhí sí ag teastáil uathu le fórsaí fortachta a thabhairt isteach ó Dhún Laoghaire. Rinne na Sherwood Foresters, reisimint de chuid Arm na Breataine, iarracht an Chanáil a thrasnú ag Sráid an Mhóta, ach fuair siad iad féin á lámhach ón dá thaobh níos mó ná uair amháin. Ní raibh ach dháréag Óglach ag seasamh an fhóid anseo, ach bhí siad in ann ascnamh na nGall a stopadh ar feadh i bhfad agus dhá chéad is dhá scór Sasanach a mharú nó a ghoin sa teagmháil. Maidir leis na hÓglaigh ag teach na hoibre (Aonacht Átha Cliath Theas), d'éirigh leo an-dochar a dhéanamh do na díormaí Sasanacha a bhí ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go dtí an Caisleán. Goineadh Cathal Brugha go tromchúiseach i bpáirc seo an áir. De réir a chéile, áfach, b'éigean do na reibiliúnaigh an suíomh seo a thréigean, nó bhí an lón cogaidh ag rith gann, agus ní raibh maolú ar bith ag teacht ar an gcith sliogán. Maidir le Faiche Stiabhna, d'fhág na reibiliúnaigh í, nuair nach raibh siad ábalta í a choinneáil a thuilleadh, agus na Sasanaigh ag cur snípéirí agus meaisín-ghunnadóirí ag obair sa chomharsanacht. Chúlaigh lucht cosanta Fhaiche Stiabhna - saighdiúirí de chuid an Airm Chathartha a bhí ann - faoi chomandracht Mhíchíl Uí Mhulláin go Coláiste Ríoga na Máinlianna, áit ar fhan siad go dtí gur ghéill siad iad féin do na Sasanaigh.
Is beag a tharla in Ardoifig an Phoist le linn an éirí amach. Ar dtús, léigh an Piarsach Forógra na Poblachta os ard do na daoine ó staighrí oifig an phoist, agus ansin, dhaingnigh seisean agus a chuid fear iad féin san fhoirgneamh. Ó nach raibh siad in ann an chith sliogán a fhreagairt ar aon dóigh éifeachtúil, thréig siad Ardoifig an Phoist agus bhunaigh siad ceanncheathrú nua i Sráid Moore. Ar an naoú lá fichead de Mhí Aibreáin, arbh é an chéad Satharn i ndiaidh na Cásca é, thug an Piarsach ordú do na hÓglaigh éirí as an gcogaíocht agus iad féin a ghéilleadh do na Gaill.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/015.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Cogadh an Gheimhridh
Saighdiúirí Fionlannacha i rith an chogaidh. Tá siad ag caitheamh éadaí bána le nach n-aithneodh na Rúisigh thar an sneachta iad.
B'é Cogadh an Gheimhridh an cogadh a fearadh idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach ón tríochadú lá de Mhí na Samhna, 1939, go dtí an dóú lá déag de Mhí na Márta, 1940. Thosaigh an cogadh nuair a d'ionsaigh na díormaí SFóivéadacha an Fhionlainn i ndiaidh eachtra teorainne - "an lámhach ag Mainila" - arbh é an chiall a baineadh as i mbolscaireacht an Aontais Shóivéadaigh ná gur ionsaí Fionlannach a bhí ann. Bhí na Fionlannaigh riamh ag áitiú nach raibh ann ach saighdeadh a rinne na Sóivéadaigh féin, agus tá an méid sin admhaithe ag an Rúis ó thit an tóin as an gcóras Sóivéadach.
Protokol sa bhlian 1934
Nuair a phléasc an cogadh amach, bhí socrú neamhionsaithe i bhfeidhm idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach, agus b'é ba chuspóir leis an Lámhach ag Mainila a chur in iúl don tsaol mhór gurbh iad na Fionlannaigh ba thúisce a bhris an tsíocháin. Is beag creidiúint a tugadh don smaoineamh seo, agus b'é ba toradh don scéal gur caitheadh an tAontas Sóivéadach amach as Conradh na Náisiún.
D-8, 1942
FFionlainne
Bhí Stailín ag súil leis na Fionlannaigh a chloí roimh dheireadh na bliana 1939, ach ós rud é go raibh na Fionlannaigh ag cur ar a son go dobhogtha, bhí sé sásta síocháin a shocrú leis an bhFionlainn agus a neamhspleáchas a fhágáil ag an tír. Úcráinigh ab ea an chuid mhór de na saighdiúirí ag an gcomhéadan seo, daoine nach raibh i dtaithí an gheimhridh Arctaigh, agus dealraíonn sé go raibh Stailín d'aon ogham ag iarraidh fir den náisiúntacht áirithe seo a íobairt sa chogadh seo, mar chuid den iarracht a bhí idir lámhaibh aige fonn na nÚcráineach chun neamhspleáchais a bhriseadh síos.
Is é an cur síos íorónta a thug an scríbhneoir Fionlannach Väinö Linna ar an gcogadh seo ná gurb é an chéad chogadh i stair an chine dhaonna inar ghnóthaigh an dá thaobh. Bhí bua na bhFionlannach an oiread sin ní ba lú is gurbh éigean dóibh tarraingt ar ais taobh thiar de na teorainneacha nua. Siúd is go gcaithfeadh na Fionlannaigh críocha áirithe in oirthear na tíre a thabhairt uathu don Aontas Sóivéadach, d'íoc an tír sin go daor ar son na gcríoch sin. Thar aon rud eile, bhain Hitler an tástal as drochchogaíocht an Airm Shóivéadaigh le linn an chogaidh seo ná nach raibh aon mhaith sna Rúisigh le cogadh a fhearadh sa gheimhreadh. Dhaingnigh an tátal seo cinneadh Hitler ar dhul chun cogaidh ar an Aontas Sóivéadach sa bhliain 1941.
Cuid de Ríocht na Sualainne ab ea an Fhionlainn ó na Meánaoiseanna anuas, go dtí gur fhorghabh na Rúisigh í i gcogadh na mblianta 1808-1809 (Cogadh na Fionlainne). Choinnigh muintir na Fionlainne rialtas forleathan dúchais chomh maith le bunreacht Sualannach, an chuid ba mhó den am. Nuair a tháinig na Boilséivigh i seilbh na cumhachta sa Rúis i Mí na Samhna den bhliain 1917 (Réabhlóid Dheireadh Fómhair), áfach, d'fhógair na Fionlannaigh neamhspleáchas. In Earrach na bliana 1918, arís, phléasc cogadh cruálach cathartha amach san Fhionlainn idir na buirgéisigh (na Gardaí Bána) agus na sóisialaigh radacacha (na Gardaí Dearga). Bhí na Boilséivigh ag tacú leis na Dearga sa chogadh seo, agus mar sin, ní raibh sé indéanta ainm an Aontais Shóivéadaigh a lua san Fhionlainn gan fuil a bhaint as seancholm an chogaidh chathartha.
Maidir leis an nGearmáin, áfach, tháinig díormaí Gearmánacha chun tarrthála do na Gardaí Bána go gairid roimh dheireadh an chogaidh, ó bhí an Ghearmáin Impiriúil ag cuidiú le gluaiseacht neamhspleáchais na Fionlainne le linn an chéad chogadh domhanda. Fuair dornán d'óglaigh Fhionlannacha, na Jäger, oiliúint saighdiúireachta in arm na Gearmáine, agus bhí siad páirteach sna cathanna ar an gcathéadan thoir, sula ndeachaigh siad go dtí an Fhionlainn in earrach na bliana 1918. Is fíor gur thit an tóin as impireacht na Gearmáine go gairid ina dhiaidh sin, ach, de thoradh an bhirt seo, ghlac na Fionlannaigh, lucht leanúna na bpáirtithe buirgéiseacha ar a laghad, dáimh mhór leis an nGearmáin, idir thír, chultúr agus theanga. Fiú i ndiaidh do Hitler daonlathas na Gearmáine a chur ar ceal, bhí an luiteamas sách mall ag dul i laghad.
Ní raibh lé ná luí ag an bhFionlainn leis an Aontas Sóivéadach, amach ó na Cumannaigh, nach raibh iontu ach dream beag antoisceach, agus iad á ngéarleanúint ag péas polaitiúla na Fionlainne. Ón taobh eile de, bhí rialtas an Aontais Sóivéadaigh buartha faoin úsáid a d'fhéadfadh an Ghearmáin a bhaint as an bhFionlainn mar bhunáit mhíleata in aghaidh na Rúise. San am seo, ní raibh teorainn na Fionlainne ach tríocha dhá chiliméadar ar shiúl ó Leningrad (inniu: Cathair Pheadair). Thairis sin, bhí grúpaí antoisceacha san Fhionlainn ag labhairt ar Leningrad mar neascóid ar bhrollach na Fionlainne. Tógadh an chathair sin, a bhí siad ag áitiú, ar thailte a bhí forghafa ag an Sár Peadar Mór ón tSualainn, is é sin, ón bhFionlainn, agus go raibh roinnt mhaith scológa - na hIngearmanlannaigh - ag labhairt Fionlainnis sna sráidbhailte taobh amuigh de Chathair Pheadair i bhfad i ndiaidh bunú na cathrach. Is beag aird a tugadh ar an gcineál seo cainte san Fhionlainn, ach is léir nach ndeachaigh na focail sin thar chluasa an deachtóra pharanóidigh i Moscó.
Ar dtús, d'fhéach Stailín leis na Fionlannaigh a bhréagadh chun comhoibrithe le taidhleoireacht. Sa bhliain 1932, shínigh na Fionlannaigh agus na Rúisigh an chéad Chonradh Frithionsaí i Moscó, agus cuireadh fad deich mbliana breise leis an gconradh dhá bhliain ina dhiaidh sin. Nuair a bhí Hitler ag éirí fíorbhagarthach, sa bhliain 1938, chuaigh na Rúisigh i gcomhchainteanna leis na Fionlannaigh arís. An uair sin, bhí taidhleoireacht rúnda i gceist. I Mí an Aibreáin den bhliain 1938, chuaigh Boris Yartsev ó ambasáid an Aontais Shóivéadaigh i dteagmháil le roinnt mhaith daoine údarásúla san Fhionlainn chun comhchainteanna faoi chomhoibriú míleata in éadan bhagairt na Gearmáine a thosú idir an dá thír.
Tá rúndiamhracht ag roinnt le pearsa Yartsev inniu féin. Go hoifigiúil, ní raibh ann ach taidhleoir sóisearach, mar atá, rúnaí ambasáide. Mar sin, bhí sé de chlaonadh sna polaiteoirí Fionlannacha a ndeachaigh sé ina bhfianaise é a chur ó dhoras, ó nach raibh sé furasta a leithéid de thoscaire a ghlacadh dáiríre. Is follasach anois, áfach, gur gníomhaire de chuid na seirbhísí rúnda a bhí ann, agus níorbh é Yartsev a fhíorshloinne ach an oiread: Boris Rybkin a bhí air i gceart.
Sa deireadh thiar thall, thosaigh na comhchainteanna idir an Fhionlainn agus an tAontas Sóivéadach, ach má thosaigh féin, níor tháinig aon toradh orthu. Thairis sin, d'athraigh polasaí eachtrach go mór mór san Aontas Sóivéadach nuair a tháinig an sean-Bhoilséavach Vyacheslav Molotov i gcomharbas ar Maxim Litvinov mar Aire Gnóthaí Eachtracha san Aontas Sóivéadach sa bhliain 1939. Taidhleoir oilte de phór Giúdach ab ea Litvinov, agus mar a shamhlófá le Giúdach, bhí sé an-drochamhrasach i leith Hitler. Maidir le Molotov, áfach, bhí sé dall ar fad ar na teangacha eachtrannacha agus ar an saol taobh amuigh den Aontas Sóivéadach. Idé-eolaí a bhí ann, mar Molotov, agus mar sin, d'éirigh le hidé-eolaí eile, mar atá, Joachim von Ribbentrop, Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, cluain a chur air. Shínigh an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach conradh frithionsaí - Conradh Ribbentrop-Molotov - ar an tríú lá is fiche de Mhí Lúnasa, 1939. Bhí prótacal breise rúnda ag dul leis an gconradh seo ina raibh Oirthear na hEorpa roinnte idir an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach. Sa phrótacal seo, bhí an Fhionlainn áirithe mar chuid de "sféar sainleasa" an Aontais Shóivéadaigh. De réir an chonartha seo, freisin, a chuaigh an chríochdheighilt ar an bPolainn nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an tír sin i dtús Mheán Fómhair den bhliain 1939: tháinig deifir ar Stailín a chuid féin den cháca a chinntiú dó, agus thrasnaigh a chuid saighdiúirí teorainn thoir na Polainne ar an 17ú lá de Mhí Mheán Fómhair.
Faoin am seo a tháinig faobhar nua ar ghuth Stailín agus é ag labhairt leis an bhFionlainn, chomh maith. D'éiligh sé ar na Fionlannaigh an teorainn in aice le Leningrad a tharraingt ar gcúl go dtí go mbeadh cúig chiliméadar fichead níos mó idir í agus an chathair. Thairis sin, bhí Hanko nó ceann de na hoileáin in aice na cathrach ag teastáil uaidh ar cíos go ceann tríocha bliain, mar bhunáit dá chuid long cogaidh. Mar sin, d'fhéadfadh na Rúisigh Murascaill na Fionlainne a dhúnadh roimh chabhlach aon námhad a bheadh meáite ar Leningrad a ionsaí bealach na mara.
Mar éiric san iomlán, bhí sé ag tairiscint Repola agus Porajärvi, dhá pharóiste mhóra in aice le teorainn thoir na Fionlainne. Bhí tábhacht áirithe ag baint le Repola agus Porajärvi i miotaseolaíocht na náisiúnaithe Fionlannacha. I ndiaidh don Fhionlainn a neamhspleáchas a bhaint amach, d'fhéach náisiúnaithe Fionlannacha críocha taobh thoir den teorainn a shealbhú don tír, siúd is nach raibh na tailte sin ag baint leis an bhFionlainn riamh: is amhlaidh go raibh teangacha nó canúintí á labhairt ansin a bhí gaolmhar leis an bhFionlainnis.
POW as Rúis, Eanáir 1940
D'éirigh leis na hóglaigh náisiúnaíocha, ansin, Repola agus Porajärvi a fhorghabháil, agus ghlac an mac léinn dlíodóireachta Bobi Sivén dualgaisí an tsirriaim air féin sa dá pharóiste. Nuair a socraíodh síocháin idir an Fhionlainn agus an Rúis Shóivéadach, ansin, thug an Fhionlainn Repola agus Porajärvi ar ais don chomharsa. Ansin, chuir Sivén lámh ina bhás féin. An piléar a mharaigh é, fuadh isteach i mbratach Chumann Acadúil na Cairéile ansin é, mar shiombaile.
1940
Cibé faoin siombaileachas, ní raibh lucht rialtais na Fionlainne sásta tailte a bhabhtáil ar an dóigh seo, nuair a tháinig an crú ar an tairne. Ní raibh mórán forbartha déanta ar Repola ná ar Porajärvi: ní raibh iontu ach cúlriasca agus iargúltacht. Thairis sin, dá n-aistreofaí an teorainn mar a bhí Stailín ag éileamh, d'fhágfaí cuid mhór de dhaingnithe teorainne na Fionlainne ar thaobh na Rúise, rud a bhainfeadh go mór de chumas na bhFionlannach iad féin a chosaint ar aon ionsaí anoir. Tríd is tríd, ní raibh na polaiteoirí Fionlannacha sách muiníneach as Stailín, agus níor shásaigh an tairiscint iad. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna, agus nuair a d'fhág Juho Kusti Paasikivi, ambasadóir agus toscaire na Fionlainne slán ag Molotov, thug seisean rabhadh don taidhleoir: Muidne, na polaiteoirí, ní raibh muid in ann an scéal a shocrú. Anois, caithfidh na saighdiúirí a dtuairim a thabhairt.
Agus thug, ceart go leor. Ar an séú lá is fiche de Mhí na Samhna, 1939, chuala an saol mór ar an lámhach ag Mainila.
Is é an cineál scéil a bhí i gceist leis an lámhach ag Mainila ná gur thug na Rúisigh in iúl go raibh na Fionlannaigh tar éis a gcuid gunnaí móra a loscadh i dtreo an Aontais Shóivéadaigh, i gcruth is gur bhuail na sliogáin Mainila ar an taobh eile den teorainn. Bhí triúr saighdiúirí déag a bhí ag gardáil na teorainne básaithe ag na sliogáin, a d'áitigh na Rúisigh.
Le fírinne, níorbh iad na Fionlannaigh a scaoil na hurchair sin. Aon chineál trúpaí a raibh gunnaí móra acu san Fhionlainn, bhí siad tarraingthe ar ais ón teorainn, go díreach leis an gcineál seo imeachtaí a sheachaint. Nuair a tháinig deireadh leis an rialtas Cumannach sa Rúis, bhí an tUachtarán Boris Yeltsin sásta a admháil go hoifigiúil nach raibh i gceist ach feillbheart leis an bhFionlainn a chlúmhilleadh agus le siocair a fháil don chogadh. Tá dhá insint ar an scéal i gcónaí, áfach: arbh iad na Rúisigh a scaoil na sliogáin, nó arbh amhlaidh nár scaoileadh urchar ar bith riamh. De réir dhialann oifigiúil na saighdiúirí Fionlannacha, chualathas gunna mór agus moirtéar á loscadh ar lá na n-imeachtaí, thart ar a trí a chlog tráthnóna, seacht n-uaire ar fad. Is é an tuairim a bhí ag an staraí Rúiseach Vladimir Baryshnikov in alt a d'fhoilsigh sé sa bhliain 2004 ná nach raibh lámhach ar bith ann riamh: ní raibh i gceist leis na sliogáin ach scéal de chuid lucht na bolscaireachta i Moscó nár tháinig in aon neasacht do theorainn na Fionlainne riamh, a deir sé.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/016.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Is lámhscríbhinn dhathmhaisithe i Laidin é Leabhar Cheanannais (Laidin: Codex Cenannensis Béarla: Book of Kells) (Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Trionóide, LS A.I. (58), ar a dtugtar Leabhar Cholm Cille uaireanta) ina bhfuil ceithre Shoiscéal an Tiomna Nua, mar aon le réamhthéacsanna agus táblaí éagsúla. Scríobh manaigh Cheilteacha amach é thart ar an mbliain 800. Díorthaíodh téacs na Soiscéal ón Vulgáid den chuid is mó, cé go gcuimsítear roinnt sleachta ó luathleaganacha an Bhíobla ar a ngairtear an Vetus Latina chomh maith. Is mórshaothar callagrafaíochta Iartharaí é agus seasann sé do bhuaic an dathmhaisithe Oileánaigh. Ceaptar go forleathan freisin gurb é an tseoid náisiúnta is fearr in Éirinn é.
Tá léaráidí agus maisiú Leabhar Cheanannais níos fearr ná Soiscéil Oileánacha eile ó thaobh na fairsinge agus na castachta de. Sa mhaisiú, feictear teaglaim d’íocónagrafaíocht thraidisiúnta Chríostaí agus móitífeanna ornáideacha guairneánacha is gnách don ealaín Oileánach. Cuirtear beocht le leathanaigh na lámhscríbhinne le fíoracha daoine, ainmhithe agus béisteanna miotasacha, chomh maith le snaidhmeadh casta agus le patrúin dualaíochta ar dhathanna beoga. Tá cuid mhaith de na gnéithe beaga maisiúla sin lán de shiombalachas Críostaí agus cuireann siad tuilleadh béime ar théamaí na mórléaráidí dá bharr.
Tá 340 fóilió i gceist leis an lámhscríbhinn anois, agus tá sí faoi cheangal i gceithre imleabhar ón mbliain 1953. Is ar phár lao ar ardchaighdeán atá na duilleoga, agus cuimsítear sa mhaisiú mionsaothraithe gan fasach deich léaráid lánleathanaigh agus leathanaigh téacs atá beo le túslitreacha historiated agus le mionsamhlacha idirlíneacha. Sonraíonn siad buaic na gcáilíochtaí frithchlaisiceacha agus bríomhara d’ealaín Oileánach. Dealraítear gur saothar triúr scríobhaithe éagsúla ar a laghad é mórscript Oileánach an téacs féin. Tá an litreoireacht scríofa i ndúch iaranngháil, agus tháinig na dathanna a úsáideadh ó réimse fhairsing substaintí. Cuid mhór de na substaintí seo, rinneadh iad a thabhairt isteach sa tír ó thíortha i bhfad i gcéin.
Tá an lámhscríbhinn ainmnithe as an mainistir i gCeanannas ina raibh sí ar feadh na gcéadta. Tá sí ar taispeáint bhuan i leabharlann Choláiste na Tríonóide anois i mBaile Átha Cliath, Éire. De ghnáth, cuireann an leabharlann dhá cheann de na ceithre imleabhar reatha ar taispeáint i ndiaidh a chéile – ceann amháin acu ag léiriú mórléaráide agus an ceann eile ag léiriú gnáthleathanach téacs.
Cuimsíonn Fóilió 27r ó Shoiscéil Lindisfarne réamhrá Liber generationis de Shoiscéal Mhatha. Déan comparáid idir an leathanach seo agus an leathanach comhfhreagrach ó Leabhar Cheanannais (féach anseo), go háirithe foirm an mhonagraim Lib.
Tá Leabhar Cheanannais ar cheann de na samplaí is fearr agus is cáiliúla de ghrúpa lámhscríbhinní ar an stíl Oileánach, mar a thugtar orthu, a rinneadh ó dheireadh an tséú haois go tús an naoú haois i mainistreacha na hÉireann, na hAlban agus Shasana, agus i mainistreacha na mór-roinne de bhunús Éireannach nó Sasanach.[1] Áirítear ar na lámhscríbhinní sin Cathach Cholm Cille, Ambrosiana Orosius, Soiscéal briste i leabharlann ardeaglaise Durham (iad uile ó thús an tseachtú haois), agus Leabhar Dharú (ón dara leath den seachtú haois). Tagann Soiscéil Durham, Soiscéil Echternach, Soiscéil Lindisfarne (féach léaráid ar dheis), agus Soiscéil Lichfield ó thús an ochtú haois. Is ó dheireadh an ochtú haois a thagann Leabhar Soiscéil Naomh Gall agus Soiscéil Macregal. Is ó thús an naoú haois a thagann Leabhar Ard Mhacha (ón mbliain 807-809), Mír Leabhar Soiscéil Turin, Priscian Leiden, Priscian Naomh Gall agus Soiscéal Macdurnan. Cuireann scoláirí na lámhscríbhinní sin le chéile bunaithe ar chosúlachtaí stíle ealaíonta, scripte agus traidisiún téacsúil. Ciallaíonn stíl lánfhorbartha an mhaisithe go dtagann Leabhar Cheanannais déanach sa tsraith, ó dheireadh an ochtú haois nó ó thús an naoú haois. Tá cuid mhaith de na traidisiúin íocónagrafaíochta agus stíleacha atá sna luath-lámhscríbhinní seo le fáil i Leabhar Cheanannais chomh maith. Mar shampla, ábhar iontais is ea an chomhsheasmhacht ó thaobh fhoirm na litreacha maisithe de i réamhleathanaigh na Soiscéal agus na Soiscéal Oileánach. Déan comparáid, mar shampla, idir réamhleathanaigh Shoiscéal Mhatha i Soiscéil Lindisfarne agus i Leabhar Cheanannais. Tá snaidhmeadh casta maisiúil taobh istigh d'imlínte cheannlitreacha méadaithe an téacs sa dá leabhar. (Chun liosta níos cuimsithí de lámhscríbhinní ábhartha a fheiceáil, féach: List of Hiberno-Saxon illustrated manuscripts).
Díorthaíonn an t‑ainm Leabhar Cheanannais as Mainistir Cheanannais i gCeanannas, Contae na Mí, Éire, ina raibh sé ar feadh cuid mhaith de na meánaoiseanna. Tá an dáta agus an áit a ndearnadh an lámhscríbhinn ina ábhar díospóireachta suntasaí. Go traidisiúnta, creideadh gur cruthaíodh an leabhar le linn thréimhse Cholm Cille, agus fiú gur shaothar a lámh féin é b’fhéidir. Tá an traidisiún sin díchreidiúnaithe le fada ar bhonn pailéagrafach agus stíleach. Tacaíonn an chuid is mó den fhianaise le dáta déantúis thart ar 800, i bhfad i ndiaidh bhás Cholm Cille sa bhliain 597. Tá traidisiún eile ann, atá coitianta i measc scoláirí na hÉireann, a áitíonn gur cruthaíodh an lámhscríbhinn le haghaidh chomóradh 200 bliain bhás an naoimh.
Níor críochnaíodh an lámhscríbhinn riamh. Tá cúig theoiric iomaíocha ar a laghad maidir le háit bhunaidh agus am críochnaithe na lámhscríbhinne. Sa chéad chás, seans gur cruthaíodh an leabhar, nó an téacs amháin, in Í agus gur tugadh go Ceanannas ansin é, ar cuireadh na léaráidí leis, b’fhéidir, agus nár críochnaíodh riamh é. Sa dara cás, seans gur cruthaíodh an leabhar ar fad in Í. Sa tríú cás, seans gur cruthaíodh an lámhscríbhinn sa teach screaptra i gCeanannas. Sa cheathrú cás, seans gur cruthaíodh i dtuaisceart Shasana é, ag Lindisfarne b’fhéidir, agus gur tugadh go hÍ é agus uaidh sin go Ceanannas. Faoi dheireadh, seans go ndearnadh é ag mainistir anaithnid in Albain in aimsir na gCruithneach. Cé nach cosúil go mbeidh freagra conclúideach ar cheist déantúis an leabhair riamh, glactar go forleathan leis an gcéad teoiric faoi láthair – gur tosaíodh air in Í agus gur cuireadh leis i gCeanannas. Gan aird ar cibé teoiric atá fíor, táthar cinnte go ndearna manaigh Cholm Cille, a raibh an-bhaint acu leis an bpobal in Í, Leabhar Cheanannais.
Rinne Lochlannaigh slad ar Mhainistir Cheanannais roinnt mhaith amanna sa deichiú haois, agus ní heol conas a mhair an leabhar. Is in iontráil na bliana 1007 d’Annála Ulaidh atá an tagairt stairiúil is luaithe don leabhar agus, go deimhin, don leabhar a bheith i gCeanannas. Tá taifead san iontráil ar an gcaoi ar goideadh Soiscéal Cholm Cille, (Columba) príomhiarsma an Domhain Thiar, i rith na hoíche ó shacraistí iartharach an mhórshéipéil chloiche ag Ceanannas mar gheall ar a chumhdach ceardúil. Aisghabhadh an lámhscríbhinn faoi fhód roinnt míonna ina dhiaidh sin – gan a clúdach órga uscarach. Déantar talamh slán de i gcoitinne gurb é “Soiscéal Cholm Cille” Leabhar Cheanannais. Más fíor sin, ciallaíonn sé go raibh an leabhar i gCeanannas fada go leor faoin mbliain 1007 le go mbeadh a fhios ag gadaithe go raibh sé ann. B’fhéidir go bhfuil fóiliónna ar iarraidh ó thús agus ó chríoch Leabhar Cheanannais mar thoradh ar réabadh na lámhscríbhinne óna clúdach. Tugtar le fios ón gcur síos sna hAnnála ar an leabhar a bheith “ó Cholm Cille” – is é sin, gur le Colm Cille an leabhar, nó go ndearna Colm Cille é – gur creideadh an tráth sin gurbh in Í a rinneadh an leabhar.
Ar aon nós, bhí an leabhar i gCeanannas cinnte sa dara haois déag nuair a rinneadh cóip de chairteacha talún a bhain le Mainistir Cheanannais ar chuid dá leathanaigh fholmha. Bhí an cleachtas sin – cairteacha a chóipeáil isteach i leabhair thábhachtacha – forleathan sna meánaoiseanna, agus tugann inscríbhinní dá leithéid i Leabhar Cheanannais cruthúnas cinnte maidir lena láthair ag an am sin.
Díscaoileadh Mainistir Cheanannais de bharr leasuithe eaglasta an dara haois déag. Tiontaíodh séipéal na mainistreach ina shéipéal paróiste inar coinníodh Leabhar Cheanannais.
Rinne Giraldus na Breataine Bige, scríbhneoir ón dara haois déag, cur síos ar an Mórleabhar Soiscéil a chonaic sé i gCill Dara i sliocht cáiliúil óna leabhar Topographia Hibernica, agus ceapann cuid mhaith daoine ó shin gur Leabhar Cheanannais a bhí ann. Gabhann an cur síos le Ceanannas cinnte:
Dar leis, cuimsíonn an leabhar teacht le chéile na gceathrar soiscéalaithe dar le hIaróm, agus ar gach leathanach ar leith tá dearaí ar leith, agus iad suaitheanta ag dathanna éagsúla. Féadtar, dar leis, aghaidh mórgachta agus í tarraingthe go diaga a fheiceáil anseo; ansiúd féadtar siombail mhistéireacha na Soiscéalaithe a fheiceáil le sciatháin – péire sciathán, sé sciathán, ceithre sciathán, péire arís. Iolar anseo, gamhain ansiúd; fear anseo, leon ansiúd agus gach foirm eile atá ann, infinideach nach beag. Má thugann tú gnáth-shracfhéachaint orthu, dar leis, sílfidh tú gur scriosadh atá ann, seachas fíochán. Tá togha na ceardaíochta mórthimpeall ort, ach seans nach dtabharfadh tú faoi deara é. Déan grinnscrúdú air agus treáfaidh tú scrín na healaíne. Déanfaidh tú amach castachtaí, chomh mín agus chomh fíneálta sin, chomh lom lán de shnaidhmeanna agus de thrilseáin, ar dhathanna chomh húr agus chomh beoga, go gceapfaidh tú, dar leis, gur saothar aingil atá ann seachas saothar fir. Ós rud é go n‑áitíonn Giraldus go bhfaca sé an leabhar sin i gCill Dara, b’fhéidir gur leabhar eile a chonaic sé ar an gcaighdeán céanna le Leabhar Cheanannais atá caillte anois, nó b’fhéidir go ndearna sé dearmad faoina láthair.
D’fhan Leabhar Cheanannais i gCeanannas go dtí 1654. Sa bhliain sin, bhí marcshlua Chromail ag fanacht sa séipéal i gCeanannas, agus sheol gobharnóir an bhaile an leabhar go Baile Átha Cliath le go mbeadh sé sábháilte. Bhronn Henry Jones, a bhí ina easpag ar an Mí tar éis an Reistiréisin, an lámhscríbhinn ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1661, áit ar fhan sí ó shin i leith, cé is móite d’iasachtaí gearra go leabharlanna eile agus go hiarsmalanna. Tá sí ar taispeáint phoiblí sa tSeanleabharlann ag Coláiste na Tríonóide ón naoú haois déag.
Thar na blianta, cuireadh roinnt aguisíní le téacs Leabhar Cheanannais. Sa séú haois déag, chuir Gerald Plunkett as Baile Átha Cliath sraith uimhreacha Rómhánacha le caibidlí na Soiscéal de réir na rannta a chruthaigh Ard-Easpag Canterbury an tríú haois déag, Stephen Langton. Rinne an ministir suntasach Anglacánach, James Ussher, comhaireamh agus uimhriú ar na fóiliónna sa bhliain 1621, go gairid i ndiaidh do Rí Séamas I é a ainmniú ina Easpag ar an Mí. Tugadh cuireadh don Bhanríon Victoria agus don Phrionsa Albert an leabhar a shíniú sa bhliain 1849. Déanta na fírinne, áfach, shínigh siad fordhuilleog nua-aoiseach ar creideadh, go lochtach, gur cheann de na fóiliónna bunaidh í. Baineadh an leathanach lena gcuid sínithe nuair a athcheanglaíodh an leabhar sa bhliain 1953.
Thar na céadta, rinneadh an leabhar a athcheangal roinnt uaireanta. Le linn athcheangal an ochtú haois déag, rinneadh sioscadh antuisceanach ar na leathanaigh agus cailleadh codanna beaga de roinnt léaráidí. Rinneadh an leabhar a athcheangal sa bhliain 1895 freisin, ach thit an t‑athcheangal sin as a chéile go tapa. Faoi dheireadh na 1920idí, scoireadh roinnt fóiliónna ón bpríomh-imleabhar go huile is go hiomlán. Sa bhliain 1953, rinne an ceanglóir leabhar, Roger Powell, an lámhscríbhinn a athcheangal ina ceithre imleabhar, agus shín sé roinnt leathanach ina raibh boilsceanna. Is féidir breathnú ar dhá imleabhar a bhíonn ar taispeáint i gColáiste na Tríonóide de ghnáth – ceann acu oscailte ar leathanach mórmhaisithe, agus ceann eile chun dhá leathanach téacs bheagmhaisithe a thaispeáint.
Sa bhliain 2000, seoladh an t‑imleabhar ina bhfuil Soiscéal Mharcais go Canberra san Astráil i gcomhair taispeántais de lámhscríbhinní dathmhaisithe. Níorbh é sin ach an ceathrú huair a seoladh Leabhar Cheanannais thar lear le haghaidh taispeántais. Faraor, d’fhulaing an t‑imleabhar “miondíobháil lí”, mar a thugtar air, ar an mbealach go Canberra. Meastar go mb’fhéidir gur tharla an díobháil de bharr creathanna ó innill an eitleáin le linn na heitilte fada.
Cuimsítear an téacs “Erat autem hora tercia” (“ansin a bhí an tríú huair”) i bhfóilió 183r ó fhacsamhail Leabhar Cheanannais na bliana 1990. Sa bhliain 1951, rinne an foilsitheoir Eilvéiseach, Urs Graf-verlag Bern, an chéad fhacsamhail de Leabhar Cheanannais.
Macasamhlaíodh an chuid is mó de na leathanaigh i ngrianghraif dhubha agus bhána, ach bhí 48 macasamhail dhaite san eagrán freisin, lena n‑áirítear na maisithe lánleathanaigh ar fad. Le cead Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, rinne Thames agus Hudson eagrán facsamhla eile sa bhliain 1974. D’áirigh an t‑eagrán seo na léaráidí lánleathanaigh ar fad ón lámhscríbhinn agus cuid ionadaíoch de mhaisiú na leathanach téacs, chomh maith le roinnt sonraí méadaithe de na léaráidí. Bhí na macasamhla ar fad lándaite agus ba é John Kennedy, Green Studio, Baile Átha Cliath, a rinne an ghrianghrafadóireacht.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/017.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Rugadh ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gConamara é. Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine dhéag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí, agus dá bhean Bríd Ní Chonaola. Duine dá dheartháireacha ba ea Seosamh Ó Cadhain. Um Meitheamh 1911 thosaigh sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta an Spidéil.
Bhuaigh an Cadhnach scoláireacht an Rí sa bhliain 1923 nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é. Chaith sé an tréimhse 1924–26 ag staidéar le bheith ina mháistir scoile i nDroim Conrach.
Ba dhuine teasaí, ceanntréan an Cadhnach.[4] Bhí Ó Cadhain ina éan corr i gColáiste Phádraig is cosúil, cuireadh ó phost é ar an gCarn Mór de bharr go raibh sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann.
Múinteoir náisiúnta a bhí ann ón mbliain 1926 go dtí 1936 agus bhí sé ina rúnaí áitiúil don INTO sa bhliain 1930. Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i nDaighinis agus i gcathair na Gaillimhe ceapadh ina phríomhoide i gCamas é agus bhí ann go 1932. Níor éirigh leis, áfach, mórán faid a bhaint as an obair seo, nó bhí baint aige le hÓglaigh na hÉireann (IRA), agus suim aige sa Sóisialachas freisin.
Faoi 1926 bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin um Shamhain, 1929. Má fhágaimid ailt, litreacha agus óráidí faoi staid na Gaeltachta as an áireamh, is ábhar béaloidis is mó a bhí á chur i gcló aige anuas go 1938; scéalaithe ba ea a athair, a mháthair, agus a uncail.
Bhí baint aige, agus é i gCamas go fóill, leis an IRA, é ina cheann feadhna ar na hÓglaigh ann. Mar sin, ní raibh sé ag réiteach go maith leis na sagairt ná le húdaráis eile. Briseadh as a phost é toisc baint a bheith aige leis na hÓglaigh.
Coláiste Phádraig, Droim Conrach
Chaith an Cadhnach ansin tréimhse mar spailpín agus mar thimire. Ag deireadh na dtríochaidí bhí sé mar oifigeach earcaíochta leis an IRA. B'eisean a thóg Breandán Ó Beacháin isteach san eagraíocht i measc daoine eile. [5] Bhí an-mheas aige ar an oidhreacht a fuair sé óna mhuintir An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol scaití, de mo bhuíochas.
I dtús an Dara Cogaidh Dhomhanda, tharraing an Cadhnach seantithe éigin anuas air, agus gabhadh é in éineacht le cuid mhaith daoine eile a raibh baint ar bith acu leis an IRA. Gabhadh é Meán Fómhair 1939 agus as sin go mí na Nollag bhí sé i ngéibheann i mBeairic Chnoc an Arbhair. Bhí Ó Cadhain mar Rúnaí an Fháinne sa bhliain 1939. Níos déanaí, sa champa imthreoranaithe sa Churrach féin ba mhó a raibh suaimhneas air, áit a bhí saor ó thionchar an ghnáthphobail. Go deimhin, ní raibh fonn air é a fhágáil is cosúil.
I Mí Aibreán 1940 gabhadh an Cadhnach tar éis dó aitheasc a thabhairt ag sochraid Tony Darcy, príosúnach poblachtach a fuair bás i bPríosún Mhuinseo ar stailc ocrais. Coinníodh i ngéibheann i gCurrach Chill Dara é le linn Ré na Práinne i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda ós rud é go raibh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain 1918 anonn. In Aibreán a cuireadh i ngéibheann arís é, agus níor scaoileadh saor é go 26 Iúil, 1944. Bhain sé deis as an tréimhse seo le cur lena chuid léinn is léigh sé mórán i dtaobh stair na hEorpa agus an litríocht a roinn léi. Dar le roinnt tá feabhas le sonrú ar a chuid scríbhneoireachta tar éis dó an campa a fhágáil.
‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóp agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe. Níl mé cinnte nach raibh baint ag an iomtheorannú leis an scéal’. Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar Cré na Cille dó, na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh; ach bréagnaíonn an Cadhnach féin seo. [6].
Spéisiúil go leor ach ní raibh fonn air an áit a fhágáil. níl tnúthán ar bith agam féin len a dhul amach…Bheinn chomh sásta istigh agus a bheinn amuigh.[7]. Dar le léirmheastóirí tá atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha seo a chuir sé chuig Tomás Bairéad).
Thit an Cadhnach amach le ceannasaíochta an IRA agus é ann. Níor chreid Ó Cadhain gur chóir tús a chuir le feachtas buamála de bharr gur cheap sé nach raibh an eagraíocht ullamh le tabhairt faoi.
Thosaigh sé rang Gaeilge istigh chomh maith[8], agus is iomaí Óglach de chuid an IRA a d'fhoghlaim an teanga ón gCadhnach. Is ag Máirtín a bhí an t-ardrang Gaeilge agus deirtear gurbh iontach an múinteoir é. Lár na bliana 1943 ceapadh é ina chathaoirleach ar an gcoiste oideachais a raibh mar chúram aige na ranganna a eagrú. Níos deireanaí an bhliain chéanna bhí baint aige le coiste a chur ar bun chun straitéis a cheapadh don IRA, nuair a scaoilfí amach na príosúnaigh ag deireadh an chogaidh.
An Currach
De bharr na moltaí a chuir Ó Cadhain chun cinn gur cheart na hairm a dhumpáil ar feadh píosa, caitheadh amhras air agus cuireadh ar fionraí é ón IRA in éindí le baill eile an choiste `pending court martial'. Le linn a fhionraíochta ón IRA sa champa géibhinn, bhí deis aige díriú ar a chuid scríbhneoireachta mar nach raibh dualgas air ná cead aige ranganna a mhúineadh a thuilleadh ná a eagrú. Tugadh bord agus cathaoir dó, cé nár iarr sé aon phribhléid, agus luigh sé isteach ar an scríbhneoireacht. Ceadaíodh dó a chuid scríbhinní a chur amach as an gcampa chomh maith. Le linn na tréimhse sin sa Churrach, chuir sé an díolaim gearrscéalta An Braon Broghach le chéile.
In alt lena chomhghéibheannach, Maitiú Ó Néill, in eagrán speisialta den iris Comhar, a foilsíodh bliain tar éis bhás Uí Chadhain, tugtar léargas ar an gcúis ar cuireadh an Cadhnach ar fionraí ón IRA sa bhliain 1944. Comhar, Deireadh Fómhair, 1971 Faoi Ghlas ag Gaeil le Maitiú Ó Néill; [9]
Tús na Samhna an bhliain chéanna [1943] mhol Máirtín do Liam Leddy, Ceannfort an Champa, coiste a cheapadh le staidéar a dhéanamh ar staid na gluaiseachta agus le moltaí a dhéanamh faoi céard ba cheart a dhéanamh nuair a scaoilfí saor muid. Rinneadh amhlaidh.... Bhí roinnt cruinnithe againn ach is beag an dul ar aghaidh a bhí muid a dhéanamh. Chaill Máirtín a fhoighid. Dúirt sé go scríobhfadh sé féin na smaointe a bhí aige féin faoin scéal agus go ba cheart do chuile dhuine an rud céanna a dhéanamh. Dúradh go bhfanfadh muid le scríbhinn Mháirtín i dtosach. Ag an gcruinniú dar gcionn bhí an scríbhinn faoi réir aige. Ní mó ná go maith a thaitin sé leis an gcuid is mó de na baill. Briseadh mór leis an ngluaiseacht agus leis na modhanna traidisiúnta a moladh. Airm a dhumpáil go ceann píosa. Glacadh go raibh cliste ar an iarracht mhíleata go dtí sin. Séard a theastaigh réabhlóid i gcúrsaí smaointe. Trí eagraíocht a bheith ann, ceann a bhainfeadh leis an teanga agus le cúrsaí cultúrtha, ceann a dhéanfadh bollscaireacht faoin teorainn agus an ceann míleata. Bhí an coiste ar aon intinn gur cheart a dhul tríd an doiciméad agus chuile mholadh ann a chíoradh.... B'shin é an cruinniú deireannach a bhí ann. Fuair muid amach an tráthnóna sin go raibh an scéal curtha ar fud an Champa go raibh muid ag beartú feall a dhéanamh ar an Arm. Cuireadh Leddy agus a Chomhairle de dhroim seoil. Rinneadh amhlaidh leis na fochoistí ar fad, An Coiste Oideachais ina measc. Tugadh gach ball den Choiste, cé's móite de Sheán Ó Néill os comhair cúirt fiosrúcháin rúnda. D'iarr muid cúirt oscailte agus nuair a eitíodh muid, dhiúltaigh muid glacadh leis an bhfiosrúchán rúnda. Fógraíodh ansin go raibh muid `suspended from the Irish Republican Army pending court martial'. Sé an rud is mó a ghoill orainn ina dhiaidh sin nach raibh aon chead againn páirt a ghlacadh i gcúrsaí riaracháin an Champa ná in eagrú cúrsaí oideachais...
Fuair a athair agus a mháthair bás i rith an achair seo.
Sna 1930dí bhí lámh ag an Cadhnach san fheachtas a chuir Nua-Ghaeltacht ar bun i Ráth Cairn na Mí. Ghlac sé páirt i bhfeachtas agóide a bhí ag éileamh tailte níos méithe do mhuintir na Gaeltachta. B'é ba thoradh an fheachtais seo gur cuireadh Gaeltacht nua Ráth Cairn ar bun i gContae na Mí.
I bhFeabhra na bliana 1945 phós an Cadhnach Máirín Ní Rodaigh, oide scoile ó chontae an Chabháin, ach bhí lámh is focal eatarthu le fada roimhe sin. Iníon Philip Ruddy ba ea Máirín agus ba mhúinteoir í i scoil lán-Ghaeilge. Bhí cónaí uirthi féin agus Máirtín i dtithe eágsúla timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus ní raibh aon chlann orthu riamh.
Chuir sclábhaíocht an aistriúcháin sa Dáil as dá chuid scríbhneoireachta, áit a raibh sé ina aistritheoir cáipéisí dlí don Oireachtas ón mbliain 1947 go dtí 1956.
Ba mhinic é ag coimhlint le Fianna Fáil is Fine Gael i ngeall ar neamhshuim is naimhdeas i leith na Gaeilge faoi seach.[10][11] Chuir sé troid orthu siúd agus ar an Language Freedom Movement ó thaobh na Gaeilge de, is níor éalaigh na Gaeilgeoirí féin, a bhí tar éis loiceadh, fiú. Cé go mba shóisialaí é ní raibh sé róthógtha leis na Cumannaigh. [12]
Chaith an Cadhnach na blianta deireanacha dá shaol ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Ceapadh ina ollamh le Gaeilge faoi 1969 é, agus ina chomhalta de chuid Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1970. Ainmníodh léachtlann ina onóir i gColáiste na Tríonóide, Téatar Mháirtín Uí Chadhain.[13] Bhí sé ina aoi-léachtóir in Ollscoil na Banríona chomh maith. [14]
Ba é a bhunaigh Misneach, eagraíocht a bhí dírithe go diongbháilte ar athbheochan na Gaeilge, agus a d'eagraigh stailc ocrais ar son na teanga sa bhliain 1966.
Ba scríbhneoir cruthaitheach Máirtín a rinne an-fhorbairt agus an-aclú ar an nGaeilge mar theanga liteartha. Thóg sé focail ó Ghaeilge na hAlban agus chum sé nua-fhocail amanna. Mar sin féin, chleacht sé gramadach a chanúna féin in áit na gramadaí caighdeánaithe in áiteanna.
Chónaigh sé in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath in imeacht na mblianta ach ba in 12 Garraithe na Gréine i nDartraí, cuid de Rath Maonais, a chaith sé an tréimhse b'fhaide astu sin.
Cailleadh Máirtín Ó Cadhain ar an 18 Deireadh Fómhair 1970, go díreach nuair a bhí cor eile á chur de ag saol agus ag scríbhneoireacht na hÉireann. Bhásaigh sé in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath. Cuireadh i Reilig Chnocán Iaróm é. D'fhág sé go leor scríbhinní neamhfhoilsithe ina dhiaidh a nochtadh de réir a chéile.
Seo a leanas sliocht as óráid Chian Uí Éigeartaigh os cionn uaigh Mháirtín lá a adhlactha, an 20ú lá de Dheireadh Fómhair 1970.
Bhí sé ina scríbhneoir, ina mhúinteoir, ina shaighdiúir, ina scoláire, ina chinnire. Bhí chuile cháilíocht acu sin tugtha chun foirfeachta ann. Ba é an fear ba mhó é dar fáisceadh as an nGaeltacht ó bhí Éire fré chéile ina Gaeltacht... Ach níor ghéill Máirtín riamh don éadóchas. ‘Níor dhúirt muide', ar sé, ‘muide Éireannaigh, gur throid muid ariamh an cath deireanach.’ ‘Sé an dóchas', ar sé arís, ‘an mhaidhmiú chuartach, an chain detonation a fheicim riamh anall i stair na tíre. Na géaga giniúna; an dóchas ag gint an mhisnigh agus an misneach ag gint an gnímh. Don ghlúin atá ag éirí suas agus don ghlúin a chuaigh romhainn, b'eiseamláir, ba chomhartha sóirt againn é ar gach a thuigeamar le hÉirinn, le Gaelachas. Ba é Máirtín a léirigh dúinn brí na bhfocal sin, eisean agus duine nó beirt eile. Ba chomhartha ar a shaol uilig an freagra a thug sé ar an gCanónach i gCarn Mór na Gaillimhe. Arsa an Canónach leis, ‘Ar ndóigh’, ar sé, ‘tá tusa bainteach le hÓglaigh na hÉireann.’ Chun an post a choinneáil, ní chaithfeadh Máirtín a rá ach ‘Cá bhfios duit?' Ach is é a thug sé d’fhreagra, 'Agus má tá, céard faoi?'
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/018.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Star Trek
Is coincheap ficsin eolaíochta é Star Trek (baineann Gaeilgeoirí úsáid as an leagan An Réaltaistear fosta) agus é deartha ag Gene Roddenberry. Ar dtús, ní raibh ann ach sraithscéal i stíl an cheoldráma spáis, ach tharraing an chéad sraith an oiread sin airde i measc chairde an fhicsin eolaíochta is gur tháinig sraith bheoite, roinnt scannán agus sraithscéalta nua sna sála aici. Inniu, is cuid den phopchultúr idirnáisiúnta é an Réaltaistear, agus na daoine ag déanamh tagartha dó ar fud an domhain.
Tá stáitse agus suíomh an Réaltaistir bunaithe ar choincheap dóchasach na todhchaí ina bhfuil an cine daonna tar éis an lámh in uachtar a fháil ar na fadhbanna atá dár gcrá faoi láthair, idir chiníochas, bhochtanas, thruailliú, éadulaingt, agus phiseoga, agus caidreamh againn le neachanna intleachtúla eile ár réaltra. Is iad muintir Chónaidhm Aontaithe na bPláinéad (Béarla: United Federation of Planets) atá i gcroílár na n-imeachtaí, agus iad ag déanamh taighde ar an spás, ag fáil aithne ar chineálacha nua agus ag iarraidh síocháin agus comhthuiscint a chothú idir na cineálacha éagsúla. Cuireadh an misiún seo i bhfocail i dtús gach eipeasóide de chuid an chéad sraith mar seo:
“Is é an Spás iargúltacht na n-iargúltachtaí. Seo iad na turasanna a rinne an réaltlong úd Enterprise. Is é an misean cúig bliana a chuir sí roimpi ná aithne a fháil ar domhan nua aisteacha, beatha nua agus sibhialtachtaí nua a aimsiú agus aghaidh a thabhairt go cróga ar an áit nár tháinig aon duine roimpi.”
Tá diminsin pholaitiúla ag dul leis an chéad sraith den Réaltaistear ar féidir cosúlachtaí a aithint orthu le fadhbanna comhaimseartha na Stát Aontaithe agus an domhain mhóir ar fad. Ó thaobh amháin de, rinneadh plé meafarach ar go leor acu sna sraithscéalta féin, ón taobh eile de, thug an tsraith le tuiscint go mbeadh na fadhbanna sin infhuascailte i ndiaidh an iomláin. Míníonn an dearcadh dóchasach seo cuid mhór den ghrá a thug na féachadóirí don Réaltaistear ón tús.
Tháinig an chéad sraithscéal teilifíse ar an bhfód sa bhliain 1966, siúd is gur admhaigh Gene Roddenberry ina dhiaidh sin go raibh an coincheap sna fonsaí tógála le sé bliana anuas ar a laghad.
Chuaigh an chéad eipeasóid den chéad sraith ar an aer ar an NBC ar an ochtú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1966, ach má chuaigh, bhí an eipeasóid chéanna feicthe ar an teilifís i gCeanada cúpla lá roimhe sin cheana féin. B'é Gene Roddenberry a chum an coincheap, agus b'iad William Shatner (an Captaen James Tiberius Kirk), Leonard Nimoy (Spock) agus DeForest Kelley (an Dochtúir Leonard "Bones" McCoy) a rinne na príomhpháirteanna. Thairis sin, bhí róil thábhachtacha ag James Doohan (Montgomery "Scotty" Scott, fear na n-inneall), George Takei (Hikaru Sulu, fear an halmadóra), Nichelle Nichols (an Leifteanant Uhura), Majel Barrett (an banaltra Christine Chapel), agus Walter Koenig (an Loingseoir Pavel Chekov). Bhí an chéad sraith seo bunaithe ar eachtraí an Enterprise, na réaltloinge a bhí ag taisteal agus ag taighde an réaltra.
An chéad eipeasóid a tháinig ar an teilifís, The Man Trap, bhí sí ar an gcúigiú ceann a hullmhaíodh. Roimhe sin, léirigh Roddenberry tuleipeasóid a bhí an-difriúil, go háirithe ó thaobh roghnú na n-aisteoirí de — The Cage. Mar shampla, bhí ról an chaptaein á dhéanamh ag Jeffrey Hunter, agus ní raibh Spock (Nimoy) chomh saor ó mhothúcháin is mar a bhí sé ar an tsraith mar a léiríodh sa deireadh í. Bhí an NBC míshásta leis an tús-iarracht seo, nó fuair siad go raibh an scéal ró-intleachtúil. Mar sin féin, níor chaith siad an coincheap i dtraipisí, ach choimisiúnaigh siad túseipeasóid eile, Where No Man Has Gone Before. Aisteach go leor, áfach, níorbh é seo an chéad eipeasóid a chuaigh ar an aer ar an NBC.
Taispeánadh an eipeasóid dheireanach, Turnabout Intruder, ar an tríú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1969 ar an NBC. Ina dhiaidh sin, dhíol an NBC an tsraith le cuid mhaith stáisiún eile, agus b'ansin, dháiríre, a thug na daoine taitneamh di.
Ní raibh de theideal ar an chéad sraithscéal ach Star Trek, ach nuair a léiríodh na sraitheanna leantacha go léir, d'éirigh sé coitianta "Star Trek: The Original Series" nó "ST:TOS" a thabhairt ar an mbun-sraithscéal len é a choinneáil scartha ó na cinn eile sa ghnáthchaint.
An Enterprise mar a taispeánadh í san Animated Series.
Ní raibh de theideal ar an tsraith seo ach "Star Trek", ach an oiread, ach is gnách leis na móidíní inniu "Star Trek: The Animated Series" a thabhairt uirthi. Sraith bheoite a bhí ann nach ndearna na haisteoirí ach na guthanna uirthi. B'é an stiúideo úd Filmation Associates i Reseda, California, a léirigh na heipeasóidí, dhá cheann fichead acu ar fad, agus leathuair an chloig ama i ngach eipeasóid acu. B'iad aisteoirí an chéad sraithscéal a rinne a gcuid rólanna ar an tsraith bheoite chomh maith, amach ó Walter Koenig, nó níor cheadaigh an buiséad é a fhostú.
Bhí cúrsaí an airgid ar an gcloch is mó agus is troime ar phaidrín na léiritheoirí an t-am ar fad, agus ní raibh beochan na bpictiúirí féin ach den dara scoth. Ón taobh eile de, ós rud é gur beochan a bhí ann, ní raibh costas breise ar bith ag baint leis an bhfeistiú stáitse. Buíochas le comhoibriú scríbhneoirí maithe, d'éirigh leis na léiritheoirí cupla eipeasóid fíor-nótáilte a dhéanamh.
Romulan
Cé go bhfuair an tsraith bheoite formhuiniú ó Paramount Television ar dtús, ní dhearctar uirthi inniu mar chuid den chanóin ná den leanúnachas oifigiúil, ó tháinig Star Trek The Next Generation ar an bhfód. Ábhar conspóide é seo i measc na móidíní, nó tá cuid nach beag acu an-tugtha don tsraith bheoite. Ina dhiaidh sin féin, glacadh le giobóga áirithe ón tsraith bheoite mar chuid den chanóin oifigiúil, ar nós an ainm láir sin Tiberius ar James Kirk. Chualathas an chéad uair é ar an tsraith bheoite, ach ansin, baineadh úsáid as ar an scannán Star Trek VI: The Undiscovered Country. Chonacthas eilimintí agus idéanna de chuid na sraithe beoite ar an tsraith úd Star Trek: Enterprise fosta. Tríd is tríd, siúd is nach dtugtar aitheantas don tsraith bheoite mar chuid den leanúnachas oifigiúil, bítear ag tarraingt uirthi mar fhoinse ábhair agus mianaigh. Tháinig an tsraith bheoite féin ar ais ar an teilifís i lár na n-ochtóidí ar an Nickelodeon, agus taispeánadh ar an Sci-Fi Channel i dtús na nóchaidí í.
Sa bhliain 1978, bhí an comhlacht teilifíse Paramount ag beartú cainéal nua teilifíse a chur ar bun agus an Réaltaistear a athbheochan mar shraithscéal bratloinge an chainéil. Scríobhadh scripteanna do dhá eipeasóid déag sular thosaigh léiriú na sraithe, agus bhí sé pleanáilte foireann iomlán na seanloinge a chur ar bhord an Enterprise nua le misean cúig bliana eile a chur i gcrích. Ní raibh Leonard Nimoy sásta filleadh ar an Réaltaistear, agus b'éigean do na léiritheoirí Xon, Vulcánach eile, a chumadh mar shop in áit na scuaibe. Rinneadh pictiúir tástála agus cuireadh feisteas stáitse i dtoll le chéile, ach ní dheachaigh an sraithscéal ar an aer, nó ní raibh Paramount Television sásta dul sa seans i ndiaidh an iomláin. I bhfianaise na suime a chuir na daoine sa scannán úd Star Wars faoin am seo, áfach, cinneadh ar scannán Réaltaistir a léiriú, is é sin, Star Trek: The Motion Picture. Bunaíodh script an scannáin seo ar an chéad eipeasóid sa tsraith phleanáilte.
Tá an sraithscéal seo suite céad bliain níos deireanaí ná an chéad cheann, agus foireann nua ar bhord an Enterprise nua. Chuaigh an chéad eipeasóid ar an aer ar an ochtú lá fichead de Mhí Mheán Fómhair den bhliain 1987. Le bheith beacht, ní raibh ann ach an chéad leath den chéad eipeasóid a bhí dhá uair an chloig ar fad. D'fhan an tsraith ag rith ar fud seacht séasúr, go dtí gur chuir an eipeasóid deiridh úd All Good Things... clabhsúr léi ar an naoú lá fichead de Mhí na Bealtaine sa bhliain 1994. Rinneadh an tsraith le haghaidh sindeacáitiú ón tús, agus an-ghal ag na féachadóirí uirthi ón tús. Is iomaí móidín agus fiú gnáthfhéachadóir a ghlacann leis an ST:TNG, mar a thugtar ar an tsraith i mbéarlagair na móidíní, gurb ionann í agus ré órga an Réaltaistir, nó tharraing an tsraith áirithe seo níos mó féachadóirí ná aon ionchollú eile de chuid an Réaltaistir ar an teilifís. Fuair Roddenberry bás nuair a bhí an tsraith seo ag imeacht. A fhad is a mhair sé, bhí tionchar gníomhach aige ar an dóigh a ndéanfaí í.
B'iad na haisteoirí sna príomhpháirteanna ná Patrick Stewart (an Captaen Jean-Luc Picard), Jonathan Frakes (an Ceannfort Will Riker), Brent Spiner (an Ceannfort Data, ríomhaire i gcló daonna), LeVar Burton (an Leifteanant Geordi La Forge, fear na n-inneall), Michael Dorn (an Leifteanant Worf), Gates McFadden (an Dochtúir Beverly Crusher), Marina Sirtis (an comhairleoir síceolaíoch Deanna Troi), Wil Wheaton (an Meirgire Wesley Crusher).
Bhí Roddenberry ag iompar na bhfód cheana nuair a cumadh coincheap na sraithe seo. Bhí ST:DS9 an-difriúil lenar tháinig roimpi, nó ní raibh an Enterprise ag taisteal an spáis a thuilleadh. Ina áit, cuireadh príomhlaoch na sraithe, Benjamin Sisko (Avery Brooks), ar bhord stáisiún spáis, Domhainspás a Naoi, le síocháin a chothú idir dhá shibhialtacht naimhdeacha, muintir an phláinéid úd Bajor agus na Cardaisiaigh. Bhí muintir Bhajor díreach tar éis iad féin a shaoradh ó bhráca na gCardaisiach, agus Sisko ina ionadaí agus ina idirghabhálaí idir an dá thaobh seo. Daoine, nó neacha daonchosúla, ó Bhajor ab ea bunús a chuid foirne, go háirithe an príomhlaoch eile, an Ceannfort Kira Nerys, iar-threallchogaí neirbhíseach a raibh na blianta fada caite aici ag cur catha ar na Cardaisiaigh. B'í Nana Visitor a rinne páirt Kira Nerys.
Louise Fletcher 1959
Bhí fealsúnacht na sraithe seo difriúil, ar bhealach, leis an dá shraithscéal a tháinig roimpi. In áit na síochána Útóipí, bhí an cogadh ina shíorbhagairt ar an stáisiún spáis, agus an sos cogaidh sobhriste idir Bajor agus na Cardaisiaigh ar tí titim as a chéile. Tháinig an reiligiún chun tosaigh mar théama sa tsraith seo chomh maith, ós rud é gur léiríodh muintir Bhajor mar dhream reiligiúnda, agus údarás nár bheag ag a gcuid cléireach, na Vedeks, ina sochaí. Ní raibh an Vedek coimeádach úd Winn Adami, a raibh a páirt á déanamh ag Louise Fletcher, sásta leis an ról a bhí ag Benjamin Sisko ar an stáisiún spáis, agus is iomaí eipeasóid sa tsraith a bhí bunaithe ar an teannas idir Vedek Winn agus Vedek Bareil Antos (Philip Anglim), fear séimh a raibh dearcadh níos forásaí aige. Bhí scéal grá aige freisin le Kira Nerys.
René Auberjonois
Pearsa gan a leithéid eile ab ea Odo (René Auberjonois), áfach. Clómhalartán a bhí ann, is é sin, neach a bhí in ann dul i gcló na neachanna éagsúla ar fad. De ghnáth, áfach, ba rogha leis cuma leath daonna a choinneáil air féin, agus é ag breathnú mar shamhail de dhuine nach raibh ach cuntanós sceitseáilte air. Ó bhí sé neodrach i gcoimhlintí na neachanna daonchosúla, thit sé ar a chrann gnó an phóilín, an bhreithimh agus an idirghabhálaí a dhéanamh idir muintir Bhajor agus na Cardaisiaigh. I dtús an tsraithscéil, ní raibh aithne aige ar aon neach eile den chineál chéanna. Chaith sé a shaol i measc mhuintir Bhajor agus na gCardaisiach, ó b'iad a tháinig air an chéad uair sa spás, nuair nach raibh ciall ná tuiscint aige don tsaol go fóill. Eolaí Cardaisiach a thug suas é ansin. Ó nach raibh aon neach daonchosúil in ann é a mharú, bhí sé ábalta a neodracht a choinneáil nuair a bhí na Cardaisiaigh agus muintir Bhajor ag cur cogaidh ar a chéile.
Armin Shimerman
Bhí caidreamh leath fuafar, leath cairdiúil ag Odo le tábhairneoir an stáisiúin, Quark (Armin Shimerman), neach daonchosúil de chine na bhFerengi, nach bhfuil suim acu ach i gcúrsaí gnó, sa bhrabús agus san éadáil.
Bhí ardtábhacht leis an bpoll péiste mar ghléas plotála. Geata go dtí an Gáma-Cheathramhán, cuid eile den réaltra, a bhí ann, ach san am céanna, bhí muintir Bhajor ag urramú an phoill mar "theampall neamhaí". Nuair a d'éirigh le Benjamin Sisko teacht i dteagmháil le neachanna beo de chineál nua sa pholl péiste, dhearc muintir Bhajor ar na neachanna seo mar "fháithe", agus ó bhí Sisko i ndiaidh cumarsáid a dhéanamh leis na fáithe, thug siad "teachtaire na bhfáithe" air. Ar dtús, fuair Sisko deacair é féin a chló leis an ról seo, ach de réir a chéile, thuig sé go bhféadfadh sé an urraim a thugadh na fíréin dó a úsáid le cuspóirí fónta a bhaint amach ar mhaithe le muintir Bhajor agus lena mhuintir féin.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/019.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Úrscéal stairiúil
Is éard is úrscéal stairiúil ann ná úrscéal a bhfuil a imeachtaí suite i dtréimhse áirithe staire, agus an scríbhneoir ag iarraidh saol agus meon na tréimhse sin a athchruthú ar leathanaigh an leabhair. Is féidir don úrscéal stairiúil fíorcharachtair na tréimhse seo a lua nó carachtair fhicseanúla a chur ag caidreamh le fíorcharachtair na tréimhse.
Is minic a deirtear gurbh é Walter Scott a chuir tús leis an seánra seo, ach scríobhadh leabhair ar féidir úrscéalta stairiúla a thabhairt orthu i gcultúir eile seachas an cultúr Iartharach i bhfad roimh lá Scott. Sampla de seo is ea "Rómáns na dTrí Ríochtaí", le Luo Guanzhong, a bhreac síos an scéal sa cheathrú haois déag. Áirítear an "Rómáns" seo ar ceann de "Cheithre Úrscéalta Clasaiceacha na Síne".
Cé nárbh é Scott a chéadcheap an t-úrscéal stairiúil, is léir gur chuir sé an-chor i bhforbairt an tseánra. Dúirt an léirmheastóir Georg Lukács gurbh é Scott an chéad duine a thuig nach maisíocht amháin a bhí i gceist leis an suíomh stairiúil, ach gur chóir don scríbhneoir taighde agus aithris a dhéanamh ar atmaisféar iomlán na tréimhse.
Ba é Waverley, or 'tis Sixty Years Since (1814) an chéad úrscéal sa stíl seo a tháinig i gcló ó Scott, agus d'éirigh sé coitianta Waverley novels a thabhairt ar a chuid úrscéalta stairiúla. I saothair ar nós Waverley nó Rob Roy roghnaigh Scott lárcharachtar a tháinig go nádúrtha i dteagmháil le daoine ó aicmí agus grúpaí sóisialta éagsúla, rud a chuir ar chumas an scríbhneora cur síos cuimsitheach a thabhairt ar atmaisféar na tréimhse. Nuair a d'fhoilsigh sé Ivanhoe, chuir na daoine suim nua i stair na Meánaoise faoi thionchar an úrscéil.
Tháinig scríbhneoirí eile sna sálaí ag Scott. Scríobh Aleksandr Pushkin, file náisiúnta na Rúise, a úrscéal stairiúil féin, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), mar iarracht mheabhrach aithris a dhéanamh ar stíl úrscéalaíochta Scott, ach ansin d'éirigh le Lev Tolstoy máistreacht an tseánra a bhaint amach leis an mórúrscéal eipiceach Война и мир/Voyna i mir ("Cogadh agus Síocháin").
San Fhionlainn, bhreac Zachris Topelius síos Fältskärns berättelser ("Scéalta an Mháinlia Airm"), úrscéal i bhfoirm sraithe a thug cur síos ar chora cinniúna mhuintir Bertelsköld in imeachtaí staire na Sualainne thar na glúnta. As Sualainnis a scríobh Topelius an t-úrscéal, ach bhí an-bhaint ag na scéalta leis an bhFionlainn. San fhichiú haois, bhain Fionlannach eile, Mika Waltari, amach clú domhanda lena chuid úrscéalta faoin Éigipteach Sinuhe (Sinuhe egyptiläinen - "Sinuhe, an tÉigipteach"), faoi fhear óg ón bhFionlainn sa Mheánaois agus é ag taisteal ar fud ríochtaí móra na linne (Mikael Karvajalka agus Mikael Hakim), faoi thús na Críostaíochta sa tsean-Róimh (Valtakunnan salaisuus - "Rún na Ríochta" - agus Ihmiskunnan viholliset - "Naimhde an Chine Dhaonna"), faoi theagmháil na Críostaíochta agus an Ioslaim (Johannes Angelos) agus faoi na hÉatrúscaigh (Turms kuolematon - "Turms Neamhbhásmhar").
San Iodáil, glactar leis gurbh é I Promessi Sposi, úrscéal stairiúil le hAlessandro Manzoni, a chuir tús leis an úrscéalaíocht nua-aimseartha ar fad sa tír sin.
An tAthair Peadar Ua Laoghaire, a chuir bun le litríocht nua-aimseartha na Gaeilge
Glactar leis gurbh é Niamh leis an Athair Peadar Ua Laoghaire an chéad úrscéal stairiúil sa teanga. Bhí an leabhar ina chnámh spairne idir an Athair Peadar agus Conradh na Gaeilge, nó nuair a d'fhéach sé le bloghanna as an úrscéal nó sceitsí a raibh baint acu leis an úrscéal a fhoilsiú ar An Claidheamh Soluis, iris Chonradh na Gaeilge, ní raibh sé sásta leis an sceanairt a rinne na heagarthóirí ar a chuid scríbhinní. Sa deireadh chuaigh sé i muinín The Irish Book Company leis an úrscéal a fhoilsiú. Bhí Norma Borthwick agus Maighréad Ní Raghallaigh, bunaitheoirí an tí foilsitheoireachta seo, fonnmhar chun Niamh a chur i gcló ar choinníollacha an scríbhneora, agus sa deireadh tháinig an t-úrscéal i bprionta sa bhliain 1907.
Is é is ábhar don úrscéal ná cath Chluain Tairbh agus tréimhse na hargana agus na foghla a bhíodh na Lochlannaigh ag déanamh ar Éirinn. Tharraing an tAthair Peadar ar Chogadh Gaedhel re Gallaibh agus ar an aistriúchán Béarla a rinne George Webbe Dasent ar Njáls Saga le haghaidh an chúlra stairiúil, ach mar a d'iompaigh an scéal amach, cé go ndearna an tAthair Peadar a dhicheall leis an stair seo a insint i "gcaint na ndaoine", ní raibh sé in ann é féin a shaoradh ó bhráca na bhfoinsí, agus chuaigh an t-úrscéal chun leadráin. Ag tabhairt óráidí tura teagascúla uathu a bhíonn na carachtair, agus níor éirigh leis an scríbhneoir carachtair bheo bhíogúla a chruthú ná a bhforbairt a léiriú.
Ba é an tAthair Pádraig Ua Duinnín, fear eagair an fhoclóra, a scríobh Cormac Ua Conaill, úrscéal gairid stairiúil agus é suite in Éirinn faoi dheireadh na séú haoise déag. Ach oiread leis an Athair Peadar ní chuireann an Duinníneach an bhéim is cuí ar charachtracht na laochra, agus is cuma nó vaits leis faoi chuspóirí na naimhde, Laochra gan on gan cháim iad na laochra, agus bithiúnaigh chruthanta gan mhaith iad lucht leanúna na Banríona. Téann an scríbhneoir i muinín comhtharlúintí agus deus ex machina le haghaidh plotála is nach bhfágann sé craiceann inchreidte ar bith ar an scéal. Ní raibh teanga an Duinnínigh chomh líofa foirfe leis an gcanúint Mhuimhneach lenar tógadh an tAthair Peadar, nó cé nach raibh caill ar a stór focal, níor thuig sé chomh tábhachtach is a bhí an chomhréir, is é sin, dul ceart nádúrtha na bhfocal.
Bhain Sean-Phádraig Ó Conaire triail as an seánra seo freisin, nó d'fhoilsigh sé an sraithscéal úd Brian Óg sna blianta 1922-1923, agus tháinig an scéal i bprionta faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1926. Úrscéal beag eachtránaíochta atá ann, agus is é Brian Óg ainm an laoich: fear óg cróga agus é chomh maith ag beartú an chlaímh ar son na hÉireann agus ag tógáil léinn i gColáiste na nGael i Liospóin. Scéal sceitimíniúil luathghluaiste é Brian Óg, ach is é an breithiúnas a thug Breandán Delap air ina leabhar faoi úrscéalta stairiúla na Gaeilge go bhfuil aithne na drochphlotála ar an leabhar seo freisin, agus na himeachtaí is na comhtharlúintí ag fabhrú don laoch go héadóchúil in áiteanna.
Is deacair a rá an úrscéal stairiúil i gciall chúng an téarma é an t-úrscéal seo a tháinig i gcló sa bhliain 1928. Tá na himeachtaí suite i dtréimhse anallód nach furasta a shocrú in aon áit ar leith ar amlíne na staire. Is féidir gurbh iad na 1830idí nó na 1840idí atá i gceist. Go bunúsach, coimhlint idir beirt deartháracha atá ann, fear atá ina thiarna talún agus é ag seasamh do na Gaill, an duine eile ina thionónta, agus é ag seasamh do na Gaeil. Is é an breithiúnas a thugann Delap ar an leabhar[1] go gcuireann na "babhtaí iomrascála" leadrán ar an léitheoir, agus go bhfuil críoch an scéil dochreidte. Deir Alan Titley gur úrscéal siombalach é ach go bhfuil an siombalachas sin róshoiléir.[2]
Deir Delap fosta go raibh an Gúm ag iarraidh san am ábhar léitheoireachta Gaeilge a sholáthar faoi dheifir agus go ndeachaigh a lán cainteoirí dúchais i mbun pinn nach raibh mórán céille acu do cheird an scríbhneora. Ba toradh nádúrtha don driopás seo Buaidh na Treise.[3]
Áirítear leabhair inbhreathnaitheacha Sheosaimh Mhic Grianna ar chlasaicigh nua-aimseartha na Gaeilge, ach ní bhíonn an meas céanna ag na léitheoirí ná ag na léirmheastóirí ar a úrscéal stairiúil Eoghan Ruadh Ó Néill. Iarracht cheannródaíoch a bhí ann spléachadh liteartha a thabhairt do shaol Eoghain Rua, ach mar a éiríonn do na ceannródaithe uaireanta, theip ar Sheosamh go dona. Rinne an scríbhneoir taighde agus staidéar cuimsitheach ar imeachtaí agus ar chultúr na linne a bhí faoi chaibidil aige, ach ní raibh sé in ann litríocht chruthaitheach a fháscadh as an mianach seo. A mhalair ar fad fuair an t-amhábhar an ceann is fearr air. Mar sin, is éard atá sa leabhar ná "athinsint lom ar fhíricí na staire".[4]
Tháinig an leabhar i gcló an chéad uair sa bhliain 1932. Dealraíonn sé go ndearna an Gúm cinsireacht ar an leabhar, nó ar a laghad bhí Seosamh ag gearán ina dhiaidh sin nach raibh an Gúm sásta tiomnú an úrscéil a chlóchur mar a bhí sé scríofa aige.
Is éard atá in Bun an Dá Abhann ná úrscéal pobail agus é suite i dtréimhse stairiúil - mar a deir Delap, tá an leabhar cosúil le Peig, ach amháin gur Peig le plota úrscéil é.[5] Cinnte déanann an leabhar trácht ar Chogadh na Talún, díreach cosúil le Peig féin. Chuir Titley an t-úrscéal seo i gcomparáid le Knocknagow le Charles J. Kickham.[6]
Is ionann laige Pheig agus laige Bhun an Dá Abhann, is é sin, bíonn an scríbhneoir ag déanamh an iomarca plé ar chúrsaí feirmeoireachta agus curadóireachta agus fiú ag cíoradh chúrsaí grá na ndaoine óga nuair nach ndéanann sé ach moilliú ar imeachtaí an phríomhphlota.[7] Ón taobh eile de, tá súil ghéar ag an údar ar struchtúr sóisialta an tsráidbhaile agus é in ann anailis chiallmhar a dhéanamh ar bhaint na n-aicmí éagsúla leis an scéal.[8]
Úrscéal pobail eile a bhfuil beagáinín staire measctha tríd é Pádhraic Mháire Bhán, nó an Gol is an Gáire le Seán Ó Ruadháin. Aistritheoir cumasach a bhí sa Ruadhánach a chuir Gaeilge ar David Copperfield le Charles Dickens agus ar chúpla clasaiceach Béarla eile. Gaeilge Thuaisceart Mhaigh Eo a bhí ó dhúchas ag an scríbhneoir seo. Tá imeachtaí an scéil suite in Iorras, Maigh Eo.
Tugann an t-úrscéal léargas cuimsitheach ar imeachtaí na staire ó Chogadh na Talún go Cogadh na Saoirse, agus is léir gur bhain an t-údar an-leas as an eolas a bhí aige ar stair an cheantair, go háirithe ar an dóigh ar tháinig cúrsaí polaitíochta agus náisiúnachais isteach agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais. I ndiaidh an iomláin, áfach, níl sna mionsonraí staire ach cúlra don scéal agus don phlota.
Foilsíodh Pádhraic Mháire Bhán an chéad uair sa bhliain 1932. Chuir an Gúm eagrán nua ar fáil sa bhliain 1994.
Sa bhliain 1938 tháinig an t-úrscéal stairiúil Iolar agus Sionnach ó pheann Sheáin Mhic Mhaoláin. Ba de shliocht cainteoirí dúchais ó Ghleannta Aontroma an scríbhneoir, ach ba le Béarla a tógadh é, cé gur éirigh leis Gaeilge Uladh a fhoghlaim go paiteanta - le fírinne rinne sé staidéar ar an gcanúint in Ó Méith, agus bhí blas chanúintí Oirthear Uladh ar a chuid Gaeilge. Rinne sé cion fir ag cur na teanga chun cinn in eagraíochtaí Gaeilge, ina mhúinteoir agus ina eagarthóir liteartha. Ba é Iolar agus Sionnach an t-aon úrscéal staire a scríobh sé, agus is dócha go bhfuair sé inspioráid ó na haistriúcháin a rinne sé, nó nuair a chuaigh sé i mbun pinn bhí Scéal fá Dhá Chathair le Charles Dickens agus Imeacht an Iolair (The Flight of the Eagle) le Standish O'Grady[9].
Theastaigh ón nGúm go bhfoghlaimeodh na scríbhneoirí scileanna a gceirde ag aistriú leabhar ó Bhéarla go Gaeilge, ach is é tuairim Delap ná gur fhoghlaim Mac Maoláin drochnósanna scríbhneoireachta ó na saothair ar chuir sé Gaeilge orthu, cé gur éirigh leis cuid de laigí suntasacha shaothar an Ghrádaigh a sheachaint ina úrscéal féin[10]. Cuireann rómánsúlacht sheanaimseartha na stíle isteach ar léitheoir an lae inniu, chomh maith leis an seoibhineachas fireann i leith na mban agus an fíor-Chaitliceachas ba dual don tréimhse, ach tríd is tríd is iad laigí an leabhair laigí na linne[11], agus is féidir a lán a mholadh sa leabhar freisin, go háirithe stíl nádúrtha sholéite an scríbhneora, plota simplí sothuigthe an leabhair agus na himeachtaí gasta. Lón léitheoireachta maith a bhí ann do na cainteoirí dúchais féin nuair a foilsíodh é[12], agus é níos cosúla le saothar Scott ná aon leabhar eile a scríobhadh as Gaeilge[13].
Bhí léirmheastóirí eile ní ba bhoirbe ina gcuid focal ag tabhairt breithiúnais ar leabhar seo Mhic Mhaoláin. Tagraíonn Titley do thuairim Mháirtín Uí Chadhain, a bhí barúlach nár chóir Iolar agus Sionnach a léamh ach mar rabhadh faoin dóigh mhícheart le húrscéal a scríobh, agus Titley admhálach gur dheacair gan géilleadh don méid sin, "tamall den chosán" ar a laghad[14]. D'aithin Titley an chosúlacht le saothar Scott freisin, agus é ag tabhairt le fios gur chóra Iolar agus Sionnach a léamh mar úrscéal rómánsach stairiúil, seachas mar úrscéal stairiúil sa chiall chúng[15].
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/020.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:Humanities</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Baineann an t-alt seo le féile Chríostaí na Nollag. Tá eolas faoi Mí na Nollag le fáil ar leathanach eile.
Saoire i bhféilire na Críostaíochta is ea an Nollaig (ón Laidin: Natalis). Is é an ócáid a cheiliúrtar ar an lá ná breith Íosa Críost, agus í á comóradh ar an 25 Mí na Nollag. De réir na soiscéal, rugadh Íosa don Mhaighdean Muire sa Bheitheal, áit a raibh sí féin agus a fear céile Iósaf ar lóistín i ndiaidh dóibh an áit a bhaint amach le clárú i ndaonáireamh Rómhánach. De réir mar a deir lucht leanúna na Críostaíochta, tháinig tairngreacht na bhfáithe Giúdacha isteach fíor nuair a rugadh Íosa, nó bhí sé sa tairngreacht go dtiocfadh Slánaitheoir de theach agus de threabhchas Dháiví chun an saoil. Inniu, is saoire mhór phoiblí í an Nollaig ar fud an domhain, fiú ina lán de na tíortha nach bhfuil cónaí ar mhórán Críostaithe iontu. Ábhar mór díospóireachta é i gcónaí, cén t-am a saolaíodh Íosa i ndáiríre, nó níl na saineolaithe cinnte faoin mbliain cheart féin.
Thosaigh iarrachtaí cearta ar dháta breith Chríost a shocrú timpeall dhá chéad bliain tar éis a bháis, agus an eaglais Chaitliceach ag socrú a cuid féilte agus traidisiúin. Ceiliúrtar an Nollaig anois ar 25 Nollaig sna heaglaisí Caitliceacha agus de bhunús Chaitliceach ar fad: na heaglaisí (Ceartchreidmheacha, Caitliceacha, agus Protastúnacha). Mar níor ghlac an chuid is mó de na heaglaisí Ceartchreidmheacha na hathraithe a bhain le Féilire Ghréagóra nó le Féilire Athchóirithe Iúil, is ar an dáta poiblí 7 Eanáir a thiteann 25 Mí na Nollag sa bhFéilire Eaglasta acusan sna blianta 1900 go 2099.
Tá difríochtaí freisin i gcomóradh poiblí na Nollag. I Sasana agus in Éirinn, tosaíonn dáréag lá na Nollag ar lá Nollag, agus déantar fleá agus féasta ar feadh an achair go dtí Nollaig Bheag nó Nollaig na mBan mar a thugtar freisin air.
Tá féile na Nollag imithe i bhfad i dtíortha áirithe, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus Sasana, agus i SAM tosaíonn an ceannach agus an maisiú go díreach i ndiaidh Fhéile an Altaithe. Leanann sé ón Nollag go dtí Lá Cinn Bliana, faoi cóisir ag baile agus ag obair, agus bíonn a chuid comóradh féin ag dul le Lá Cinn Bliana. In Albain, tugtar Hogmanay ar Oíche Chinn Bhliana, agus más aon ní, is mó an chomóradh a dhéantar ar an bhféile sin ná ar an Nollaig féin. Tugtar Oíche Nollag ar 24 Mí na Nollag. Tugtar "Boxing Day" ar 26 Mí na Nollag i bhformhór na dtíortha ina labhraítear Béarla, ach Lá 'le Stiofán i dtíortha Chaitliceacha de ghnáth. Uaireanta tugtar Lá an Dreoilín air in Éirinn. San Ísiltír, sa Ghearmáin, i gCríoch Lochlann agus sa Pholainn, tugtar Céad lá na Nollag agus Dara lá na Nollag ar Nollaig 25 agus Nollaig 26 faoi seach (m.sh. "Erster/Zweiter Weihnachtstag" i nGearmáinis).
Tá an-chuid nósanna le bunús creidimh, pobail nó náisiúnta mórthimpeall na Nollag. Thosaigh an crann Nollag sa Ghearmáin. Tháinig nósanna eile ar nós Liamhás na Nollag, cuileann, agus tabhairt bronntanais ón bhféile lár-gheimhridh níos luaithe a bhí imeasc na bpágánach, Yule agus an cheiliúradh ar an ngrianstad a bhí bhí coitianta i dtuaisceart na hEorpa i bhfad sular tháinig an Chríostaíocht. Seachas cosc a chur leis na féilte seo, thug an Pápa Gréagóir I cead do mhisinéirí Críostaíochta míniú Críostaíocht a thabhairt dóibh, fad is a ligfí don chuid is mó de na nósanna a bhain leo leanúint ar aghaidh gan bhac. 1 Tá cúpla eaglais Críostaíochta, Finnéithe Iáivé ina measc, agus roinnt grúpaí Piúratánacha, a bhreathnaíonn ar an Nollaig mar fhéile págánach nach dtagann ón mBíobla, agus nach gceiliúrann í mar gheall air sin.
Mar gur tháinig go leor de nósanna na Nollag i dtuaisceart na hEorpa, baineann go leor acu le geimhreadh an Leathchruinne Thuaidh, agus mar sin baintear an-fheidhm as rudaí geimhridh ar nós sneachta, cuileann agus a leithéid in ornáidí agus i bpictiúir de Dhaidí na Nollag.
Tagann an choincheap de fhigiúr ceilte a thugann bronntanais do leanaí ó San Nioclás, easpag cineálta ón 4ú haois san Áise Bheag. Chuir muintir na hOllainne tús le San Nioclás a thugadh bronntanais ag a fhéile ar 6 Nollaig. I Meiriceá Thuaidh, ghlac coilínithe Sasanacha le cuid den cheiliúradh seo ina gcomóradh Nollag, agus rinneadh Santa Claus, de 'Sintaklaas na nOllannach. I dtraidisiún na mBéarlóirí seo i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar carr sleamhnáin arna tharraingt ag réinfhianna, dreapann sé anuas an simléir, agus fágann sé féiríní do leanaí, agus itheann sé an bia agus (gan amhras ar bith) an deoch a fhágtar lena choinne. Tá ceangal lárnach idir an carachtair seo agus an té Eorpach Daidí na Nollag. Tugann sé an bhliain ag déanamh bréagáin, agus ag coinneáil liostaí ar iompar na leanaí. I gcultúir áirithe, tagann Knecht Ruprecht, nó Peadar Dubh in éindí le Daidí na Nollag. In áiteanna, is iad na síoga i gcearta a dhéanann na bréagáin, agus i leaganacha eile den scéal tá sé pósta. Bíonn Daidí na Nollag go hiondúil ag tabhairt cuairte ar cheantair siopadóireachta agus siopaí eile i Meiriceá Thuaidh, in Éirinn agus sa Bhreatain, agus tagann páistí ag lorg bronntanais uaidh.
I gcuid mór tíortha, is ar Fhéile San Niocláis a thugtar na bronntanais. Ina leithéid d'áiteanna, mar san Ísiltír agus go leor den nGearmáin, fágtar gur mó d'fhéile creidimh an Nollaig féin. Ach in Éirinn sa sean-saol, agus fós i dtíortha eile ar nós codanna den Ghearmáin, ba é an leanbh Íosa a bhíodh ag fágáil na mbronntanas.
Tugtar bronntanais i mbeagnach gach áit ina gceiliúrtar an Nollaig. I go leor tíortha, fágann leanaí soithí folmha Oíche Nollag le go líonfadh Daidí na Nollag le féiríní beaga iad, ar nós bréagáin, milseáin nó torthaí. Sna Stáit Aontaithe, crochann leanaí stoca Nollag ar an dtinteán, mar go dtagann Daidí na Nollag anuas an simléir an oíche sin le iad a líonadh. I dtíortha eile, fágann leanaí bróga folmha amuigh ag feitheamh lena chuairt. Ach ní hé Daidí na Nollag amháin a bhronnann féiríní, mar go mbíonn bronntanais ag cairde agus ag muintir dá chéile.
Tá an-tábhacht ag cártaí Nollag sna SAM, in Éirinn agus sa Bhreatain, go minic le cairdeas a choinneáil le gaolta agus le cairde i bhfad i gcéin, maille le daoine a dhéanann gnó le chéile. Tugann a lán pictiúr an chlainne leis an gcárta, agus uaireanta airgead nó nuachtlitir a thugann a n-éachtaí agus a n-aistir ar feadh na bliana.
Déanann a lán daoine maisiú ar a gcuid tithe le crann Nollag le soilse agus ornáidí Nollag, agus crochann siad duilleoga agus craobhacha de chrainn a fhanann glas sa gheimhreadh, go h-áirithe cuileann agus drualus. I Meiriceá Thuaidh, agus anois sa Bhreatain agus in Éirinn, cuireann daoine go leor soilse ar an taobh amuigh dá gcuid tithe, agus iad go minic i bhfoirm fir sneachta, Daidí na Nollag agus a charráiste á tharraingt ag réinfhianna, agus íomhánna eile Nollag.
I go leor tíortha, bíonn cóisir agus damhsaí ag scoileanna, gnóthaí, agus ag pobail éagsúla. De ghnáth tarlaíonn siad i rith na coicíse roimh na Nollag. Bíonn drámaí Nollag ag grúpaí áirithe, mar shampla le breith an linbh Íosa. Téann complachtaí amach ag canadh carúil Nollag. In Éirinn tá an nós ann dul amach ar an dreoilín lá 'le Stiofán. Déanann daoine eile obair charthanacha, ar nós cuidiú le cistineacha a dhéanann freastal ar na mboicht, nó ag lorg síntiúis d'eagrais.
Tugann an t-amhrán Béarla Twelve Days of Christmas le fios go raibh nós in áiteanna bronntanais a thabhairt 'chuile lá ó Nollaig go Nollaig Bheag. Ach níl anseo ach ceann amháin de na nósanna le bronntanais.
Sa chuid is mó den domhan, tugtar bronntanais ar oíche Nollag (24 Nollaig) nó ar maidin lae Nollag. I dtíortha ina n-aithnítear San Nioclás mar bhronntóir, déantar an bronnadh ar an 5 Nollaig nó ar an 6 Nollaig. Sa Spáinn, agus i dtíortha eile a leanann a nósanna, is iad na Trí Ríthe (nó an Triúr Eagnaithe) a thugann na bronntanais ar Nollaig Bheag. Sa Ríocht Aontaithe go dtí le gairid, thugtaí bronntanais do dhaoine lasmuigh den chlann ar Boxing Day, 26 Nollaig.
Ar lá Nollag, is gnáth béile mór le miasa Nollag ar leith a chur ar an mbord, agus tá a nósmhaireacht féin ag gach tír, nach mór. Tugtar milseáin, cnónna agus a leithéid don Nollaig go minic freisin. Ach, i dtíre eile bíonn an féile ar an 24ú Mí na Nollag cósiúil leis An Pholainn agus An Ghearmáin.
Tosaíonn na ceiliúrtha eaglasta leis an Aidbhint, le feitheamh le breith Chríost, ag deireadh mí Shamhna, agus bíonn seirbhísí eaglasta ar leith dó. Bíonn carúil Aidbhinte lena linn go minic. Baintear feidhm as féilirí Aidbhinte sa cheiliúradh freisin, agus milseáin agus seacláid iontu do leanaí. Díreach roimh na Nollag, bíonn go leor seirbhísí Nollag i séipéil, ina mbíonn iomainn Nollag agus carúil Nollag á sheinneadh. I gCambridge Shasana, reachtaítear an féile Nine Lessons and Carols. Ar Oíche Nollag agus Lá Nollag, ceiliúrtar, mar shampla, Aifreann na Gine nó Aifreann Bhreith Chríost. Tagann séasúr eaglasta na Nollag chun deiridh le féile Nollaig Bhig nó Oíche Chinn an Dá Lá Déag, an lá ar thug na cuairt ar an leanbh Íosa.
Tá a leithéid de thábhacht is de shult ag baint leis an Nollaig, go gcuireann creidimh eile a bhféilte geimhridh féin ar aghaidh ina choinne. Is é an ceann is soiléire díobh seo ná Chanukah an Ghiúdachais, lena mbaineann traidisiún bronnadh sa teallach ón 20ú haois ar aghaidh.
I dtíortha na leathchruinne ó dheas, ceiliúrtar an Nollaig i gcónaí ar 25 Mí na Nollag, cé go bhfuil sé i lár an tsamhraidh acusan. Ar ndóigh, ní cosúil leis an nós sa leathchruinne ó thuaidh é seo, agus bítear ag róstadh turcaí ar an trá agus ag iompar éadaí Daidí na Nollag san Astráil uaireanta.
I measc na rudaí a chuireann muintir SAM suim iontu, tá an crann Nollag ollmhór agus an oighear scátála ag Láithreán Rockefeller i Nua-Eabhrac, agus na hornáidí Nollag sa Teach Geal in Washington, DC. Cé gur measa an brú díolachán i SAM ná beagnach aon áit ar domhain, is gnáth go bhfanann teallaigh go dtí Lá Tabhairt an Bhuíochais (Thanksgiving) chun tosú ag maisiú tí agus ag cur crann Nollag in airde.
Sa tSín, is é 25 Mí na Nollag dáta sínithe Bhunreachta Phoblachta na Síne i 1947. Ceiliúrtar an saoire oifigiúil ar an lá sin go leathan ar nós na Nollag. Ghlac an tSeapáin go leathan le Daidí na Nollag an domhain iarthair lena cheiliúradh seicteach ar an Nollaig, ach is saoire níos tábhachtaí é Lá Cinn Bliana.
Sa Ghearmáin agus san Ísiltír, is cosúil ceiliúradh Lá San Nioclás go luath i mí na Nollag le Nollaig domhain an Bhéarla. Tá Sinterklaasavond (tráthnóna San Niocláis) na hOllainne is níos tábhachtaí ansin ná an Nollaig, cé go bhfuil cuid de mhuintir na hÍsiltíre ag ceiliúradh Oíche Nollag le Daidí na Nollag chomh maith le cúpla bliain anuas. Tugann Sinterklaas, atá bunaithe ar San Nioclás na staire agus óna shíolraíonn ¨Santa¨ Shasana agus Mheiriceá, bronntanais sa tráthnóna ar Eanáir 5ú do gach páiste a bhí múinte. Caitheann sé éadach dearg easpaig, maraon le mitre dearg, agus déanann sé marcaíocht ar chapall bán thar mullach na dtithe, agus go leor cuiditheoirí mailíseacha leis ar a dtugtar 'zwarte Pieten' (Peadar dubha). In áiteanna sa Ghearmáin, san Ostair, agus san Eilvéis, tagann Knecht Ruprecht scanrúil freisin.
Braitheann ceiliúradh na Nollag sa Ghearmáin ar an dúiche. Sa chuid is mó de na dúichí, ceiliúrtar Lá San Nioclás. Déantar mion-cheiliúradh ar Nikolaus de ghnáth. cuireann go leor leanaí búta, ar a dtugtar Nikolaus-Stiefel, lasmuigh dá ndoirse ar oíche 5 Mí na Nollaig. Sa deisceart, tugann an Christkind féiríní do leanaí ar maidin an 24ú de Nollaig, agus tugtar bronntanais eile nuair a nochtar an crann Nollag. Maidir le cúrsaí gnó, d'fhéadfaí ceantar táirgeadh bronntanais Nollag a thabhairt ar an Striezelmarkt, agus é ag tairiscint rudaí ar leith ó cheantar Dresden, idir chriadóireacht agus priontaí agus bianna blasta a sheoltar ar fud an domhain.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/021.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:NaturalSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Adamh
Is é is adamh ann na an chuid is lú de dhúil a fhéadann páirt a ghlacadh in athrú ceimiseach. Tá gach solad, leacht, gás agus plasma comhdhéanta d’adamh neodrach nó ianaithe. Tá adaimh thar a bheith beag, de ghnáth timpeall 100 piciméadar trasna. Tá siad chomh beag sin nach féidir a n-iompar a thuar go cruinn ag baint úsáide as bhfisic chlasaiceach - amhail is dá mba liathróidí leadóige iad, mar shampla - mar gheall ar éifeachtaí candamacha.
Tá gach adamh comhdhéanta de núicléas agus leictreon amháin nó níos mó atá ceangailte leis an núicléas. Tá an núicléas déanta as prótón amháin nó níos mó agus roinnt neodrón. An t-aon adamh gan neodróin is ea an hidrigine is coitianta. Tá níos mó ná 99.94% de mhais adaimh sa núicléas. Tá lucht leictreach dearfach ag na prótóin, tá lucht leictreach diúltach ag na leictreoin, agus níl aon lucht leictreach ag na neodróin. Má tá líon na bprótón agus na leictreon cothrom, ansin tá an t-adamh neodrach go leictreach. Má tá níos mó nó níos lú leictreon ag adamh ná prótóin, ansin tá lucht diúltach nó dearfach foriomlán aige, faoi seach - tugtar iain ar na hadaimh sin.
Aomann an fórsa leictreamaighnéadach leictreoin an adaimh chuig na prótóin i núicléas adamhach. Aomannan an fórsa núicléach na prótóin agus na neodróin sa núicléas chuig a chéile. Is gnách go mbíonn an fórsa seo níos láidre ná an fórsa leictreamaighnéadach a éarann na prótóin atá luchtaithe go dearfach óna chéile. Faoi imthosca áirithe, éiríonn an fórsa leictreamaighnéadach éartha níos láidre ná an fórsa núicléach. Sa chás seo, scoilteann an núicléas agus fágtar dúile éagsúla ina dhiaidh. Is cineál meatha radaighníomhaigh é seo.
Tugtar an uimhir adamhach ar líon na bprótón sa núicléas agus sainmhíníonn sé cén dúil cheimiceach lena mbaineann an t-adamh. Mar shampla, is copar é aon adamh ina bhfuil 29 prótón. Sainmhíníonn líon na neodrón iseatóp na dúile. Is féidir le hadaimh ceangal le adamh amháin nó níos mó le naisc ceimiceacha chun comhdhúile ceimiceacha mar mhóilíní nó criostail a dhéanamh. Tá cumas na n-adamh ceangail agus dícheangail freagrach as an gcuid is mó de na hathruithe fisiciúla a bhreathnaítear sa nádúr. Is í an cheimic an disciplín a dhéanann staidéar ar na hathruithe seo.
Tá an smaoineamh bunúsach go bhfuil dúile comhdhéanta de cháithníní bídeacha doroinnte an-sean, le feiceáil i go leor cultúir ársa mar an Ghréig agus an India. Díorthaítear an focal adamh ón nGréigis Ársa ἄτομος [átomos], rud a chiallaíonn "aonad do-roinnte". Bhí an smaoineamh seo bunaithe ar réasúnaíocht fealsúnachta seachas ar réasúnaíocht eolaíoch, agus níl teoiric adamhach na linne seo bunaithe ar na seanchoincheapa seo. É sin ráite, d’úsáid smaointeoirí an focal “adamh” féin ar feadh na n-aoiseanna a raibh amhras orthu go raibh an t-ábhar sin gráinneach sa deireadh. [1][2]
Go luath sna 1800idí, thiomsaigh poitigéir Sasanach John Dalton sonraí turgnamhacha a bhailigh sé féin agus eolaithe eile agus fuair sé patrún ar a dtugtar "dlí na gcomhréir iolrach" anois. Thug sé faoi deara, i gcomhdhúile ceimiceacha ina bhfuil dúil cheimiceach áirithe, go mbeidh cion na dúile sin sna comhdhúile seo difriúil de réir cóimheasa slánuimhreacha beaga. Thug an patrún seo le tuiscint do Dhalton go gcuingríonn gach dúil cheimiceach le dúile eile le haonad maise bunúsach agus comhsheasmhach.
Mar shampla, tá dhá chineál den ocsaíd stáin ann: púdar dubh atá 88.1% stáin agus 11.9% ocsaigin, agus ceann eile púdar bán atá 78.7% stáin agus 21.3% ocsaigine. Ag coigeartú na bhfigiúirí seo, san ocsaíd dhubh tá thart ar 13.5 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g de stáin, agus san ocsaíd bhán tá thart ar 27 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g de stáin. Cruthaíonn 13.5 agus 27 cóimheas 1: 2. Sna hocsaídí seo, i gcás gach adamh stáin tá adamh amháin nó dhó ocsaigine faoi seach (SnO agus SnO2). [3][4]
Mar dhara sampla, mheas Dalton dhá ocsaíd iarainn: púdar dubh atá 78.1% iarann ​​agus 21.9% ocsaigin, agus púdar dearg atá 70.4% iarann ​​agus 29.6% ocsaigin. Ag coigeartú na bhfigiúirí seo, san ocsaíd dhubh tá thart ar 28 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann, agus san ocsaíd dhearg tá thart ar 42 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann. Cruthaíonn 28 agus 42 cóimheas 2:3. Sna hocsaídí faoi seach seo, i gcás gach dhá adamh iarainn, tá dhá nó trí adamh ocsaigine (Mar dhara sampla, mheas Dalton dhá ocsaíd iarainn: púdar dubh atá 78.1% iarann ​​agus 21.9% ocsaigin, agus púdar dearg atá 70.4% iarann ​​agus 29.6% ocsaigin. Ag coigeartú na bhfigiúirí seo, san ocsaíd dhubh tá thart ar 28 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann, agus san ocsaíd dhearg tá thart ar 42 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann. Cruthaíonn 28 agus 42 cóimheas 2: 3. Sna ocsaídí faoi seach seo, i gcás gach dhá adamh iarainn, tá dhá nó trí adamh ocsaigine (Mar dhara sampla, mheas Dalton dhá ocsaíd iarainn: púdar dubh atá 78.1% iarann ​​agus 21.9% ocsaigin, agus púdar dearg atá 70.4% iarann ​​agus 29.6% ocsaigin. Ag coigeartú na bhfigiúirí seo, san ocsaíd dhubh tá thart ar 28 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann, agus san ocsaíd dhearg tá thart ar 42 g d’ocsaigin in aghaidh gach 100 g d’iarann. Cruthaíonn 28 agus 42 cóimheas 2: 3. Sna ocsaídí faoi seach seo, i gcás gach dhá adamh iarainn, tá dhá nó trí adamh ocsaigine (Fe2O2 agus Fe2O3).[5][6]
Mar shampla deiridh: tá 63.3% nítrigin agus 36.7% ocsaigin in ocsaíd nítriúil, 44.05% nítrigin agus 55.95% ocsaigin in ocsaíd nítreach, agus 29.5% nítrigin agus 70.5% ocsaigin i ndé-ocsaíd nítrigine. Agus na figiúirí seo á gcoigeartú, in ocsaíd nítriúil tá 80 g ocsaigine in aghaidh gach 140 g de nítrigin, in ocsaíd nítreach tá thart ar 160 g d'ocsaigin do gach 140 g de nítrigin, agus i ndé-ocsaíd nítrigine tá 320 g d'ocsaigin do gach 140 g de nítrigin. Cruthaíonn 80, 160, agus 320 cóimheas 1: 2: 4. Is iad na foirmlí faoi seach do na hocsaídí seo ná N2O, NO, agus NO2. [7] [8]
Ag deireadh an 18ú haois, fuair roinnt eolaithe amach go bhféadfaidís iompar gás a mhíniú níos fearr trí chur síos a dhéanamh orthu mar bhailiúcháin de cháithníní fo-mhicreascópacha agus a n-iompar a shamhaltú ag úsáid staitistice agus dóchúlachta. Murab ionann agus teoiric adamhach Dalton, déanann teoiric chinéiteach na ngás cur síos ní amháin ar an gcaoi a n-imoibríonn gáis go ceimiceach lena chéile chun comhdhúile a dhéanamh, ach conas a n-iompraíonn siad go fisiciúil: idirleathadh, slaodacht, seoltacht, brú, srl.
Sa bhliain 1827, d’úsáid an luibheolaí Robert Brown micreascóp chun breathnú ar ghráin deannaigh ag snámh in uisce agus fuair sé amach go raibh gluaiseacht chorr acu, feiniméan ar a tugadh "brúnghluaisne". Ceapadh gur móilíní uisce ba chúis leis seo agus iad ag bualadh na ngrán. Sa bhliain 1905, chruthaigh Albert Einstein réaltacht na móilíní seo agus a ngluaiseachtaí tríd an gcéad anailís staitistiúil fhisiceach ar bhrúnghluaisne a tháirgeadh.[9] D'úsáid an fisiceoir Francach Jean Perrin [10] obair Einstein chun mais agus toisí móilíní a chinneadh go turgnamhach, agus ar an gcaoi sin fianaise fhisiciúil a sholáthar maidir le nádúr cáithnín an damhna.
An turgnamh Geiger-Marsden: Ar chlé: Torthaí a bhfuil súil leo: cáithníní alfa ag dul trí samhail Thomson den adamh (amhail rísíní i maróg Nollag) le sraonadh fánach. Ar dheis: Torthaí breathnaithe : sraonadh cuid bheag de na cáithníní le lucht deimhneach comhchruinnithe an núicléis.
Sa bhliain 1897, fuair J. J. Thomson amach nach tonnta leictreamaighnéadacha iad gathanna catóideacha ach go ndéantar iad de cháithníní atá 1,800 uair níos éadroime ná hidrigin (an t-adamh is éadroime). Tháinig Thomson ar an gconclúid gur tháinig na cáithníní seo ó na hadaimh laistigh den chatóid - gur cháithníní fo-adamhacha iad. Ghlaoigh sé corpuscles (Gaeilge: corpáin) ar na gcáithníní nua seo, ach ina dhiaidh sin, athainmníodh iad ina leictreoin. Léirigh Thomson freisin go raibh leictreoin comhionann le cáithníní astaithe as ábhair fhótaileictreach agus radaighníomhacha. Aithníodh go tapa gur leictreoin iad na cáithníní a iompraíonn sruthanna leictreacha i sreanga miotail. Rinne Thomson amach gur eascair na leictreoin seo as na hadaimh ón chatóide ina chuid gléasanna, rud a chiallaigh nach bhfuil adaimh doroinnte mar a thugann an t-ainm atomos le fios.
Shíl J. J. Thomson gur dáileadh na leictreoin a bhí luchtaithe go diúltach ar fud an adaimh i slua mór de lucht deimhneacha a bhí dáilte amach ar fud toirte iomláine an adaimh. Uaireanta tugtar Samhail na Maróig Rísíní (Béarla: plum pudding model) ar an tsamhail seo.
Bhí an-amhrasar ar Ernest Rutherford agus a chomhghleacaithe Hans Geiger agus Ernest Marsden faoi an tsamhail seo áfach, tar éis dóibh deacrachtaí a fháil nuair a rinne siad iarracht ionstraim a thógáil chun an cóimheas lucht-go-mais d'alfacháithnín a thomhas (is cáithníní luchtaithe go dearfach iad seo a astaíonn substaintí radaighníomhacha áirithe mar raidiam). Bhí na halfacháithníní á scaipeadh ag an aer sa coimeádán braite, rud a fhágann nach raibh na tomhais iontaofa. Bhí fadhb den chineál céanna ag Thomson ina chuid oibre ar ghathanna catóide, a réitigh sé trí fholús beagnach foirfe a chruthú ina chuid uirlisí.
Agus é ag turgnamh le táirgí an mheatha radaighníomhaigh, sa bhliain 1913 fuair an radaicheimiceoir Frederick Soddy amach gur chosúil go raibh níos mó ná cineál amháin adamh ag gach suíomh ar an tábla peiriadach. [11] Ba é Margaret Todd a chum an téarma iseatóp mar ainm oiriúnach d’adamh éagsúil a bhaineann leis an dúil chéanna. Chruthaigh J. J. Thomson teicníc le haghaidh iseatóp a dheighilt trína chuid oibre ar gháis ianaithe, rud a d’fhág gur aimsíodh iseatóip cobhsaí ina dhiaidh sin. [12]
Samhail Bohr, le leictreon ag déanamh “léim chandamach” mheandarach ó fhithis amháin go ceann eile le gnóthachan nó caillteanas fuinnimh. Tá an tsamhail seo den leictreon i bhfithis as feidhm.
D’fhonn na fadhbanna a bhain le samhail an adaimh de réir Rutherford a cheartú, sa bhliain 1913 chuir Niels Bohr trí phostaláid chun cinn a dhéanann achoimre ar an gcuid is mó dá theoiric:
Tugtar struchtúr Bohr den adamh ar léaráid d’adamh a thaispeánann an tslí a bhfuil na leictreoin eagraithe. Taispeántar struchtúr Bohr d’adamh hidrigine sa bheochan ar dheis. Is é an t-eagar leictreon don adamh hidrigine ná n=1.
Teoiric go dtaistlíonn leictreoin i bhfithis scoite timpeall núicléas an adaimh, le gnéithe ceimiceacha den dúil socraithe ag an méid leictreoin atá ag timpeallú an adaimh
An tuairim go bhféadfadh leictreon titim ó fhithis le léibhéal airde dfhuinneamh go dtí léibhéal níos isle, ag astaigh fótóin (candam eadrom) le fuinneamh scoite (bhí seo buntús na teoirice candamaí)
An Prionsabal Comhlántíochta : go bhféadfadh staidear a dhéanamh ar ábhar ina gceann agus ina gceann ach a aimsiú go bhfuil cúpla gnéithe frithráiteacha.
Chuir turgnamh Stern-Gerlach sa bhliain 1922 fianaise bhreise ar fáil maidir le nádúr chandamach airíonna adamhacha. Nuair a ritheadh ​​léas d'adamh airgid trí réimse maighnéadach a bhí múnlaithe go speisialta, roinneadh an léis ar bhealach a bhí comhghaolmhar le treo nó guairne mhóiminteam uilleach an adaimh. Toisc go bhfuil an ghuairne seo randamach i dtosach, bheifí ag súil go sraonadh an léis i dtreo randamach. Ina áit sin, roinneadh an léas ina dhá chomhpháirt threorach, a fhreagraíonn don ghuairne adamhaí, é a bheith dírithe suas nó síos maidir leis an réimse maighnéadach.[13]
Sa bhliain 1925 d’fhoilsigh Werner Heisenberg an chéad fhoirmiú matamaiticiúil comhsheasmhach ar mheicnic chandamach (meicnic mhaitríseach). Bliain roimhe sin, mhol Louis de Broglie an hipitéis de Broglie: go n-iompraíonn na cáithníní go léir mar thonnta go pointe áirithe, [14] agus i 1926 d’úsáid Erwin Schrödinger an smaoineamh seo chun cothromóid Schrödinger a fhorbairt, samhail mhatamaiticiúil den adamh (tonnmheicnic) a thuairiscigh na leictreoin mar thonnta tríthoiseacha seachas mar phonc-cháithníní.[15]
Toradh ar úsáid tonnfhoirmeacha chun cur síos a dhéanamh ar cháithníní ná go bhfuil sé dodhéanta go matamaiticiúil luachanna beachta a fháil do shuíomh agus do mhóiminteam cáithnín ag pointe ama áirithe; tugadh prionsabal na neamhchinnteachta air seo, a chuir Werner Heisenberg le chéile i 1927. Sa choincheap seo, chun cruinneas ar leith a fháil maidir le suíomh a thomhas ní fhéadfadh duine ach raon luachanna dóchúla a fháil don mhóiminteam, agus a mhalairt.[16]
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/022.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:NaturalSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Ceimic
Is í an cheimic an disciplín eolaíoch a bhaineann le dúile agus comhdhúile comhdhéanta d’adamh, móilíní agus iain: a gcomhdhéanamh, a struchtúr, a n-airíonna, a n-iompar agus na hathruithe a dhéantar orthu le linn imoibrithe le substaintí eile. [1][2][3][4]
Faoi raon feidhme a ábhair, tá áit idirmheánach ag an gceimic idir an fhisic agus an bhitheolaíocht.[5] Uaireanta tugtar an eolaíocht lárnach uirthi toisc go leagann sí síos an bhunchloch chun na ndisciplíní eolaíochta bunúsacha agus feidhmiúla a thuiscint ar leibhéal bunúsach.[6] Mar shampla, míníonn an cheimic gnéithe de cheimic na bplandaí (luibheolaíocht), an chaoi a gcruthaítear carraigeacha igneacha (geolaíocht), an chaoi a ndéantar ózón atmaisféarach agus an chaoi a ndíghrádaíter truailleáin chomhshaoil (éiceolaíocht), airíonna na hithreach ar an ngealach (cosmaicheimic), conas a oibríonn cógais (cógaseolaíocht), agus conas fianaise Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) a bhailiú ag láthair choire (eolaíocht fhóiréinseach).
Pléann an cheimic ábhair mar an chaoi a n-idirghníomhaíonn adamh agus móilíní trí nasc ceimiceach chun comhdhúile ceimiceacha nua a ghiniúint. Tá dhá chineál nasc ceimiceach ann: 1. naisc cheimiceacha phríomhúla .i. naisc chomhfhiúsacha, ina roinneann adamh leictreon amháin nó níos mó; naisc ianacha, ina ndeonaíonn adamh leictreon amháin nó níos mó d’adamh eile chun ian (caitiain agus ainiain) a tháirgeadh; naisc mhiotalacha agus 2. naisc cheimiceacha tánaisteacha .i. naisc hidrigine; naisc d'fhórsa Van der Waals, idirghníomhaíocht ian-ian, idirghníomhaíocht ian-déphol srl.
Tagann an focal ceimic ó mhionathrú ar an bhfocal ailceimic, a thagair do shraith cleachtas níos luaithe a chuimsigh gnéithe den cheimic, den mhiotaleolaíocht, den fhealsúnacht, den astralaíocht, den réalteolaíocht, den mhisteachas agus den míochaine. Is minic a fheictear go bhfuil an ailceimic nasctha leis an tóraíocht chun mhiotail luaidhe nó eile a iompú ina n-ór, cé go raibh suim ag ailceimiceoirí i go leor cheisteanna na ceimice nua-aimseartha.[7] Faightear an focal nua-aimseartha ailceimic ón bhfocal Araibis الكیمیاء (al-kīmīā) B’fhéidir go bhfuil bunús na hÉigipte leis seo ós rud é go dtagann al-kīmīā ón nGréigis χημία (chimeía), a dhíorthaítear ar a seal ón bhfocal Kemet, arb é ainm ársa na hÉigipte sa teanga Éigipteach é. De rogha air sin, féadfaidh al-kīmīā teacht ó χημεία, rud a chiallaíonn "teilgthe le chéile".
Is í samhail reatha an struchtúir adamhaigh ná an tsamhail chandamach mheicniúil. [8] Tosaíonn an cheimic thraidisiúnta le staidéar a dhéanamh ar bhuncháithníní, adaimh, móilíní,[9] comhdhúile, miotail, criostail agus cumascáin de dhúile eile. Is féidir staidéar a dhéanamh ar dhúile i stáideanna soladacha, leachtacha, gásacha agus plasmacha, ina n-aonar nó i dteannta a chéile. Is gnách go mbíonn na hidirghníomhaíochtaí, na himoibrithe agus na claochluithe a ndéantar staidéar orthu sa cheimic mar thoradh ar idirghníomhaíochtaí idir adaimh, rud a fhágann go ndéantar atheagrú ar na naisc cheimiceacha a choinníonn na hadaimh le chéile. Déantar staidéar ar iompraíochtaí den sórt sin i saotharlann cheimice.
Go steiréitipiciúil, úsáideann an tsaotharlann cheimice earraí gloine faoi leith. Mar sin féin, níl earraí gloine lárnach sa cheimic, agus déantar cuid mhór de cheimic thurgnamhach (chomh maith le ceimic fheidhmeach / thionsclaíoch) gan earraí gloine.
Is éard is imoibriú ceimiceach ann na claochlú ar roinnt substaintí go substaint éagsúil amháin nó níos mó. Is é bunús a leithéid de chlaochlú ceimiceach ná atheagrú na leictreon sna naisc cheimiceacha idir adaimh. Is féidir é a léiriú go siombalach trí chothromóid cheimiceach, ina mbíonn adaimh mar ábhair ann de ghnáth. Is ionann líon na n-adamh ar chlé agus ar dheis sa chothromóid le haghaidh claochlaithe cheimicigh. (Nuair a bhíonn líon na n-adamh ar gach taobh neamhchothrom, tugtar imoibriú núicléach nó meath radaighníomhach ar an gclaochlú.) Tá an cineál imoibriúcháin cheimicigh a d’fhéadfadh substaint a dhéanamh agus na hathruithe fuinnimh a d’fhéadfadh teacht leis srianta ag rialacha bunúsacha áirithe, ar a dtugtar dlíthe ceimiceacha.
Bíonn cúinsí fuinnimh agus eantrópachta tábhachtach i gcónaí i mbeagnach gach staidéar ceimiceach. Déantar substaintí ceimiceacha a aicmiú i dtéarmaí a struchtúir, a gcéimeanna, chomh maith lena gcomhdhéanamh ceimiceacha. Is féidir anailís a dhéanamh orthu trí uirlisí anailíse ceimiceacha a úsáid, .i. speictreascópacht agus crómatagrafaíocht. Tugtar ceimiceoirí ar eolaithe atá i mbun taighde ceimiceach. Déanann mórchuid na gceimiceoirí speisialtóireacht i bhfo-dhisciplín amháin nó níos mó. Tá roinnt coincheap riachtanach chun staidéar a dhéanamh ar cheimic; seo cuid acu:
Sa cheimic, sainmhínítear damhna mar rud ar bith a bhfuil fosmhais agus toirt aige (tógann sé spás) agus atá comhdhéanta de cháithníní. Tá fosmhais ag na cáithníní a chuimsíonn damhna mais freisin- ní bhíonn fosmhais ag gach cáithnín, mar an fótón. Is féidir le damhna a bheith ina íon shubstaint cheimiceach nó ina mheascán de shubstaintí. [10]
Ba é an Gréagach Democritos (t. 450 R. Ch.) a chéadchuir i bhfáth an teoraic go raibh na damhnaí uile déanta d'adaimh. De réir an fhealsaimh úd, ní féidir leanúint de roinnt damhna ar bith go síoraí, mar go dtiocfaí ar deireadh ar cháithníní nó mhionbhair den damhna nach bhféadfaí a roinnt níos mó. Ar cháithníní díobh sin, thug Democritos an t-ainm (Gréigis: άτομον, atmos (adamh), a chiallaíonn aonad do-roinnte. B'inmheasta dó go raibh na hadaimh an-mhion agus go raibh uimhir ollmhór díobh fiú sa ghiota ba lú de dhamhna a bhí sofheichte.
Go deimhin, bhí os cionn dha mhíle bliain le himeacht sula bhfuarthas fianaise thurgnamhach go raibh dúile déanta de na haonais bhunúsacha úd.
I ngach adamh tá núicléas faoina lucht deimhneach i lár baill agus, mórthimpeall air sin, leictreoin (nó leictreon) le lucht diúltach.
Is éard is dúile ann ná substaintí nach féidir a dhianscaoileadh go ceimiceach ina substaintí eile níos simplí.
Tugtar substaintí íona ar shubstaintí nach meascáin iad. Is dúile nó comhdhúile iad substaintí íona.
Cuirtear na dúile seo taobh le taobh i dtábla a dtugtar an tábla peiriadach air.
Tá siombail ag gach dúil, mar shampla, H = hidrigin.
Ba é an t-eolaí Dmítrí Meindeiléiv a chuir an chéad bhun leis an tábla peiriadach seo sa bhliain 1869. Tá gach dúil atá ar eolas liostaithe i dtábla peiriadach na ndúl.
Is éard is comhdhúil ann ná aon substaint cheimiceach a chruthaítear de thoradh imoibriú ceimiceach ina n-aontaítear dhá dhúil éagsúla, nó níos mó, de réir comhshuíomh seasta idir na dúile.
Nuair a dhéantar comhdhúil as a chuid dúl, bíonn airíonna difriúla de ghnáth ag an gcomhdhúil le hais airíonna na ndúl as a ndearnadh é. Mar shampla, is solad bán é clóiríd sóidiam (salann coitianta) atá réasúnta neamhimoibríoch go ceimiceach. Is iad na dúile as a bhfuil sé déanta ná sóidiam, miotal airgid atá an-imoibríoch, agus clóirín, gás glas atá an-imoibríoch.
I gcomhdhúil cheimiceach, bíonn adaimh na ndúl éagsúil ceangailte lena chéile le naisc cheimiceacha—ianacha nó chomhfhiúsacha.
Cuirtear coibhneas na ndúl agus struchtúr inmheánach na comhdhúile in iúl le foirmlí éagsúla ceimiceacha. Is comhdhúil an t-uisce ina mbíonn hidrigin agus ocsigin i gcóimheas 2:1.
Tá an t-adamh ocsigin idir an dá adamh hidrigine, agus uillinn 104.45° eatarthu.
Mar shámpla, tugann an fhoirmle seo a leanas d'uisce (H2O) le fios dúinn go bhfuil uisce ina chomhdhúil agus go bhfuil dhá adamh hidrigine nasctha d'aon adamh ocsaigine amháin.
Níl comhdhúile liostaithe i dtábla peiriadach na ndúl.
Is éard is móilín ann ná an chuid is lú de dhúil nó de chomhdhúil is féidir a bheith ann go neamhspleách.
Is cineál damhna é substaint cheimiceach le comhdhéanamh cinnte agus tacar d'airíonna.[11] Tugtar meascán de bhailiúchán substaintí. Samplaí de mheascáin is ea aer agus cóimhiotail.[12]
Is éard is mól nógram-mhóilín ar mheachan admhach den dúil sin ina ghraim. Cuir i gcás, is ias 1.008g. 14.008g. 16.000g. 35.46g 126.9 g agus 238 g na gram-adaimh se na dúile hidrigib, nítrigin, ocsaigin, clóirín iaidín agus úráiniam ar leith. [13]
An 4 phas nó staid ar féidir go mbeidh damhna iontu: solad, leacht, gás agus plasma. Braitheann pas damhna ar leith ar an teocht is an brú atá i bhfeidhm air. Tugtar an pastrasdul ar an athrú ó phas amháin go pas eile, cosúil le fiuchadh nó leá. Léiríonn pasléaráid pasanna damhna ag teochtaí is brúnna éagsúla,
Chomh maith leis na hairíonna ceimiceacha ar leith a dhéanann idirdhealú idir aicmithe ceimiceacha éagsúla, is féidir ceimiceáin a bheith ann i roinnt céimeanna. Den chuid is mó, tá na haicmithe ceimiceacha neamhspleách ar na haicmithe bulcphassana seo; áfach, tá roinnt pasanna níos coimhthíocha neamh-chomhoiriúnach le hairíonna ceimiceacha áirithe. Is éard atá i bpas ná sraith staideanna de chóras ceimiceach a bhfuil mór-airíonna struchtúracha comhchosúla acu, thar raon coinníollacha, amhail brú nó teocht.
Is gnách go dtagann airíonna fisiciúla, mar shampla dlús agus innéacs athraonta faoi luachanna atá sainiúil don phas. Sainmhínítear pas dhamhna leis an phas-trasdul, is é sin nuair a théann fuinneamh a chuirtear isteach sa chóras nó a thógtar amach chun struchtúr an chórais a atheagrú, in ionad na mórchoinníollacha a athrú.
Uaireanta is féidir an t-idirdhealú idir pasannaa bheith leanúnach in ionad teorainn scoite a bheith acu, sa chás seo meastar go bhfuil an t-ábhar i staid fhorchriticiúil. Nuair a thagann trí staid le chéile bunaithe ar na coinníollacha, tugtar an tríphointe air agus ós rud é go bhfuil sé seo do-athraitheach, is bealach áisiúil é chun sraith coinníollacha a shainiú.
Taispeánann a lán substaintí pasanna soladacha iomadúla. Mar shampla, tá trí phas d’iarann ​​soladach (alfa, gáma, agus deilte) a athraíonn bunaithe ar theocht agus brú. Príomhdhifríocht idir pasanna soladacha is ea criostalstruchtúr, nó socrú, na n-adamh. Paseile a bhíonn coitianta i staidéar na ceimice ná an pas leachtach, is é sin staid na substaintí atá tuaslagtha i dtuaslagán uiscí (is é sin, in uisce).
I measc na bpasanna nach bhfuil chomh heolach tá plasmaí, comhdhlútháin Bhose-Einstein agus comhdhlútháin fheirmíónacha agus na pasanna paramaighnéadacha agus fearómaighnéadacha d'abhair mhaighnéadacha. Cé go ndéileálann na pasanna is eolaí le córais tríthoiseacha, is féidir analógacha a shainiú i gcórais déthoiseacha, ar tugadh aird orthu maidir lena ábharthacht do chórais sa bhitheolaíocht.
Beochan den phróiseas nascáil ianach idir sóidiam (Na) agus clóirín (Cl) chun clóiríd sóidiam, nó salann mín a dhéamanh. Is éard atá i gceist le nascadh ianach ná aistriú iomlán leictreoin amháin nó níos mó ó adamh amháin go hadamh eile.(seachas é a roinnt, mar a tharlaíonn i nascáil chomhfhiúsach)
Na fórsaí leictreacha a cheanglaíonn adaimh i móilíní agus pais sholadacha neamh-mhóilíneacha. In aon adamh, timpeallaíonn na leictreoin an núicléas i bhfithiseáin i sceallaí timpeall an núicléis. Muna mbíonn an sceall seachtrach lán le leictreoin, an uasmhéid atá ceadaithe don adamh sin, bíonn an t-adamh éagobhsaí agus fonn air nasc a dhéanamh le hadamh eile. Aithnítear 3 shaghas naisc phríomhúil. An nasc ianach, mar atá i gclóiríd sóidiam, NaCl (salann mín), inar chaill an sóidiam leictreon agus ar ghnóthaigh an clóirín leictreon, ionas go gcoinnítear na hiain seo le chéile trí aomadh frithpháirteach idir Na+ is Cl-. Sa nasc comhfhiúsach, mar atá i gclóirín, Cl2, bíonn cuid de na leictreoin bainteach leis an dá núicléas. Nuair a nascann dhá adamh hidrigine (H) le hadamh amhain ocsaigine (O), cruthaítear móilín uisce, H2O, agus bíonn dhá nasc chomhfhiúsacha ann. Sa nasc miotalach, mar atá i sóidiam, Na, bíonn na fiúsleictreoin dílogánaithe agus bainteach le cuid mhaith núicléas, rud a thugann seoltacht leictreach don mhiotal. Tugtar nasc singil ar nasc comhfhiúsach ina bhfuil dhá leictreon i gceist, nasc dúbalite ar cheann le 4 leictreon, agus nasc triarach ar cheann le 6 leictreon. Comharthaítear na naisc seo i bhfoirmlí ceimiceacha le -, =, is ≡. Tugtar an nascfhuinneamh ar an bhfuinneamh is gá chun nasc ceimiceach a bhriseadh (mar shampla, chun móilín clóirín, Cl2, a athrú in dhá adamh clóirín, 2 Cl).
Is cumas chun obair a dhéanamh é an fuinneamh, de réir na fisice de. Is iomaí cineál fuinnimh ann. Is fuinneamh cinéiteach é an fuinneamh atá i réad de bharr a ghluaisne. Is fuinneamh poitéinsiúil domhantarraingthe é fuinneamh atá i réad de bharr a airde os cionn plána tagartha, mar shampla, cloch os cionn na talún. Is fuinneamh meicnice é an dá shaghas fuinnimh sin curtha le chéile, fuinneamh cinéiteach is fuinneamh poitéinsiúil. Is cineál fuinnimh eile é an teas. Nuair a dóitear breosla, mar shampla peitreal, fuasclaítear fuinneamh ceimiceach an bhreosla ina theas.
De réir bhunchoincheapanna na fisice, ní féidir fuinneamh a chruthú ná a dhíothú ach is féidir é a athrú ó chineál amháin fuinnimh go cineál eile. Tarlaíonn a leithéid in inneall ar bith, mar shampla in inneall dócháin inmheánaigh.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/023.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:NaturalSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Damhna
Lampa plasma a léiríonn cuid de na feiniméin plasma is casta, lena n-áirítear filiméadh.
NO2-N2O4
Quartz oisan
Go hiondúil, san fhisic chlasaiceach agus san cheimic ghinearálta, is éard is damhna ann ná ní a líonann spás trí thoirt a bheith aige. agus a mbíonn mais aige, bíodh an rud sin gásach, leachtach nó soladach. [1]
I ndeireadh na dála, tá gach réad laethúil ar féidir teagmháil a dhéanamh leis comhdhéanta d’adamh, atá comhdhéanta de cháithníní fo-adamhacha ag idirghníomhú, agus in úsáid laethúil chomh maith le húsáid eolaíoch. Go ginearálta bíonn adamh i gceist le "hábhar", agus aon rud atá comhdhéanta díobh, agus aon cháithníní (nó cuingreacha de cháithníní) a ghníomhaíonn amhail is go bhfuil fosmhais agus toirt acu araon. Mar sin féin ní chuimsíonn sé cáithníní gan mhais mar fhótóin, nó feiniméin fhuinnimh nó tonnta eile cosúil le solas.[2][3] Tá ábhar ann i stáideanna éagsúla (ar a dtugtar pasanna freisin). Ina measc seo tá na gnáth stáideanna clasaiceacha, ar nós soladach, leachtach agus gásach - mar shampla tá uisce ann mar oighear, uisce leachtach , agus gal gásach - ach is féidir stáideanna eile a bheith ann freisin, lena n-áirítear plasma, comhdhlútháin Bhose-Einstein, comhdhlútháin fheirmíónacha , agus plasma cuarc-glúón .[4]
De ghnáth, is féidir adamh a shamhlú mar núicléas de phrótóin agus neodróin, agus mar "scamall" máguaird de leictreoin a "ghlacann spás" agus iad ag gluaiseacht ar fithis timpeall an núicléis .[5][6] Níl ach cuid den cheart le seo, áfach, toisc go bhfuil cáithníní fo-adamhacha agus a n-airíonna faoi rialú ag a nádúr chandamach, rud a chiallaíonn nach ngníomhaíonn siad cosúil mar a ghníomhaíonn gnáth rudaí - is féidir leo gníomhú mar thonnta chomh maith le cáithníní agus ní bhíonn a mhéideanna nó a shuíomhanna soiléir. San tSamhail Chaighdeánach um Fhisic Cháithníní, ní coincheap bunúsach é an t-ábhar toisc gur eintitis chandamach iad cáithníní bunúsacha na n-adamh, nach bhfuil "méid" nó "toirt" bunúsach acu sa ghnáth chiall den fhocal. Mar gheall ar phrionsabal an eisiaimh agus idirghníomhaíochtaí bunúsacha eile, cuirtear iallach ar roinnt "ponc-cháithníní" ar a dtugtar fearmóin (cuairc, leaptóin), agus go leor comhábhar agus adamh, fad a choinneáil ó cháithníní eile faoi dhálaí laethúla; cruthaíonn sé seo airí an damhna a fheictear dúinn mar damhna ag glacadh spáis..
Ar feadh cuid mhaith de stair na n-eolaíochtaí nádúrtha rinne daoine machnamh ar nádúr cruinn an damhna. Bhí an smaoineamh gur tógadh an damhna o bhloic thógála scoite, nó ó cháithníní, mar a thugtar air, chun cinn go neamhspleách san tSean-Ghréig agus san tSean- India freisin i measc Búdaithe, Hiondúigh agus Jainí sa 1ú-mílaoise R. Ch.
Chuir an Gréagach Democritos (~470–380 R.Ch.) i bhfáth an teoiric go raibh na damhnaí uile déanta d'adaimh. De réir an fhealsaimh úd, ní féidir leanúint de roinnt damhna ar bith go síoraí mar go dtiocfaí ar deireadh ar mhionbhair sen samhna nach bhféadfaí a roinnt níos mó. Ar mhíonbhar díobh sin, thug Democritos an t-ainm ἄτομον, atomon (adamh) , a chiallaíonn aonad do-roinnte.
I measc na bhfealsúna eile a mhol teoiric na gcáithníní bhí Kanada (c. 6ú haois R. Ch. nó ina dhiaidh sin), agus Leúcippos (~ 490 RC).
Níor cheart damhna a mheascadh le mais, toisc nach ionann an dá rud san fhisic nua-aimseartha. [7] Is téarma ginearálta é an damhna a chuireann síos ar aon ‘substaint fhisiceach’. I gcodarsnacht leis sin, ní substaint í mais ach airí cainníochtúil den damhna agus substaintí nó córais eile; sainmhínítear cineálacha éagsúla maise laistigh den fhisic - lena n-áirítear fosmhais, ach gan a bheith teoranta dóibh; an mhais táimhe, an mhais thámhúil, an mhais choibhneasaíoc agus an mhais le fuinneamh.
Cé go bhfuil tuairimí difriúla ann faoi cad ba cheart a mheas mar dhamhna, tá sainmhínithe chruinne eolaíochta ag mais an damhna. Difríocht eile is ea go bhfuil "malairt" ann ar a dtugtar frithdhamhna ag damhna, ach níl a mhalairt den téarma mais ann - níl a leithéid de rud ann mar "frithmhais" nó "mais dhiúltach ", chomh fada agus is eol, cé go bpléann eolaithe an coincheap. Tá an t-airí (.i. dearfach) chéanna ag "frithdhamhna " agus a mhacasamhail " damhna ".
Baineann réimsí na n-eolaíochtaí éagsúla úsáid as an téarma damhna ar bhealaí éagsúla, agus uaireanta neamh-chomhoiriúnacha. Tá cuid de na bealaí seo bunaithe ar bhríonna scaoilte stairiúla, ón am nuair nach raibh aon chúis ann mais a idirdhealú ó chainníocht damhna faoi leith. Mar sin, níl aon bhrí eolaíoch amháin leis an bhfocal "damhna" a chomhaontaítear go huilíoch. Go heolaíoch, tá an téarma "mais" sainmhínithe go maith, ach is féidir "damhna" a shainiú ar bhealaí éagsúla. Uaireanta i réimse na fisice is ionann "damhna" agus cáithníní a thaispeánann fosmhais (i.e., nach féidir leo taisteal ar luas an tsolais), mar shampla cuairc agus leptóin. Mar sin féin, san fhisic agus sa cheimic araon, taispeánann damhnaí airíonna cosúil le tonnta agus airíonna cosúil le cáithníní, déacht toinne is cáithnín mar a thugtar air.[8][9][10]
Baineann réimsí éagsúla eolaíochta úsáid as an téarma ábhar ar bhealaí éagsúla, agus uaireanta neamh-chomhoiriúnacha. Tá cuid de na bealaí seo bunaithe ar bhríonna scaoilte stairiúla, ó am nuair nach raibh aon chúis ann mais a idirdhealú ó chainníocht ábhair amháin. Mar sin, níl aon bhrí eolaíoch amháin leis an bhfocal "ábhar" a chomhaontaítear go huilíoch. Go heolaíoch, tá an téarma "mais" sainmhínithe go maith, ach is féidir "ábhar" a shainiú ar bhealaí éagsúla. Uaireanta i réimse na fisice ní hionann "ábhar" agus cáithníní a thaispeánann mais scíthe (i.e., nach féidir leo taisteal ar luas an tsolais), mar shampla cairéil agus leptóin. Mar sin féin, san fhisic agus sa cheimic araon, taispeánann ábhar airíonna cosúil le tonnta agus cosúil le cáithníní, dé-mhaireachtáil na gcáithníní tonn mar a thugtar orthu.
Ní chuirtear san áireamh ranníocaíocht i réimse fuinnimh ná fórsa, nach mbíonn aitheanta mar dhamhna ann féin (cé gur féidir leo cur le mais rudaí). Tá mórán na cruinne inbhraiteach chomhdhéanta de dhamhna, cé nach meastar solas de gnáth a bheith san áireamh sa chomhthéacs seo. Ar an drochuair, i gcomhair cuspóirí eolaíochta, bíonn sainmhíniú scaoilte ag "damhna".
Sainmhíniú atá bunaithe ar a struchtúr fisiceach agus ceimiceach an damhna is ea : Is éard is damhna ann na ní a líonann spás agus a mbíonn mais ann.[11] Uaireanta tugtar gnáthábhar ar ábhar adamhach den sórt sin. Mar shampla, is damhna é an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (DNA) faoin sainmhíniú seo toisc go bhfuil na móilíní déanta as adaimh. Is féidir an sainmhíniú a leathnú amach chun adamh agus móilíní luchtaithe a áireamh, ionas go n-áireofar plasmaí (gáis iain) agus leictrilítí (tuaslagáin ianacha), nach léir a bheith san áireamh i sainmhíniú na n-adamh. Nó mar mhalairt air sin is féidir phrótóin, neodróin agus leictreoin a ghlacadh san áireamh freisin.
B’fhéidir go mbeadh an shainmhíniú seo a leanas ní ba chumasaí: tá damhna comhdhéanta den rud as a ndéantar adaimh agus móilíní, rud a chiallaíonn aon rud déanta as prótóin luchtaithe go dearfach, neodróin neodracha, agus leictreoin luchtaithe go diúltach. [12] Téann an sainmhíniú seo níos faide ná hadamh agus móilíní, áfach, chun substaintí a dhéantar as na bloic thógála seo nach adaimh nó móilíní amháin iad a áireamh, mar shampla léasacha leictreon i bhfeadán ga-chatóideach ó shean-teilifíseán , nó damhnaí an abhaic bháin- go hiondúil, núicléis charbóin agus ocsaigine i bhfarraige de leictreoin díghrádaithe. Ar leibhéal micreascópach, géilleann comhchodanna na ndamhnaí mar phrótóin, neodróin agus leictreoin do dhlíthe na meicnice chandamacha agus taispeánann siad déacht thonn-cháithnín. Ag leibhéal níos doimhne fós, tá prótóin agus neodróin comhdhéanta de chuairc agus na réimsí fórsa (glúóin) a cheanglaíonn iad le chéile, agus as a dtagann an chéad sainmhíniú eile.
Mar a fheictear sa phlé thuas, bhí go leor sainmhínithe luatha ar an ní a dtugtar "gnáthdhamhna" air bunaithe ar a struchtúr nó ar a "bhloic thógála". Ar scála na gcáithníní bunúsacha, is féidir sainmhíniú a leanann an traidisiún seo a lua mar: "is éard is gnáth-dhamhna ann ná gach rud atá comhdhéanta de chuairc agus leptóin," nó "is éard is gnáth-dhamhna ann ná gach rud atá comhdhéanta d'aon fheirmíóin bhunaidh seachas frithchuairc agus frithleaptóin" .Seo a leanas an nasc idir na foirmlithe seo.
Comhcheanglaíonn leptóin (an leictreon a bheith ar an cheann is cáiliúla), agus cuairc (as a ndéantar baróin, mar phrótóin agus neodróin ) chun adamh a chruthú, agus móilíní ina dhiaidh sin. Toisc go ndeirtear gur damhna iad adaimh agus móilíní, tá sé nádúrtha é a shainmhíniú mar seo a leanas: "is éard is gnáthdhamhna ann ná neach ar bith a dhéantar as adaimh agus móilíní". (Tabhair faoi deara, áfach, gur féidir damhna nach adaimh nó móilíní iad a dhéanamh as na bloic thógála seo.) Ansin, toisc gur leptóin iad leictreoin, agus prótóin, agus go bhfuil neodróin déanta as cuairc, mar thoradh ar an sainmhíniú seo, ar a uain, is é an sainmhíniú ar dhamhna ná "cuairc agus leptóin", gurb iad sin dhá cheann de na ceithre chineál feirmíón bunusach (an dá cheann eile ná na frithchuairc agus na frithleaptóin, ar féidir a mheas mar fhrithdhamhna mar a thuairiscítear níos déanaí). Deir Carithers agus Grannis: "Tá gnáthdhamhna comhdhéanta go hiomlán de cháithníní den chéad ghlúin, eadhon na cuairc [suas] agus [síos], móide an leictreon agus a neodrón." , agus dá bhrí sin ní bhíonn siad go coitianta
De réir an tsainmhínithe "cuairc agus leptóin", damhnaí a bhéas s​​na cáithníní bunúsacha agus comhchodacha a dhéantar as na cuairc (i ndath corcra) agus na leptóin (i ndath uaine)- cé nach mbeadh na bósóín tomhais (i ndath dearg) ina n-ábhair. Mar sin féin, cuireann fuinneamh idirghníomhaíoch, gné dhílis de cháithníní comhchodacha (mar shampla, glúóin a bhfuil baint acu le neodróin agus prótóin) le mais an ghnáthdhamhna.
Sainmhíniú coiteann nó traidisiúnta ar damhna is ea "aon rud a bhfuil mais agus toirt aige (a líonann spás)". Mar shampla, déarfaí go bhfuil carr déanta as damhna, toisc go bhfuil mais agus toirt aige (líonann sé spás).[13][14]
Téann an tuairim go líonann damhna spás siar go dtí na cianaoiseanna. Mar sin féin, ní bhfuarthas míniú go dtí le déanaí ar an bhfáth go líonann damhna spás, agus maítear go bhfuil sé mar thoradh ar an bhfeiniméan a thuairiscítear i bprionsabal eisiaimh Pauli, [15][16] a bhaineann le feirmíóin. Dhá shampla ar leith ina mbaineann prionsabal an eisiaimh go soiléir le damhna ag líonadh an spáis ná abhaic bhána agus neodrónréaltaí, a phléitear thíos.
Mar sin, is féidir damhna a shainiú mar gach rud atá comhdhéanta d'fheirmíóin bhunúsacha. Cé nach mbuailimid orthu sa saol laethúil, is iad frithchuairc (mar shampla an frithphrótón) agus frithleaptóin (mar an posatrón) frithcháithníní an chuairc agus an leptóin, agus is feirmíóin bhunúsacha iad freisin, agus go bunúsach tá na hairíonna céanna acu le cuairc agus leptóin, lena n-áirítear infheidhmeacht phrionsabal eisiaimh Pauli. a gcuireann cosc ​​ar dhá cháithnín a bheith san áit chéanna ag an am céanna (sa staid chéanna), .i. go bhfuil ar gach cáithnín "spás a líonadh". Mar thoradh ar an shainmhíniú ar leith seo, cuimsítear aon rud a dhéantar as frithdhamhnaí chomh maith leis an ngnáth cuarc agus lepton, agus mar sin, aon rud atá déanta as méasóin, ar cáithníní éagobhsaí iad atá comhdhéanta de chuarc agus d'fhrithchuarc.
I gcomhthéacs na coibhneasachta, ní cainníocht bhreiseánach í an mhais, sa chiall nach féidir le fosmhaiseanna na gcáithníní a chur i gcóras chun fhosmhaiseanna iomlán an chórais a fháil. [17] Mar sin, sa choibhneasacht de ghnáth is dearcadh níos ginearálta é nach é suim na bhfosmaiseanna, ach teinseoir an mhóimintim fhuinnimh a chainníonn méid an damhna. Tugann an teinseoir seo an fhosmhais i gcomhair an chórais go léir. Dá bhrí sin, uaireanta meastar "damhna" mar rud ar bith a chuireann le móiminteam fuinnimh an chórais, is é sin, aon rud nach domhantarraingt amháin é. [18][19] Tá an dearcadh seo coitianta i réimsí a dhéileálann le coibhneasacht ghinearálta mar chosmeolaíocht. Is é an dearcadh seo, go bhfuil cáithníní agus réimsí éadroma agus mais eile go léir mar chuid den "damhna".
I bhfisic na gcáithníní, is cáithníní iad feirmíóin a ghéilleann do Staitistic Fermi-Dirac. Is féidir le feirmíóin a bheith bunúsach, cosúil leis an leictreon - nó comhchodach, cosúil leis an bprótón agus an neodrón. Sa tSamhail Chaighdeánach, tá dhá chineál feirmíón ann: cuairc agus leptóin, a phléitear ina dhiaidh seo.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/024.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:NaturalSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Nasc ceimiceach
Na fórsaí leictreacha a cheanglaíonn adaimh i móilíní agus pais sholadacha neamh-mhóilíneacha. In aon adamh, timpeallaíonn na leictreoin an núicléas i bhfithiseáin i scealla timpeall an núicléis. Muna mbíonn an sceall seachtrach lán le leictreoin, an uasmhéid atá ceadaithe don adamh sin, bíonn an t-adamh éagobhsaí agus fonn air nasc a dhéanamh le hadamh eile. Aithnítear trí shaghas naisc phríomhúil. An nasc ianach, mar atá i gclóiríd sóidiam, NaCl (salann mín), inar chaill an sóidiam leictreon agus ar ghnóthaigh an clóirín leictreon, ionas go gcoinnítear na hiain seo le chéile trí aomadh frithpháirteach idir Na+ is Cl-. Sa nasc comhfhiúsach, mar atá i gclóirín, Cl2, bíonn cuid de na leictreoin bainteach leis an dá núicléas. Nuair a nascann dhá adamh hidrigine (H) le hadamh amháin ocsaigine (O), cruthaítear móilín uisce, H2O, agus bíonn dhá nasc chomhfhiúsacha ann. Sa nasc miotalach, mar atá i sóidiam, Na, bíonn na fiúsleictreoin dílogánaithe agus bainteach le cuid mhaith núicléas, rud a thugann seoltacht leictreach don mhiotal. Tugtar nasc singil ar nasc comhfhiúsach ina bhfuil dhá leictreon i gceist, nasc dúbalite ar cheann le 4 leictreon, agus nasc triarach ar cheann le 6 leictreon. Comharthaítear na naisc seo i bhfoirmlí ceimiceacha le -, =, is ≡. Tugtar an nascfhuinneamh ar an bhfuinneamh is gá chun nasc ceimiceach a bhriseadh (mar shampla, chun móilín clóirín, Cl2, a athrú in dhá adamh clóirín, 2 Cl).
Is aomadh idir adamh é nasc ceimiceach. Is féidir an t-aomadh seo a mheas mar thoradh ar iompraíochtaí difriúla na leictreon is forimeallaí nó na bhfiúsleictreon den adamh. Comhcheanglaíonn na hiompraíochtaí seo lena chéile gan uaim i gcúinsí éagsúla, ionas gur deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Mar sin féin, tá sé úsáideach agus is gnách idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla nasc, as a dtagann airíonna difriúla damhnaí comhdhlúite.
San dearcadh is simplí ar nasc comhfhiúsach, tarraingítear leictreon amháin nó níos mó (péire leictreon go minic) isteach sa spás idir an dá núicléas adamhach. Scaoiltear fuinneamh trí déanmhaíochta naisc. Níl sé seo mar thoradh ar laghdú ar fhuinneamh poitéinsiúil, toisc go ndéantar aomadh an dá leictreon chuig an dá phrótón a chealú leis na frithghníomhartha leictreon-leictreon agus prótón-prótón. Ina áit sin, eascraíonn an scaoileadh fuinnimh (agus mar sin cobhsaíocht an naisc) ón laghdú ar fhuinneamh cinéiteach toisc go bhfuil na leictreoin i bhfithiseán atá níos scaipthe ó thaobh spáis de (ie tonnta níos faide de Broglie ) i gcomparáid le gach leictreon a bheith gaibhnithe níos gaire dá núicléas faoi seach.[1] Tá na naisc seo ann idir dhá adamh inaitheanta áirithe agus tá treo acu sa spás, rud a fhágann gur féidir iad a thaispeáint mar línte ceangailte aonair idir adamh i líníochtaí, nó iad a shamhaltú mar mhaidí idir sféir i múnlaí.
I nasc comhfhiúsach polarach, roinntear leictreon amháin nó níos mó go héagothrom idir dhá núicléas. Is minic go mbíonn bailiúcháin bheaga d’adamh le nasc níos fearr ar a dtugtar móilíní, mar thoradh ar naisc chomhfiúsacha, I solaid agus i leachtanna bíonn siad ceangailte le móilíní eile ag fórsaí atá go minic i bhfad níos laige ná na naisc chomhfhiúsacha a choinníonn na móilíní go hinmheánach le chéile. Tugann naisc idirmhóilíneacha laga den sórt sin substaintí móilíneacha orgánacha, mar shampla céaracha agus olaí, lena mbulc-charachtar , agus a leáphointí ísle (i leachtanna, ní mór do mhóilíní deireadh a chur leis an teagmháil struchtúrtha nó dhírithe lena chéile). Mar sin féin, nuair a nascann naisc chomhfhiúsacha slabhraí fada adamh i móilíní móra, (mar atá i bpolaiméirí mar níolón), nó nuair a shíneann naosc chomhfhiúsacha i líonraí trí sholaid nach bhfuil comhdhéanta de mhóilíní scoite (amhail diamant nó grianchloch nó na mianraí sileacáite i go leor cineálacha carraige) ansin d’fhéadfadh na struchtúir a thig astu a bheith láidir agus diana, ar a laghad sa treo atá dírithe i gceart le líonraí de naisc chomhfhiúsacha. Chomh maith leis sin, méadaíonn leáphointí na bpolaiméirí agus líonraí comhfhiúsacha den sórt sin go mór.
I bhfianaise simplithe ar naisc ianacha, ní roinntear an leictreon nascach ar chor ar bith, ach aistrítear é. Sa chineál seo naisc, tá folúntas ag fithiseach adamhach seachtrach adamh amháin a cheadaíonn leictreon amháin nó níos mó a chur leis. D’fhéadfadh go mbeadh staid fuinnimh níos ísle ag na leictreoin nua sa bhreis seo (níos gaire i ndáiríre do lucht núicléach níos mó) ná mar a bhíonn acu in adamh difriúil. Mar sin, tairgeann núicléas amháin suíomh atá ceangailte níos doichte don leictreon ná do núicléas eile, agus mar thoradh air sin, féadfaidh adamh amháin leictreon a aistriú go dtí an ceann eile. Is cúis leis an aistriú seo go nglacann adamh amháin glanlucht dearfach, agus go nglacann an ceann eile glanlucht diúltach. Ansin bíonn an nasc mar thoradh ar aomadh leictreastatach idir na hiain dearfacha agus hiain luchtaithe go diúltach. Is féidir breathnú ar naisc ianacha mar shamplaí foircneacha de pholarú i naisc chomhfhiúsacha. Go minic, ní bhíonn aon treoshuíomh ar leith ag naisc den sórt sin sa spás, ós rud é go dtagann siad ó aomadh leictreastatach comhionann de gach ian chuig na hiain go léir timpeall orthu. Bíonn naisc ianacha láidir (agus dá bhrí sin teastaíonn teochtaí arda chun substaintí ianacha a leá) ach bíonn siad briosc freisin, ós rud é go bhfuil na fórsaí gearr-raoin idir iain, agus ní scoilteanna siad agus ní thrasnaíonn siad scoilteanna agus bristeacha go héasca. Eascraíonn tréithe fisiciúla de chriostail salainn mianraí clasaiceach, mar shampla salann boird, as an nasc seo.
Cineál nascadh nach luaitear chomh minic is ea nascadh miotalach. Sa chineál seo nasctha, tugann gach adamh i miotal leictreon amháin nó níos mó do “líon” leictreon a chónaíonn idir go leor adamh miotail. San líon seo, tá gach leictreon saor (de bhua nádúr a dtonnta) le bheith bainteach le go leor adamh ag an am céanna. Tarlaíonn an nasc toisc go néiríonn na hadaimh mhiotalacha beagáinín luchtaithe go dearfach, mar gheall ar chailliúint a leictreon, nuair a fhanann na leictreoin aomtha chuig go leor adamh, gan a bheith mar chuid d'aon adamh ar leith. Is féidir breathnú ar nascadh miotalach mar eiseamláir amach is amach de leictreon a dílogánú thar chóras mór leictreon thar chóras mór nasc comhfhiúsach, ina mbíonn gach adamh rannpháirteach. Is minic a bhíonn an cineál nasctha seo an-láidir (bíonn neart teanntachta miotail mar thoradh air). Mar sin féin, tá nascadh miotalach níos comhchoiteann ó thaobh nádúir ná cineálacha eile, agus mar sin tugann siad deis do chriostail mhiotail dífhoirmiú níos éasca, toisc go bhfuil siad comhdhéanta d’adamh a aomann a chéile, ach nach bhfuil dírithe ar aon bhealach ar leith. Mar thoradh air seo bíonn intuargainteacht mhiotal. I Is é an scamall leictreon is cúis le seoltacht leictreach agus theirmeach miotail go maith go tréith, agus a luster lonrach a léiríonn an chuid is mó de mhinicíochtaí solais bháin. i nascadh miotalach, is é an néal leictreon is cúis le seoltacht leictreach agus theirmeach miotail go maith go tréith, agus a luster lonrach a léiríonn an chuid is mó de mhinicíochtaí solais bháin. nascadh miotalach is cúis le deasheoltacht leictreach agus seoltacht theirmeach na miotal, agus a loinnir ghil freisin, a frithchaitheann an chuid is mó de mhinicíochtaí an tsolais ghil.
Fuair ​​Linus Pauling Duais Nobel sa Cheimic i 1954, i measc rudaí eile, as a chuid oibre ar nascadh ceimiceach.
Chomh luath leis an 12ú haois, bhí go leor buillí faoi thuairim faoi nádúr an naisc cheimicigh, agus ceapadh go raibh cineál leictreonfhiníochta bainteach le cineálacha áirithe speiceas ceimiceach. Sa bhliain 1704, thug Sir Isaac Newton a bhreac-chuntas clúiteach ar a theoiric nasctha adamhaigh, i “"Query 31"” dá Opticks, trína nascann adaimh lena chéile le “fórsa” éigin. Go sonrach, tar éis dó na teoiricí éagsúla a raibh tóir orthu ag an am a athaint, faoin gcaoi gur ceapadh gur cheangal adaimh lena chéile, .i. "adaimh chrúcacha", " glued together by rest", nó "stuck together by conspiring motions", Deir Newton go b’fhearr leis a thuiscint óna gcomhghreamú, an méid seo a leanas; "particles attract one another by some force, which in immediate contact is exceedingly strong, at small distances performs the chemical operations, and reaches not far from the particles with any sensible effect.
Sa bhliain 1819, ar shála aireagán an chairn voltaigh, d’fhorbair Jöns Jakob Berzelius teoiric maidir le cuingir cheimiceach ag cur béime ar charachtair leictridhiúltacha agus leictridheimhneacha na n-adamh cuingreach. Faoi lár an 19ú haois, ag tógáil ar theoiric na bhfréamhacha, teoiric an fhiúis, ar a tugadh "combining power" sa Bhéarla ar dtús, d’fhorbair Edward Frankland, F.A. Kekulé, A.S. Couper, Alexander Butlerov, agus Hermann Kolbe, teoiric an fhiúis, ar a tugadh “cumhacht chomhcheangailte” ar dtús, inar cuireadh comhdhúile le chéile mar gheall ar aomadh na bpol dearfach agus diúltach. Sa bhliain 1904, mhol Richard Abegg a riail gur minic a bhíonn an difríocht idir úasfhiúsanna agus íostfhiúsanna dúile a hocht. Le linn na tréimhse seo, bhí fiús fós ina uimhir eimpíreach bunaithe ar airíonna ceimiceacha amháin.
Tháinig nádúr an adaimh níos soiléire, áfach, nuair a d'aimsigh Ernest Rutherford i 1911 núicléas adamhach timpeallaithe ag leictreoin, agus samhail Niels Bohr i 1913 d'fhithisí leictreon. Thug sé seo le tuiscint go gcinneann leictreoin iompar ceimiceach. Sa bhliain 1916, d’fhorbair an poitigéir Gilbert N. Lewis coincheap na leictreondíse, inar féidir le dhá adamh leictreoin amháin go sé a roinnt, agus ar an gcaoi sin an nasc leictreon aonair, nasc singil, nasc dúbailte, nó triarach a chruthú; i bhfocail Lewis féin, "An electron may form a part of the shell of two different atoms and cannot be said to belong to either one exclusively." (Gaeilge: "Féadfaidh leictreon a bheith ina chuid de sceall dhá adamh éagsúil agus ní féidir a rá go mbaineann sé le ceachtar amháin go heisiach.")[2]
Sa bhliain 1916 freisin, chuir Walther Kossel teoiric chun cinn cosúil leis an tsamhail a bhí ag Lewis, ach amháin gur ghlac samhail Kossel go raibh aistrithe iomlána leictreon idir adamh, agus mar sin de nascadh ianach í. Rinne Lewis agus Kossel araon a gcuid samhlacha nasctha a struchtúrú de réir riail Abegg (1904).
Mhol Niels Bohr samhail den nasc ceimiceach sa bhliain 1913. De réir a shamhail do mhóilín dé-adamhach, cruthaíonn leictreoin adamh an mhóilín fáinne rothlach a bhfuil a phlána ingearach le hais an mhóilín agus ar comhfhad ó na núicléis adamhacha . Baintear cothromaíocht dhinimiciúil an chórais mhóilíneach amach trí chothromaíocht na bhfórsaí idir fórsaí aomtha na núicléas go plána fháinne na leictreon agus fórsaí éartha na núicléas. Chuir an t-samhail Bohr den nasc ceimiceach san áireamh éaradh Coulomb - tá na leictreoin sa bhfáinne ag an bhfad is faide óna chéile. [3][4]
Sa bhliain 1927, dhíorthaigh fisiceoir Danmhargach Øyvind Burrau[5] an chéad tuairisc chandamach iomlán matamaiticiúil ar nasc ceimiceach simplí, .i. an ceann a dtáirgtear le leictreon amháin san ian móilíneach hidrigine, H2+. Léirigh an obair seo go bhféadfadh an cur chuige chandamach i leith nasc ceimiceach a bheith ceart go bunúsach agus ó thaobh na cainníochta de, ach ní fhéadfaí na modhanna matamaitice a úsáidtear a leathnú chuig móilíní a bhfuil níos mó ná leictreon amháin iontu. Chuir Walter Heitler agus Fritz London cur chuige níos praiticiúla, cé nach raibh sé chomh cainníochtúil, chun tosaigh sa bhliain chéanna. Is é an modh Heitler-London bunús teoiric an fhiúsnaisc. I 1929, thug Sir John Lennard-Jones an garmheastachán ar a dtugtar cuingir líneach d' fhithiseáin adamhacha (CLFA) isteach, a mhol freisin modhanna chun struchtúir leictreonacha de mhóilíní F2 (fluairín) agus O2 (ocsaigin) a dhíorthú, ó bhunphrionsabail chandamach.
Léirigh teoiric na bhfithiseán móilíneach seo nasc comhfhiúsach mar fhithiseán a cruthaíodh trí na fithiseáin adamhacha meicniúla chandamach Schrödinger, a bhí tuairimithe do leictreoin in adamh aonair. Ní fhéadfaí na cothromóidí le haghaidh leictreon nascach in adamh il-leictreoin a réiteach chun foirfeachta matamaitice (.i., go hanailíseach), ach thug garmheastacháin dóibh go leor tuartha agus torthaí cáilíochtúla maithe fós. Úsáideann an chuid is mó de na ríomhanna cainníochtúla sa cheimic chandamach na linne seo fiúsnaisc nó teoiric na bhfithiseán móilíneach mar túsphointe, cé go bhfuil an tríú cur chuige, teoiric na feidhme dlúis, ag éirí níos coitianta le blianta beaga anuas.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/025.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:NaturalSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Dúpholl
Is é is poll dubh nó dúpholl ann ná réigiún sa spás-am a bhfuil a réimse imtharraingthe chomh láidir is nach féidir don tsolas féin éalú as. Go bunúsach, is toradh matamaiticiúil do theoiric na coibhneasachta ginearálta (an leagan fairsingithe de theoiric coibhneasachta Einstein) é an dúpholl, ach tá na réalteolaithe i ndiaidh sonrú a chur i gcuid mhaith réadanna aisteacha sa spás a d'fhéadfadh a bheith ina ndúphoill.
Tugtar léaslíne theagmhais ar theorainn sheachtrach an dúphoill. Ní teorainn é a d'fhéadfá a mhothú, ach mar sin féin, is teorainn é a chuirfeadh cor i do chinniúint dá dtrasnófá í, nó aon rud a fuarthas taobh istigh den teorainn, ní féidir dó éalú as an dúpholl, fiú ar feadh tamaillín. An rud a thitfidh isteach, fanfaidh sé istigh chomh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach, nó taobh istigh den dúpholl, tá na bealaí go léir ag dul níos doimhne isteach díreach chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh ar an Domhan s'againn.
Go teoiriciúil, níl teorainn ar bith le méid an dúphoill. Go praiticiúil, tá súil ag na réaltfhisiceoirí go dtiocfaidh siad trasna ar dhúphoill a bhfuil a maiseanna idir mais na gnáthréalta agus mais na milliún réaltaí ar aon mhéid lenár nGrian féin (dúphoill fhor-ollmhóra).
Tá cuid mhaith fianaise ann atá ag tabhairt le fios go bhfuil dúphoill ann dáiríre. Faightear an cineál sin fianaise trí staidéar a dhéanamh ar na hastaíochtaí x-ghathanna atá ag teacht ó dhéréaltaí x-ghathacha nó ó núicléis ghníomhacha na réaltraí. Thairis sin, creidtear go mbíonn na dúphoill féin ag radú fuinnimh de thoradh iarmhairtí candam-mheicniúla ar a dtugtar radaíocht Hawking.
Tugtar léaslíne theagmhais ar theorainn sheachtrach an dúphoill. Ní teorainn é a d'fhéadfá a mhothú, ach mar sin féin, is teorainn é a chuirfeadh cor i do chinniúint dá dtrasnófá í, nó aon rud a fuarthas taobh istigh den teorainn, ní féidir dó éalú as an dúpholl, fiú ar feadh tamaillín. An rud a thitfidh isteach, fanfaidh sé istigh chomh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach, nó taobh istigh den dúpholl, tá na bealaí go léir ag dul níos doimhne isteach díreach chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh ar an Domhan s'againn.
Go teoiriciúil, níl teorainn ar bith le méid an dúphoill. Go praiticiúil, tá súil ag na réaltfhisiceoirí go dtiocfaidh siad trasna ar dhúphoill a bhfuil a maiseanna idir mais na gnáthréalta agus mais na milliún réaltaí ar aon mhéid lenár nGrian féin (dúphoill fhor-ollmhóra).
Tá cuid mhaith fianaise ann atá ag tabhairt le fios go bhfuil dúphoill ann dáiríre. Faightear an cineál sin fianaise trí staidéar a dhéanamh ar na hastaíochtaí x-ghathanna atá ag teacht ó dhéréaltaí x-ghathacha nó ó núicléis ghníomhacha na réaltraí. Thairis sin, creidtear go mbíonn na dúphoill féin ag radú fuinnimh de thoradh iarmhairtí candam-mheicniúla ar a dtugtar radaíocht Hawking.
Dealraíonn sé gurbh é John Michell, an geolaí Sasanach, an chéad duine ar rith coincheap an dúphoill leis, cé nach raibh teoiric Einstein ann go fóill. In alt a chuir sé chuig Henry Cavendish agus ar fhoilsigh Cumann Ríoga na hEolaíochta, nó an Royal Society, é sa bhliain 1784, thug Mitchell an chéad chur síos ar an dúpholl. San am seo, bhí tuiscint na heolaíochta ar choincheap na himtharraingthe bunaithe ar theoiric Newton, agus bhí a fhios ag na daoine cheana céard is treoluas éalaithe ann (is é sin, an luas atá ag teastáil le héalú ó réimse imtharraingthe na rinne neimhe). D'oibrigh Michell amach, dá mbeadh rinn neimhe ann a bheadh 500 oiread níos mó ná ár nGrian ar trastomhas, agus an damhna inti ar aon dlús leis an damhna sa Ghrian, go mb'ionann treoluas éalaithe na rinne neimhe seo agus luas an tsolais. Dá mbeadh a leithéid de réad ann, bheadh sé dofheicthe, arsa Michell, ó nach n-éalódh an solas féin as. Dar le Michell, mar sin, bhí sé incheaptha go mbeadh na rinne neimhe is mó agus is troime amuigh dofheicthe ar fad, ó nach bhféadfadh an solas éalú uathu.
Sa bhliain 1796, chuir an matamaiticeoir Francach Pierre-Simon Laplace an smaoineamh céanna chun tosaigh sa chéad dhá eagrán dá leabhar Exposition du système du Monde—baineadh an sliocht sin de na heagráin a foilsíodh ina ndiaidh sin. Níor tugadh mórán airde ar an smaoineamh seo sa naoú haois déag, ó chreid na saineolaithe féin go forleathan nach raibh sa solas ach tonn gan téagar, agus nach bhféadfadh an imtharraingt an solas a stopadh ar aon nós.
Sa bhliain 1915, d'oibrigh Albert Einstein amach teoiric nua faoin imtharraingt—Teoiric na Coibhneasachta Ginearálta. Bhí sé i ndiaidh a thaispeáint cheana féin go raibh an imtharraingt in ann an solas a chamadh. Cupla mí ina dhiaidh sin, thaispeáin Karl Schwarzschild go raibh sé incheaptha, de réir na teoirice ar a laghad, go mbeadh dúphoill ann. Níor thuig Schwarzschild féin céard a bhí i gceist leis an tátal a bhain sé as teoiric Einstein, ach tamall beag ní ba déanaí, tháinig Johannes Droste, dalta de chuid Hendrik Lorentz, ar an bhfuascailt chéanna, agus thug sé cur síos ní b'fhairsinge ar shaintréithe an dúphoill.
Sa bhliain 1930, d'áitigh an matamaiticeoir Indiach Subrahmanyan Chandrasekhar, dá mbeadh mais ann arbh ionann í agus mais na Gréine méadaithe faoi 1.44, agus an mhais seo gan solas ná radaíocht eile a astú, go gcrapfadh sí isteach chuici féin faoi mheáchan a himtharraingthe féin (rud ar a dtugtar imphléascadh imtharraingteach), ó nach mbeadh aon rud á stopadh. Chuir Arthur Eddington ina aghaidh, nó bhí sé suite siúráilte go mbeadh bacainn éigin ann leis an imphléascadh seo a stopadh. Bhí an ceart ag an mbeirt acu. An abhacréalta bhán a sáraíonn a mais teorainn Chandrasekhar (1.44 Grian), is dual di imphléascadh, ach ní iompóidh sí ina dúpholl, nó stopfaidh an crapadh nuair a bheidh sí ina neodrónréalta. Má sháraíonn a mais teorainn Tolman-Oppenheimer-Volkoff (timpeall ar 3 Ghrian), áfach, ní bheidh sí in ann an t-imphléascadh a choinneáil siar, agus titfidh sí isteach inti féin ina dúpholl, de réir dlíthe fisiceacha de chineál chosúil.
Sa bhliain 1939, thairngir Robert Oppenheimer (an fear céanna a bhí i gceannas ar thionscadal an bhuama adamhaigh ina dhiaidh sin, dála an scéil) agus H. Snyder go bhféadfadh réalta an-mhór, an-téagartha imphléascadh a dhéanamh a d'fhágfadh ina dúpholl í. Is é sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh teacht ar dhúphoill nádúrtha amuigh sa spás, de réir na teoirice ar a laghad. Ar dtús, ba nós leis na heolaithe "réalta shioctha" a thabhairt ar dhúphoill den chineál sin, nó dá mbeadh réalta ag crapadh isteach i dtreo na léaslíne teagmhais, d'fhágfaí a dromchla "sioctha" mar a bhí sí díreach nuair a shroich sé ga Schwarzschild agus an léaslíne theagmhais, de réir na matamaitice.
Níor bacadh leis na réadanna hipitéiseacha seo mórán roimh dheireadh na seascaidí. B'é dearcadh fhormhór na bhfisiceoirí nach raibh sna dúphoill ach seachthoradh matamaiticiúil d'fhuascailt Schwarzschild. Na réaltaí a bhí ag imphléascadh amuigh sa spás, ní ina ndúphoill a bhí siad ag iompú, dar leo.
Nuair a bhí an teoiric agus an gléasra breathnóireachta ag forbairt, thosaigh na réalteolaithe ag cur suim sna dúphoill arís ón mbliain 1967 ar aghaidh. Sa bhliain 1970, chruthaigh Stephen Hawking agus Roger Penrose go raibh na dúphoill chomh fite fuaite le teoiric Einstein faoin imtharraingt is nach mbeadh a bhfoirmiú le seachaint i gcásanna áirithe den imphléascadh imtharraingteach. Le fionnachtain na bpulsár—na neodrónréaltaí—b'éigean do na réalteolaithe glacadh leis an bhféidearthacht go mbeadh na dúphoill féin ann i ndiaidh an iomláin. Maidir leis an bhfocal féin—"dúpholl"—b'é an fisiceoir teoiriciúil John Wheeler a bhain úsáid as roimh aon duine eile, i léacht a thug sé ar an 29 lá de Mhí na Nollag 1967. Na réadanna a rith le Michell agus Laplace i dtréimhse fhisic Newton, is gnách "réaltaí dorcha" a thabhairt orthu len iad a aithint ó na "dúphoill" a bhaineann le teoiric na coibhneasachta ginearálta.
De réir theoiric na coibhneasachta ginearálta, ní hamháin gur féidir go bhfuil dúphoill ann, ach go gcaithfidh dúpholl teacht chun saoil nuair a phacáiltear go leor maise i spás sách beag, nó nuair a bheidh an stuif pacáilte sách tiubh, tosóidh an próiseas ar a dtugtar imphléascadh imtharraingteach as a stuaim féin. De réir mar atá an mhais taobh istigh de shrianta áirithe ag fás, tá a himtharraingt ag dul i méadaíocht freisin. Deir teoiric na coibhneasachta go bhfuil an imtharraingt in ann an spás féin a chur as a riocht, a chamadh agus a chuarú, agus sa deireadh, beidh an spás agus an t-am timpeall na maise chomh cuaraithe is nach ligeann siad amach an solas féin. Ag an bpointe seo a chruthaítear léaslíne theagmhas, agus caithfidh an damhna agus an fuinneamh titim isteach iontu fein, crapadh isteach chucu chomh tiubh is nach féidir a leithéid de staid a mhíniú de réir dhlíthe na fisice féin. Mar shampla, dá mbrúfaí an Ghrian taobh istigh de sféar a bheadh timpeall ar thrí chiliméadar ar gha, nó timpeall ar shé chiliméadar ar trastomhas (nó timpeall ar 1/232,000 d'fhíormhéid na Gréine mar atá faoi láthair), chruthódh réimse imtharraingthe na Gréine léaslíne theagmhais ina timpeall, agus bheadh sí iompaithe ina dúpholl.
Nuair a rinneadh anailis chainníochtúil ar an smaoineamh seo, thángthas ar an tairngreacht nach mbeadh neodrónréalta a mb'ionann a mais agus mais cúig cinn de Ghrianta—nach mbeadh sí cobhsaí ina neodrónréalta, agus go dtitfeadh sí isteach inti féin le hiompú ina dúpholl. Creidtear go gcruthaítear neodrónréaltaí éagobhsaí den chineál seo nuair a dhéanann réaltaí atá idir 25 agus 30 Grian ar mais imphléascadh i ndeireadh a "mbeatha" mar ghnáthréaltaí. Is féidir freisin go bhfuil neodrónréalta chobhsaí ag fuilleamh damhna chuici—ná déantar dearmad de go bhfuil imtharraingt mhillteanach ag baint leis na neodrónréaltaí freisin, agus iad ag sú damhna as an spás chucu—go dtí go mbeidh sí róthrom le bheith cobhsaí.
Na dúphoill a thagann chun saoil de thoradh imphléascadh na réaltaí, ní bhíonn siad níos éadroime ná mais na Gréine méadaithe faoi thrí. Más ann d'aon dúpholl níos lú ná sin, is léir go raibh brú éigin ón taobh amuigh ag cuidiú le himtharraingt na réalta féin. Creidtear go raibh fórsaí millteanacha den chineál seo ar fáil i dtús stair na hOllchruinne, agus gur cruthaíodh dúphoill bheaga—dúphoill is éadroime ná an Ghrian féin—san am sin. Tugtar "dúphoill phríomhordúla" ar mhion-dúphoill den chineál seo.
Táthar ag déanamh, fosta, go bhfuil dúpholl mór millteanach (An Díothóir Mór, mar a thugtar air uaireanta) i gcroílár Bhealach na Bó Finne agus nach taise do na réaltraí eile é. Tá mais na milliún Grian comhchruinnithe i ngach dúpholl den chineál seo, agus freagraí éagsúla á dtabhairt ar an gceist, cad é mar a foirmíodh iad. Is é an chéad mhíniú ná go raibh réaltbhraisle mhór thiubh ann ar dtús agus go ndearna sí imphléascadh imtharraingteach. Deir an dara míniú go raibh réalta mhór ann ar dtús, mar a bheadh "síol" ann, agus í ag fuilleamh damhna chuici de réir a chéile, go dtí go raibh an oiread maise ann is gur imphléasc an t-"síolréalta" le dúpholl a dhéanamh. Is é an tríú míniú ná gur comhleádh dúphoill bheaga ceann i ndiaidh a chéile, go dtí go raibh an dúpholl for-ollmhór ann. An dóigh a dtéann dúpholl for-ollmhór den chineál sin i gcion ar an spás-am ina thimpeallacht, is féidir í a aithint i réigiúin spáis ar nós bhraisle Virgo, áit a bhfuil an réaltra úd M87 suite, chomh maith lena chuid comharsana.
Tugtar dúphoill maise idirmheánaí ar an gcineál dúpholl atá idir eatarthu idir na dúphoill atá ar aon mhais le gnáthréalta agus na cinn fhor-ollmhóra. Bíonn na dúphoill maise idirmheánaí cupla míle Grian ar mais, de ghnáth. Tá an teoiric curtha chun tosaigh gurb iad na dúphoill seo a sholáthraíonn an fuinneamh do na foinsí forlonrúla X-ghathanna. Sa bhliain 2004, thángthas trasna ar dhúpholl maise idirmheánaí agus é ag timpeallú Saighdeoir A*, réad a chreidtear a bheith ina dhúpholl for-ollmhór. Níl na réalteolaithe ar aon fhocal faoin bhfionnachtain seo, áfach.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/026.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:NaturalSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Is é Mars (uaireanta Máirt) an ceathrú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Dearg an príomhdhath a aithníonn súil an duine ar Mhars, agus is minic a thugtar "an pláinéad dearg" air.[1] Bheadh sé chomh maith againn "an pláinéad rua" a thabhairt air, áfach, nó is é rua na meirge atá i gceist dáiríre: tá dromchla Mharsa saibhir go maith in iarann. Tá uisce ar fáil ar Mhars, siúd is go bhfuil sé sioctha síos inniu. Ceist mhór í i gcónaí, an bhfuil, nó an raibh, aon chineál beatha ar Mhars riamh. An cineál arrachtaigh a d'fheicfeá ar leathanaigh na leabhar le H. G. Wells nó Edgar Rice Burroughs, is léir nach raibh siad ann riamh go bhfios dúinn, ach tá na saineolaithe i bhfad níos dóchasaí as beatha aoncheallach de chineál éigin, ar aon leibhéal le baictéir nó aiméibí, cuir i gcás.
Ós rud é go bhfuil a fhios ag an gcine daonna ó thús ama go bhfuil Mars ann—agus é ar ceann de na reanna neimhe is suntasaí amuigh—is iomaí sibhialtacht a bhaist ainm miotaseolaíoch dá cuid féin ar an bpláinéad. Mar shampla, tugann na Sínigh, na Cóiréigh, na Seapánaigh agus na Vítneamaigh Réalt na Tine ar Mhars, agus baint ag an ainm seo le Ciogal na gCúig nDúl (wǔxíng) i miotaseolaíocht na Síne.
Imprisean ealaíontóra tSean-Mars ar bunús ealaíochta
Is fada an lá ó thosaigh na daoine ag caint agus ag scríobh faoi thuras a thabhairt ar Mhars, go háirithe nuair a tháinig an tuiscint acu nach ponc solais amháin a bhí ann, ach corpán damhna. Nuair a húsáideadh teileascóp den chéad uair tugadh gnéithe tíreolaíocha faoi deara a bhí cosúil le gréasán de chanálacha, agus dá bharr sin is iomaí alt agus scéal a cumadh faoi shibhialtachtaí aduaine agus faoi chogaí idir na plainéid, agus rinneadh go leor scannán ficsean eolaíochta bunaithe ar na scéalta sin. De réir a chéile, áfach, agus na teileascóip agus an teicneolaíocht eile bhreathnóireachta ag dul i bhfeabhas, tuigeadh nach raibh i gceist leis na canálacha ach iomrall súl. Ní fheicfeá iad ar aon mhapáil comhaimseartha de Mhars. Ón taobh eile de, is léir go bhfuil tírdhreacha millteanacha ar Mhars nach dtiocfá ar a leithéid ar dhroim an Domhain, ar nós na gcainneon móra ar a thugtar Valles Marineris. Tá an sliabh is airde sa ghrianchóras suite ar Mhars freisin, mar atá, Olympus Mons, agus é leathmhíle de chiliméadair ar trastomhas agus seacht gciliméadar fichead ar airde.
Táthar ag súil le fada an lá go dtabharfaidh daoine cuairt ar an bplainéad seo, a bhíonn níos cóngaraí don Domhan de ghnáth ná plainéad ar bith eile i gCóras na Gréine, roimh lár na haoise seo, sula dtéitear ar aghaidh go ceann ar bith eile. Chuir údarás Spáis Mheiriceá, NASA, spáslong (spástaiscéalaí gan daoine) go Mars sa bhliain 1965 (Mariner 4) a rinne an-mhapáil ar Mhars. Ina dhiaidh sin, thuirling dhá spástaiscéalaí de shraith Viking air sa bhliain 1976, rud a chuir go mór leis an eolas a bhí ag na daoine faoin bplainéad, nó b'ansin a chonaic an cine daonna an chéad radharcra ó dhromchla Mharsa. Cuireadh spáslonga gan daoine go Mars ó Mheiriceá agus ón Eoraip sa bhliain 2004 agus is mó an fhianaise atá ann anois go bhfuil roinnt uisce faoin talamh sa phlainéad. Cé go bhfuil Mars i bhfad níos lú ná an Domhan tá an oiread céanna talún ann mar nach bhfuil aigéan ar bith ar a dhromchla.
Tá an t-atmaisféar an-tanaí agus bíonn Mars an-fhuar de ghnáth, le meánteocht 55 chéim celsius faoin nialas, ach is féidir leis an teocht ardú in áiteanna go 27 céim celsius os cionn an nialais i rith an tsamhraidh. Creidtear go raibh an-chuid uisce ar an dromchla tráth mar gheall ar an síonchaitheamh agus ar an gcreimniú atá le feiceáil go soiléir ar an tírdhreach.
Tá dhá mhionghealach ag Mars, atá ainmnithe as na cúnna cogaidh a bhí ag dia an chogaidh, Phobos agus Deimos. Tá na gealacha seo i bhfad níos lú ná ár nGealach féin i gcomparáid leis an phláinéad atá siad a thimpeallú. Níl iontu ach cnapáin mhírialta charraige agus uisce, agus creidtear gur astaróidigh ab ea iad ar dtús, go dtí gur cheap réimse imtharraingthe Mharsa iad, cosúil le "5261 Eureka", traíoch de chuid Mharsa.[2][3] An ceann acu is cóngaraí do Mhars, mar atá, Phobos, tá sé ag cailleadh airde in imeacht na mílte bliain, de thoradh na bhfórsaí taoide. Creidtear, áfach, go streachlóidh na fórsaí céanna as a chéile é i bhfad sula mbuailfidh sé dromchla Mharsa.
Tá 10% de thoirt an Domhain i Mars, agus 25% dá achar dromchla. Tá atmaisféar ag Mars, ach tá sé fíorthanaí. Tá meánbhrú an atmaisféir ar dhromchla Mharsa timpeall ar 750 Pa, nó thart ar 0.75% de ghnáthbhrú an atmaisféir ar dhroim an domhain seo againn. Ón taobh eile, tá an t-atmaisféar seo ag tanú níos maille ná ár n-atmaisféar féin ag dul suas ó dhromchla an phláinéid. Dé-ocsaíd charbóin go príomha atá ann, nítrigin atá i 3% de, agus argón atá i 1.6%. Fosta, tá meatán agus ocsaigin i láthair, chomh maith le triathgháis eile seachas an t-argón—is é sin, neon, crioptón agus xeanón, nó níl imtharraingt Mharsa in ann gás chomh héadrom le héiliam a choinneáil ó éalú go dtí an spás. Ar an gcúis chéanna, níl hidrigin shaor le fáil in atmaisféar Mharsa ach an oiread.
Is é an phríomhchúis le fuacht Mharsa an t-atmaisféar seo, nó, ós rud é go bhfuil sé chomh scáinte sin, níl sé in ann teas a cheapadh ná a choinneáil.
Cé go bhfuil atmaisféar an phláinéid chomh tanaí sin, tá cuid mhaith dusta ag foluain timpeall. Na sonraí a bhailigh na gléasanna gluaisteacha taiscéalaíochta Spirit agus Opportunity ar dhromchla an phláinéid le déanaí, tugann siad le fios go bhfuil an dusta seo comhdhéanta as gráinníní atá thart ar 1.5 micriméadar (1.5 míliú cuid de mhilliméadar) trasna.
Sa bhliain 2003, d'aithin teileascóip thíos ar an Domhan go raibh meatán le fáil in atmaisféar Mharsa, agus dealraíonn sé gur dheimhnigh an taiscéalaí Mars Express Orbiter an breathnú seo i Mí na Márta 2004. Tugann na torthaí tomhais le fios go bhfuil dlús an mheatáin in atmaisféar Mharsa thart ar aon bhilliúnú cuid déag (11 pbb).
Cúis suntais é an meatán sin, nó tá an meatán chomh tomhais mar ghás is nach mbeadh sé ann murach go bhfuil foinse éigin á sholáthar taobh istigh den phláinéad. Níl sé scaipthe go cothrom tar éis an phláinéid, ach an oiread. Mar sin, caithfidh sé go bhfuil sé á scaoileadh saor in áiteanna áirithe, agus is í an cheist mhór a chuireann na saineolaithe orthu féin, ar ndóigh, an bhfuil beatha de chineál éigin—cosúil leis na miocrorgánaigh aircéacha ar a dtugtar meatánaiginí—ag táirgiú an mheatáin seo.
Maidir le saintréithre eile an atmaisféir, bíonn siad claochlaitheach go leor. Sa gheimhreadh, nuair atá an chaidhp pholach fágtha i ndorchadas, éiríonn an dromchla chomh fuar is a chuireann sé an dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar ag sioc síos. Is féidir d'oiread is 25 % den atmaisféar iompú ina oighear tirim. Le teacht an earraigh agus an tsolais, iompóidh an leac oighir ina gás arís. Tabhair faoi deara nach leánn an t-oighear dí-ocsaíde carbóin—sin é an chúis a dtugtar oighear tirim air—nó is dual di néalú ina gás sula sroichfear an leáphointe. Ní féidir di bheith ina sreabhán (leacht) ach faoi bhrú an-mhór, rud nach bhfuil le fáil faoi atmaisféar tanaí Mharsa. Mar sin, le teacht an tséasúir the, néalaíonn an dí-ocsaíd charbóin go sciobtha de dhromchla na caidhpe polaí, agus cuireann an próiseas seo gaotha móra millteanacha ag séideadh—is féidir do stoirm den chineál seo luas ceithre chéad ciliméadar in aghaidh uair an chloig (400 km/h) a bhaint amach. Ansin, cruthaítear scamaill atá comhdhéanta as criostail bheaga oighir (is é sin, oighear uisce, seachas oighear tirim). Chuirfidís i gcuimhne duit cineálacha áirithe scamaill a d'fheicfeá ar an spéir anseo ar an Domhan.
Níltear róchinnte an bhfuil aeráid Mharsa ag dul i bhfuacht nó ag téamh. Tá an dara bh'fhéidir ann: sna blianta 2002–2005, tháinig crapadh ar an gcaidhp pholach theas i ngach samhradh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus ní raibh an geimhreadh in ann an crapadh seo a stopadh. Tugann an fhorbairt seo le fios go bhfuil Mars ag téamh. Ina dhiaidh sin féin, tá sé níos fuaire ar Mhars inniu ná mar a bhí thiar sna seachtóidí, nuair a thuirling an dá Viking ansin.
Réamh agus iar-ghrianghraif de shuíomh thuairteála dreigíte ar Mhars a tógadh san iarnóin Mharsach ar 27 Márta agus 28 Márta 2012 faoi seach. Is é seo an chéad uair a thaifeadadh tuairt dreigíte ar Mhársa taobh istigh de 24 huaire a chloig i ndiaidh a tarluithe.
Creidtear gur basalt atá sa chuid is mó de dhromchla Mharsa—is é sin, cloch bholcánach, nó laibhe a d'fhuaraigh síos na mílte de bhlianta ó sin. Tá an tuiscint sin bunaithe ar na dreigítí a tháinig ó Mhars go dtí an Domhan agus ar na breathnuithe a rinneadh ar an bpláinéad leis na spástaiscéalaithe. Is dócha go bhfuil níos mó silice sa bhasalt seo ná i mbasalt tipiciúil an Domhain. Mar sin, is féidir go bhfuil basalt Mharsa cosúil leis an aindéisít. Tá an chuid is mó den bhasalt seo clúdaithe, áfach, le dusta fíneáilte.
Na breathnuithe a rinne an spástaiscéalaí úd Mars Global Surveyor, tugann siad le fios go bhfuil baill áirithe de screamh an phláinéid maighnéadaithe, cosúil leis na stialltracha maighnéadaithe a fhaightear ar ghrinnill na n-aigéan ar an Domhan. Sa bhliain 1999, cuireadh an cheist an chéad uair, an teicteonaic phlátaí a d'fhág an maighnéadú seo ina diaidh—is é sin, an raibh screamh Mharsa comhdhéanta as plátaí ilchríochacha, tráth, agus iad ag gluaiseacht is ag imbhualadh faoina chéile, cosúil le plátaí ilchríochacha an Domhain. Níltear cinnte faoi seo go fóill, áfach, go raibh gluaiseachtaí teicteonacha ar siúl riamh ar dhroim Mharsa—níl ann ach teoiric, agus í mar ábhar conspóide i gcónaí ag na saineolaithe.
An spástaiscéalaí gluaisteáin Opportunity atá ag taisteal droim an phláinéid, fuair sé amach go bhfuil liathróidíní beaga bídeacha haemaitíte ar fáil ar Meridiani Planum. Níl na liathróidíní seo ach cupla milliméadar ar trastomhas, agus creidtear gur múnlaíodh mar shil-leaganacha carraige iad na billiúin iad ó sin, nuair a bhí an t-uisce ag sní ar dhroim an phláinéid. Fuarthas mianraí eile freisin a bhfuil sulfar, iarann nó bróimín iontu, cosúil leis an tsearóisít. Is é an tátal a bhain caoga saineolaí as an bhfianaise seo, agus iad ag scríobh ar an iris úd Science, ar an naoú lá de Mhí na Nollag, 2004, ná:
Tráth, bhí uisce leachtach ar fáil, go huaineach, ar dhroim Mharsa i dtimpeallacht Meridiani Planum, agus uaireanta, bhí sáithiú de tríd an bhfodhromchla. Ós rud é go bhfuil an bheatha ag brath ar an uisce leachtach, is féidir linn an tátal a bhaint as an scéal go raibh Meridiani ináitrithe, tráth éigin dá stair.
Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig saineolaithe eile ar an gconclúid go raibh an t-uisce ag Meridiani an-aigéadach, toisc an cineál mianraí a fuarthas sa timpeallacht. Ón taobh eile, tháinig an taiscéalaí Spirit ar ghóitít, mianra nach múnlaítear ach san áit a bhfuil uisce le fáil (rud nach dtiocfadh a rá faoin haemaitít), i gCnoic Columbia.
Sa bhliain 1996, tháinig saineolaithe ar mhionstruchtúir ar cheann de na dreigítí ar an Domhan a chreidtear a bheith tagtha ó Mhars—Dreigít ALH84001—a raibh an chuma orthu, dar leo, gur rian i ndiaidh miocrorgánaigh a bhí ann. Ábhar eile conspóide atá ann i gcónaí.
Ábhar iontais é chomh difriúil agus atá an dá leath de Mhars le chéile ó thaobh na topagrafaíochta de. Tá na tailte sa tuaisceart mín réidh agus an dóigh ar chlúdaigh na tonnta laibhe iad. An leath dheisceartach den phláinéad, áfach, tá sí criathraithe ag na cráitéir a d'fhág na dreigítí uirthi fadó. Mar a fheictear Mars ar spéir an Domhain, mar sin, tá sé deighilte ina dhá limistéar dhifriúla ó thaobh na hailbéideachta de. Nuair nach raibh tuiscint cheart ag na daoine go fóill ar fhíor-nádúr an tír-raoin ar Mhars, shíltí gur ilchríocha ab ea na machairí geala agus iad clúdaithe ag dusta agus ag gaineamh atá saibhir in iarann. Mar sin, baisteadh ainmneacha ar na machairí seo cosúil le hArabia Terra nó le hAmazonis Planitia. San am céanna, ba nós leis na daoine a cheapadh gur farraigí iad na limistéir dhorcha, agus mar sin, fuair na tailte seo ainmneacha cosúil le Mare Erythraeum, le Mare Sirenum nó le Aurorae Sinus. Is é an ball dorcha is mó is féidir a fheiceáil ná Syrtis Major.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/027.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
De réir seanscéil, ba é Aonghas Osraithe é bunaitheoir na nOsraí sa chéad aois, ó thús mar chuid de chúige Laigean. Sa 5ú haois, tháinig Corca Laidhe as Ríocht na Mumhan in áit an Dáil Bhirn, agus tugadh na hOsraí faoi smacht díreach na Mumhan. Tháinig an Dál Birn ar ais i gcoróin sa 7ú haois, cé go raibh an ríocht fós in ainm mar chuid den Mhumhain Osraí go dtí an bhliain 859, nuair a bhain sí a neamhspleáchas amach faoi cheannas an rí cumhachtach Cearbhall mac Dúnlainge.
Dream mór le rá ba ea na hOsraí i pholaitíocht na hÉireann ar feadh trí chéad bliain ina dhiaidh sin, cé nach raibh siad riamh in iomaíocht le haghaidh ard-ríogacht na hÉireann. Sa 12ú haois, scaradh an ríocht as a chéile de bharr aighnis inmheánaigh, agus cuireadh ar ais i gcúige Laighean í.
D'ionsáigh na Normannaigh ar Éirinn faoi cheannas Strongbow ag tosú sa bhliain 1169, agus thit an chuid is mó desna hOsraí faoi bhrú William Marshal. Tháinig tuaisceart na ríochta slán faoin ainm i ndeireadh na dála Osraí Uachtarach, go dtí réimeas an rí Anraí VIII Shasana, nuair a bhunaigh an bharúntacht den ainm céanna sa bhliain 1541.
Bhíodh na hOsraí ársa lonnaithe sa tír thorthúil thart timpeall ghleannna Feoire, suite i gContae Chill Chainnigh a bheag nó a mhór, agus iarthar Contae Laoise. San iarthar agus an deisceart, bhíodh Osraige teoranta ag an Siúir; san oirthear, bhíodh foinse na Bearú ina teorainn leis na Laigin (Gabhrán san áireamh). Glaoitear Cumar na dTrí Uisce ar na trí haibhneacha úd, a thagann le chéile díreach ar an taobh thuaidh de Chathair Phort Láirge. Aird ó thuaidh, shíneadh na hOsraí níos faide i gcéin ná Sliabh Bladhma.[1]
Is é brí b'fhéidir le hainm na treibhe Os-raige[9] ná "muintir na n-os" nó na bhfianna. Deirtear de réir sean-nóis gur ainmníodh iad as an bunaitheoir luath-stairiúil réamh-Chríostaí, Aonghas Osraithe.[10][11] Bhí na hOsraí is dóigh ina ghéag deisceartach na nUlad nó an Dáil Fiataigh,[12] é sin nó dhlúthghaoil a n-iar-comhghuaillithe, Corca Laidhe.[13][14] I ngach cás, is amhlaidh gurbh Éarainn iad. Mhaígh na hOsraí féin amhlaidh, agus aontaíonn scoláirí a leo.
A bhuí le slí mheán tíre via an Fheoir, an Bhearú agus an tSiúir, d'fhéadfadh é go ndearna na hOsraí níos mó trádála leis an mBreatain agus an mór-roinn, na Rómhánaigh agus a reiligiún nua, an Chríostaíocht, ach go háirithe.[17]
Roimh theacht na Críostaíochta, is amhlaidh go raibh na hOsraí agus a ngaoil, Corca Laidhe, i gceannas sa Mhumhain sular chuir teacht chun cinn na nEoghanacht ar an imeall dís.[18]
Ón 5ú haois ar aghaidh go dtí an 12ú, feictear Dál Bhirn (Dál mBirn) mar rítheaghlaigh na nOsraí. Ón aimsir sin, bhí na hOsraí faoi tréimhse na Laigean. Measadh roinnt scoláirí gur bréag é Ō-ghinealach na nOsraí, cumtha chun a gcuid cuspóirí a bhaint amach sa Laigin. Dar le Francis John Byrne, téann sé siar b'fhéidir go dtí ré Cearbhall mac Dúnlainge sa 9ú haois.[19]
Ta fianaise ann i roinnt foinsí, Tairired na nDéisi ina measc, gur ghéill na hOsraí machaire dá dtailte theas dosna Déise díláithrithe, am éigin roimh an bhliain 489.[20] De réir an chuir síos tradisiúnta, bhí na Déise ar fáin, ag lorg tailte sa Mhumhan mar chuid de spré Eithne Uafásach agus í pósta le Aonghas mac Nadh Fraoigh. Chuir na hOsraí an ruaig orthu i gcath riartha, agus bhuaigh na Déise i ndeireadh na dála le draíocht agus feall.[21] The account mentions that at this defeat, the Ossorians fled like wild ois!
Is amhlaidh gur tháinig ríthe Chorca Laidhe i gceannas i ndeisceart Osraí tar éis na cliste seo; bhí an Dál Birn fós ann sa tuaisceart. Ag deireadh na 6ú haoise, tháinig na hEoghanachta chun cinn, i gcomhaontas le muintir Uí Néill in éadan na Corca Laidhe,[22] agus tharla meath ar stádas na nOsraí. Sa bhliain 582, maraíodh Fearghas Scannal mac Criomhthainn, rí Mumhan, ag fir na Laigean, agus géilleadh Osraí as Laigin mar chúiteamh.[23][24] Timpeall an ama sin that time (sa bhliain 581 nó 583), mharaigh fir na hOsraí (nó Clann Connla dar le hAnnála Easpacha na hÉireann) rí deireanach na Corca Laidhe, Feradach Finn mac Duach, agus fuair dúradh ar ais an chuid is mó dá dtailte faoin seachtú haois.[25]
Ar feadh na tréimhse seo, tháinig an Chríostaíocht chun cinn, le teacht misinéirí ón mBreatain agus ón Eoraip, agus í faoi bhláth i bhfostaí ach go háirithe. Dar le naomhsheanchas ar marthain, go háirithe faoi Naomh Ciarán Saighre, bunaíodh i nOsraí an chéad cheannas easpag Chríostaí, roimh theacht Naomh Pádraig fiú; tá seo ar phlé i measc scoláirí fós, ámh.[26] Meastar go ndeachaigh Naomh Pádraig tríd an ríocht ag soiscéalú, agus gur bunaíodh eaglais atá nasctha leis sa Domhnach Mór.[27][28] Bhunaigh Naomh Cainnech dhá eaglais i nOsraí, Achadh Bhó agus Cill Chainnigh féin. Bhí an chathaoir easpag acu siúd i ndiaidh Saighre.
Níltear ar aon intinn i measc scoláirí i dtaobh líon ríthe na Corca Laidhe i nOsraí. Faoi theacht i réim Scannláin Mhóir (bás c. 643), ámh, bhí rítheaghlach Dhál Bhirn arís i gceannas, cé go raibh ó an go ham roinnt coimhlinte eatarthu.[29]
Déanach na seachtú haoise, tharla achrainn idir na hOsraí agus a gcomharsana i n-oirdheisceart na Laigean, go háirithe in éadan mhuintir Uí Chinnsealaigh. I lár na hochtú haoise, bhí Anmchadh mac Con Chearca ina rí is gníomhaí sa Mhumhain, agus an chéad rí ar thug na hannálaithe faoi deara é.[30]
Tar éis bhás Anmchadha sa bhliain 761, tharla cath cathartha i nOsraí agus tháinig i gcoróin sa deireadh Tuaim Snámha mac Flainn, oidhre as ginealach eile. Tóim Snáma was opposed by the sons of , and presumably . Sa bhliain 769, bhuaigh Tuaim in éadan mhic Ceallaigh mhic Fhaolchair (bás 735) agus is amhlaidh Dúnghal (bás 772) ina measc, agus chuir sé an ruaig orthu.[31] Sa bhliain 770, maraíodh é ámh, ag Dúnghal a chomharba is dóigh.[32]
Bhí na heaglaise faoi bhláth le linn na tréimhse seo. Feictear cléirigh suntasacha as Osraí sna hannála, agus bhain mar shampla, Naomh Fearghal, cáil idirnáisiúnta amach mar réalteolaí agus easpag Salzburg san Ostair an lae inniu. Maraíodh ámh easpag Laidcnén mac Doinennach, abb Saighre sa bhliain 744.[33]
Sna naoú agus luath deichiú haoiseanna, a bhuí rochtan thar haibhneacha na Feoire, na Siúire agus na Barú, lonnaigh Lochlannaigh ar agus timpeall teorannacha na nOsraí.[17] Tharla coimhlint idir na Gaeil agus na Lochlannaigh ar an Siúir chomh luath is an bhliain 812, agus sa bhliain 825, Shell loingeas mór feadh na Feoire agus na Bearú, inflicting a devastating rout on the Osraí.[34] Bhunaigh Rodolf mac Harald Klak longphort ag Dunrally ar an teorainn le Laois, idir na blianta 850–62.[35] Lonnaíodh longphoirt eile ag Baile na Coille[36] (c.830–860) agus Port Láirge sa bhliain 914. As an achrann seo uile, tháinig Osraí slán agus leath-neamhspleách i ndeisceart na hÉireann faoi lár na naoú haoise, le linn réimeas fada Chearbhaill mhic Dúnlainge (833 - 888).[37]
Oirdheisceart na hÉireann c. 900. Léirítear teorannacha na nOsraí le línte poncaithe.
Fair dheireadh na 10ú haoise, tharla coimhlint idir na hOsraí agus rí uaillmhianach an Dáil Chais, Brian Bóramha, a d'éirigh ina Ardrí siar maraíodh é ag Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. Níor ghlac na hOsraí páirt sa chath úd, ach tá scéal ann in Cogad Gáedel re Gallaib ina insítear gur thug siad a ndúshlán gaiscígh gortaithe an Dáil Chais ar a shlí abhaile. Is amhrasach é fíoras an scéil seo, dar le roinnt scoláirí, óir gur bolscaireacht í an fhoinse seo.[42][43]
Agus meath tagtha ar bhagairt na Lochlannach, tháinig go leor ríochtaí beaga faoi smacht na ríochtaí móra, agus monarcacht láraithe á fhorbairt mar ba ghnáth cé go fuilteach. Bhí tacaíocht na nOsraí in ann iarracht ar an ard-ríogacht a chur chun cinn nó ó rath, cé nach ndearna ríthe na nOsraí féin a leithéid d'iarracht.
Bhain an ríocht barr a réime amach faoi Dhonnchadh mac Giolla Phádraig, rí is cumhachtaí na nOsraí, d'fhéadfaí a rá. Rinne sé creach ar an Mí agus Áth Cliath, agus threascair sé na Laigin sa bhliain 1033. Shocraigh sé Aonach Charmáin agus bhí sé ina rí sa dá ríocht go dtí a bhás sa bhliain 1039. Sna blianta 1085 agus 1114, ámh, dódh cathair Chill Chainnigh.[44]
Tharla athruithe móra i gcaitheamh eagar agus cleachtaí na heaglaise Éireannaí, ag ailíniú le gluaiseacht leasú Ghréagóra a bhí ar siúl ar an mór-roinn. Go suntasach, tharla Sionad Ráth Bhreasail, mar chuid den ghluaiseacht seo i dtuaisceart Osraí sa bhliain 1111.[45]
Faoin luath-12ú haois, bhí Cath cathartha ar siúl sa rítheaghlach agus scaradh an ríocht ina trí chuid. Sa bhliain 1103, maraíodh Giolla Pádraig Rua agus mórán dá mhuintir ar feachtas i dtuaisceart Éireann.[46] Tháinig ansin beirt éilitheoirí Mhic Giolla Phádraig chun cinn: Domhnall Rua i 'dTuaisceart Osraige' nó 'Leath Osraige'; agus Cearbhall i 'nDeisceart Osraige'. I dteannta sin, d'fhógair dhá chlann a neamhspleáchas ar riail Mhic Giolla Phádraig, mar a bhí, Uí Caollaí as Magh Lacha agus Uí Foirchealláin as Osraí is faide ó thuaidh.[47] Thart timpeall ghleann torthúil na Feoire, níos seasmhaí a bhí an scéal, agus tugtar go minic sna hannála ach "Osraige" ar an áit.
In ainneoin a scartha, bhí neart cumhachta fós ag na hOsraí na Laigin a chloí.[48] Mar chúiteamh, rinne an Ardrí Muircheartach Mac Lochlainn ionsaí orthu le slua mór sa bhliain 1156. Scrios sé an ríocht ó bhun go barr, agus chuir sé go hoifigiúil faoi smacht na Laighean í.[49]
Bhí ardú achrainn idir hOsraí agus na Laigin roimh ionradh Na Normannach. Sna 1150í, rinne an tArdrí high king Muirchertach Mac Lochlainn ollscrios ar Osraí, ag sí is ag creachadh an ríocht go léir, agus á chur faoi smacht Laigin. Is suntasach é gur cuireadh ar altramas chuig tuaisceart Osraí, i gcríocha Uí Caollaí, Diarmaid mac Murchadha, a bheadh lá breá éigin ina rí Laighean agus a thugfadh cuireadh dosna Normannaigh go hÉirinn. Mar rí, tháinig sé go mion minic chun cumhacht na nOsraí a thabhairt i gcás. Tar éis dheoraíocht agus filleadh ar ais mhic Murchadha sa bhliain 1167, cuireadh leis an teannas idir na hOsraí agus na Laigean, óir gur dalladh Éanna, mac agus rídhamhna mhic Murchadha ag Donnchadh Mac Giolla Phádraig, rí Osraí.[50]
Tháinig an chéad arm amhas mhic Murchadha faoi cheannas Robert FitzStephen i dtír gar de theorainn Osraí ag Banú. Gabh siad Loch Garman agus d'ionsaigh ar an dtoirt hOsraí, ag tógáil gialla mar comhartha géillte.[51] Níos déanaí fós, tháinig arm cúnta faoi Raymond FitzGerald (le Gros) i dtír ag Port Láirge, agus bhuaigh coimheascar in aghaidh na n-áitreabhach.[52] Faoin mbliain 1169, bhí Strongbow féin tagtha i dtír ag Port Láirge le slua mór. Phós sé iníon mhic Murchadha, Aoife, agus rinne sé slad ar an gcathair.[53]
Níos dearanaí an bhliain úd, tharla cath mór sna coillte i nOsraí gar d'Achadh Úr nuair a chloígh mac Murchadha agus a chomhghuaillithe faoi cheannas Robert FitzStephen, Meiler FitzHenry, Maurice de Prendergast, Miles FitzDavid, agus Hervey de Clare (Montmaurice), arm níos mó faoi Domhnall Mac Giolla Phádraig, rí Osraí, tar éis chúlaithe bhréagaigh i rith chatha trí lá.[54][55] Go gairid ina dhiaidh sin, thréig de Prendergast agus a bhuíon Phléimeannach ó champa mhic Mhurchadha agus sheas sé le harm Domhnaill i nOsraí, sulfar fhág sé an tír le feadh tamaill.[56]
Sa bhliain 1170, fuair mac Murchadha bás, agus d'éirigh Strongbow ina rí de facto na Laighean, agus Osraí san áireamh, dar leis. Rinne Strongbow agus Mac Giolla Phádraig conradh ag Bábhún Ó nDuach, áit a tharrtháil de Prendergast rí na n Osraí ó dhúnmharú fealltach.[57] Ina dhiaidh sin, rinne Strongbow agus arm Uí Bhriain ionsaí ar Osraí.
Sa bhliain 1171, tháinig Anraí II Shasana i dtír ag Cuan Phort Láirge le slua Sasanach ar cheann dá leithéid is mó ar tháinig go hÉirinn riamh. Ar bhruach na Siúire, ghéill d'Anraí go leor ríthe agus taoiseach as deisceart na tíre, rí Thuaisceart Osraí, Domhnall Mac Giolla Phádraig, san áireamh.[58] Sa bhliain 1172, bhronn Strongbow tailte i nAchadh Bhó, tuaisceart Osraí, ar an eachtránaí Normannach, Adam de Hereford.[59]
B'éigean d'Anraí filleadh ar ais go Sasana tar éis dúnmharú Thomas Becket agus Éirí Amach 1173–74, ach lean an comhrac ar aghaidh i nOsraí. Rinne Raymond FitzGerald creach ar Uíbh Fhailí, agus chuaigh sé trí Osraí ansin ar a shlí chun cath cabhlaigh a bhuachan ag Port Láirge. Chloígh ansin slua as Áth Cliath Hervey de Clare i Osraí.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/028.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantús na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di.
Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige An Cholóim Bhriotanach, Ceanada, idir é agus Stát Washington.
Stát daonlathach liobrálach is ea na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh.
Ceaptar gurbh as an Áise a tháinig sinsir bhundúchasaigh Mheiriceá go dtí an tOileán Úr. Thosaigh siad ag lonnadh ann am éigin i ndiaidh 12,000 RC. D'éirigh le roinnt phobal bundúchasach leibhéal an-ard cultúrtha a bhaint amach i gcúrsaí curadóireachta, ailtireachta agus státaireachta, cosúil le cultúr Mississippi a bhí faoi réim sna blianta 1500-800 RC, a bheag nó a mhór.
I 1492, shroich an taiscéalaí Genovach Criostóir Colambas, a bhí faoi chonradh ag Coróin na Spáinne, roinnt oileán i Muir Chairib. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil mar Naomh Breandán agus Lochlannaigh ann roimhe ón Eoraip. (Tá sé cinnte go ndeachaigh na Lochlannaigh chomh fada sin ó dheas le Talamh an Éisc). Sna blianta i ndiaidh theacht Cholambais, pé ar bith scéal é, fuair formhór na ndaoine dúchasacha bás de bharr eipidéimí na ngalar Eoráiseach.
Ar 2 Aibreán 1513, tháinig an conquistador Spáinneach Juan Ponce de León i dtír ar "La Florida," mar a bhaist sé air. Ba é sin an chéad teacht Eorpach ar mhórthír na Stát Aontaithe a bhfuil tásc air sna cáipéisí. As na coilíneachtaí bunaithe sa réigiún ag an Spáinn, ní mhaireann ach St. Augustine, a bunaíodh sa bhliain 1565, sa lá atá inniu ann. Chruthaigh trádálaithe Francacha na bhfionnaigh urphoist timpeall na Lochanna Móra; sa deireadh d’éiligh an Fhrainc an chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh go dtí Murascaill na Meicsiceo sa deisceart. Ba iad Coilíneacht Virgina, a bunaíodh i Jamestown i 1607, agus Coilíneacht Plymouth na n-Oilithreach, a bunaíodh i 1620, ceann de céad áiteanna lonnaithe rathúla na Sasanach. Bhí a lán inimirce de thoradh chairtfhostú na Coilíneachta Bhá Mhassachusetts i 1628. Thairis sin, bhí Sasana Nua lonnaithe le timpeall 10,000 Piúratánach faoin mbliain 1634. Idir deireadh na 1610-idí agus Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá, chuir timpeall 50,000 ciontach go dtí na coilíneachtaí a bhí ag Sasana, agus níos moille an Bhreatain Mhór, i Meiriceá. Thosaigh muintir na hOllainne ag bunú áite lonnaithe feadh theorainn theas Abhann Hudson, Amsterdam Nua ar Oileán Manhattan san áireamh. Bunaíodh áit lonnaithe beag le taobh na nAbhann Delaware i 1638, dár n-ainm An tSualainn Nua, ach glacadh an áit sin ar láimh leis na hOllannaigh i 1655.
I 1674, bhí na Sasanaigh i gceannas ar na sean-choilíneachtaí Ollannacha; mar sin, athraíodh ainm chúige Nua Ísiltír go dtí Nua-Eabhrac agus New Jersey. Tháinig a lán seirbhísigh féichiúnaigh go dtí an tír – go háirithe sa deisceart. Idir 1630 agus 1680 bhí dhá thrian de na hinimircigh ina seirbhísigh féichiúnaigh. Ag críoch na haoise, bhí sclábhaithe Afracacha ag éiriú príomh-fhoinse an saothair banna. Chruthaigh na 13 coilíneacht Bhriotanacha, a n-éireodh Stáit Aontaithe Mheiriceá, le deighilt na Carolinas i 1729 agus coilíniú Georgia i 1732. Bhí rialtais áitiúla ag gach coilíneacht agus chomh maith leis sin bhí ciall an fhéinrialtais acu le tacaíocht do phoblachtachas. Bhí trádáil na sclábhaithe Afracach dleathach sna 13 coilíneacht, leis. Le hardrátaí beireatais, rátaí báis ísle agus inimirce seasta, dhúbáil daonra na gcoilíneachtaí gach 25 bliain. Faoin mbliain 1770, bhí 3 mhilliún duine ina gcónaí sna coilíneachtaí – timpeall leath dhaonra na Breataine. Cé go ngearrfaí cánacha orthu, ní raibh aon ionadaithe féin acu sa Pharlaimint i Londain—"diabhal cánacha gan ionadaíocht", mar a dúirt na ceannairceoirí féin.
Bhí a lán teannais idir muintir na gcoilíneachtaí agus na Sasanaigh i rith an tréimhse réabhlóidigh (1760-1770). Mar sin, tháinig Comhdháil Mhór-Roinn i bhPhiladelphia ar 14ú Iúil, 1775 agus chruthaigh siad an tArm Ilchríochach as na mílístí áitiúla. Cuireadh na fórsaí faoi cheannas George Washington. Ghlac an Chomhdháil leis an bhFógra Neamhspleáchais ar 4ú Iúil, 1776. Dar leis an bhFógra, "cruthaítear gach fear go cothrom" agus tá "cearta doshéanta áirithe" acu. Bhí an Fógra dréachtaithe le Thomas Jefferson agus ghlaoigh sé "stáit" ceannnasachta ar na coilíneachtaí.
I 1777, glacadh Airteagail na Cónaidhme a aontaigh na stáit faoi rialtas feidearálach lag. Mhair sé sin go dtí 1788.
D’éalaigh idir 70,000-80,000 daoine a bhí dílis don Choróin Bhriotanach, a lán acu ag tabhairt aghaidh ar Nova Scotia agus na críocha Briotanacha nua i gCeanada. Maidir leis na Meiriceánaigh dhúchasacha, throid siad ar dhá thaobh an chogaidh.
Ceithre bliana níos moille, sa bhliain 1787, eagraíodh coinbhinsiún bunreachtúil. Bhí sé ar intinn ag na teachtaí rialtas náisiúnta láidir a chruthú.
I 1791, daingníodh Bille na gCeart, is é sin, deich leasú a cuireadh leis an mBunreacht. Thug na leasuithe sin roinnt chosaint dhlíthiúil do na daoine – mar shampla, ní raibh cead ag an rialtas feidearálach srianta a chur ar shaoirse phearsanta na ndaoine. Bhí clásal sa Bhunreacht ag cosaint na sclábhaíochta suas go dtí 1808. Ach bhí dearcaigh faoi sclábhaíocht ag athrú, áfach. Mar sin, dhíothaigh na Stáit Thuaidh an sclábhaíocht idir 1780 agus 1804. Ach fós mhair na stáit sa deisceart mar chosantóirí na "hinstitiúide aisteach" seo. I 1800, bhog an rialtas feidearálach go dtí an chathair nua, Washington, D.C.
Forógra na Saoirse le John Trumbull (1817–18)
I rith an naoú haois déag, thosaigh na Meiriceánaigh ag bogadh siar agus mar sin bhí a lán cogadh idir iad féin agus na Meiriceánaigh dúchasacha. I 1803, cheannaigh an t-Uachtarán Thomas Jefferson a lán críocha ó na Francaigh ("An Ceannach Louisiana") agus de réir sin, dúbhaileadh méid an náisiúin. Chomh maith leis sin, tharscaoil An Spáinn talamh timpeall Florida mar gheall ar ionsaithe ó na fórsaí Meiriceánacha sa cheantar. I 1845, fuair an tír Poblacht na Texas, leis. Sínigh na Stáit Aontaithe Conradh an Oregan leis na Sasanaigh agus de bharr sin, fuair siad smacht thar Iarthuaisceart Mheiriceá. Bhuaigh na Stáit Aontaithe an Cogadh Meicsiceo-Meiriceá freisin agus fuair siad California agus a lán talaimh in Iardheisceart na tíre. Idir 1848-49, cheap a lán daoine go raibh ór i gCalifornia agus bhí níos mó inimirce siar. De dheasca sin, tógadh iarnróid nua. Ach bhí dochar ag baint leis sin mar maraíodh suas go 40 milliúin bison Meiriceánacha dona gcraiceann, bhfeoil agus chun spás a chruthú do na hiarnróid. Bhí sé sin go huafásach do chultúr na nIndiach ar na plánaí mar ba phríomh-seift iad na bison dóibh.
Bhí a lán teannais idir na saorstáit agus na stáit sclábhaíochta. Chomh maith leis sin bhí easaontais faoin gcaidreamh idir an rialtas stáit agus an rialtas feidearálach. I 1860, toghadh Abraham Lincoln, iarrthóir don Pháirtí Poblachtach a bhí i gcoinne sclábhaíochta. Sar a ndeachaigh sé i mbun dualgas, d’fhógair seacht stát sclábhaíochta a neamhspleáchas ó na Stáit Aontaithe agus chruthaigh siad Stáit Cónaidhme Mheiriceá. Dhearbhaigh an rialtas feidearálach gur scaradh mídhleathach a bhí ann. Nuair a ionsaíodh Dún Sumter, thosaigh Cogadh Carthartha Mheiriceá agus chuaigh ceithre stát eile i gcomhar leis an gCónaidhm. Saoradh na sclábhaithe cónaidhme agus a bhog fórsaí an Aontais tríd an Deisceart. Tar éis bua an Aontais i 1865, cuireadh trí leasú le Bunreacht na Stát Aontaithe a shaor beagnach ceithre milliúin Meiriceánaigh Afracacha a bhí ina sclábhaithe. Anois, ba shaoránaigh iad na Meiriceánaigh Afracacha agus bhí cead acu vótáil. Mar gheall ar an chogaidh, bhí níos mó cumhachta ag an rialtas feidearálach.
Ceann de na gníomhartha deireanach den Chogadh Carthartha ná feallmharú an Uachtaráin Lincoln. De thoradh sin, d’éirigh polasaithe na hAtógála, sin polasaithe an Pháirtí Phoblachtaigh níos radacaí. Chríochnaigh Ré na hAtógála leis an gComhréiteach i 1877. Réitigh an Comhréiteach sin an díospóid maidir le toghchán an uachtaráin i 1876. Ach chaill mórán Meiriceánach Afracacha a gceart vótála, áfach, de bharr dlí Jim Crow. I dtuaisceart na tíre tharla a lán inimirce agus de dheasca sin, thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch. Mhair an plódú inimirce sin go dtí 1929. Sholáthair an lucht oibre sin saothar do ghnóthlachtaí Meirceánacha agus d’athraigh sé an cultúr Meiriceánach. Ceannaíodh Alasca ón Rúis sa bhliain 1876 agus ansin bhí fairsingiú na tíre trasna na mór-roinne críochnaithe. Sa bhliain 1893, bhris grúpa Meiriceánaigh an mhonarcacht dhúchasach in Haváí agus sa bhliain 1898 rinneadh nasc-ghabháil ar an oileánrach.
Ag tús an Chéad Chogaidh Domhanda i 1914, bhí na Stáit Aontaithe neodrach. Rinne na Meiriceánaigh comhbhrón leis na Sasanaigh agus leis na Francaigh, ach bhí a lán saoránaigh, go háirithe Éireannaigh agus Gearmánaigh i gcoinne idirghabhála. Ach i 1917, ghlac na Stáit Aontaithe páirt sa chogadh leis na comhghuaillithe. Níor theastaigh ó na Stáit Aontaithe a bheith gafa i gcúrsaí Eorpacha, agus mar sin, níor daingníodh an Seanad an Conradh Versailles. Chruthaigh an Conradh sin Conradh na Náisiún.
I 1920, bhí bua ag gluaiseacht na mban mar chuir leasú leis an mbunreacht a dheonaigh vótáil chomhchoiteann dhíreach do mhná. As siocair a gcuid seirbhíse sa chogadh, fuair Meiriceánaigh dhúchasacha saoránacht Mheiriceánach de réir Acht Saoránachta na n-Indiach, 1924.
Grianghraf cáiliúil ó thréimhse an Spealta Mhóir: Migrant Mother le Dorothea Lange (1936)
I rith an chuid is m ó de na 1920idí, bhain na Stáit Aontaithe sult as rathúnas míchothrom mar d’ísligh brabúis feirme agus d’fhás brabúis tionsclaíochta. Ba iad ardú i bhfiach agus stocmhargadh boilscitheach príomhchúiseanna na tuairte i 1929. Ba é an tuairt sin a chur tús leis an Spealadh Mór. Toghadh ina hUachtarán Franklin D. Roosevelt i 1932 agus chruthaigh sé an Beart Nua. Iomad polasaí a bhí ann a mhéadaigh idirghabháil an rialtais san eacnamaíocht. Bhí a lán feirmeacha ar míbhail sna 1930idí de réir an Babhla Deannaigh. De dheasca sin, tharla a lán inimirce nua thiar. Ní bhfuair an tír biseach ón spealadh go dtí go ndeachaigh siad isteach sa Dara Cogadh Domhanda. Cé go raibh na Stáit Aontaithe neodrach go héifeachtach i rith céime luath an chogaidh, thosaigh siad ag soláthar ábhair chogaidh do na comhghuaillithe i Mí Mhárta 1941 de réir an chláir Iasacht-Léas.
Ar an 7 Nollaig 1941,tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin. Ba é an dara Cogadh Domhanda an cogadh ba chostasaí ar fud stair Mheiriceá; ach fós mhéadaigh eacnamaíocht na Stáit Aontaithe mar cruthaíodh a lán infheistíochtaí agus post. Tionóladh comhdháil chomhghuaillithe i mBretton Woods agus i Yalta agus tugadh mionchuntas ar córais idirnáisiúnta nua a chuir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach i lár cúrsaí domhain. I ndiaidh bua san Eoraip, tionóladh comhdháil idirnáisiúnta i San Francisco a sholáthair Cairt na Náisiún Aontaithe. Ba í Meiriceá an chéad tír ar domhain chun airm núicléacha a fhorbairt agus d’úsáid siad na hairm sin ar dhá chathair sa tSeapáin, Hiroshima agus Nagasaki, i Mí Lúnasa. Ghéill an tSeapáin ar an dóú de Mheán Fómhair agus chuir sé sin críoch leis an gcogadh.
Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/029.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
GULag
Seasann an giorrúchán Rúisise ГУЛаг nó GULag do Главное управление лагерей/Glavnoye upravleniye lagerey, is é sin, Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. Bhí a leithéid sin d'údarás i mbun riarachán na gcampaí géibhinn san Aontas Sóivéadach nuair a bhí Stalin i gceannas ar an tír sin. Is gnách, áfach, "Gulag" a thabhairt sa ghnáthchaint ar chóras iomlán na gcampaí géibhinn.
Sa Bhéarla, tugtar gulag ar aon champa amháin, the gulags ar an gcóras iomlán. Níl an úsáid seo bunaithe ar an Rúisis, áfach. "An Crios" nó "an Limistéar" (зона/zona as Rúisis) a thugadh muintir an Aontais Shóivéadaigh ar chóras na gcampaí. De réir mar a tháinig tuiscint ag muintir an stáit Shóivéadaigh ar an mbrúidiúlacht a bhain leis an stát s'acu go hiomlán, thosaigh siad ag tabhairt великая зона/velikaya zona, "an Crios Mór" nó "an Limistéar Mór", ar an Aontas Sóivéadach féin, agus an chiall ag dul leis an úsáid seo nach raibh mórán difríochta idir saol na gcampaí géibhinn agus an leagan Sóivéadach den tsaoirse.
ceadúnas tiomána, 1941
Is é an téarma a bhí ag na príosúnaigh orthu féin ná зек/zek, agus é bunaithe ar na focail заключённый каналостроитель/zakliuchennyi kanalostroitel, is é sin, príosúnach ag gearradh canála. B'iad an chanáil ó Volga go Don agus an chanáil ón Muir Bhán go Muir Bhailt an dá mhórláithreán tógála ar a raibh príosúnaigh na gcampaí géibhinn ag obair sna fichidí. De réir a chéile, áfach, ghreamaigh an focal de na príosúnaigh uile.
Bhí cineálacha éagsúla de champaí ann. B'é an campa daorbhroide an cineál ba choitianta, ach thairis sin, bhí ionaid speisialta (шарашка/sharashka) ann do na saineolaithe ina raibh siad ag déanamh taighde don Stát, go háirithe ar mhaith leis na fórsaí armtha. Chuirtí daoine folláine i ngealtlanna (психушка/psikhushka) ar chúiseanna polaitiúla—cleachtas a d'éirigh i bhfad níos coitianta i ndiaidh ré Stalin. Bhí campaí speisialta ann do pháistí (nó ní raibh sé as an ngnáth páistí a chimiú san Aontas Sóivéadach), do mháithreacha a raibh leanaí óga acu, agus do dhaoine easlána. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí campaí ar leith ann do "mhná céile na bhfealltóirí", fiú—is é sin, mná céile na gcimí polaitiúla. I gcampaí áirithe, chuirtí príosúnaigh i mbun oibreacha a raibh an radaighníomhaíocht ag roinnt leo, ag baint úráiniam as an talamh mar shampla, nó ag glanadh iarsmaí na dtástálacha adamhacha.
Príosúnaigh ag obair - 1936-1937
B'é an scríbhneoir Aleksandr Solzhenitsyn a chuir an focal féin i mbéal an phobail leis an leabhar millteanach staire a d'fhoilsigh sé sna seachtóidí, mar atá, Архипелаг ГУЛаг/Arkhipelag GULag, is é sin, Oileánra GULag, nó níos fearr as Gaeilge, Oileánra na gCampaí Géibhinn. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air ar son an leabhair.
Clár ábhair
Bhí campaí daorbhroide á gcur ar bun ón mbliain 1918 ar aghaidh, agus iad sách cosúil le coilíneachtaí daorbhroide (katorga) den chineál a bhí ann le linn na hImpireachta Rúisí féin. B'iad an dá phríomhshaghas ná campaí speisialta Cheka agus gnáthchampaí daorbhroide (seasann an giorrúchán Rúisise Cheka nó Vecheka do "Choiste Seachbhreithiúnach na hUile Rúise", is é sin, coiste ar bronnadh cumhachtaí neamhghnácha air le troid a chur ar naimhde polaitiúla na mBoilséiveach). Bhí cineálacha éagsúla daoine á gcoinneáil sna campaí seo a fuarthas dainséarach nó damáisteach don stát Sóivéadach, ar nós státseirbhísigh a bhí á milleánú faoi chúigleáil nó faoi shabaitéireacht, chomh maith le daoine uaisle, fir ghnó, tiarnaí talún agus naimhde polaitiúla.
Meastar, áfach, nár tháinig an córas sin "Gulag" ar an bhfód i gceart roimh an mbliain 1929. B'ansin a d'eisigh Sóivéid na gCoimiseár Pobail (Sovnarkom) reacht rúnda ar an 11ú lá de Mhí Iúil, 1929, faoi úsáid na pianseirbhíse do leas an stáit. Ós rud é gurb é an páirtí a shocraíodh na cúrsaí san Aontas Sóivéadach, ní raibh ann go bunúsach ach feidhmiú na comhairle ar ar chinn Biúró Polaitiúil an Pháirtí ar an 27ú lá de Mhí an Mheithimh roimhe sin. Leis an reacht seo a chur i gcrích, cuireadh GULag féin ar bun, mar bhrainse de rúnseirbhís na Rúise nó OGPU (Obyedinennoye glavnoye politicheskoye upravleniye nó "Príomh-Údarás Aontaithe Polaitiúil an Stáit"), ar an 25ú lá de Mhí Aibreáin, 1930, de réir an ordaithe a tháinig ó Shóivéid na gCoimiseár Pobail ar an 7ú lá den mhí chéanna. Ar dtús, b'é an giorrúchán a d'úsáidtí ná ULag. hAthaimníodh an t-údarás i Mí na Samhna sa bhliain chéanna.
I dtús na dtríochaidí, thosaigh daonra na gcampaí géibhinn ag fás go sciobtha, agus daoine á ngabháil agus á gcaitheamh i dtóin phríosúin i bhfad níos mó ná roimhe sin. Nuair a tháinig lá an Sceimhle Mhóir (1937-1938), agus an purgú mór ag siúl ar an bPáirtí Cumannach féin, chuaigh na príosúnaigh chun líonmhaireachta arís eile. Sna blianta sin, bhí na céadta míle daoine á ndaoradh chun príosúnachta ar an tsiocair go raibh siad ag plé le "frithréabhlóideachas", mar a leagadh amach é i bParagraf Caoga a hOcht ar dhlí coiriúil na bpoblachtaí Sóivéadacha. B'í Mír a Deich den pharagraf seo ba mhó a dhaor daoine, is é sin, an mhír faoi "bholscaireacht fhrithréabhlóideach". Aon duine a déarfadh rud éigin faoin bPáirtí agus místá air, d'fhéadfaí é a mhilleánú faoi "bholscaireacht fhrithréabhlóideach".
Gulag Kolyma, 1934
Bhí cuid de na staraithe den tuairim, roimhe seo, go raibh cúiseanna eacnamaíocha leis an dóigh a rabhthas ag cimiú daoine san Aontas Sóivéadach sna tríochaidí. Bhí an stát Sóisialach le tógáil, agus ní thógfaí gan obair na ndaor é. Níl mórán taighdeoirí ag tacú leis an teoiric seo a thuilleadh, ó hosclaíodh cartlanna na Rúise dóibh sna nóchaidí. Mar sin féin, bhí forbairt na gcampaí géibhinn ag leanúint fhorbairt na heacnamaíochta san Aontas Sóivéadach. Tháinig borradh ar na campaí agus ar an tionsclaíocht faoin am céanna.
Mar sin, bhaintí úsáid fhorleathan as na cimí le héachtaí eacnamaíocha a chur i gcrích. Bhítí ag baint acmhainní nádúrtha as an talamh, ag tabhairt cúlriasca na tíre chun míntíreachais agus ag tógáil infreastruchtúr mórscála, ar nós canálacha, dambaí agus monarchana. Sna blianta 1931-32, bhí thart ar dhá chéad míle duine á gcoinneáil sna campaí, ach i lár na dtríochaidí, bhí an ceithre oiread sna campaí, agus trí chéad duine eile sna coilíneachtaí peannaideacha. Nuair a bhí na tríochaidí ag druidim chun deireanais, bhí thart ar mhilliún agus trí chéad míle duine sna campaí.
daorobair
I ndiaidh an ionsaí a rinne Hitler ar an Aontas Sóivéadach sa bhliain 1941, thosaigh daonra na gcampaí ag dul i laghad arís. Bhí saighdiúirí ag teastáil leis an namhaid míthrócaireach a stopadh, agus bolscaireacht thírghráúil á déanamh ar fud na tíre, na campaí géibhinn san áireamh. Bhíothas ag áitiú ar na cimí a n-urraim don tír dhúchais a thaispeáint i bpáirc an áir. Is iomaí duine acu a thug aird ar an mbolscaireacht agus a chuaigh chun cogaidh lena onóir a fháil ar ais. Ní mórán de na daoine seo a tháinig slán as, nó ba nós iad a chur san áit ba mhó dainséir, agus iad ag troid i gcathláin speisialta pheannaideacha. Na cimí a d'fhan thiar sna campaí, shiúil an bás orthusan chomh maith sna blianta 1942-43, nó bhí an tír go léir i ndubhfhaopach, agus an bia gann.
I ndiaidh an chogaidh, d'fhás daonra na gcampaí arís eile. Na saighdiúirí Sóivéadacha a ghéill iad féin do na Gearmánaigh, ní raibh ach meas an fhealltóra ag Stalin orthu. Izmenniki rodiny nó fealltóirí ar thír a ndúchais a tugadh orthu go hoifigiúil. Mar sin, cuireadh sna campaí géibhinn iad. Nuair a tháinig na saighdiúirí Sóivéadacha chun fortachta do na príosúnaigh i gcampaí gáis Hitler, is iomaí cime Sóivéadach ansin a cuireadh i gcampa de chuid Stalin ina dhiaidh sin. Duine acu seo, thabharfadh sé croí isteach d'fhear a chomhdhúchais a ruaig na séiléirí agus a d'oscail an doras dó, agus an bheirt acu suite siúráilte gurb í an tsaoirse í anois. Ansin, áfach, thiocfadh lucht na rúnseirbhíse, agus iad ag "cur ceastóireachta" ar chimí den chineál seo—agus as go brách go dtí na campaí Sóivéadacha le mo dhuine.
Níorbh é sin an t-aon chúis leis an dóigh a ndeachaigh daonra an "oileánra" in airde i ndiaidh an chogaidh. Nó is amhlaidh go raibh gorta ag siúl ar cheantair áirithe na tíre, agus ainriail is anord ag teacht sna sálaí ag an ocras. Leis an anord sin a choinneáil faoi smacht, chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na láimhe láidire. Is é sin, cuireadh le déine na ndlíthe in aghaidh gadaíochta, agus iad siúd a bhí ag goid bia lena n-ocras a shásamh, ba sciobtha a fuair siad iad féin i gcampa daorbhroide.
Is iomaí Polannach, Eastónach, Laitviach agus Liotuánach a chaith seal i gcampaí géibhinn an Aontais Shóivéadaigh, nó bhí tíortha dúchais na náisiúntachtaí seo gafa ag na díormaí Sóivéadacha i ndeireadh an chogaidh. Bhí an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin nascghafa ag an stát Sóivéadach, agus theastaigh ó Stalin scothaicmí náisiúnta na dtíortha seo a chur de dhroim an tsaoil nó a chloí, le nach gcuirfidís isteach ar an Sóivéadú sna blianta a bhí le teacht. Maidir leis an bPolainn, ní raibh aon chineál freasúra ná frithbheartaíocht de dhíobháil air sa tír sin ach an oiread.
Fuair Stalin bás i Mí na Márta den bhliain 1953. Lean an Stát leis ag coinneáil córas na gcampaí géibhinn ag imeacht, seal, ach ansin, tosaíodh ar na cimí a scaoileadh saor ar chúla téarmaí. Gnáthchiontóirí ba mhó a bhí ag fágáil na gcampaí, ar dtús, nó bhí an chéad ollmhaithiúnas teorannaithe dóibh siúd nach raibh ach téarma cúig bliana, nó ní ba ghairide fós, le déanamh acu.
De ghnáth, bhí téarmaí ní b'fhaide á gcur isteach ag na cimí polaitiúla. Sa bhliain 1954, áfach, thosaigh na húdaráis ag oscailt na ndoras dóibh siúd freisin, agus ansin, tháinig athrú ar na cúrsaí. Cháin Nikita Khrushchev Stalin ina óráid rúnda ag an bhFíchiú hArd-Fheis de chuid Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh i Mí Feabhra, 1956. Ina dhiaidh sin, ní raibh sé indéanta ná ciallmhar ní ba mhó na cimí polaitiúla a choinneáil istigh, agus ba léir go raibh ré GULag ag druidim chun deireanais.
D'éirigh na cimí amach in aghaidh na n-údarás in áiteanna, go háirithe i gKengir i Mí na Bealtaine den bhliain 1954. Siúd is gur cloíodh Éirí Amach Kengir agus na ceannaircí eile den chineál seo le lámh láidir, threisigh siad leis an tuiscint a fuair an lucht rialtais féin ar chomh dodhéanta a bhí sé córas na gcampaí géibhinn a choinneáil beo a thuilleadh.
I ndeireadh na gcaogaidí, bhí córas na sluachampaí géibhinn ag imeacht go tiubh, siúd is go raibh na coilíneachtaí peannaideacha ann go fóill. Ar an bhfichiú lá de Mhí Eanáir, 1960, chuir ordú na Roinne Gnóthaí Inmheánacha GULag de dhroim an tsaoil go deifnideach.
leacht cuimhneachái, gulag Kolochava,
Meastar inniu go raibh thart ar fhiche milliún duine cimithe sna campaí géibhinn, agus gur cuireadh 1,606,748 duine chun báis, de réir na dtaifead oifigiúil. Na scológa, áfach, a tugadh ar shiúl óna mbólaí dúchais le cur fúthu i gcoilíneachtaí peannaideacha, dealraíonn sé go bhfuair 390,000 duine acu, ar a laghad, bás idir na blianta 1932 agus 1940, agus an droch-chaoi a bhí ar a saol san áit nua. Is léir gur fhág an campa an-ghoimh ar gach duine a chaith a sheal ansin, idir chorp agus intinn, agus gur giorrú beatha do chuid mhaith acu ab ea é.
Chaithfeadh na príosúnaigh cuótaí arda táirgiúlachta a chomhlíonadh, agus na séiléirí á gcéasadh go brúidiúil. Bhí an bia gann, agus is iomaí cime, go háirithe ó na poblachtaí Meán-Áiseacha nó ó chodanna eile teo an Aontais Shóivéadaigh, nach raibh in ann geimhreadh na Sibéire a fhulaingt. Bhí campaí ann ina bhfaigheadh ochtar cime as gach deichniúr bás i rith an chéad chupla mí.
De ghnáth, bhíodh na cimí ag leagan crann nó ag mianadóireacht, agus ba mhaslach an cineál oibre iad an dá chuid. An duine a bhí ag obair sna poill mhianaigh, ba dócha go gcaithfeadh sé 13,000 cileagram a thochailt in aghaidh an lae. Ní raibh aon duine in ann a leithéid d'éacht a chur i gcrích, agus mar sin, chaithfeadh na príosúnaigh dul i muinín cur i gcéill, nó tuftá, mar a thugtaí air as Rúisis—an cuntasóir a bhreabadh nó a mhealladh chun torthaí breise a bhreacadh síos dóibh.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/030.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Úsáidtear an téarma Impireacht na Rúise le tagairt a dhéanamh don ré stairiúil ó laethanta Pheadair Mhóir go dtí Réabhlóid na Rúise 1917. San am seo, tháinig fás agus borradh ar an Rúis mar stát, go dtí gur shín sí ón Muir Bhailt go dtí an tAigéan Ciúin. Tháinig deireadh deifnídeach leis an Impireacht nuair a mharaigh na Boilséivigh an tImpire deireanach, Nioclás a Dó, agus a theaghlach in Yekaterinburg, áit ar cuireadh ar díbirt é.
B'é ainm oifigiúil an stáit Rúisigh ná Impireacht na Rúise (Rúisis: Российская Империя - "Rossiyskaya Imperiya") ón mbliain 1721 go dtí an bhliain 1917. Ba í Cathair Pheadair príomhchathair na himpireachta, agus bhí an stát níos mó ná 22 mhilliún ciliméadar cearnach ar achar ag deireadh na naoú haoise déag. De réir dhaonáireamh na bliana 1897, bhí 128 milliún duine ina gcónaí sa tír. Chomh maith leis an tír atá ann inniu, bhí baint ag go leor tíortha leis an Rúis atá neamhspleách inniu, mar shampla an Fhionlainn, an Eastóin, an Liotuáin, an Laitvia, an Bhealarúis, an Úcráin, an Pholainn, an Mholdóiv, agus na tíortha Muslamacha i lár na hÁise ar a dtugadh na Rúisigh an Turcastáin.
Monarcacht oidhreachtúil ab ea an Impireacht Rúiseach, agus impire nó Sár i gceannas uirthi. Bhain na hImpirí deireanacha le ríshliocht Romanov. B'í Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir an reiligiún oifigiúil, agus b'í an Rúisis an teanga oifigiúil. Sa tréimhse sin, b'é "Go Soirbhí Dia don tSár!" (Rúisis: Боже, Царя храни!/Bozhe, Tsarya khrani!) an t-amhrán náisiúnta.
Glactar leis gurbh é Peadar Mór, nó Pyotr Alexeyevich Romanov, a rugadh sa bhliain 1672, a d'iompaigh an Rúis ina hImpireacht. Chaith sé tamall maith dá óige i gCeantar na nGearmánach nó Nemetskaya Sloboda, áit a raibh cónaí ar na coimhthígh i Moscó. Go bunúsach, bhí sé ar a sheachnadh ó na dúnmharfóirí ansin, nó bhí cúrsaí na comharbachta ina bpraiseach san am, agus lucht leanúna na bhfaicsean éagsúil sa chúirt ag marú na gcomharbaí a fuair tacaíocht na bhfaicsean eile. I measc daoine ó thíortha an Iarthair, chuir Peadar óg spéis i léann na dtíortha sin, agus nuair a bhí sé ina fhear óg, chuaigh sé ag staidéar innealtóireachta agus loingseoireachta san Ollainn, i Sasana agus in áiteanna eile. D'earcaigh sé cuid mhór saineolaithe freisin le léann na dtíortha sin a scaipeadh sa Rúis.
Nuair a d'fhill sé ar an Rúis, fuair sé a chuid saighdiúirí - na "lámhachóirí" nó streltsy - i mbun ceannairce, agus chuir sé an t-éirí amach faoi chois go cruálach. Spreag an cheannairc é, áfach, chun cuma nua a chur ar na fórsaí armtha freisin agus reisimintí nua-aoiseacha a bhunú in áit na streltsy sean-Rúiseacha.
Cosúil lena lán Sár Rúiseach, chuir Peadar cogadh ar an Tuirc, agus d'fhorghabh sé tailte nua don Rúis theas. I dtús na hochtú haoise déag, chuir sé ladar i gCogadh Mór an Tuaiscirt idir an tSualainn, an Danmhairg, agus an Pholainn. Mhair an cogadh seo go dtí an bhliain 1720, agus níor shaothraigh Peadar mórán air, amach ó thailte Oirthearacha na Fionlainne a bhí ag teastáil uaidh le haghaidh sábháilteachta dá phríomhchathair úrbhunaithe, Cathair Pheadair.
Ba le linn an chogaidh seo a bhunaigh sé an chathair, agus chuir sé d'fhiacha ar mhuintir na tuaithe timpeall ar an láithreán tógála an áit a ghlanadh agus na foirgnimh a thógáil. Bhí sé díreach cosúil leis an dóigh a mbíodh Stailín ag maslú na gcimí go héag le hobair, ach is gá a admháil gur éirigh le Peadar rud fónta a chur i gcrích ar an mbealach seo.
I ndiaidh Chogadh Mór an Tuaiscirt, gaireadh Impire na hUile Rúise de Pheadar. Cé go raibh ríthe na Moscóive ag tabhairt "Sár" (tsar) orthu féin le fada, teideal a bhí bunaithe ar ainm Iúil Caesar, níor tháinig an focal "Impire" (imperator) in úsáid sa Rúis roimh Pheadar.
I gcúrsaí riaracháin na tíre, chuir Peadar deireadh leis na prikazy, is é sin, na húdaráis láir a bhí bunaithe ag na Sáir roimh a lá féin le freastal ar chúrsaí éagsúla, agus chuir sé ranna rialtais den chineál Iartharach ina n-áit. Cheap sé tábla céimíochtaí do na maorlathaithe a bhí iontach cosúil le céimeanna na n-oifigeach airm, agus nuair a bhainfeadh an maorlathaí amach ceann de na céimeanna ab airde, bhronnfaí uaisleacht oidhreachtúil air. Cuid ab ea é seo d'iarrachtaí Pheadair cumhacht shean-uasalaicme na dtiarnaí talún a chloí agus uasalaicme nua na maorlathaithe a chur ina háit.
Rinne sé a dhicheall freisin leis an tionsclaíocht a fhorbairt, agus é ag bunú monarchana le tráchtearraí déantúsaíochta a tháirgeadh le haghaidh easpórtála. San am céanna, d'fhéach sé le hearraí iasachta a choinneáil amuigh ón margadh intíre le dleachtanna arda custaim. Is é sin, bhí sé ag cleachtadh an chineál polasaí ar a dtugtar marsantachas, polasaí is mó a shamhlaítear leis an tseachtú haois déag in Iarthar na hEorpa.
I gcúrsaí oideachais, bhí Peadar ag iarraidh léann agus innealtóireacht an Iarthair a chur in áit léann eaglasta na Críostaíochta Oirthearaí. Bhunaigh sé scoileanna le loingseoireacht, fisic, ceimic agus eolaíochtaí matamaiticiúla eile a theagasc. Mar sin, cuireadh tús le léarscáiliú na Rúise, go háirithe le taobhshúil ar acmhainní nádúrtha na tíre. D'fhéach Peadar freisin faisean na gcultacha agus na n-éadaí a thabhairt chun Iartharachais, agus chuir sé cosc, fiú, leis na féasóga fada a bhí traidisiúnta sa tír.
Níor fhág Peadar comharba ceart ina dhiaidh nuair a fuair sé bás sa bhliain 1725, i ndiaidh a shaol a chaitheamh ag ól, ag déanamh pléaráca agus ag bualadh craicinn. Ní raibh sé ábalta a mhac Alexey a thabhairt suas mar ba chóir, agus mar sin, ní raibh aon mhaith sa mhac mar ríchomharba. Thairis sin, ghlac an freasúra coimeádach eaglasta buntáiste ar an mac, agus iad míshásta le leasuithe a athar. Bhí siad ag iarraidh Peadar a chur ó chumhacht Nuair a fuair Peadar amach faoi seo, chaith sé a mhac i dtóin an phríosúin, áit ar bhásaigh sé.
I ndiaidh Pheadair, b'í a bhaintreach, Caitríona, ba thúisce a chuaigh i mbun na tíre, ach fuair sí bás i ndiaidh chupla bliain. B'é garmhac Pheadair, Peadar a Dó, a tháinig i gcomharbas uirthi. Ní raibh ann ach buachaill óg a tholg ulpóg a bháis sula raibh d'uain ag lucht na cúirte é a chorónú ina Impire. Ansin, b'í Áine (nó Anna Ioannovna), bandiúc Kurland agus neacht shean-Pheadair, a thosaigh ag rialú na tíre. Ní raibh inti ar dtús ach ban-Impire sealadach a raibh diansrianta lena cumhacht. Ní raibh sí sásta leis na srianta sin, áfach, agus nuair a chonaic sí an chéad áiméar, chaith sé lucht na comhairle rúnda sa phríosún. Ó bhí baint ag Áine le diúcacht Kurland sa Laitvia, d'fháiltigh sí chuici uaisle ón gcearn sin den domhan, agus fuair cuid mhór acu an-chéimíocht sa chúirt. Lucht labhartha Gearmáinise ab ea iad, mar ba dual d'uasalaicme na Laitvia, agus dímheas acu ar an Rúisis is ar nósanna na tíre. Mar sin, fuair na Rúisigh iad féin curtha i leataobh ina bpríomhchathair féin.
B'é leannán Áine, Ernst Johann von Biron, a bhí i gceannas ar lucht leanúna an bhanimpire, ach nuair a bhásaigh Áine, d'éirigh idir eisean agus peataí eile na caillí, ionas go ndearnadh príosúnach de. Bhí na cúrsaí comharbachta ina bpraiseach i gcónaí, agus is mar sin a d'fhan siad, go dtí go ndearna Éilís (Yelizaveta), deirfiúr Pheadair Mhóir, an chumhacht a fhorghabháil le láimh láidir i Mí na Samhna den bhliain 1741. Ó bhí Éilís bréan breoite de na Gearmánaigh a tharraing Áine isteach sa chúirt, ruaig sí chun na Sibéire iad, agus chuir sí Rúisigh dhúchasacha ina n-áit le gnóthaí na ríochta is an rialtais a rith.
Ní raibh Éilís féin róthugtha do ghnáthaimh an rialtais, nó b'fhearr léi pléaráca agus ragairne. Murab ionann is Peadar Mór, áfach, thuig sí go sármhaith chomh tábhachtach is a bhí cúrsaí na comharbachta, agus í ag iarraidh líne ghlan folaíochta ó Pheadar Mhór anuas a dhearbhú mar bhunchritéar don oidhre cheart Impiriúil. Ar an drochuair, roghnaigh sí an duine contráilte mar chomharba: Karl Peter Ulrich von Holstein-Gottorp.
Bhí fuil Pheadair Mhóir i gKarl Peter Ulrich ceart go leor, ach sin a raibh de. Nó siúd is gur mac deirféara do Pheadar a bhí ann, ní raibh focal Rúisise ina phluc, ná suim aige i gcúrsaí na Rúise. Nuair a tháinig an buachaill seo i réim sa bhliain 1761, agus Éilís básaithe, bhí an Rúis agus an Phrúis in adharca a chéile, agus Cogadh na Seacht mBlian faoi lán an tseoil. Bhí an Phrúis ag cailleadh fóid go tiubh, agus Feardorcha a Dó (Friedrich II), rí na Prúise, ar shéala géilleadh go neamhchoinníollach. Is amhlaidh, áfach, nach raibh i gKarl Peter Ulrich - nó Peadar a Trí, mar a thugtaí air ins an Rúis - nach raibh ann ach mionphrionsa Gearmánach. Mar ba dual do mhionphrionsa Ghearmánach, bhí sé ag dearcadh ar Rí na Prúise mar bhoc mór millteanach a raibh urraim agus dílseacht ag dul dó - ní raibh sé in ann a thuiscint go raibh sé féin ar aon leibhéal le Feardorcha anois, agus é ina Impire ar ríocht chomh fairsing leis an Rúis. Mar sin, d'éirigh Peadar a Trí as an gcogadh ar an toirt. Aon scraith talún de chuid na Prúise a bhí sealbhaithe ag díormaí na Rúise, thug Peadar ar ais d'Fheardorcha í, agus sin faoi chroí mhór mhaith.
Is beag an díol iontais é gur tharraing a leithéid d'fheillbheart míghnaoi an airm ar Pheadar a Trí. Gan mórán moille, chuaigh siad chun ceannairce air. Bhí siad i gcomhcheilg le Caitríona, bean Pheadair, agus í sásta iomlán na cumhachta a ghlacadh chuici féin, nuair a bhí an tImpire scuabtha i leataobh.
Gearmánach ab ea Caitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí sa Ghearmáin ar na saolta sin. Más amhlaidh féin, ghlac sí a dualgaisí impiriúla as pabhar dáiríre. Rinne sí a croídhicheall le haithne a fháil roimh ré ar an tír seo ina raibh sí le gnóthaí na banríona a dhéanamh. Má bhí Peadar a Trí dall ar fad ar theanga na Rúise, ní raibh Caitríona i bhfad ag tógáil na Rúisise, agus sa deireadh, bhí deis mhaith a labhartha aici sa teanga. Deirtear go raibh Rúisis bhorb bhríomhar na cosmhuintire aici go líofa, cé go dteipfeadh an ghramadach uirthi an chorruair. Cibé scéal é, bhí na Rúisigh sásta glacadh léi mar dhuine acu féin, agus rinne sí a cuid féin de chultúr na tíre, idir shuáilcí agus dhuáilcí. Ní raibh mórán suime aici riamh ina fear céile ó thaobh an chraicinn de, agus nuair a saolaíodh mac di i ndiaidh naoi mbliana pósta sa bhliain 1754, is iomaí tuairim a bhí ag lucht na caidéise faoi atharthacht an linbh. Bhíothas ag cogar, fiú, gur scológ de phór na Fionlainne a chuir an síol. San am seo, bhí cuid mhór scológa ag labhairt na Fionlainnise timpeall na cathrach i gcónaí. Fíor nó bréag é, ní bhfuair Caitríona an leanbh a thógáil í féin, nó b'í Éilís a ghlac uirthi féin an obair sin a dhéanamh. Pavel, nó Pól, a baisteadh ar an mbuachaill.
Sa bhliain 1762 a chimigh baicle d'oifigigh an Airm Peadar a Trí, agus fuair mo dhuine bás faoi imthoscaí doiléire go gairid ina dhiaidh sin. Gaireadh impire mná de Chaitríona, agus chrom sí ar a cuid oibre go dian díograiseach. Ós rud é gur Gearmánach a bhí inti ó dhúchas, rinne sí a dicheall gnaoi na Rúiseach a thabhú. Thug sí bata agus bóthar do na hoifigigh Phrúiseacha a bhí earcaithe ag a fear céile le haghaidh an airm, agus í ag cur saighdiúirí dúchasacha ina n-áit. Na tailte a choigistigh Peadar Mór, fuair an eaglais Cheartchreidmheach ar ais iad ó Chaitríona faoi chroí mhór mhaith, agus na heaglaisigh buíoch beannachtach astu. Nuair a corónaíodh ina Banimpire í, choisric siad í de réir an tsearmanais chéanna a bheadh ag dul d'aon impire fir.
Bhí Caitríona eolach ar smaointeachas forásach Iartharach na linne, ar nós fealsúna eagnaíochta na Fraince, a bhí ag cur síol na réabhlóide faoin am sin. Ó bhí a gcuid scríbhinní faiseanta mar lón léitheoireachta ag na maithe is na móruaisle, ní leis an réabhlóid a shamhlaigh Caitríona iad, ach le rialtas maith forásach, agus i dtús a réime rinne sí iarrachtaí áirithe an smaointeachas seo a chur i bhfeidhm ar an tír mar chuid dá gnáthobair rialtais.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/031.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Stát cumannach ab ea Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, nó An tAontas Sóivéadach (Rúisis: Союз Советских Социалистических Республик/Soyuz Sovetskikh Sotsialisticheskikh Respublik) agus é suite san Eoráise, a mhair ón mbliain 1922 go dtí an bhliain 1991. Ón mbliain 1945 go lá a scoir, bhí an tAontas Sóivéadach ina mhórchumhacht dhomhanda nach raibh ach na Stáit Aontaithe inchomórtais léi, agus bhí an dá thír seo ag déanamh téisclim chogaidh in aghaidh a chéile an chuid ba mhó den am i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
Is iomaí duine a shíleann gur tháinig an tAontas Sóivéadach ar an bhfód a thúisce is a shealbhaigh Vlaidímír Léinín agus na Boilséivigh an chumhacht sa Rúis, ach ní mar sin a bhí.
Mhair Cogadh Cathartha na Rúise a mhair ón mbliain 1917 go dtí 1922. Mar sin, níor fógraíodh an tAontas Sóivéadach sula raibh an cogadh thart le tamall maith anuas, ar an 30 Nollaig 1922. D'athraigh críocha geografacha na tíre ó am go ham, ach nuair a nascghabhadh Oirthear na Polainne, Oirthear na Rómáine (an Bheasaráib), an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin, chomh maith le críocha áirithe eile, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an tAontas Sóivéadach tar éis an chuid ba mhó de na tailte a fhorghabháil a raibh baint acu le hImpireacht na Rúise go gairid roimh an Réabhlóid. B'iad an Fhionlainn agus an Pholainn (a raibh fágtha di) an t-aon dá thír amháin nár nascghabhadh, cé gur cuid den Rúis a bhí iontu roimh an mbliain 1918.
Sa bhliain 1991, bhain na tíortha seo amach an neamhspleáchas, ach idir an dá linn, is iomaí cor éagsúil a cuireadh ina gcinniúint. Tá an Eastóin, an Laitvia, agus an Liotuáin ina mballstáit den Aontas Eorpach inniu. Na poblachtaí eile, is baill iad de Chomhlathas na Stát Neamhspleách, eagraíocht idirnáisiúnta a bunaíodh le comhoibriú a chothú idir na stáit iar-Shóivéadacha. Níl an Tuircméanastáin ach ina ballstát seachtrach faoi láthair, ach bhí ballraíocht iomlán aici go dtí an 26ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 2005.
Is gnách a cheapadh gurbh é an tAontas Sóivéadach a tháinig i gcomharbas ar Impireacht na Rúise, mar stát. Mhair an Sár deireanach, Nioclás a Dó, ag rialú na tíre sin go dtí Márta 1917, agus sa chéad bhliain eile, dhúnmharaigh na Boilséivigh é agus a theaghlach. I Mí na Nollag 1922, fógraíodh an tAontas Sóivéadach, mar aontas a raibh an Rúis, an Úcráin, an Bhealarúis agus an Phoblacht Thras-Chugasach ina mbaill de. Bhí na poblachtaí seo ar fad á rialú ag páirtithe Boilséiveacha.
Thosaigh réabhlóideachas nua-aimseartha sa Rúis sa bhliain 1823, nuair a d'éirigh Lucht Mhí na Nollag (Dekabristy / Декабристы) amach in aghaidh na hImpireachta. Oifigigh óga airm ab ea na Dekabristy agus iad faoi thionchar an smaointeachais Liobrálaigh a bhí ag dul timpeall na Rúise san am sin. B'é an bunreacht scríofa an rud ba mhó a theastaigh uathu a chur i bhfeidhm sa Rúis, nó is amhlaidh gur uathlathas mínáireach ab ea Impireacht na Rúise gan srianta ar bith le cumhacht an tSáir.
Rinne na hImpirí iarrachtaí áirithe le maolú ar an réabhlóideachas trí leasuithe polaitiúla. Mar shampla, cuireadh an seirfeachas ar ceal sa bhliain 1861. Bhí na leasuithe ag teacht i bhfad rómhall, dar leis na réabhlóidithe, agus nuair a chaill na Rúisigh an cogadh in aghaidh na Seapánach, sa bhliain 1905, chuaigh muintir na Rúise chun cearmansaíochta ar an Impire an chéad uair. Bhain siad amach an Dúma, an chéad pharlaimint Rúiseach, ach ní raibh an tImpire sásta mórán fíorchumhachtaí a bhronnadh ar an bparlaimint seo. Chaith na Feisirí an chuid ba mhó den am ag óráidíocht, agus ós rud é nach raibh a gcuid focal in ann a dhath a athrú, bhí sé chomh maith acu bolscaireacht réabhlóideach a dhéanamh ina gcuid aitheasc. Go dtí sin, choinnigh an chinsireacht an cineál sin bolscaireachta taobh amuigh den tsaol phoiblí, ach anois, b'éigean do na nuachtáin gach focal a chur i gcló. Faoi bhrú na bolscaireachta seo, chuaigh muintir na Rúise go sciobtha chun radacachais, agus níor tháinig mórán maolú ar na trioblóidí.
Sa Chéad Chogadh Domhanda, ní raibh ag éirí go rómhaith leis na Rúisigh, agus thairis sin, rith an bia gann sna cathracha. Maidir le Nioclás, ní raibh sé ina Impire ró-chumasach riamh. Bhí sé go mór mór faoi thionchar a mhná céile, Alexandra, a raibh dearcadh thar a bheith frithghníomhach aici, agus, thairis sin, bhí slusaithe éagsúla ina thimpeall ag déanamh plámáis leis, agus iad ag moladh dó gan oiread is orlach a thabhairt isteach don daoscarshlua a bhí ag éileamh cearta agus saoirse.
B'é Grigoriy Rasputin (Григорий Распутин) a bhí i gceannas ar na slusaithe seo ar fad. Bráthair siúil ón tSibéir a bhí ann nach raibh léann ar bith aige, ach bhí sé á urramú go mór mór ag bean chéile an Impire, a chreid gurbh eisean guth na fíor-chosmhuintire Rúisí sa chúirt. Sa bhliain 1916, áfach, dhúnmharaigh an Prionsa Felix Yusupov é—fear frithghníomhach, antoisceach ón eite dheas, a bhí den tuairim gur diabhal i riocht an duine ab ea Rasputin. Nuair a bhí an eite dheas féin in ann a leithéid a dhéanamh, ba léir nach raibh mórán duine fanta sa Rúis a bheadh muiníneach as an Impire, agus, ní nárbh ionadh, chuir Réabhlóid na Feabhra an Sár ó chumhacht sa bhliain 1917.
Tháinig Rialtas Sealadach i gceannas ar an Rúis, ach níor mhair sé i bhfad. Ní raibh lucht an Rialtais Shealadaigh sásta scor den chogadh—an Chéad Chogadh Domhanda—ina raibh an tír sáite, nó bhí siad meáite ar an gcogadh a thabhairt chun críche agus an phoblacht liobrálach a chur ar bun ina dhiaidh sin. Níor shásaigh an dearcadh seo an chosmhuintir, áfach, nó bhí na Rúisigh dubh dóite den chogadh cheana. Thosaigh na saighdiúirí, na scológa agus an lucht oibre ag bunú comhthionóil iomaíochta dá gcuid féin—sóivéidí (is é is ciall leis an bhfocal Rúisise úd Совет/Sovet ná "comhairle").
Bhain na Boilséivigh a leas féin as na sóivéidí, agus d'éiligh Léinín "an chumhacht iomlán a bhaint amach do na sóivéidí". I Réabhlóid Dheireadh Fómhair, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht agus chaith siad an Rialtas Sealadach i dtóin phríosúin. San am sin, bhí eite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh ag tacú leo go fóill, ach sa deireadh thiar thall, bhí siad sin féin lena stádas a chailleadh mar pháirtí dlíthiúil.
Ní raibh gach duine sa Rúis sásta an chumhacht a fhágáil ag lucht leanúna Léinín, áfach, agus phléasc cogadh fuilteach cathartha amach i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. D'éirigh leis na Boilséivigh an cogadh a bhuachan le lámh láidir, agus iad go mór i dtuilleamaí cineál colúin reatha - an Cheka (giorrúchán is ea an t-ainm seo a sheasann do na focail Rúisise Чрезвычайная комиссия/Chrezvychaynaya komissiya, is é sin, an Coimisiún Neamhghnách—nó "Coimisiún Neamhghnách uile-Rúiseach na Troda in aghaidh na Frithréabhlóide agus na Sabaitéireachta", leis an ainm iomlán Rúisise a aistriú go Gaeilge).
Mar chuid den chogaíocht a thosaigh i ndiaidh do na Boilséivigh an chumhacht a fhorghabháil, d'éirigh ina chath idir an Rúis Bhoilséiveach agus an Pholainn, a bhí díreach ag baint amach a neamhspleáchais. D'éirigh leis na Polannaigh, fiú, Cív, príomhchathair na hÚcráine, a shealbhú agus a choinneáil ar feadh tamaill, ach sa deireadh, b'éigean dóibh an chathair a thréigean agus tarraingt ar ais go dtí an Pholainn. Bhí marcshlua an Airm Dheirg faoi cheannas an Mharascail Semyon Budyonnyi in ann Vársá féin a bhagairt, ach stop na fórsaí Polannacha iad go gairid roimhe sin, i Mí Lúnasa 1920, agus chuir ruaigeadh orthu. Nuair a síníodh an conradh síochána i Ríge, príomhchathair na Laitvia, i dtús na bliana 1921, fágadh iarthar na hÚcráine agus na Bealarúise ag na Polannaigh. Faoin gcogadh seo, dála an scéil, a scríobh an scríbhneoir clúiteach Sóivéadach Isaak Babel a phríomhshaothar, an díolaim gearrscéalta úd Конармия/Konarmiya ("An Marcshlua").
Rialtas aon pháirtí amháin ab ea rialtas na mBoilséiveach san Aontas Sóivéadach ón chéad tús. Go gairid i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí siad ag comhoibriú le heite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, ach nuair a chonaic na Sóisialaigh Réabhlóideacha, páirtí a raibh tacaíocht na sluaite móra leis ar dtús, an dóigh chiniciúil a raibh na Boilséivigh ag cur na bpáirtithe eile faoi chois, rinne daoine den pháirtí iarracht Léinín a chur as cumhacht le lámh láidir i Samhradh na bliana 1918. Cloíodh an cheannairc go cruálach, agus nuair a scaoil Fanny Kaplan dhá urchar le Léinín ar an 30ú lá de Mhí Lúnasa 1918, coisceadh an páirtí scun scan, agus caitheadh na baill ar fad i dtóin phríosúin. Mar sin, nuair a fógraíodh an tAontas Sóivéadach go hoifigiúil, ní raibh baill d'aon pháirtí polaitiúil eile ach na Boilséivigh ar an rialtas le fada an lá.
Le linn an Chogaidh Chathartha, bhí an rialtas Boilséiveach ag cloí go dian le polasaí Cumannach i gcúrsaí eacnamaíochta, agus is gnách "Cumannachas an Chogaidh" a thabhairt ar an gcur chuige a bhí ag an rialtas i gcúrsaí an gheilleagair sna blianta sin. Chothaigh Cumannachas an Chogaidh míshástacht fiú i measc na mairnéalach cogaidh, a bhí ar ceann de na dreamanna ba mhó a chabhraigh le Léinín an chumhacht a shealbhú. I ndiaidh cheannairc na mairnéalach seo i mbunáit chabhlaigh Kronstadt in aice le Cathair Pheadair, chinn Léinín ar éirí as Cumannachas an Chogaidh, agus i Márta 1921, tugadh isteach NEP—an Polasaí Nua Eacnamaíochta (Новая экономическая политика (НЭП) / Novaya ekonomicheskaya politika (NEP))—a lig scód áirithe leis an bhfiontraíocht phríobháideach arís.
Cé gur chuidigh an Rúis leis na comhghuaillithe an Chéad Chogadh Domhanda a bhaint[1], níor tugadh cuireadh dá gceannairí bheith páirteach i gComhdháil Síochána Pháras a shocraigh ceisteanna na hEorpa le Conradh Versailles. Mar sin, níor ligeadh do APSS bheith páirteach i gConradh na Náisiún.
=> Mar sin, ar thaobh idirnáisiúnta, caitheadh leis an SPSS mar a bheadh díbeartach ann.
Sa bhliain 1924, cailleadh Léinín. Bhí a shláinte ag luí air le tamall, nó níor bhisigh sé riamh i gceart i ndiaidh an ionsaí a rinne Kaplan air. Sa bhliain 1922, fuair sé an chéad stróc, agus thosaigh sé ag éirí as gnáthaimh laethúla an rialtais agus á bhfágáil faoi dhaoine eile. I ndiaidh a bháis, thosaigh iomaíocht bhorb bhinbeach idir lucht a chomharbais faoin gcumhacht, agus b'é Iósaif Stailín a bhain an chraobh sa deireadh. I dtús na dtríochaidí, ní raibh aon duine fágtha san Aontas Sóivéadach a d'fhéadfadh Stailín a cheistiú. An céile iomaíochta ba láidire a bhí ann, mar atá, Leon Trotscaí, chuaigh seisean ar deoraíocht ón Aontas Sóivéadach go Meicsiceo, áit ar mharaigh gníomhaí rúnda de chuid Stailín é sa bhliain 1940.
Sa bhliain 1928, chuir Stailín tús leis an chéad Phlean Cúig Bliana san Aontas Sóivéadach. Murab ionann agus an dearcadh idirnáisiúnta a bhí á chur in iúl ag Léinín agus ag Trotscaí ó thús na réabhlóide, bhí na Pleananna Cúig Bliana meáite ar an Sóisialachas a chur ar bun in aon tír amháin. Chuaigh an Stát i gceannas ar na monarchanna agus ar na fiontair thionsclaíocha ar fad a bhí ag obair sa tír, agus bunaíodh feirmeacha comhsheilbhe (calchais) ar fud an Aontais Shóivéadaigh. D'iompaigh an tír ina cumhacht mhór tionsclaíochta, ach san am céanna, fágadh cuid mhór den daonra ar an mblár fholamh. Chuir na scológa go fíochmhar in aghaidh bhunú na gcalchas, agus nuair a chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na láimhe láidire, fuair na milliúin de dhaoine bás sa teagmháil. Níor tháinig aon mhaolú ar chorraíl na sochaí sna tríochaidí ach an oiread. Phurgaigh an Stailín an páirtí le fáil réitithe de na sean-Bhoilséivigh a thabhaigh a dhintiúirí ó Léinín féin, agus chuir sé daoine ní b'óige, ní ba sochomhairlí ina n-áit.
Gulag, campa géibhinn
San am céanna, cimíodh na mílte gnáthshaoránaigh Shóivéadacha ar chúiseanna doiléire, agus murar maraíodh scun scan iad, cuireadh i gceann de na campaí daoroibre iad. Tógadh mogalra uilechuimsitheach de na campaí seo ar fud na tíre, agus údarás ar leith á riar is á reachtáil—GULag (ГУЛАГ), nó Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. B'é ba chuspóir leis na campaí seo go hoifigiúil ná obair fhónta a sholáthar do "choirpigh" le hiad a chur ar bhealach a leasa, ach is é an rud a bhí ag tarlú dháiríre ná go raibh na fíorchoirpigh ag mursantacht ar na campaí ar fad, nuair nach raibh meas an mhadra ag na séiléirí ná ag na coirpigh ar na cimí polaitiúla, nár thuig go leor acu go raibh aon rud as cosán déanta acu ar aon nós.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/032.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Incigh
Ba í Impireacht na nInceach an impireacht ba mhó i Meiriceá roimh theacht na nEorpach, agus nuair a bhí sí i mbarr a méide, bhí sí ar impireachtaí móra an domhain de réir an chaighdeáin chomhaimseartha. Bhí lárionad riaracháin, polaitiúil agus míleata na himpireachta suite i gCuzco. Thosaigh forbairt na himpireachta seo i sléibhte Pheiriú sa bhliain 1197. I rith na mblianta 1438-1533, d'éirigh leis na hIncigh cuid mhór d'iarthar Mheiriceá Theas a tharraingt isteach ina n-impireacht go cairdiúil nó go cogúil, agus í ag cumhdach cuid mhór de na tailte a bhaineann le Peiriú, Eacuadór, leis an mBolaiv, an Airgintín nó an tSile inniu.
Is é an t-ainm a bhí ag na hIncigh ar a n-impireacht féin ná Tawantinsuyu, nó Tahuantinsuyu de réir litriú na Spáinnise - tawa a chiallaíonn "ceithre"; is é ntin an iarmhír a chuirtear leis an uimhir le cnuasainm a dhéanamh de ("ceathrar", "ceithre cinn"), agus is é is brí le suyu ná réigiún nó cúige. Mar sin, seasann an t-ainm don "cheithre choirnéal" den impireacht a tháinig le chéile ag an bpríomhchathair, Cuzco (nó Qosqo i dteanga na nInceach, an Cheatsuais). Ba iad na cúigí ná Antisuyu, Collasuyu, Chinchasuyu agus Contisuyu. Bhí Antisuyu suite san Oir-Thuaisceart, agus é ag críochantaíocht le réigiún na hAmasóine Thuaidh. Collasuyu (nó Qullasuyu, mar a litrítear an leagan Ceatsuaise inniu), arís, bhí sé suite san Oir-Dheisceart, agus an teanga Aymará á labhairt ansin. Cé gurbh í an Cheatsuais an teanga oifigiúil, bhí an teanga Aymará chomh láidir i gCollasuyu is nach raibh de rogha ag na hIncigh ach a húsáid a cheadú. De ghnáth, bhí siad an-diúltach do na teangacha mionlaigh, agus iad ag iarraidh an Cheatsuais a chur chun cinn i measc mhuintir na himpireachta. Ba é Chinchasuyu (nó Chinchay Suyu) ainm an chúige san Iar-Thuaisceart, agus ba é Contisuyu (nó Kunti Suyu) an tIar-Dheisceart.
De réir an mhiotais, chuir Apu Qun Tiqsi Wiraqucha (nó Ticci Viracocha, nó Kon-Tiki), an dia a chruthaigh an tsibhialtacht, - chuir sé a chlann, ceathrar mac agus ceathrar iníon ar shiúl ó Pacaritambo le sráidbhaile nua a bhunú. Bhí teagmháil chraicinn ag fear acu siúd, Manco Capac, le bean acu, Mama Ocllo, agus rugadh leanbh dóibh, Sinchi Roca. Ba é Sinchi Roca a thaispeáin an bealach dóibh go dtí an gleann inar chuir siad bun le príomhchathair na hImpireachta, Cuzco - ba é sin an sráidbhaile nua.
De réir miotais eile, áfach, tháinig Manco Capac agus Mama Ocllo chun saoil i Loch Titicaca, ar ordú dhia na gréine, Inti. Rinne siad a mbealach tríd na huaimheanna faoi thalamh go dtí gur bhain siad amach gleann Cuzco, áit ar bhunaigh siad an phríomhchathair.
Cibé faoi sin, tá an chuma ar an scéal gur treibh bheag de bhundúchasaigh ab ea na hIncigh a chuir fúthu i gCusco timpeall na dóú haoise déag, agus is dócha go raibh taoiseach cogaidh (capac nó qhapaq as Ceatsuais) darbh ainm Manco i gceannas orthu. Dealraíonn sé go raibh sé i gceannas ar an gcathairstát ar feadh dhá scór bliain, agus deirtear gurbh eisean a dhréachtaigh dlíthe an stáit. Phós sé a dheirfiúr féin, Mama Ocllo, agus saolaíodh mac dóibh, Sinchi Roca, arbh eisean an chéad rí Inceach a tharraing chuige an teideal a bhí ar impirí na nInceach ina dhiaidh sin - Sapa Inca, nó An tAon Inceach Amháin.
Níor thosaigh an Impireacht ag dul i bhfairsinge ach faoi réimeas Pachacuti, nó "An Talamhchroitheadóir". Bhí sé ar an naoú Sapa Inca a bhí ag rialú ríocht Cuzco, agus tháinig sé i seilbh na cumhachta sa bhliain 1438. Saighdiúir den chéad scoth a bhí ann, de réir scéalaíocht na nInceach, agus tháinig a éirim chun solais an chéad uair ina fhear óg dó. Insíonn an scéal go raibh na Chankas díreach ag ionsaí Cuzco, agus idir athair agus dheartháir Pachacuti ag teitheadh lena n-anam. (Ba iad na Chankas an treibh ba mhó a bhí ag déanamh scime do na hIncigh san am seo mar naimhde, agus cónaí orthu i réigiún Apurimac.) Ba é Pachacuti a spreag arm na nInceach chun a ndúiche féin a chosaint, agus sa deireadh, fuair siad an ceann is fearr ar an namhaid. Chuaigh Pachacuti i dtáin na laochra, agus deireadh na scéalaithe ina dhiaidh sin gur éirigh na clocha féin amach le troid a chur ar na Chankas.
Le cuidiú óna mhac, Tupac Yupanqui, d'éirigh le Pachacuti an cathairstát a iompú ina impireacht. Sa bhliain 1471, nuair a fuair sé bás, bhí sé tar éis Peiriú agus an Bholaiv (de réir theorainneacha an lae inniu) a shealbhú do na hIncigh, chomh maith le codanna den tSile, Eacuadór, agus tuaisceart na hAirgintíne.
Bhí ciall aige do chúrsaí an riaracháin freisin, nó ba eisean a dhealaigh an Impireacht ina ceithre chúige. Chuir sé gobharnóir nó apo ag rialú gach cúige, agus miontaoisigh, t'oqrikoq ag rialú na gceantar agus iad dílis don apo. San am céanna, áfach, d'fhéach sé chuige nach mbeadh aon chumhacht ag an apo ar na sagairt áitiúla ná ar na saighdiúirí a bheadh ar garastún sa chúige. Nuair a tháinig na Spáinnigh go dtí an Impireacht, bhí timpeall ar 15 t'oqrikoq faoi gach apo, ach is dócha nach raibh siad chomh líonmhar nuair a chuir Pachakuti tús leis an gcóras.
Creidtear freisin gurbh é Pachacuti a chuir bun leis na mitimaes. D'fhéadfá a rá go raibh na mitimaes cosúil leis na plandálacha Gallda in Éirinn: go bunúsach, coilínithe ab ea na mitimaes a cuireadh ina gcónaí sna ceantair fhorghafa, ionas go bhfoghlaimeodh na bundúchasaigh teanga agus nósanna na nInceach uathu.
Cé go raibh ciall ag Pachacuti do riachtanaisí an riaracháin chomh maith leis an tsaighdiúireacht, níor rith leis riamh rialacha a leagan amach le comharbas an tSapa Inca a shocrú. Bhí an Impireacht go mór thíos leis, nó mura mbeadh clann mhac an tSapa Inca ag teacht le chéile faoi cé acu a rachadh i gceannas ar an tír, chaithfí cogadh cathartha a chur leis an gcomharba a roghnú.
Sacsayhuamán, Cuzco. Chreach na Spáinnigh cuid mhór den áit seo le clocha tógála a fháil dá gcuid eaglaisí, ach tá sé le haithint i gcónaí go raibh dóigh ar leith ag lucht eisléireachta na nInceach ar an gcloch.
Shíothlaigh Pachacuti sa bhliain 1471. Ba é a mhac, an ginearál éirimiúil Tupac Inca Yupanqui, a fuair céim an tSapa Inca ina dhiaidh. Lean Tupac Inca leis ag cur cogaidh ar na comharsana, agus chloígh sé Ríocht Chimu ar an gcósta. Shroich impireacht Tupac Inca a fhad le Colóim an lae inniu. Níor éirigh le Tupac Inca ná lena mhac, Huayna Capac, na Mapuche sa tSile a chloí, áfach. Sa Chath chois Abhainn Maule, chuaigh ascnamh na dtrúpaí Inceacha in abar, agus tháinig deireadh le fairsingiú na hImpireachta ó dheas.
Bhí Huayna Capac ina Impire ar Tawantinsuyu sna blianta 1493-1527. Chaith sé an chuid ba mhó den am ag cur cogaí sna críocha thuaidh, i bhfad ar shiúl ó Cuzco, agus é féin den tuairim nár mhiste dara príomhchathair a ghairm de Quito. Fuair sé bás le galar a mharaigh go leor de mhuintir a thíre san am, agus creidtear gurbh í an bholgach a bhí ann - aicíd a tháinig go dtí an tOileán Úr leis na hEorpaigh, agus í ag dul ar aghaidh ansin roimh na Conquistadores féin.
Fuair comharba Huayna Capac, Ninan Cuyochi, bás roimh a athair féin. Mar sin, fuair Huayna Capac riachtanach an impireacht a scoilteadh ina dhá leath idir beirt mhac eile, Huascar agus Atahualpa. D'éirigh ina chogadh cathartha eatarthu. Chuaigh Huascar i dtuilleamaí an mhíliste a d'earcaigh sé as measc na cosmhuintire timpeall Cuzco, ach ba iad ginearáil agus saighdiúirí oilte Huayna Capac timpeall ar Quito a thacaigh le hAtahualpa. Bhí an bua le hAtahualpa agus lucht a leanúna, ach má bhí féin, lagaigh an cogadh seo an Impireacht go mór mór, agus ní raibh na hIncigh ábalta cur le chéile in aghaidh na Spáinneach.
Tháinig na Spáinnigh go Tawantinsuyu an chéad uair timpeall na bliana 1526. Ba léir dóibh ó thús gur tír shaibhir a bhí ann agus cuid mhór óir le creachadh ansin. I ndiaidh an chéad chuairt eile sa bhliain 1529, chuaigh Francisco Pizarro, a bhí i gceannas ar na taiscéalaithe seo, - chuaigh sé i bhfianaise Rí na Spáinne le tacaíocht oifigiúil a fháil don fheachtas mhíleata a bhí sé a phleanáil leis an réigiún a shealbhú don Spáinn.
Bhí an dearg-ádh le Pizarro gur fhill sé go Tawantinsuyu díreach nuair a bhí an cogadh cathartha á chur. Dá dtiocfadh sé nuair a bhí Huayna Capac ina bheo fós, gheobhadh sé impireacht na nInceach aontaithe ina éadan. Ní raibh ach 168 fear, aon ghunna mór amháin agus seacht gcapall fichead ag Pizarro, ach mar sin féin, bhí sé ábalta na hIncigh a chloí trí úsáid chliste a bhaint as an mbeagán seo, chomh maith leis an ionramháil a rinne sé ar na faicsin éagsúla i measc na nInceach.
Chuir Pizarro an chéad chath ar na hIncigh in Oileán Puná, in aice le Guayaquil an lae inniu in Eacuadór. B'ansin a bhunaigh sé cathair Piura i Mí Iúil sa bhliain 1532. Chuir sé Hernando de Soto ag déanamh taiscéalaíochta roimhe, agus tháinig de Soto ar ais le cuireadh ó Atahualpa. Bhí trúpaí Atahualpa díreach tar éis mílísteoirí Huascar a threascairt, ach mar sin féin, ní raibh an tír socraithe síos go fóill, agus bhí Atahualpa buartha go bhféadfadh Pizarro agus lucht a leanúna cuidiú le tacadóirí Huascar.
Bhí Atahualpa ag fanacht leis na Spáinnigh i gCajamarca lena chuid saighdiúirí. Nuair a chonaic na Spáinnigh go raibh na díormaí millteanacha sin timpeall, shil siad go raibh Atahualpa tar éis iad a mhealladh isteach i ngaiste. Mar sin, chinn siad ar é a ghabháil mar ghiall, nó ní leomhfadh na hIncigh a dhath a dhéanamh orthu a fhad is a bheadh Atahualpa ina phríosúnach acu. Bhí bráthair darbh ainm Vicente Valverde ag tionlacan Pizarro leis an gcreideamh Críostaí a chraobhscaoileadh i measc na nInceach. Nuair a thaispeáin sé leabhar naofa don Inceach agus é ag iarraidh an Chríostaíocht a mhíniú dó, chaith Atahualpa an leabhar uaidh, rud a bhain stangadh as Valverde. D'áitigh Valverde ar na Spáinnigh Atahualpa a chimiú mar phionós as an íde a thug sé don leabhar. D'éirigh idir na Spáinnigh agus na hIncigh, agus mharaigh na Spáinnigh na huaisle Inceacha a bhí ag iarraidh iad féin a iompú ina sciatha daonna idir an namhaid agus Atahualpa.
Chimigh na Spáinnigh Atahualpa i ndiaidh an chatha seo, agus ansin, thosaigh siad ag éileamh luach mór fuascailte air. Gheall Atahualpa go mbeadh na hIncigh sásta an seomra ina raibh sé féin á choinneáil i mbraighdeanas a líonadh le hór agus a athlíonadh le hairgead geal le saoirse a bhaint amach dósan. Comhlíonadh an gealladh, ach níor scaoil na Spáinnigh saor é. A mhalairt ar fad, chinn siad ar é a mharú, cé go ndearna siad iarracht cuma an dlí is an chirt a chur ar an mbású. Chúisigh siad é faoi fheallmharú a dhearthára, Huascar, agus faoi choireanna eile. D'admhaigh Atahualpa gurbh é an plean a bhí aige, sula ndearna na Spáinnigh príosúnach de, ná iad a mharú - a íobairt do na déithe b'fhéidir - agus a úsáid féin a bhaint as na capaill ina chuid cogaíochta. Fear cliste a bhí ann agus ciall mhaith aige do chomh háisiúil a thiocfadh na capaill isteach aige féin.
Cuireadh Atahualpa chun báis i Mí Lúnasa 1533. Ina dhiaidh sin, chuir na Spáinnigh Manco Inca Yupanquí i gceannas ar an Impireacht mar impire soip. Ar dtús, bhí sé sásta comhoibriú leis na Spáinnigh, ach ansin, d'éirigh ina chogadh cathartha idir Pisarro agus duine de lucht a leanúna, Diego de Almagro. D'fhéach Manco Inca le buntáiste a ghlacadh ar an gcogadh cathartha seo le himpireacht na nInceach a shealbhú dó féin. D'éirigh le Manco Inca Cuzco a ghabháil sa bhliain 1536, ach ní raibh sé i ndán dó an phríomhchathair a choinneáil aige féin ach tamaillín. Chuir na Spáinnigh ruaigeadh air as an áit go gairid ina dhiaidh sin arís, agus chúlaigh seisean agus lucht a leanúna go Vilcabamba, an phríomhchathair nua a bhunaigh siad i sléibhte Antisuyu.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/033.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Wiki</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">YYYY</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://ga.wikipedia.org/wiki/</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Príomhalt: Toghchán uachtaránachta na hÉireann
Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.
Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháin i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.
Toghadh
De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.
Dualgais
Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.
Coimisiún an Uachtaráin
I gcás go mbíonn an tUachtarán as láthair, ar míthreoir, éagtha, éirithe as oifig nó curtha as oifig nó má theipeann air feidhmeanna a oifige a chomhlíonadh, déantar foráil sa Bhunreacht go ndéanfaidh Coimisiún cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh.[1][2][3][4]
Cumhachtaí
I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:
Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
An tOireachtas a chomóradh
Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)
https://ga.wikipedia.org/wiki/M%C3%A1ire_Mhic_R%C3%B3ib%C3%ADn
Máire Mhic Róibín
Ba í Máire Treasa Úna Mhic Róibín, nó Mary Robinson (21 Bealtaine 1944 a rugadh í) a bhí ina seachtú hUachtarán ar Éirinn, ó 1990 go 1997, agus ba í an chéad bhean sa phost sin.[1] Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Chearta an Duine ab ea í ó 1997 go 2002. Chaith sí sealanna freisin mar iníon léinn, abhcóide, bean feachtais agus ball de Sheanad Éireann (1969-1989). Sa lá atá inniu ann, caitheann sí formhór a cuid ama mar ghníomhaíoch ar son cearta daonna agus bíonn cónaí uirthi i Maigh Eo agus i Nua-Eabhrac.
Óige agus oiliúint
Rugadh Máire Treasa Úna Mhic Róibín (née de Búrca) ar an 21 Bealtaine 1944 i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Ba dhochtúirí leighis a tuismitheoirí, Aubrey agus Tess. Bhí ceathrar mac acu agus ba í Máire an t-aon iníon a rugadh dóibh.
Feachtas agus iontas
Ritheadh feachtas toghchánaíochta a bhí crua, láidir, ilghnéitheach. Thaistil an t-iarrthóir timpeall na tíre ag cur lena cuid tacaíochta i gcónaí, go mór mór i measc mhná na hÉireann.
B’as Tuaisceart Éireann iarrthóir Fhine Gael, Austin Currie. Cé go raibh obair fhónta pholaitiúil déanta aige mar chomhalta de Pháirtí Sóisialach agus Daonlathach an Lucht Oibre i dTuaisceart Éireann, ní raibh mórán aithne ag muintir na Poblachta air. Anuas air sin ní raibh sé sásta leis an socrú a rinneadh maidir le haistriú vótaí idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tuigeadh dó go raibh i bhfad níos mó spéise ag na meáin chumarsáide in iarrthóireacht Mhic Róibín agus, ar aon nós, níor thaitin Máire Mhic Róibín leis mar dhuine.
Ba é Brian Ó Luineacháin, an Tánaiste, an t-iarrthóir a bhí ag Fianna Fáil. Fear éirimiúil, gealgháireach a raibh aithne mhaith ag an bpobal air ab ea é. Bhíothas cinnte ag tús an fheachtais gur aige a bheadh an bua. Bhí Ó Luineacháin i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna.
Ach ar 26 Deireadh Fómhair 1990, bhris an scannal "on mature recollection" amach.[5][6] Ach thug na bréaga ó Brian Lenihan seans do Mháire Mhic Róibín (duine ón taobh amuigh ag an am). Sa deireadh, ba í Máire Mhic Róibín an chéad bhean agus an chéad iarrthóir ó Pháirtí an Lucht Oibre a bhain amach post na hUachtaránachta in Éirinn.
Uachtarán na hÉireann
Ar 3 Nollaig 1990 insealbhaíodh Máire Mhic Róibín ina seachtú hUachtarán ar Éirinn. Thug sí saintréithe tábhachtacha léi chuig a post nua: intinn liobrálach, meabhair dhomhain, taithí pholaitíochta agus eolas forleathan ar an dlí. Chuir sí suim faoi leith sa diaspóra Éireannach - an líon mór imirceach Éireannach agus daoine gur de bhunadh Éireannach a sinsear scaipthe ar fud na cruinne. Chuir sí solas ar síorlasadh i gceann de na fuinneoga in Áras an Uachtaráin, a bhí le feiceáil ag an bpobal ón mbóthar, mar shiombail cuimhneacháin ar an diaspóra seo.
Chuir sí fáilte roimh chumainn spóirt, roimh ghrúpaí ón earnáil dheonach agus charthannachta agus roimh lucht léinn go dtí Áras an Uachtaráin. Thug sí cuairt ar mhisinéirí ó Éirinn ag obair thar lear, ar chumainn phobail i dTuaisceart Éireann, ar imeachtaí spóirt idirnáisiúnta, ar an bPápa, ar an Dalai Lama. Le linn a tréimhse mar Uachtarán thug sí dhá aitheasc os comhair Thithe an Oireachtais. Dúradh ag an am go raibh na horáidí rófhada agus doiléir.
Thug an tUachtarán Mhic Róibín cuairt ar Ruanda áit ar tharraing sí aird an domhain mhóir ar an bhfulaingt agus ar an ocras sa tír mar thoradh ar an gcogadh cathartha. I ndiaidh na cuairte sin labhair sí ag preasagallamh agus bhí na deora léi. Thaispeáin an eachtra sin taobh bog, mothálach an Uachtaráin nach raibh feicthe ag an bpobal roimhe sin.
Saol agus obair iar-uachtaránachta
D'éirigh Máire Mhic Róibín as oifig mar Uachtarán an 12 Meán Fómhair 1997 chun glacadh le ceapachán mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna. Ról abhcóideachta a bhí ina post nua, ag leagan amach cláir chearta daonna taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe agus go hidirnáisiúnta.
Ba í an chéad Ard-Choimisinéir um Chearta Daonna a thug cuairt ar an Tibéid, i 1998. Rinne sí clamhsán le rialtas na Stát Aontaithe maidir lena pholasaí i leith phionós an bháis. Tháinig deireadh lena tréimhse mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna i 2002 agus í faoi bhrú ag Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Chuir sí Fíorú na gCearta: an Tionscnamh um Dhomhandú Eiticiúil (2002-10) ar bun.
I samhradh na bliana 2007 thug Nelson Mandela, Graça Machel agus Desmond Tutu grúpa de cheannairí an domhain le chéile lena saíocht, a gceannaireacht agus a n-ionracas a chur ag obair chun fadhbanna móra an chine dhaonna a fhuascailt. Tugadh cuireadh do Mháire Mhic Róibín a bheith ina ball de Na Saoithe. B'é an tArdeaspag Tutu cathaoirleach na meithle.
In Eanáir 2009 ceapadh Máire Mhic Róibín ina ceannaire ar an gCoimisiún Idirnáisiúnta Dlí-eolaithe. Bhronn Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, Bonn Saoirse an Uachtaráin uirthi ar 12 Lúnasa 2009, as a cuid oibre ar son cearta daonna.[7]
Tá sí ina hUachtarán ar Fhoras Mháire Mhic Róibín - Ceartas Aeráide.
1996
D’fhreastail sí ar Mheánscoil Mount Annville i mBaile Átha Cliath agus bhain sí céimeanna dlí amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus i Scoil Dlí Harvard. Phós sí Nicholas Robinson i 1970. Tá triúr leanaí acu: iníon agus beirt mhac.
Saol acadúil
Bhain Máire Mhic Róibín cáil amach go luath ina saol mar acadóir, mar abhcóide, mar bhean feachtais agus mar Sheanadóir.
Glaodh chun Bharra na hÉireann uirthi sa bhliain 1967 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1980. Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige uirthi chomh maith, sa bhliain 1973. Bhí sí ar fhoireann dhámh an dlí i gColáiste na Tríonóide ó 1968 go 1990 (mar Ollamh Reid[2] le reachtaíocht phionósach, leis an dlí bunreachtúil agus an dlí coiriúil agus le dlí na fianaise 1969-75 agus mar léachtóir le dlí Chomhphobal na hEorpa 1975-90).[3] Sa bhliain 1988, in éineacht lena fear céile Nick, chuir sí Ionad na hÉireann um an Dlí Eorpach ar bun i gColáiste na Tríonóide.
Saol polaitiúil
Toghadh í do Sheanad Éireann, mar ionadaí neamhspleách, den chéad uair i 1969 mar dhuine de thriúr ball an tSeanaid d'Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide). Chuaigh sí i mbun feachtas ar réimse leathan ceisteanna liobrálacha. I measc na saincheisteanna bhí: go mbeadh cead ag mná suí ar ghiúiréithe, go gcuirfí deireadh leis an gcosc a bhí ar mhná pósta a gcuid post sa státseirbhís a choimeád agus go mbeadh fáil dhleathach ar ghairis frithghiniúna. D’oibrigh sí ar feadh na mblianta mar chomhairleoir don fheachtas um athchóiriú an dlí i gcoinne na homaighnéasachta i dteannta David Norris, a bheadh ina sheanadóir d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath ar ball.
Chláraigh Máire Mhic Róibín mar bhall de Pháirtí an Lucht Oibre i mí Iúil 1976. Ach níor éirigh lena hiarrachtaí go dtoghfaí ina Teachta Dála í. Ar dhá ócáid - sa bhliain 1977 agus arís i 1981 - sheas sí don Dáil ach theip uirthi. Ní raibh caidreamh éasca aici leis an bPáirtí ach an oiread.
Ghlac sí páirt shuntasach san fheachtas chun an suíomh stairiúil Lochlannach ar Ché an Adhmaid i mBaile Átha Cliath a shábháil. Ach sa deireadh d’éirigh le Bardas Bhaile Átha Cliath ceanncheathrú nua riaracháin a thógáil ar an láthair sin.
Sa bhliain 1985 d’éirigh sí as Páirtí an Lucht Oibre mar agóid faoin gComhaontú Angla-Éireannach a shínigh comhrialtas Ghearóid Mhic Gearailt le rialtas na Breataine faoi Margaret Thatcher. Bhí Bean Mhic Róibín den tuairim gur chóir dul i gcomhairle le polaiteoirí aontachtacha Thuaisceart Éireann maidir leis an gComhaontú, cé gur leasc leo siúd cumhacht pholaitiúil a roinnt le páirtithe eile ag an am sin.
Chaith sí ceithre bliana eile sa Seanad agus i 1989 shocraigh sí gan a hainm a chur ar aghaidh do thoghchán an tSeanaid arís.
Iarrthóir uachtaránachta
An bhliain dár gcionn, 1990, bhí toghchán uachtaránachta le bheith ann mar bhí an Dr. Pádraig Ó hIrighile le héirí as tar éis dhá thréimhse seacht mbliana a chaitheamh ina Uachtarán. Tháinig ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Dick Spring, chuig Máire Mhic Róibín ag fiafraí di an mbeadh sí sásta a bheith ina hiarrthóir do Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán. Ghlac sí leis an tairiscint agus ba í an chéad ainmní ag Lucht Oibre agus ba í an chéad bhean riamh mar iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta in Éirinn.
Léirigh sí arís is arís eile gur smaointeoir neamhspleách í. lomaí duine a dhearfadh anois go raibh sí ar an imeall; ní duine den ghnáth-chultúr polaitíochta firinn í Máire Mhic Róibín[4]. Cén fáth mar sin ar roghnaigh Páirtí an Lucht Oibre í mar iarrthóir don uachtaránacht? Bhí Dick Spring cinnte go raibh sé in am do dhuine níos óige, níos fuinniúla seasamh don phost. Dar le Fergus Finlay, scríobh sé féin agus John Rogers cur síos, as an nua, do phost an Uachtaráin.
https://ga.wikipedia.org/wiki/Dubhghlas_de_h%C3%8Dde
Dubhghlas de hÍde
Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde (Béarla: Douglas Hyde) nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949).[1] Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta 1938 agus 1945.
Cúlra
Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais aige.
Conradh na Gaeilge
Chuidigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú sa bhliain 1893 agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915 nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bunaíodh é sa bhliain 1928.
Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáth-theanga na hÉireann".
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/034.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Ó Murchú, Helen</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2018</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">https://www.engineersireland.ie</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Comórtas Liteartha an Oireachtais 2018
Innealtóireacht
Céard a dhéanann tú chun duais mhór gur fiú €100,000 é a bhaint, chomh maith le Duais Goldsmiths Londain de luach £10,000, dhá dhuais Éireannacha, agus ainmniúchán do dhuais mhór idirnáisiúnta? Scríobhann tú leabhar. Leabhar atá fada go leor ach atá tógtha ar aon abairt fhada shlachtmhar amháin laistigh de stíl líofa éasca snasta. Tagann chun cuimhne tógáil an - taitneamhach nó foirgneamh maorga a bhfuil fuaimint bhreá dhaingean fúthu. Ní hionadh dá réir gur innealtóir, Marcus Conway innealtóir contae, is príomhcharachtar an úrscéil rafair sin, Solar Bones, ó lámh Mike McCormack. Ní hionadh ach oiread gur thosaigh an t-údar a shaol ollscoile ar chúrsa innealtóireachta nuair a bhásaigh a athair gan choinne. Níor fhan sé leis an gcúrsa ag an am ach ní bhíonn aon leisce air, mar scríbhneoir cruthaitheach atá thar a bheith triaileach ina stíl phróis, a mheas phearsanta ar innealtóirí agus ar an innealtóireacht a nochtadh, meas a bhí riamh aige orthu araon, dar leis. Ní beag ach oiread a spéis in oibriúchán meaisíní agus samplaí air sin chomh maith san úrscéal clúiteach nua dá chuid.
In agallamh le Justine Jordan sa nuachtán Guardian Weekly (24 Meitheamh 2017), dhearbhaigh McCormack go bhfuil sé lándeimhnitheach amach is amach ‘gurb iad na hinnealtóirí a chruthaíonn an domhan’. Is ar an téad céanna a labhair sé le Arminta Wallace (The Irish Times 3 Iúil 2018) agus é ag athrá a gcreideann sé faoi ról innealtóirí agus é ag soláthar mínithe breise ar an gceist. Níl aon am aige don tseansnobaireacht a choimeádann scríbhneoirí deighilte amach ó shaol agus ó dhomhan na meaisíní. Dar leis, chruthaigh Dia agus bhronn sé orainn neamh agus talamh, ach is de dhéantús innealtóirí é an domhan. Ní lú láithreacht Dé, adeir sé, i saol na meaisíní dár gcuid nó cleachtadh na teicneolaíochta againn ná mar atá in ár mbláthanna nó inár bhfilíocht nó inár meitifisic. Is linn an domhan. Faigheann ealaíontóirí seilbh air trí dhathanna, scríbhneoirí trí fhocail, agus innealtóirí tríd a gcuid dhéantús. Is mealltach an íomhá atá ansin ach ní freagra cuimsitheach más freagra ar aon chor é ar an seandeighilt idir na healaíona agus an innealtóireacht atá á cháineadh aige, ach amháin sa mhéid gurb ionann tábhacht is seasamh do gach réimse a luann McCormack ina sholaoid. Ar ndóigh, b’fhéidir nach fiú freagra ar an gceist áirithe faoin deighilt sin a shamhlaítear a bheith ann. Nó seans gur leis an gceist atá an fhadhb bhunúsach, nach fiú ann í mar cheist. Cá bhfios? In ainneoin a bhfuil d’fhuinneamh caite leis ag lucht machnaimh agus de pháipéar le craobhscaoileadh torthaí a gcuid machnaimh.
Ar an ócáid chéanna san agallamh leis an Guardian bhí McCormack den tuairim chomh maith, áfach, nach bhfuil a n -ionad cuí bainte amach ar chor ar bith ag innealtóirí maidir lena mbaineann le cúrsaí ficsin de. San Irish Times, chuir sé leis an tuairim sin. Ní seilf lán le leabhair atá ann ar an ábhar, dar leis, i gcomparáid le líon mór na leabhar a ndéanaimid teagmháil le murdróirí iontu. Tá cuid den cheart aige ansin. Tá an ficsean bleachtaireachta thar a bheith rafar, pé ní adeir an méid sin faoin staid dhaonna. Fiafraíonn sé faoi chineál na teagmhála a bhíonn ag an ngnáthdhuine le murdróirí i gcomparáid lena theagmháil le saothar innealtóirí gach lá dá shaol. Déantar taisteal ar na bóithre a bhíonn tógtha ag innealtóirí agus cuirtear na páistí go dtí na scoileanna agus na leabharlanna a thógann siad.
Tá fírinne ansin ach is féidir iomarca den choitiantacht duine a thuirsiú agus é ag léamh. Chomh maith leis sin, nach mbítear ag súil go minic sa léitheoireacht le rudaí atá lasmuigh dár raon taithí? Nó go bhféachfaí ar ghnáthchúrsaí an tsaoil le súil nua, rud a dhéantar cinnte sa leabhar Solar Bones. Agus gan eolas roimh ré, an aithneodh duine gur murdróir nó innealtóir an té in aice leis ar an traein, mar shampla. Deireann na meáin linn cé tá ina mhurdróir. Is annamh 3 adeirtear linn cé hé an t -innealtóir. Anois, dá scríobhfaí faoi innealtóir gur murdróir é, nó a mhalairt timpeall, cén tréith den charachtar a sheasfadh amach, dar le duine?
Ag cur síos ar an bpríomhphearsa d’innealtóir ina leabhar, deir McCormack faoi gur carachtar é atá go hiomlán sáite sa saol timpeall air agus gafa leis, gurb in a tharraing é féin ar ais chuige mar údar, arís is arís eile. Cuireann sé síos ar a leabhar mar iomann in ómós d’innealtóirí, nó mar aria dóibh. Tá mar a bhéadh trua aige d’innealtóirí sa mhéid nach n -éiríonn leo riamh a bhfíoracmhainneacht a shroichint. Dá sroichfeadh, agus iad i bhfeighil an domhain, rithfí cúrsaí ar mhodh eile ar fad, sin a bharúil mheáite. Luann sé chomh maith na cúinsí atá ag cosc ar innealtóirí a gcumas iomlán a bhaint amach ar mhaithe an tsaoil i gcoitinne. Dar leis, an chúis leis sin isea go mbíonn siad de shíor ag iarraidh stiúradh idir charraigeacha achrannacha, nó go mbíonn siad gafa ag crosbhóthar casta. Sin an áit a mbíonn an pholaitíocht agus an leas tráchtála agus an t -éileamh cathartha nó pobail go léir ag bualadh in aghaidh a chéile mura mbíonn siad ag bualadh adharca a chéile. Ní bhíonn cúrsaí soiléir a thuilleadh. Imíonn siad as a riocht le brúnna contrártha ó na páirtithe leasmhara difriúla.
Is ansin a shuíomhann McCormack na deacrachtaí a fhulaingíonn innealtóirí agus na fórsaí a bhíonn i gcoimhlint leis an innealtóireacht fhónta agus ina gcúis le comhréitigh neamhthairbheacha. Ní heol freagairt ó lucht na gairme ar na tuairimí sin go léir. Ní tuairimíocht amháin atá ann, áfach, ach an fhealsúnacht nó an chruinneshamhail atá ag an údar; an saoldearcadh atá ina chomhthéacs agus mar chuid de na heachtraí sa leabhar aige, taobh na polaitíochta áitiúil ach go háirithe.
Maidir lena sheasamh faoin easpa tagairtí don innealtóireacht sa litríocht, tá ceist ansin gurbh fhiú a leanúint. Níor dhein McCormack idirdhealú idir údair agus carachtair, áfach, sna hagallaimh pé scéal é. Tá an dá ghné intuigthe agus cuimsithe, is dócha. Nó an féidir ginearálú do ghairmeacha eile seachas an innealtóireacht a d’fhéadfadh a bheith gann sa litríocht? Nó ginearálú ón scríbhneoireacht go dtí ealaíona eile, ealaíona nach dtuigtear chomh tábhachtach dóibh agus atá prionsabail na hinnealtóireachta? Ní mór a choimeád in aigne chomh maith, dála seánraí éagsúla na litríochta, nach tearc inniu iad brainsí éagsúla na hinnealtóireachta. Is focheisteanna spéisiúla iad uilig a éiríonn as an mbuncheist maidir le gnéithe den innealtóireacht a bheith le feiceáil sa litríocht scríofa. Ceist fhiúntach. Ceist iltaobhach. Féachaimis uirthi.
Ar dtús, an ann do scríbhneoirí gur innealtóirí atá iontu ó thaobh gairme? Nó, an bhfuil mórán scríofa i leabhair faoi charachtair shuaithinseacha d’innealtóirí, daoine a bhfanann a scéal leat? Tá tábhacht nach beag ag baint leis an gceist leathshaonta sin. Tugtar aird, bíodh sin fiosach nó neamhfhiosach, ar údair agus ar a gcruthaíonn siad. Tá údar Solar Bones ag tagairt do bhochtú shaol na litríochta agus na scríbhneoireachta gan innealtóirí a bheith níos feiceálaí iontu. Ach céard faoi thaobh na léitheoirí agus an phobail? Tarlaíonn meas poiblí i leith nithe nó a mhalairt níos mó de réir aigne an phobail ná aigne na léirmheastóirí. Cá bhfuil na húdair agus na carachtair seo a d’fhéadfadh a bheith tábhachtach ó thaobh gairm na hinnealtóireachta agus aigne an phobail? Agus sa dara háit, an féidir an t -easpa seo a fheiceann McCormack i ngairm áirithe amháin a thagairt do ghairmeacha eile chomh maith? An eol dúinn? Seans gur fiú an cuardach an toradh.
Is ait an ní an tseirindipíocht, má tá brí leis ar chor ar bith. Titeann dhá leabhar ó neamh chugat, ó chara mar a tharla, agus nach innealtóir an príomhcharachtar fir iontu araon, agus an scéal ag brath ar a ngairm cuid mhaith. Ba ó pheann Michael Chabon, údar an tsaothair an -tarraingteach The Yiddish Policemen’s Union (2007), ceann de na tabhartais sin dar teideal Moonglow (2016). Mar eachtra amháin sa scéal sin tá an fear céile ag iarraidh cur síos an speisialtóra a thuiscint ar dhiagnós an ghalair mheabhrach atá ar a bhean féin. Tarraingíonn sé chuige tuiscint agus téarmaí a ghairme féin san iarracht. Is spéisiúil ach neamhthairbheach dó an iarracht. Ní labhrann na speisialtóirí éagsúla an béarlagar céanna.
Is innealtóir mise, a dhochtúir, innealtóir leictreachais. Is ansin atá mo chuidse oiliúna. Caitheann innealtóirí go leor ama ar an ní a dtugtar anailís teipe air. Ní mór duit sin mar briseann rudaí. Is cuma an ag dearadh atá tú, nó ag triail rud amach, nó ag tógáil an ruda. Teipeann orthu, pléascann siad, titeann siad as a chéile, dónn siad amach. Tá le cur san áireamh cúiseanna mar strus, caitheamh, briseadh. Agus teastaíonn uait a fháil amach cad ba chúis leis an teip, is cuid de do ghnó é sin. Teastaíonn uait a fháil amach cad atá cearr i dtreo is gur féidir é a shocrú, é a leigheas. (Aistrithe ag údar an ailt).
Dála McCormack, is údar é Chabon a thriaileann stíleanna éagsúla agus a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige, duais Pulitzer orthu.
Is innealtóir óg idéalach, deisceabal na réasúntachta, agus é ag obair ar a chéad tionscnamh mór, príomhcharachtar Pure (Andrew Miller, 2011), duaiseoir eile d’úrscéal. Ní haon dóithín an tionscnamh céanna ach oiread. I bPáras atá an scéal suite sa tréimhse stairiúil thart ar 1785 ach is as ceantar na Normainne an fear óg, ón dtuath do mhuintir Pháras. Ní mór dó seanreilig i lár na cathrach a 6 ghlanadh amach mar go bhfuil sé róshean, rólán, róbhréan, róbhaolach don tsláinte. Is féidir an tasc a shamhlú; coinníollacha na hoibre, an cúram innealtóra atá de dhíth chun fallaí inmheánacha na n -uaigheanna a choimeád gan titim anuas, criúnna oibrithe a oiliúint agus a choimeád, ómós cuí a thabhairt do na mairbh, do na corpáin. É sin agus a shaol a chaitheamh mar fhear óg machnamhach a bhfuil an reilig ag caitheamh a geasa féin air, gan trácht ar a bheith spleách ar an rí agus ar a chuid oifigeach ag Versailles maidir le cúrsaí maoinithe agus sceidil ama. Is deacair a shamhlú ach is leabhar thar a bheith sásúil don léitheoir é, bíodh an duine sin ina innealtóir nó ná bíodh, an t -úrscéal seo ar sheanreilig a bhí éirithe lofa. Is léiriú tuisceanach é chomh maith ar na scileanna a bhí de dhíth ar innealtóirí dhá chéad bliain ó shin maidir le tionscnamh poiblí a chur i gcrích. Ní rófhada iad ó chur síos McCormack.
Sin trí leabhar fónta don seilf cuibheasach folamh a luaigh McCormack, Moonglow, Pure agus Solar Bones. Iad uilig foilsithe le deich mbliana anuas, agus innealtóir mar phríomhcharachtar iontu go léir. Ní mór ar fad an cnuasach é, áfach. Ar ndóigh, dá gcuirfeá ar an seilf chéanna a bhfuil foilsithe i réimse an fhicsin eolaíochta nó an spásfhicsin, cuid de bunaithe ar nuafhionnachtana, níor leor seilf ar aon chor. B’fhéidir gur faide ná líon na leabhar a bhfuil carachtair d’innealtóirí iontu liosta na scríbhneoirí gur innealtóirí ó ghairm iad.
Sa chatagóir seo, luaitear údair ilghnéitheacha. Tá de chomónta eatarthu, áfach, gur cosúil gur éirigh leo cleamhnas sásúil a dhéanamh, iontu féin agus dóibh féin, idir an chruthaitheacht shuibiachtúil a shamhlaítear leis na healaíona agus an oibiachtúlacht réasúnaíoch a shamhlaítear le gairm na hinnealtóireachta nó le haon ghairm atá matamaitic nó eolaíochtbhunaithe. Ar bhealach, is cineál masla do gach údar an sainaicmiú sin faoi chatagóirí; dóibh siúd atá ar an liosta agus dóibh siúd nach bhfuil. Tá d’ádh leo go léir gur bronnadh orthu aigne an scríobhneora a sholáthraíonn ábhar samhlaíochta as a dtaithí phearsanta féin chomh maith le scileanna gairme a éascaíonn a dtasc.
Bíonn údar amháin ar bharra an liosta sa chatagóir seo de shíor. Sin an Rúiseach thar údair Rúiseacha fiú, nó Fyodor Dostoevsky (1821 -1881). Ba chéimí eisean ó Institiúid Innealtóireachta -Teicneolaíochta Míleata i San Petersburg agus chleacht sé an ghairm sin tamall go dtí gur mheas sé go bhféadfadh sé cur isteach ar a shaol scríbhneoireachta nuair a thosaigh rath ag teacht air sin. Is ar son leas an phobail a shaothraíonn innealtóirí ar deireadh agus is úrscéalta ‘sóisialta’ a scríobh Dostoevsky.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/035.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Aontas Eorpach</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2014</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">Lucsamburg</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Oideachas agus oiliúint - le go mbeidh rath ort sa todhchaí
Tá an infheistíocht san oideachas agus san oiliúint ríthábhachtach chun borradh a chur faoi fhorbairt phearsanta agus deiseanna fostaíochta daoine óga.
Cén fáth a bhfuil gá le beart ar leibhéal na hEorpa?
Oideachas agus oiliúint — Ar mhaithe le do thodhchaí - Todhchaí na hEorpa
Ar mhaithe leatsa: Is gá infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint chun go mbeidh rath ortsa sa todhchaí, go háirithe más duine óg thú. Ach an dara teanga nó an tríú teanga a fhoghlaim, beidh sé níos fusa ort eolas a chur ar thíortha eile, ar mhuintir na dtíortha sin agus ar shlite maireachtála eile; d’fhéadfadh sé a chur ar do chumas dul i mbun staidéir, oiliúna nó obair dheonach thar lear agus é a dhéanamh níos dóchúla go bhfaighidh tú post sásúil a mbeidh tuarastal maith ag gabháil leis, amach anseo. Tá sé tugtha le fios i staidéir éagsúla go mbíonn a dhá oiread de sheans ag daoine dea-oilte post a fháil agus a thrí oiread de sheans acu ioncam os cionn an mheáin a bheith acu ná mar a bhíonn ag daoine ar bheagán scileanna.
Ar mhaithe le do thír: Tá réigiúin éagsúla an domhain ag brath ar a chéile níos mó ná riamh agus ní dócha go mbainfidh geilleagair náisiúnta amach an gealladh ar fad atá fúthu ach amháin má bhíonn córais láidre oideachais agus oiliúna mar chrann taca fúthu. An tír a infheistíonn go ciallmhar san oideachas agus san oiliúint, beidh rath uirthi sa ghnó, san eolaíocht agus sna healaíona. Sa bhreis air sin, cuideofar leis an gceartas sóisialta agus comhtháthú sóisialta a bhaint amach má chinntítear go bhfuil deiseanna oideachais ar fáil do chách.
Arbh eol duit?
Tá 20 % de mhuintir na hEorpa ar leibhéal íseal scileanna amhail litearthacht agus uimhearthacht, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra orthu dul isteach sa mhargadh saothair agus a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí.
Ar mhaithe leis an Eoraip: Chun go mbeidh rath orainn sa mhargadh domhanda iomaíoch, is gá dúinn lucht saothair oilte a bheith againn, a tháirgeann earraí agus seirbhísí atá nuálach agus den scoth. Ach tá níos mó i gceist leis an oideachas ná torthaí eacnamaíocha: chun go mbeidh rath ar Eoraip dhaonlathach ní mór dúinn ar fad a bheith ar an eolas faoi na cearta sibhialta atá againn agus na freagrachtaí atá orainn. Ní mór an tsaoránacht ghníomhach a mhúineadh agus a fhoghlaim sa bhaile, ar scoil agus lasmuigh.
Erasmus+
I bhfianaise phríomhról an oideachais lena chinntiú go mbeidh saoránaigh agus náisiúin na hEorpa, agus an Eoraip ina hiomláine, folláin amach anseo, tá clár uaillmhianach ceaptha ag an Aontas Eorpach: Erasmus+. Féachtar sa chlár nua le forbairt phearsanta agus ionchas fostaíochta an duine a fheabhsú. Tacaíonn sé le gach earnáil oideachais agus oiliúna, agus le foghlaim neamhfhoirmiúil do dhaoine óga, le gníomhaíochtaí deonacha agus le spórt áitiúil. Gabhann sé áit na gclár éagsúil a bhí ann roimhe seo, agus tá na rialacha agus nósanna imeachta iarratais athchóirithe chun éifeachta agus simplithe go mór.
Ó 1987 i leith, bhain breis agus 3 mhilliún mac léinn ardoideachais tairbhe as deontais Erasmus. Le Erasmus+, tá méadú mór tagtha ar an maoiniú ón Aontas Eorpach. Tá sé d’aidhm ag Erasmus+ tacú le 4 mhilliún duine óg eile idir 2014 agus 2020 taithí agus scileanna a fháil tríd an staidéar agus an oiliúint agus trí pháirt a ghlacadh i malartuithe don óige nó obair dheonach a dhéanamh thar lear. Méadaíonn sé go suntasach na deiseanna comhair idir institiúidí oideachais nó eagraíochtaí óige agus idir saol an oideachais agus saol na hoibre.
Figiúirí scanrúla — an bhearna scileanna
Nocht an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda laigí struchtúracha a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha acu do na milliúin duine. Tá ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig de bhreis agus 20 % ag an Aontas Eorpach ina iomláine, agus is mó ná 50 % é i mBallstáit áirithe. Ach ní hí an ghéarchéim amháin is cúis leis an dífhostaíocht. Cúiseanna eile leis an dífhostaíocht ná easpa oideachais agus scileanna.
Arbh eol duit?
Ní amháin go milleann sé an saol ar dhaoine gan léamh ná scríobh a bheith acu; cosnaíonn sé an t-uafás ar an tsochaí, leis. Cosnaíonn an neamhlitearthacht - sna tíortha forbartha amháin - breis agus €500 000 000 000 (500 billiún) gach bliain.
I measc daoine óga san Aontas Eorpach, tá 20 % nó mar sin acu nach sroicheann na híosleibhéil i mbunscileanna léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta. Fágann 6 mhilliún duine óg an córas oideachais agus oiliúna agus gan ach meánoideachas íochtarach nó níos lú acu. Is féidir tionchar na n-easnamh sin a shamhlú: nochtadh i suirbhé a rinneadh le deireanas nach bhfuil post ach ag duine amháin as gach beirt atá ar lagscileanna, ach go bhfuil an ráta fostaíochta i bhfad níos airde i measc na n-aosach sin a bhfuil scileanna níos airde acu.
An gciallaíonn sin gurb é cáilíochtaí a fháil an tslí is fearr le post a fháil? Is é an tslí is sábháilte é, cinnte. Is iomaí fostóir atá ar a dhícheall ar thóir oibrithe oilte. Is deacair d’fhostóir amháin as gach triúr fostóirí daoine a bhfuil na scileanna cuí acu a earcú. Tá sé thar a bheith fíor sna hearnálacha is nuálaí den gheilleagar, áit a bhfuil na mílte folúntas poist san innealtóireacht, san eolaíocht agus sa teicneolaíocht.
An bhearna scileanna a thugtar ar an easpa comhoiriúnachta idir na scileanna atá á lorg ag fostóirí agus na scileanna atá á dtairiscint ag cuardaitheoirí poist. Tá sé ar cheann de na mórfhadhbanna atá roimh thíortha na hEorpa. Is gá droichid chun an bhearna a dhúnadh. Is iad na droichid is daingne an t-oideachas agus an oiliúint.
Pinsinéirí ag líonadh na bearna sin
D’earcaigh an tionscadal Eorpach HEAR ME (Pinsinéirí ardoilte ag cur meantóireachta ar fail do lucht luathfhágála na scoile) daoine ata ar scor no daoine ag druidim le haois scoir ar mian leo oiliúint a chur ar dhaoine óga. D’fhreastail na saorálaithe ar shraith cúrsaí i scileanna meantóireachta. Ghníomhaigh siad mar mheastóirí, ina dhiaidh sin, ag cur cabhrach agus treorach ar fail do lucht luathfhágála na scoile a bhfuil riachtanais speisialta acu, chun tacú leo a spriocanna oideachais agus fostaíochta a bhaint amach.
Dúshláin a shárú le chéile
Tá na milliúin duine agus eagraíocht bainteach le próiseas na foghlama; idir mhic léinn, oiliúnaithe, thuismitheoirí, mhúinteoirí, ollscoileanna, fhiontair agus eagraíochtaí óige, mar aon le rialtais agus an tAontas Eorpach. Conas is féidir leo a gcuid cúraimí éagsúla a roinnt go ciallmhar? Anseo, is treoir éigin é prionsabal na coimhdeachta. Ciallaíonn an prionsabal sin gur chóir cinntí a dhéanamh i gcónaí a ghaire is féidir do na daoine a ndéanfaidh an cinneadh difear dóibh.
Cúraimí an oideachais — Cad é do thuairim?
Cé aige a bhfuil an ról is tábhachtaí i bpróiseas an oideachais agus na hoiliúna? Rialtais, scoileanna, múinteoirí nó tuismitheoirí? Cad faoin ról atá agat féin? Cen tsaoirse atá agatsa cinneadh a dhéanamh faoin áit, an uair agus an méid a fhoghlaimeoidh tú?
Sin an fáth - de réir chonarthaí an Aontais Eorpaigh - a bhfuil sé de chúraim ar gach Ballstát a bheartais oideachais, oiliúna agus óige féin a fhorbairt. Is faoi na rialtais náisiúnta atá sé cinneadh a dhéanamh faoi céard go díreach a mhúintear agus cén t-eagar a bheidh ar an gcóras oideachais. Tá sé de shaoirse ag gach rialtas, dá réir, cinneadh a dhéanamh déileáil le cúrsaí oideachais ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal áitiúil. Chomh maith leis sin, déantar roinnt mhaith cinntí a chur de chúram tuilleadh ar ollscoileanna, scoileanna agus bunaíochtaí oiliúna. Bíonn roinnt cinntí á gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí óige.
Mar sin féin, chun go mbeidh rath ar an oideachas, ní mór deis a thabhairt do dhaoine cur lena gcuid eolais agus taithí i dtíortha eile san áireamh. Chuige sin tá an ghné Eorpach de na beartais oideachais, oiliúna agus óige an-abhartha. Is féidir leis na Ballstáit a gcuid beartas a fheabhsú trí fhoghlaim ó thaithí a chéile; is féidir le mic léinn, printísigh, saorálaithe, múinteoirí, oibrithe don ógra, scoileanna, ollscoileanna agus eagraíochtaí óige bheith ag obair i gcomhar a chéile thar theorainneacha. Is gá comhoibriú ar leibhéal Eorpach leis na timpeallachtaí foghlama is fearr a chruthú do chách agus chun cáilíochtaí a mbeidh ardmheas orthu a sholáthar.
Dá réir sin, tá cláir um chomhar san oideachas, san oiliúint agus i ngnóthaí óige ar an gclár oibre Eorpach le mórchuid blianta anois: glacadh clár Erasmus i 1987 agus an chéad chlár óige san Eoraip ("Youth for Europe") i 1988. Ach ba le Conradh Maastricht (1993), más ea, a cuireadh inniúlachtaí foirmiúla Eorpacha i réimsí an oideachais, na gairmoiliúna agus i ngnóthaí óige san áireamh i gconarthaí bunaitheacha an Aontais.
Arbh eol duit?
Cuireadh beartais spóirt le Conradh Liospóin (2009) mar inniúlacht nua de chuid an Aontais Eorpaigh. Is léir a thábhachtaí is atá cur chuige uile-Eorpach nuair atá an tairbhe a bhaineann le rannpháirteachas sa spóirt agus gníomhaíocht fhisiciúil a cur chun cinn agus nuair atathar ag dul i ngleic leis na bagairtí ar an spóirt amhail cúbláil cluichí, foréigean a bhaineann le spóirt no dópáil). Trí fhaisnéis a chomhroinnt ar leibhéal an Aontais Eorpaigh is fusa do na Ballstáit beartais éifeachtacha a cheapadh chun dúshláin da sort a shárú
An chaoi a dtéann an tAontas Eorpach ina bhun sin
Tá an tAontas Eorpach tiomanta intinní daoine a oscailt agus raidhse deiseanna a chur ar fáil trí thacú leis an oideachas agus an oiliúint.
Oscail d’intinn: bímid ag foghlaim de Shíor
Bímid ag foghlaim de shíor: ach labhairt le duine nach raibh aithne agat air nó uirthi roimhe bíonn deis agat fáil amach faoi na tuairimí atá aige nó aici, na rudaí is fearr leis nó léi agus mar sin de. Tá sé dodhéanta, nach mór, gan a bheith ag foghlaim. Féach le gan aon rud a fhoghlaim díreach ar feadh uair an chloig. An bhfuil seans ar bith go n-éiroidh leat?
Fiú dá ndéanfá ullmhúchán roimh an iarracht sin, bheadh ort machnamh a dhéanamh le linn an ullmhúcháin cé na gníomhaíochtaí a mbeadh ort a sheachaint. Dá thoradh sin, bheadh pictiúr níos soiléire agat — ó do thaithí féin — den rud atá i gceist leis an bhfoghlaim. Agus níl slí níos fearr le rud a fhoghlaim ná trí thaithí phearsanta a fháil.
Rud ginearálta is ea an fhoghlaim, ní leor bheith i do shuí i seomra ranga. Tá níos mó i gceist ná fíricí a shlogadh siar. Cuid den saol is ea an fhoghlaim.
Dá réir sin, tá cur chuige leathan cuimsitheach á chur chun cinn ag an Aontas Eorpach i leith na foghlama. Tá raon leathan modhanna foghlama agus timpeallachtaí foghlama ina measc, mar shampla an fhoghlaim neamhfhoirmiúil, an fhoghlaim neamhfhoirmeálta agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
Is éard atá i gceist leis an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil foghlaim a dhéantar lasmuigh den timpeallacht fhoirmiúil scoile nó oiliúna. Tarlaíonn an fhoghlaim seo le linn gníomhaíochtaí pleanáilte ina dtugtar cineál éigin tacaíochta foghlama, mar shampla: - foghlaim struchtúrach ar líne; - oiliúint inmheánach i gcomhlacht; - obair dheonach nó páirt a ghlacadh i malartuithe don óige; - cláir do lucht luathfhágála ina múintear scileanna litearthachta nó scileanna oibre.
Ciallaíonn foghlaim neamhfhoirmeálta foghlaim nach n-eagraitear de réir spriocanna, ná ó thaobh ama nó modhanna teagaisc de. Cuimsíonn sé na scileanna a fhoghlaimítear (gan é a bheith beartaithe, uaireanta) trí thaithí saoil agus taithí oibre. Mar shampla: - scileanna bainistíochta tionscadail nó scileanna teicneolaíochta faisnéise a fuarthas ag an obair; - scileanna teanga agus idirchultúrtha a fuarthas le linn cónaithe thar lear; - scileanna sóisialta a fuarthas trí obair dheonach a dhéanamh, trí dhul i mbun gníomhaíochtaí cultúrtha, spóirt, agus gníomhaíochtaí sa bhaile (aire a thabhairt do leanbh, mar shampla).
Is éard is brí le foghlaim ar feadh an tsaoil rudaí nua a fhoghlaim feadh do shaoil, go háirithe tar éis duit an t-oideachas foirmiúil a chríochnú. Ná déan dearmad: níl sé ródhéanach riamh rud a fhoghlaim!
Foghlaim ar feadh an tsaoil do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachta
I gcás daoine atá faoi mhíchumas intleachta, ní scileanna nua amháin a bhíonn i gceist le foghlaim ar feadh an tsaoil. Baineann se le bheith cuimsithe sa tsochaí, in ann iad féin a chur i láthair agus smacht a ghabháil ar a ngnáthshaol. Mar sin féin, tá mórchuid cúrsaí agus ranganna oiliúna ann nach n-oireann do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachta. Is minic a bhíonn an t-ábhar teagaisc casta lena oibriú amach agus é deacair an méid atá a rá ag an múinteoir a thuiscint.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+  <teiDoc>
+    <TEI>
+      <teiHeader>
+        <fileDesc>
+          <titleStmt>
+            <textSigle>GA/036.00000</textSigle>
+            <domain>Popular:SocialSciences</domain>
+          </titleStmt>
+          <sourceDesc>
+            <analytic>
+              <h.author>Aontas Eorpach</h.author>
+            </analytic>
+            <imprint>
+              <pubDate type="year">2017</pubDate>
+              <pubDate type="month" />
+              <pubDate type="day" />
+              <pubPlace>
+                <idno type="URI">Lucsamburg</idno>
+              </pubPlace>
+            </imprint>
+          </sourceDesc>
+        </fileDesc>
+      </teiHeader>
+      <text>
Comhpháirtíocht idir an Eoraip agus a cuid feirmeoirí
Comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT): ar mhaithe lenár gcuid bia, lenár gceantair tuaithe, lenár gcomhshaol
An fáth a dteastaíonn comhbheartas talmhaíochta
Dúshláin talmhaíochta le breis agus 50 bliain
Seoladh comhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh i 1962 mar chomhpháirtíocht idir earnáil na talmhaíochta agus an chuid eile den tsochaí agus idir an Eoraip agus a cuid feirmeoirí. Is iad seo na príomhaidhmeanna atá leis:
+ - táirgiúlacht na talmhaíochta a fheabhsú le go mbeidh soláthar seasmhach bia ag tomhaltóirí ar phraghas neamhchostasach;
+ - cinnte a dhéanamh de go bhfuil feirmeoirí an Aontais Eorpaigh in ann slí bheatha réasúnta a bhaint amach.
Anois, breis agus leathchéad bliain ina dhiaidh sin, caithfidh an tAontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua:
+ - táirgeadh inmharthana bia a chinntiú do dhaonra an domhain, a mheastar a rachaidh go mór i méad sna blianta romhainn;
+ - an t-athrú aeráide agus bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha;
- cúram a dhéanamh den tuath ar fud an Aontais Eorpaigh agus beocht a choinneáil i ngeilleagar na tuaithe.
Is do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh an comhbheartas talmhaíochta. Déantar é a bhainistiú agus a chistiú ar an leibhéal Eorpach le hacmhainní ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh.
Tá 500 milliún tomhaltóir san Aontas Eorpach agus tá soláthar iontaofa bia atá sláintiúil, cothaitheach agus neamhchostasach de dhíth orthu ar fad. Tá an chuma air nach n-athróidh cúrsaí eacnamaíocha mórán; beidh siad éiginnte agus deacair a thuar mar atá faoi láthair. Anuas air sin, tá go leor dúshlán romhainn faoi láthair, agus beidh amach anseo, e.g. an iomaíocht dhomhanda, géarchéimeanna eacnamaíocha agus breosla, athrú aeráide agus luaineacht i bpraghsanna na n-ionchur ar nós breosla agus leasacháin.
Is é ár gcuid bia is cúram don chomhbheartas talmhaíochta
Is chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin a cheap an tAontas Eorpach an comhbheartas talmhaíochta. Is é is cuspóir dó coinníollacha a leagan síos a chuirfidh ar chumas feirmeoirí a gcúraimí éagsúla sa tsochaí a chomhlíonadh - agus is é an chéad cheann acu sin bia a sholáthar.
A bhuí leis an gcomhbheartas talmhaíochta go bhfuil soláthar slán bia ag muintir na hEorpa. Is féidir linn a bheith cinnte mar shochaí go dtáirgeann ár bhfeirmeoirí an bia a theastaíonn uainn.
Soláthraíonn siad réimse fíorleathan táirgí atá iomadúil, ar phraghas cóir, slán agus ar ardchaighdeán. Tá cáil ar an Aontas Eorpach ar fud an domhain as ucht a chuid bia agus traidisiún cócaireachta. I bhfianaise na scothacmhainní talmhaíochta atá aige, is féidir leis an Aontas, agus is cóir dó, príomhról a imirt chun slándáil an tsoláthair bia a chinntiú sa domhan trí chéile. pean Union
Is é ár gceantair tuaithe is cúram don chomhbheartas talmhaíochta
Ní bhaineann an fheirmeoireacht leis an mbia amháin. Baineann sí le pobail tuaithe agus a muintir. Baineann sí lenár gceantair tuaithe agus leis na hacmhainní nádúrtha luachmhara atá le fáil iontu.
I ngach ceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, is iad na feirmeoirí a choinníonn na pobail tuaithe agus a slite maireachtála beo. Is mór a bheadh muintir na tuaithe, na sráidbhailte agus na mbailte móra thíos leis mura mbeadh feirmeacha agus feirmeoirí ann.
Tá a lán de na poist faoin tuath ag brath ar an bhfeirmeoireacht. Tá gá ag feirmeoirí le hinnealra, foirgnimh, breosla, leasachán agus cúram sláinte dá n-ainmhithe. Tá go leor daoine fostaithe sna hearnálacha "réamhtheachtacha" sin. Bíonn daoine eile i mbun oibre in earnálacha "iartheachtacha" - e.g. bia a ullmhú, a phróiseáil agus a phacáistiú. Agus bíonn roinnt eile ag gabháil do bhia a stóráil, a iompar agus a dhíol.
Le héifeachtúlacht obair na bhfeirmeoirí agus nua-aimsearthacht agus táirgiúlacht na n-earnálacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha sin a chinntiú, is gá teacht gan dua a bheith ag feirmeoirí ar an eolas is déanaí ar shaincheisteanna talmhaíochta, ar mhodhanna feirmeoireachta agus ar fhorbairtí sna margaí. Sin é an chúis a bhfuil feabhas á chur leis an gcomhbheartas talmhaíochta ar an rochtain a bhíonn ag daoine i gceantair tuaithe ar theicneolaíochtaí ardluais. Tacaíonn an beart sin le ceann de 10 dtosaíocht an Choimisiúin, mar atá margadh aonair digiteach idirnasctha a chur ar bun. Sa tréimhse 2014–2020 táthar ag súil go soláthrófar seirbhísí agus bonneagar feabhsaithe idirlín do 18 milliún saoránach i gceantair tuaithe - sin 6.4 % de dhaonra tuaithe an Aontais Eorpaigh.
Tríd is tríd, is bunghnéithe riachtanacha dár ngeilleagar agus dár sochaí iad an fheirmeoireacht agus an soláthar bia. Anois agus 28 mBallstát san Aontas Eorpach, tá tuairim agus 11 mhilliún feirm ann agus 22 mhilliún duine a oibríonn go rialta in earnáil na feirmeoireachta. San Aontas tá beagnach 44 mhilliún post sna hearnálacha feirmeoireachta agus bia.
Is é ár gcomhshaol is cúram don chomhbheartas talmhaíochta
Níl an riocht nádúrtha céanna ar ár dtuath anois agus a bhí fadó. Mhúnlaigh feirmeoirí thar na céadta bliain í. Is as an bhfeirmeoireacht a tháinig an éagsúlacht chomhshaoil agus tírdhreacha atá anois againn. Tá ár dtuath ina gnáthóg ag réimse ollmhór fásra agus ainmhithe fiáine. Tá an bhithéagsúlacht sin ríthábhachtach le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe na tuaithe.
Déanann feirmeoirí an tuath a bhainistiú chun leasa gach uile dhuine againn. Soláthraíonn siad seirbhís phoiblí, go speisialta togha na haire a thabhairt don ithir, don tírdhreach agus don bhithéagsúlacht atá againn agus caoi a choinneáil ar na nithe sin. Ní íocann an margadh as an tseirbhís phoiblí sin. Chun an tseirbhís sin don tsochaí trí chéile a chúiteamh le feirmeoirí, tugann an tAontas Eorpach tacaíocht ioncaim dóibh.
Féadann feirmeoirí a bheith thíos leis an athrú aeráide. Cuireann an comhbheartas talmhaíochta cúnamh airgeadais ar fáil dóibh chun a gcuid modhanna agus córas feirmeoireachta a chur in oiriúint le go bhféadfaidh siad déileáil le héifeachtaí an athraithe aeráide.
Is iad na feirmeoirí is túisce a aithníonn an gá aire a thabhairt dár gcuid acmhainní nádúrtha arae is iad atá ina dtuilleamaí lena mbeatha a thabhairt i dtír, tar éis an tsaoil. Chun an drochthionchar a imríonn roinnt cleachtas feirmeoireachta a sheachaint, cuireann an tAontas Eorpach dreasachtaí ar fáil d’fheirmeoirí lena gcuid oibre a dhéanamh ar shlí atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Déanta na fírinne, tá dhá dhúshlán roimh fheirmeoirí: bia a tháirgeadh agus an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a chaomhnú ar aon uain.
San fheirmeoireacht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, baintear úsáid stuama as acmhainní nádúrtha. Is cleachtas é sin atá bunriachtanach do tháirgeadh bia agus dár mianach saoil - inniu, amárach, agus do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.
Stair na talmhaíochta san Aontas Eorpach
1957
Le Conradh na Róimhe bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (a tháinig roimh AE an lae inniu), a raibh sé cinn de thíortha atá in Iarthar na hEorpa ina mball de.
1962
Tháinig an comhbheartas talmhaíochta ar an saol. Bunaíodh é mar chomhbheartas a bhfuil de chuspóir aige bia inacmhainne a sholáthar do shaoránaigh an Aontais agus caighdeán cóir maireachtála a thabhairt d’fheirmeoirí.
1984
Bhí ag éirí chomh maith sin leis an gcomhbheartas talmhaíochta go raibh sé imithe as smacht. Tháinig méadú chomh mór sin ar tháirgeacht feirmeacha gur fhás siad níos mó bia ná a raibh gá leis. Cuireadh an barrachas i stórais ar a dtugtaí "sléibhte bia". Tugadh roinnt beart isteach chun an leibhéal táirgeachta a chur i gcomhréir níos fearr le riachtanais an mhargaidh.
1992
Athraíodh fócas an chomhbheartais talmhaíochta ó thacaíocht don margadh go tacaíocht do tháirgeoirí. Laghdaíodh an tacaíocht a tugadh maidir le praghsanna a rialú agus tugadh íocaíochtaí cabhrach díreach le feirmeoirí ina ionad sin. Spreagadh iad le bheith ag obair ar shlí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Tharla an t-athchóiriú i gcomhthráth le Cruinniú Mullaigh na Cruinne in Rio i 1992, mar ar seoladh prionsabal na forbartha inbhuanaithe.
2003
Cuireadh tús le tacaíocht ioncaim faoin gcomhbheartas talmhaíochta. Le hathchóiriú nua ar an gcomhbheartas briseadh an nasc idir fóirdheontais agus táirgeacht. Faigheann feirmeoirí tacaíocht ioncaim ar an gcoinníoll go dtugann siad aire don talamh feirme agus go gcomhlíonann siad caighdeáin maidir le sábháilteacht bia, leis an gcomhshaol, agus le sláinte agus leas na n-ainmhithe.
2013
Rinneadh athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta le cumas iomaíochta earnáil na talmhaíochta a neartú, le feirmeoireacht inbhuanaithe agus nuálaíocht a chur chun cinn, le tacaíocht a thabhairt chun poist a chruthú agus fás an gheilleagair a spreagadh i gceantair tuaithe agus le cúnamh airgeadais a atreorú i dtreo scéimeanna arb e is aidhm dóibh úsáid tháirgiúil na talún a chur chun cinn.
+Is ar an leibhéal Eorpach a shocraítear an beartas talmhaíochta - cad chuige?
Earnáil í an talmhaíocht a dtacaítear léi ar an leibhéal Eorpach amháin nach mór, murab ionann agus earnálacha eile den gheilleagar a bhfuil na rialtais náisiúnta freagrach astu. Is den tábhacht é beartas poiblí a bheith ann d’earnáil a bhfuil slándáil an tsoláthair bia ag brath uirthi agus a bhfuil príomhról aici ó thaobh úsáid acmhainní nádúrtha agus fhorbairt eacnamaíoch na gceantar tuaithe.
Is iad seo príomhaidhmeanna an chomhbheartais talmhaíochta: an táirgiúlacht talmhaíochta a fheabhsú ionas go mbeidh soláthar seasmhach bia ag tomhaltóirí ar phraghas cóir, agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh feirmeoirí an Aontais in ann slí bheatha réasúnta a bhaint amach.
Tá an dá chuspóir sin i gcoiteann ag na Ballstáit uile, ach ní féidir ceachtar den dá chuspóir a chomhlíonadh mura dtugtar tacaíocht airgeadais do cheantair tuaithe agus feirmeoireachta. Is fearr an chaoi a mbaineann comhbheartas de chuid an Aontais úsáid as acmhainní buiséadacha ná an úsáid a bhainfí astu dá mba 28 mbeartas náisiúnta éagsúla a bheadh ann.
Tá margadh mór Eorpach amháin ann do tháirgí talmhaíochta agus cinntíonn cur chuige coiteann an mhargaidh sin i dtaca le tacaíocht don earnáil talmhaíochta go bhfuil dálaí córa ann d’fheirmeoirí a théann in iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus domhanda.
Murach comhbheartas, níl aon amhras ach go mbeadh beartais náisiúnta dá gcuid féin ag gach Ballstát san Aontas, beartais éagsúla nach mbeadh an raon feidhme céanna acu ná an leibhéal céanna de rannpháirtíocht an phobail. A bhuí le beartas a shocraítear ar an leibhéal Eorpach a bheith ann, cinntítear go bhfuil rialacha comhchoiteanna sa mhargadh aonair; go dtugtar aghaidh ar luaineacht an mhargaidh nuair is gá; go gcosnaítear an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le hearnáil talmhaíochta na hEorpa a athchóiriú chun í a dhéanamh níos iomaíche; agus go bhfuil comhbheartas trádála ann a fhágann gur féidir leis an Aontas Eorpach idirbheartaíocht a dhéanamh mar bhloc aonair lenár gcomhpháirtithe trádála ar fud an domhain. Is mó a bhraitheann an talmhaíocht ar an aimsir agus ar an aeráid ná go leor earnálacha eile. Chomh maith leis sin, in earnáil na talmhaíochta bíonn moill ann, moill nach féidir a sheachaint, idir an tomhaltóir earra a éileamh, agus an feirmeoir freastal ar an éileamh sin: teastaíonn am le níos mó cruithneachta a fhás nó le níos mó bainne a tháirgeadh. Ós seasmhaí a chaitear bia ná táirgí eile, féadann athruithe beaga ar an méid a tháirgtear tionchar mór a imirt ar phraghsanna.
Léiríonn an neamhchinnteacht ghnó sin an ról tábhachtach atá ag an earnáil phoiblí maidir le cobhsaíocht ioncaim a chinntiú d’fheirmeoirí. Tá feirmeoirí de dhíth le soláthar sábháilte cobhsaí bia a chur ar fáil do bhreis agus 500 milliún saoránach ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, tacaíonn an comhbheartas talmhaíochta le feirmeoirí mar seo a leanas:
Tacaíocht ioncaim. Trí íocaíochtaí díreacha a thabhairt d’fheirmeoirí tugtar tacaíocht ioncaim dóibh agus cúitítear iad as seirbhís phoiblí a chur ar fáil nach n-íocann an margadh aisti, m.sh. an aire a thugann siad don tuath.
Bearta margaidh. Is féidir leis an Aontas Eorpach bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sna margaí, amhail laghdú tobann éilimh de dheasca baol sláinte, nó laghdú praghsanna de dheasca rósholáthar sealadach táirge éigin ar an margadh.
Bearta forbartha tuaithe. Bunaítear cláir forbartha náisiúnta (nó réigiúnacha, uaireanta) chun aghaidh a thabhairt ar na sainriachtanais atá ag ceantair tuaithe agus ar na dúshláin atá rompu. Cé go n-úsáideann na Ballstáit na réimsí céanna beart chun a gclár féin a chur le chéile, is féidir leo a bheith solúbtha agus iad ag tabhairt aghaidh ar na saincheisteanna is mó is cúram dóibh ina dtír féin, rud a léiríonn na dálaí struchtúrtha, nádúrtha agus geilleagracha ar leith atá acu. Is dlúthchuid de na cláir forbartha tuaithe é an cur chuige "LEADER", trína spreagtar an pobal áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áitiúla.
+      </text>
+    </TEI>
+  </teiDoc>
+</teiCorpus>
\ No newline at end of file